Faoi láthair tá roinnt feidhmeanna ag Cigire na nOspidéal Mheabhrach faoin Acht um Chóireáil Meabhrach, 1945. Beidh deireadh dá chur le h-oifig an Chigire nuair a thiocfaidh an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, i bhfeidhm. Tiocfaidh roinnt de fheidhmeanna an Chigire faoin gCoimisiún agus roinnt eile faoi Chigire na Seirbhísí.
Tá roinnt feidhmeanna ag an gcigire. Is féidir leis nó léi cuairt a thabhairt agus cigireacht a dhéanamh ar aon institiúid shíciatrach, ag am ar bith agus cuairt agus scrúdú a chur ar aon othar ansin. Tá iallach air nó uirthi cuairt a thabhairt ar gach institiúid uair amháin sa mbliain ar a laghad.
Nuair a thugann an cigire cuairt ar an institiúidí tá dualgas air nó uirthi breathnú isteach i gcás aon duine atá faoi choinneáil:
Nuair a thiocfaidh an tAcht Sláinte Meabhrach, 2001, i bhfeidhm roghnóidh an Coimisiún, cigire do sheirbhísí .
Is iad feidhmeanna an chigire ná:
Beidh cumhachtaí éagsúla ag na cigirí dul isteach agus cigireacht a dhéanamh ar áitrimh, taifid a fháil, doiciméadú agus eolas ar bith eile a fháil ón bhfoireann oibre agus fianaise atá bainteach leis an gcigireacht, a thogáil faoi mhionn.
D'fhéadfadh sé go n-iarradh an Coimisinéar ar an gCigire fiosrúchán a dhéanamh faoi:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.