Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte intinne > An tAcht Sláinte Mheabhrach, 2001

Print Page Send to a Friend

An tAcht Sláinte Mheabhrach, 2001

Eolas

Soláthraíonn an tAcht Sláinte Mheabhrach, 2001:

Tá an tAcht deartha le bheith curtha i gcrích ar bhonn céimiúil. Bunaíodh an Coimisiún Sláinte Meabhrach, le éifeacht ón 5 Aibreán 2002. Tá súil go gcuirfear tús le athbhreithnithe ar choinneáil i rith na bliana 2003, agus go ndeanfar ionaid ceadaithe a chlárú faoi dheireadh 2004.

Rialacha

Ligean isteach neamhdheonach in ospidéal síciatrach

  • Faoin Acht is é an t-aon bhealach a cheadaítear duine isteach in ionad síciatrach ceadaithe (an rud céanna le ospidéal shíciatrach nó aonad síciatrach in ospidéal ginearálta) mar othar neamhdheonach, ná má tá an duine ag fualaingt ó neamhórd meabhrach. Ní féidir duine a ligean isteach amháin ar an gcúis go bhfuil sé/sí ag fulaingt ó neamhord pearsantachta, go bhfuil siad easpach go soisialta nó go bhfuil andúile acu i ndrugaí nó deoch meisciúil.

Leagann an tAcht amach go sonrach an nós imeachta a chaithfear a leanacht i gcomhair coinneála neamhdheonaí.

Neamhord meabhrach

Sonraíonn an tAcht neamhord meabhrach mar mheabhairghalar, dian néaltrú nó míchumas intleachtúil suntasach ina bhfuil:

  • Mar gheall ar thinneas, míchumas nó néaltrú, tá cosúlacht mhór ann go ndéanfadh an duine dochar mór ag an bpointe sin dó/de féin nó do dhaoine eile nó
  • Mar gheall ar chomh dona agus atá an tinneas, míchumas, nó néaltrú, go mbíonn breithiúnas an duine atá i gceist chomh lagaithe sin agus go bhféadfadh meathlú a theacht ar riocht, de bharr faillí, an duine a chur isteach in ionad ceadaithe nó cosc a chuir i dtabhairt cóireáil chuí, nach bhféadfaidh a thabhairt ach lena leithid de iontráil, agus go bhféadfadh glacadh, coinneáil agus cóireáil an duine in ionad ceadaithe a bheith ina thairbhe ábharach nó faoiseamh a thabhairt do riocht an duine atá i gceist.

Iarratas i gcomhair ligean isteach go neamhdheonach

Is féidir le céile nó gaol, oifigeach údarásach, Garda nó aon duine eile iarratas a dhéanamh i gcomhair iontrála. Is oifigeach de chuid an bhoird sláinte é an t-oifigeach údarásach atá ainmní ag Príomh Oifigeach Feidhmiúcháin an bhoird sláinte leis an gcuspóir iarratais dá leithid a dhéanamh.

Ní féidir leis na daoine seo a leanas, iarratas a dhéanamh:

  • Aon duine faoi bhun 18 bliain d'aois
  • Oifigeach údarásach nó Garda atá gaolmhar leis an duine atá i gceist, nó céile an duine sin
  • Ball den chomhlacht rialaithe (gan ball den bhord sláinte a chuir san áireamh) nó foireann an ionad ceadaithe atá i gceist
  • Duine ar bith a bhfuil leas le baint aige as íocaíochtaí atá le déanamh leis an ionad ceadaithe
  • Aon liachleachtóir a chuireann seirbhís míochaine rialta ar fáil don ionad
  • Céile, tuismitheoir nó aon ghaol gar eile dena daoine atá luaite go speisialta thuas.
  • Caithfidh an duine atá ag déanamh an iarratais an duine a bhfuiltear ag iarraidh a ligean isteach a bheith feicthe aige taobh istigh de 48 uair sul má dhéanann siad an t-iarratas. Má tá an t-iarratas dá dhéanamh ag "aon duine eile" caithfidh an t-iarratas ráiteas a bheith leis faoi na cúiseanna atá lena dhéanamh, an bhaint atá ag an iarrathóir leis an duine a bhfuil a iontráil molta, agus na cúinsí faoina bhfuil an t-iarratas dá dhéanamh.

Measúnú Míochaine

Caithfidh an duine atá i gceist a bheith scrúduithe ag an gcleachtóir míochaine (nach bhfuil gaolmhar agus nach bhfuil bainteach le ionad ceadaithe) taobh istigh de 24 uair ó dhéanamh an iarratas. Caithfidh an dochtúr a inseacht don duine atá i gceist an chúis atá leis an scrúdú, muna gceapann sé/sí go ndéanfadh an t-eolas seo dochar do shláinte meabhrach, deá-bhail nó riocht thochtach an duine. Má bhreithníonn an dochtúr go bhfuil an duine atá i gceist ag fualaingt ó nemhórd meabhrach, déanann sé/sí moladh go gcuirfidh an duine isteach go neamhdheonach in ionad ceadaithe (gan an Ospidéal Meabhrach Láir a bheith i gceist). Beidh an moladh seo i bhfeidhm ar feadh seacht lá.

Má dhiúltaítear don iarratas agus má dhéantar iarratas eile, tá oibligeáid ar an iarratasóir eolas a thabhairt don dochtúr faoin iarratas roimhe sin, más eol dóibh faoi.

Ról na nGardaí

Má tá cúis réasúnach ag Garda a cheapadh go bhfuil an duine ag fualaingt ó neamhord meabhrach agus mar gheall ar an neamhord go bhfuil dealramh láidir ann go ndéanfadh an duine dochar dó/de féin nó do dhuine eile, is féidir leis an nGarda an duine a chuir faoi choiméad. Is féidir leis an nGarda láimh láidir a úsáid más gá chun dul isteach in áitrimh a gceaptar an duine a bheith. Caithfidh an Garda ansin a dhul tríd na gnáth mhodhana iarratais i gcomhair coinneála neamhdheonaí in ionad ceadaithe. Má dhiúltaítear do iarratas an Gharda, caithfear an duine a scaoileadh saor láithreach. Má ghlactar leis an iarratas caithfidh an Garda an duine a athrú go dtí ionad ceadaithe.

Athrú go dtí ionad ceadaithe

Go ginearálta is é an t-iarrathóir atá freagrach as an duine a thabhairt chuig an ionad. Muna féidir leis seo tarlú, ansin is féidir leis an dochtúr a rinne an moladh iarradh ar stiúrthóir clinice an ionad nó síciatraí comhairleach atá ag feidhmiú dó/di, socrú a dhéanamh go dtabharfadh an fhoireann an duine chuig an ionad. Más gá, d'fhéadfaí cabhair a iarradh ar na Gardaí. I gcás mar seo tá cead ag na Gardaí a dhul isteach in áitrimh le láimh láidir agus an t-othar a choinneáil nó a shrianú más gá.

Ligean isteach in ionad síciatrach ceadaithe

Nuair atá an duine atá i gceist glactha isteach san ionad síciatrach ceadaithe, caithfidh sé/sí dul faoi scrúdú ag síciatraí comhairleach atá ar an bhfoireann. Is féidir é/í a choinneáil ar feadh uasmhéid 24 uair san ionad le haghaidh an scrúdú a dhéanamh. Má tá an síciatraí sásta go bhfuil an duine ag fualaingt ó neamhórd meabhrach, ansin déanann sé/sí ordú iontrála neamhdheonach. Muna bhfuil, caithfear an duine a scaoileadh amach láithreach.

Tá an t-ordú iontrála bailí ar feadh 21 lá. Ceadaíonn sé glacadh, coinneáil agus cóieáil ar an othar san ionad ar feadh an tréimhse.

Is féidir le ordú athnuachan síneadh a chur leis an tréimhse seo suas go 3 mhí. Caithfidh an síciatraí comhairleach atá freagrach as an othar é seo a dhéanamh, agus caithfidh sé/sí scrúdú a bheith déanta acu ar an othar an tseachtain sul a ndéantar an t-ordú. Is féidir leis an síciatrach céanna ordú athnuachan eile a dhéanamh ar feadh tréimhse 6 mhí agus ina dhiaidh sin ar feadh tréimhsí 12 mí dá réir.

Cearta othair chun eolas a fháil

Gach uair a dhéantar ordú iontrála nó ordú athnuachana, caithfear cóip a thabhairt don Choimisiún Sláinte Meabhrach, agus caithfear fógra i scríbhinn a thabhairt don othar. Caithfidh fógra an othair an t-eolas seo a leanas a bheith ann:

  • An tAlt faoin Acht sláinte Meabhrach, 2001 faoina bhfuil an t-othar dá choinneáil
  • Teidlíocht an othair do ionadaíocht dhlíthiúil
  • Cur síos ginearálta ar an gcóireáil atá beartaithe le tabhairt le linn na coinneála
  • Teidlíocht an othair cumarsáid a dhéanamh le Cigire na Seirbhísí Sláinte Meabhrach
  • Deimhniú go ndéanfaidh binse athbhreithnithe an Choimisiúin Sláinte Meabhrach, athbhreithniú ar an gcoinneáil
  • Teidlíocht athchomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Chuarda in aghaidh cinneadh an bhinse
  • An ceart a bheith iontráilte mar othar deonach, más mian leis an othar.

Athbhreithniú iontrála ag binse athbhreithnithe

Nuair a gheobhaidh an Coimisiún Sláinte Mheabhrach cóip de iontráil nó ordú athnuachan, caithfidh sé:

  • An cás a chuir faoi bhráid an bhinse
  • Ionadaí dlíthiúil a shannadh chun ionadaíocht a dhéanamh ar an othar, muna mbíonn ceann fostaithe ag an othar go pearsanta
  • Stiúradh a thabhairt i scríbhinn do bhall den phainéal síciatraí comhairleach atá ceapaithe ag an gCoimisiún, an t-othar a scrúdú; agallamh a chuir ar an síciatrach comhairleach a bhí freagrach as cóireáil agus cúram an othair; agus athbhreithniú a dhéanamh ar thaifead an othair chun go mbeadh siad in ann cinneadh a dhéanamh, ar mhaithe leis an othar, féachaint an bhfuil an t-othar ag fualaingt o neamhórd meabhrach. Caithfidh tuairisc an síciatrach comhairleach a bheith tugtha don bhinse agus do ionadaithe dlíthiúla an othair, taobh istigh de 14 lá.

Caithfidh an binse athbhreithnithe coinneáil an othair a athbhreithniú agus cinneadh a dhéanamh taobh istigh de 21 lá ón ordú. Má tá sé sásta go bhfuil an t-othar ag fualaingt ó neamhórd meabhrach agus gur leanadh na nósanna imeachta ceart (nó, mar a bhfuil, ní athraíonn an teipeadh, substaint an ordú agus ní bhíonn aon éagóir ag baint leis), dearbhaíonn sé an t-ordú. Muna bhfuil sé sásta déanann sé cúlghairim ar an ordú agus ordaíonn sé an t-othar a scaoileadh abhaile.

Chun go mbeadh sé in ann na feidhmeanna seo a dhéanamh, tá cumhachtaí mar an gcéanna ag an mbinse agus atá ag an gcúirt, ina n-áiritear an chumhacht a éilíonn go bhfreastalaíonn na daoine cuí agus go gcuirfear cáipéisí ar fáil. Tá oibligeáid ar an mbinse, ár ndóigh ómós a bheith acu do ghnáth éilimh cearta nádúrtha, m.sh., caithfidh sé a chinntiú go mbeidh cóipeanna dena tuairiscí atá faoi chaibidil ag an mbinse, le fáil ag an othar.

Caithfidh an binse a chinneadh a chuir in iúl i scríbhinn, chuig:

  • An Coimisiún Sláinte Mheabhrach
  • An síciatraí atá freagrach as cúram agus cóireáil an othair
  • An t-othar agus a c(h)uid ionadaithe dlíthiúla
  • Aon duine eile a cheapann an binse gur chóir fógra a fháil.

Ballraíocht den bhinse

Tá an binse ceapaithe ag an gCoimisiún Sláinte Mheabhrach. Caithfidh sé a bheith déanta suas de dhlídóir mar chathaoirleach, síciatraí comhairleach agus duine nach dlídóir ná dochtúr é. Ní féidir le baill don Choimisiún freastal a dhéanamh ar an mbinse.

Athchomhairc chuig an Chúirt Chuarda

Sa chás go bhfuil an t-othar míshásta le cinneadh an bhinse, is féidir leis/lei athchomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Chuarda ar an mbunús nach bhfuil sé/sí ag faulaingt ó mheabhair ghalar, taobh istigh de 14 lá ó gheobhaidh siad an fógra, dá gcuir ar an eolas faoi chinneadh an bhinse. Is ar phointe dlí a cheadófar athchomharc chuig an Ard Chúirt in aghaidh chinneadh an Chúirt Chuarda.

Aistriú othair go dtí ionaid eile

Leagann an tAcht amach an modh a chaithfear a leanacht má aistrítear othar go dtí ionad ceadaithe eile. Caithfear an Coimisiún a chuir ar an eolas i gconaí faoi aon aistriú.

Cearta na n-othar deonach ionaid shíciatracha ceadaithe a fhágáil

Faoi láthair tá srianta áirithe ar an gceart atá ag othair deonacha an ospidéal a fhágáil - caithfidh siad 3 lá fógra a thabhairt faoin rún atá acu fágáil. Tá an tAcht ag moladh é seo a athrú. Má tá an t-othar deonach ag iarradh fágál agus má cheapann an síciatrach comhairleach nó dochtúr nó altra ar an bhfoireann go bhfuil sé/sí ag fualaingt ó neamhórd meabhrach, is féidir leis an bproifisiúnaí an duine a choinneáil ar feadh uasmhéid 24 uair. Más leanbh é an othar deonach agus má theastaíonn ó na tuismitheoirí nó an coiméadaí é/í a athrú, d'fhéadfadh an proifisiúnaí an leanbh a choinneáil agus a chuir faoi chumhadach an bhord sláinte (má cheapann an proifisiúnaí go bhfuil an leanbh ag fualaingt ó neamhórd meabhrach).

Sa chás go bhfuil othar deonach dá choinneáil go neamhdheonach ar feadh 24 uair a chloig mar atá thuas, caithfidh an síciatraí comhairleach an t-othar deonach a scaoileadh abhaile nó socrú a dhéanamh go scrúdódh síciatraí comhairleach eile iad. Caithfidh an dara síciatraí comhairleach teastas a eisiúnt ag rá go gcaithfear an t-othar a choinneáil mar gheall ar neamhórd meabhrach nó an t-othar a scaoileadh abhaile. Má tá an duine faoi choinneáil, bíonn sé/sí ansin ina othar neamhdheonach agus baineann na nósanna imeachta maidir le eolas, athbhreithniú agus athchomharc leis sa ngnáth bhealach.

Leanaí

Má bhreithníonn an bord sláinte go bhfuil an leanbh ag fualaingt ó neamhórd meabhrach, d'fhéadfadh an bord iarratas a dhéanamh chuig an Chúirt Dúiche i gcomhair ordú le haghaidh údarás an leanbh a choinneáil in ionad ceadaithe. Ordódh an Chúirt scrúdú síciatrach a dhéanamh ar an leanbh (muna bhfuil sé seo déanta roimhe seo) agus d'fhéadfadh sé ordú a dhéanamh ansin, an leanbh a chuir chuig ionad ceadaithe ar feadh 21 lá, agus d'fhéadfaí síneadh a chuir leis. Ní féidir sicea-mánliacht ná teiripe leictrea-triteamhach a chuir ar leanbh le neamhórd meabhrach, gan ceadúnas speisialta ón gcúirt.

Toiliú do chóireáil shíciatrach

Déileáileann an tAcht le toiliú do mhodhanna míochaine agus máinliachta i gcás othair síciatracha.

Mar fheidhm don Acht seo, ciallaíonn toiliú, toiliú i scríbhinn, atá curtha ar fáil ar a dtoil, gan bagairtí ná mealladh, sa chaoi:

Go ndeimhníonn an síciatrach comhairleach atá ag tabhairt aire don othar go bhfuil an t-othar ábalta a thuiscint an nádúr, cúis agus an éifeacht ba chóir a bheith ar an gcóireáil atá molta agus

Go bhfuil dóthain eolas tugtha ag an síciatrach don othar, i bhfoirm agus i dteanga a thuigeann an t-othar, faoi nádúr, cúis agus an éifeacht ba chóir a bheith ar an gcóireáil atá molta.

Faoin Acht beidh gá le toiliú an othair i gcomhair cóireáil, ach amháin nuair a bhreithníonn an síciatrach comhairleach go bhfuil an chóireáil riachtanach chun saol an othar a chosaint, chun a s(h)láinte a fháil ar ais, chun faoiseamh a thabhairt dá riocht nó a c(h)uid fualaingt a mhaolú agus nach bhfuil an t-othar in ann a t(h)oiliú a thabhairt mar gheall ar neamhórd meabhrach.

B'fhéidir nach ndéanfaí sícea-máinliachta muna dtoilíonn an t-othar agus go bhfuil sé ceadaithe ag binse.

Ní féidir teiripe leictrea-triteamhach a dhéanamh muna dtugann an t-othar a thoil nó nach bhfuil an t-othar ábalta nó go bhfuil sé/sí doicheallach a t(h)oil a thabhairt agus go bhfuil an teiripe údraithe ag an síciatrach comhairleach atá freagrach as an othar nó síciatrach comhairleach eile.

Sa gcás a bhfuil an t-othar ag fáil cogais le haghaidh feabhas a chuir ar an nemhórd meabhrach ar feadh tréimhse trí mhí, caithfear an cogas a stopadh muna dtoilíonn an t-othar nó,sa gcás nach bhfuil an t-othar ábalta nó doicheallach a thoil a thabhairt, go bhfuil na cogais leanúnach údraithe ag an síciatrach comhairleach atá freagrach as an othar nó síciatrach comhairleach eile.

Srianadh

Ní féidir othair a shrianú ná a chuir in iargúlacht muna bhfuil gá leis le haghaidh cóireáil nó chun an t-othar a sheachaint é féin a ghortú. Déanadh an Coimisiún rialacha faoi úsáid iargúlacht agus faoi úsáid bealaigh meicniúil le haghaidh srianú colainne.

Trialacha Cliniciúla

Ní féidir le daoine atá ag fualaingt ó neamhórd meabhrach nó atá curtha isteach in ionad ceadaithe, páirt a ghlacadh i dtrialacha chliniciúla.

Ionaid shíciatracha ceadaithe

Caithfidh ospidéil nó áiseanna eile d'othair cónaitheach i gcomhair cóireála do dhaoine atá ag fualaingt ó mheabhairghalar nó ó neamhord meabhrach a bheith cláraithe. Caithfidh an coimisiún Sláinte Meabhrach cláraitheoir do ionaid ceadaithe a bhunú agus a chothabháil.

Rochtain chuig na Cúirteanna

Faoi fhorálacha an Acht Sláinte Mheabhrach, 2001, beidh gach cinneadh chun othar a choinneáil go neamhdheonach, nó síneadh a chuir ar am na coinneála, ag teacht go huaithoibreach faoi athbhreithniú binse athbhreithnithe an bhord sláinte taobh istigh de 21 lá, a mbeidh sé de chumacht acu iontráil a dheimhniú nó a chúlghairim nó ordaithe athnuachan agus treoir a thabhairt go scaoilfaidh an t-othar abhaile as an ionad ceadaithe atá i gceist. Sa chás nach bhfuil an t-othar sásta leis an gcinneadh a déarnú, is féidir leis/lei athchomharc a dhéanamh chuig an Chúirt Chuarda ar an mbunús nach bhfuil sé/sí ag fualaingt ó mheabhair ghalar, taobh istigh de 14 lá ón bhfógra a fháil dá gcuir ar an eolas faoi chinneadh an bhinse.

Ní ligfear cead athchomharc chuig an Ard Chúirt in aghaidh chinneadh an Chúirt Chuarda ach amháin ar phointe dlí.

Déanann alt 73 den Acht soláthar gur amháin le cead tosaíochta ón Ard Chúirt ar féidir imeachtaí sibhialta a thionscnaimh.

Déanann alt 74 soláthar gur féidir leis an gCoimisiún Sláinte Meabhrach nua imeachtaí a thosú i leith sárú forálacha an Acht taobh istigh de 12mí ó dháta liomhnaití an choir.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 June 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cearta na n-othar síciatrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar na cearta atá ag othair in ospidéil shíciatrach.
  • Ligean isteach in Ospidéil Shíciatracha
    Cur síos atá sa cháipéis seo ar na rialacha reatha a bhaineann le ligean isteach deonach agus neamhdheonach in ospidéil agus aonaid shíciatracha.
  • Comisiún Sláinte Meabhrach
    Cur síos atá sa cháipéis seo faoin gCoimisiún ar Shláinte Meabhrach, ar bé a phríomh fheidhm ná caighdeáin ard a chinnti sna seirbhísí sláinte meabhrach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.