Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte intinne > Comisiún Sláinte Meabhrach

Print Page Send to a Friend

Comisiún Sláinte Meabhrach

Eolas

Is comhlacht neamhspleách é an Coimisiún Sláinte Mheabhrach a bunaíodh faoin Acht Sláinte Mheabhrach, 2001, agus éifeacht aige ón 5 Aibreán 2002. Agus seirbhísí sláinte mheabhrach á gcur ar fáil in Éirinn is é príomh chuspóir an Choimisiúin ná caighdeáin arda agus deá-chleachtas a chur chun cinn agus a chothabháil agus gach céim réasúnach a thógáil chun leas na ndaoine atá faoi choinneáil in aonaid shíciatracha ceadaithe, a chosaint.

Rialacha

I measc rudaí eile déanfaidh an Coimisiún

  • Eolas a bheith curtha ar fáil dóibh faoi gach cinneadh maidir le h-othar a choinneáil go neamhdheonach agus gach cinneadh maidir leis an tréimhse coinneála neamhdheonaí in aonad síciatrach ceadaithe a shíneadh
  • Binsí athbhreithnithe a cheapadh chun athbhreithniú uaithoibreach a dhéanamh ar choinneáil gach othair shíciatraigh neamhdheonaigh
  • Painéal síciatraíthe comhairleacha a bhunú chun scrúduithe míochaine neamhspleách a dhéanamh
  • Socraithe a réiteach do scéim chun cabhair dlí saor in aisce a chur ar fáil do aon othar atá dá choinneáil go neamhdheonach agus atá dá athbhreithniú ag an mbinse
  • Comhairle a thabhairt don Aire Sláinte faoi réimse ceisteanna, ina n-áiritear caighdeáin in aonaid shíciatracha ceadaithe
  • Clár a choinneáil de na h-aonaid síciatracha ceadaithe
  • Rialacháin a dhéanamh maidir le fearais srianta a úsáid ar othair
  • Forbairt a dhéanamh ar threoirlínte, phrótacail agus dhoiciméadú caighdeánach i réimsí coinneála, cóireála, eolais faoi othair, rl agus cóid cleachtais a ullmhú dóibh siúd atá ag obair sna seirbhísí sláinte meabhrach.

13 ball ar an gCoimisiún. De réir forálacha an Acht Sláinte Meabhrach, 2001, áiritear i measc na mball seo:

  • Dlíodóir
  • Trí chleachtóir cláraithe ina n-áiritear beirt mar shíciatraíthe comhairleacha
  • Oibrí soisialta
  • Síceolaí
  • Ionadaí ó bhord sláinte
  • Ionadaí ón bpobal i gcoitinne agus
  • Trí ionadaí ó chomhlachtaí deonacha (caithfidh beirt acu ar a laghad meabhairghalar a bheith orthu nó go raibh meabhairghalar ag dul dóibh).

Binsí athbhreithnithe

Ceapfaidh an Coimisiún Sláinte Mheabhrach binsí athbhreithnithe chun athbhreithniú uathoibreach a dhéanamh ar gach cinneadh chun othair a choinneáil go neamhdheonach nó chun síneadh ama a chuir leis an gcoinneáil faoi fhorálacha an Acht Sláinte Mheabhrach, 2001.

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún Sláinte Mheabhrach cóip de ordú iontrála nó athnuachana, caithfidh sé:

  • An cás a chuir faoi bhráid an bhinse athbhreithnithe
  • Ionadaí dlíthiúil a shannadh chun feidhmiú ar son an othair, muna mbíonn ceann fostaithe ag an othar go pearsanta
  • Stiúradh a thabhairt i scríbhinn do bhall den phainéal síciatraithe comhairleacha an t-othar a scrúdú; agallamh a chur ar an síciatrach comhairleach a bhí freagrach as cóireáil agus cúram an othair; agus athbhreithniú a dhéanamh ar thaifead an othair chun go mbeadh siad in ann cinneadh a dhéanamh, ar mhaithe leis an othar, féachaint an bhfuil an t-othar ag fulaingt ó neamhórd meabhrach. Caithfidh an tuairisc a bheith curtha i láthair ag an síciatrach comhairleach don bhinse agus do ionadaithe dlíthiúla an othair, taobh istigh de 14 lá.

Caithfidh an binse athbhreithnithe coinneáil an othair a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 21 lá ó dhéanamh an ordú. Má tá an binse sásta go bhfuil an t-othar ag fulaingt ó neamhórd meabhrach agus gur leanadh na nósanna imeachta ceart (nó, mar a bhfuil, nach athraíonn an teipeadh substaint an ordaithe agus nach mbíonn aon éagóir ag baint leis), dearbhaíonn sé an t-ordú. Muna bhfuil sé sásta déanann sé cúlghairim ar an ordú agus ordaíonn sé an t-othar a scaoileadh abhaile.

Chun go mbeadh sé in ann na feidhmeanna seo a dhéanamh, tá na cumhachtaí céanna ag an mbinse agus atá ag an gcúirt, ina n-áiritear an chumhacht a éilíonn go bhfreastalaíonn na daoine cuí agus go gcuirfear cáipéisí ar fáil. Tá oibligeáid ar an mbinse, ár ndóigh, ómós a bheith acu do ghnáth éilimh cearta nádúrtha, m.sh., caithfidh sé a chinntiú go mbeidh cóipeanna dena tuairiscí atá faoi chaibidil ag an mbinse, le fáil ag an othar.

Caithfidh an binse a chinneadh a chuir in iúl i scríbhinn, chuig:

  • An Coimisiún Sláinte Meabhrach
  • An síciatraí atá freagrach as cúram agus cóireáil an othair
  • An t-othar agus a c(h)uid ionadaithe dlíthiúla
  • Aon duine eile a cheapann an binse gur chóir fógra a fháil

Ballraíocht den bhinse athbhreithnithe

Caithfidh dlídóir a bheith mar chathaoirleach an binse athbhreithnithe, agus caithfidh go mbeidh síciatraí comhairleach agus duine nach dlídóir ná dochtúr é páirteach ann chomh maith. Ní féidir le baill an Choimisiúin freastal a dhéanamh ar an mbinse.

Ceann eile de fheidhmeanna na mbinsí, faoi stiúir An Choimisiún Sláinte Meabhrach, ná breithniú a dhéanamh ar aon éileamh ó shíciatraí comhairleach chun údarás a fháil le haghaidh sícemháinliacht a dhéanamh ar othar, nuair a thugann an t-othar a t(h)oil i scríbhinn i gcomhair an cinéal seo cóireála. Má tá an binse sásta go bhfuil an mháinliacht seo ar mhaithe le leas an duine, tabharfaidh sé údarás do leithid de mháinliacht, nó mura bhfuil sé sásta diúltóidh sé dó.

Where To Apply

Coimisiún Sláinte Mheabhrach

Teach Naomh Máirtín
Bóthar Waterloo
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil:+353 (0)1 6362400
Facs:+353 (0)1 6362440
Láithreán Gréasáin: http://www.mhcirl.ie/
R-phost: info@mhcirl.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cearta na n-othar síciatrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar na cearta atá ag othair in ospidéil shíciatrach.
  • Ligean isteach in Ospidéil Shíciatracha
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar na rialacha reatha a bhaineann le ligean isteach deonach agus neamhdheonach in ospidéil agus aonaid shíciatracha.
  • Criminal insanity and mental health
    The law in Ireland regarding criminal insanity and mental health changed in 2006. Find out about the rules regarding fitness to plead, diminished responsibility and Mental Health Review Boards.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.