Cártaí Cuairte LG (Liachleachtóir Ginearálta)

Réamhrá

Mura gcáilítear thú do chárta leighis, d’fhéadfá bheith i dteideal Cárta Cuairte LG a fháil. Ceadaíonn Cárta Cuairte LG duit cuairt a thabhairt ar LG rannpháirteach saor in aisce.

Trí chárta cuairte LG a bheith agat, ceadaítear duit cuairt a thabhairt ar do LG saor in aisce. Níl drugaí ordaithe saor in aisce ach d’fhéadfaidís a bheith cumhdaithe ag an Scéim Íocaíochta Drugaí. Ní chumhdaíonn an cárta cuairte LG muirir ospidéil. Ní chumhdaíonn sé cuairteanna chuig seirbhísí lasmuigh d’uaireanta LG. Cumhdaítear tástálacha fola chun diagnóisiú nó monatóireacht a dhéanamh ar riocht.

Chun cáiliú do Chárta Cuairte LG, ní mór duit na rialacha incháilitheachta thíos a chomhlíonadh agus gnáthchónaí a bheith ort in Éirinn. Is é sin, ní mór go bhfuil cónaí ort, nó go mbeartaíonn tú cónaí a bheith ort in Éirinn ar feadh bliain amháin, ar a laghad.

Rialacha

Tá an cárta cuairte LG ar fáil do gach duine atá 70 bliain d’aois nó os a chionn sin gan tástáil ioncaim a dhéanamh orthu.

Tá fáil ar an gcárta cuairte LG do leanaí faoi aois 6 bliana do gach leanbh atá faoi aois 6 bliana.

Má tá tú faoi 70 bliain d’aois, déantar tástáil mhaoine ar incháilitheacht don chárta cuairte LG. Is é sin, déanann FSS tástáil ar d’ioncam mar chuid den phróiseas iarratais.

Teorainneacha Ioncaim do dhaoine faoi bhun 70

Is ionann na rialacha chun measúnú a dhéanamh ar shuim d’ioncaim agus iad sin don tástáil mhaoine cárta leighis do dhaoine faoi bhun 70 bliain d’aois ach is airde na teorainneacha ioncaim don Chárta Cuairte LG ná na teorainneacha don chárta leighis.

Teorainn sheachtainiúil ioncaim don Chárta Cuairte LG (ollioncam lúide cáin, MSU agus ÁSPC

Catagóir
Daoine faoi bhun 66 bliain d’aois Daoine idir 66 agus 69 bliain d’aois
Duine singil a chónaíonn leis/léi féin €304 €333
Duine singil a chónaíonn lena t(h)eaghlach €271 €286
Lánúin phósta nó chomhchónaithe (nó tuismitheoir aonair ag a bhfuil leanaí cleithiúnaí) €441 €492
Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí faoi bhun 16 €57 €57
Liúntas le haghaidh an tríú linbh agus gach leanbh ina dhiaidh sin faoi bhun 16 €61.50 €61.50
Liúntas le haghaidh gach duine den chéad bheirt leanaí os cionn 16 (gan ioncam ar bith) €58.50 €58.50
Liúntas le haghaidh an tríú linbh agus gach leanbh os cionn 16 ina dhiaidh sin (gan ioncam ar bith) €64 €64
Gach cleithiúnaí os cionn 16 atá ag tabhairt faoi oideachas tríú leibhéal lánaimseartha gan cúnamh deontais €117 €117

Anuas air sin, tá liúntais ann le haghaidh costais réasúnta a thabhaítear maidir le costais chúram leanaí agus íocaíochtaí cíosa/morgáiste.

Déantar measúnú ar liúntais sheachtainiúla taistil chuig an obair mar chostas iarbhír iompair phoiblí, nó míleáiste amhail 30 cent sa mhíle (18 cent sa km).

Cleithiúnaithe daoine os cionn 70 bliain d’aois

Má tá tú os cionn 70 bliain d’aois agus má tá cleithiúnaithe agat, mar shampla, céile, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir comhchónaithe atá faoi aois 70 bliain, b’fhéidir go gcáileofar do chleithiúnaithe do chárta cuairte LG má tá d’ioncam faoi bhun leibhéal áirithe. Is ionann na rialacha chun measúnú a dhéanamh ar mhéid d’ioncaim agus na rialacha i dtaobh na tástála maoine don chárta leighis i measc daoine faoi bhun 70 bliain d’aois, ach tá na teorainneacha ioncaim don chárta cuairte LG níos airde ná na teorainneacha don chárta leighis.

Má tá céile, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir comhchónaithe agat, is é an teorainn ar bhur gcomhioncam €1,400 sa tseachtain, gan an chéad €72,000 de choigilteas nó a chomhionann d’infheistíochtaí a áireamh.

Mura bhfuil céile, páirtnéir sibhialta nó páirtnéir comhchónaithe agat, is é an teorainn €700 sa tseachtain, gan an chéad €36,000 de choigilteas nó a chomhionann d’infheistíochtaí a áireamh.

Ioncam os cionn na teorann

Nuair a dhéanann tú iarratas ar Chárta Cuairte LG, déanfar measúnú ort i dtosach báire le haghaidh teidlíochta do chárta leighis. Má tá d’ioncam os cionn na teorann cuí, déanfaidh an t-oifigeach cinntitheach breithniú ar cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ina údar le cruatan míchuí duit má dhiúltaítear cárta leighis duit.

Mura gcáilíonn tú do chárta leighis, déantar measúnú ort le haghaidh Cárta Cuairte LG. Má tá d’ioncam os cionn na teorann cuí, déanfaidh an t-oifigeach cinntitheach breithniú ar cibé acu an mbeadh nó nach mbeadh sé ‘ina chruatan míchuí’ ort íoc as Seirbhísí LG mura bhfuil Cárta Cuairte LG agat.

Achomhairc

Má dhiúltaítear d’iarratas ar Chárta Cuairte LG, gheobhaidh tú litir ó FSS ina luaitear seo. Anuas air sin, leagtar amach sa litir seo na cúiseanna ar diúltaíodh d’iarratas. Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh, féadfaidh tú iarraidh go ndéanfar athbhreithniú air. D’fhéadfadh gur tháinig athrú ar do chúinsí, nó d’fhéadfadh gur fhág tú roinnt faisnéis ábhartha ar lár ón mbuniarratas. Mura bhfuil tú sásta leis an athbhreithniú, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh le hOifig Achomhairc do Cheantar FSS. Beidh na sonraí teagmhála le sonrú i do litir dhiúltaithe, chomh maith. Tabharfaidh an Oifig Achomhairc faoi athmheasúnú ar d’iarratas. Tabharfaidh foireann FSS faoi seo, nach raibh baint acu leis an gcinneadh a dhéanamh ar do bhuniarratas.

Athbhreithnithe

Déantar athbhreithniú tréimhsiúil ar do theidlíocht chun Cárta Cuairte LG a fháil. Déantar seo mar gheall go bhféadfadh athrú teacht ar chúinsí. Mura seolann tú d'fhoirm athbhreithnithe ar ais, b'fhéidir nach n-atheiseofar do Chárta Cuairte LG.

Má sheolann tú d’fhoirm athbhreithnithe ar ais faoin dáta a luaitear ach má leanann an próiseas athbhreithnithe thar dháta éagtha do chárta, féadtar bailíocht an chárta a shíneadh ionas gur féidir leat leanúint le hé a úsáid fad atá an t-athbhreithniú ar bun. Tá an síneadh ar bhonn mí ar mhí, mar sin, moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cláraithe Cliant lena dheimhniú gur síneadh do chárta agus go leanann sé bheith bailí.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tá tú faoi bhun 70 bliain d’aois, úsáideann tú an próiseas céanna chun iarratas a dhéanamh ar chárta cuairte LG a úsáidtear le haghaidh cárta leighis. Mar chuid den phróiseas iarratais don chárta cuairte LG, déanfar measúnú, chomh maith, ar do theidlíocht do chárta leighis.

Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar líne ar chárta leighis nó ar Chárta Cuairte LG ag medicalcard.ie. Seo an modh is tapúla chun an cárta a fháil.

Mar mhalairt air sin, féadfaidh tú foirm iarratais a íoslódáil le haghaidh Cárta Cuairte LG agus cárta leighis:

Foirm Iarratais MC1 ar Chárta Leighis/Cárta Cuairte LG (pdf)

I dtaobh an chárta cuairte LG do dhaoine 70 bliain d’aois agus níos sine, féadfaidh tú clárú don chárta ar líne ag gpvisitcard.ie, féadfaidh tú an fhoirm chlárúcháin a íoslódáil le haghaidh daoine atá 70 bliain d’aois agus níos sine (pdf) nó glao a chur chun iarraidh ar fhoirm chlárúcháin.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Déan teagmháil le 1890 252 919 nó le d’Oifig Áitiúil Sláinte chun teacht ar bhreis faisnéise ar Chártaí Cuairte LG. Ina theannta sin, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Cláraithe Cliant. Seo a leanas an seoladh a seolfaidh tú an fhoirm chomhlánaithe chuige:

An tAonad Cláraithe Cliant

Bosca oifig phoist 11745
Fionnghlaise
Baile Átha Cliath 11

Teil: (051) 595 129
Lóghlao: 0818 22 44 78
Facs: (01) 834 3589
Láithreán Gréasáin: http://www.medicalcard.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Bealtaine 2019