Nuair a tharlaíonn sé nach féidir le duine a c(h)uid maoine a riaradh de bharr galair intinne, is féidir iarraidh ar na cúirteanna coimircí cúirte a dhéanamh de/di. Bíonn ar an gcúirt cinneadh a dhéanamh maidir le ábaltacht an duine sin a c(h)uid maoine a riaradh ar a s(h)on féin agus ar son a c(h)uid cleithiúnaithe. Má cheaptar nach féidir leis an duine a c(h)uid maoine a riaradh de bharr galair intinne, cuirtear Coiste i bhfeidhm chun na maoine a riaradh ar son an choimircí.
Is féidir le duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois a bheith tógtha i gCoimircíocht mar mhionúr.
Nuair a bhronntar damáistí ar dhuine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois, íoctar an t-airgead don chúirt agus déantar infheistiú leis ar son an duine óig go dtí go mbeidh sé/sí ocht mbliana déag d'aois. Ní Coimircithe Cúirte iad na daoine seo. Ach, má bhíonn riachtanais speisialta tithíochta nó aire speisialta ag teastáil ón mionúr áfach, déantar Coimircí Cúirte de/di.
Má cheannaítear teach do mhionúr, bíonn sé cláraithe in ainm an mhionúir. Nuair a bhíonn an mionúr ocht mbliana déag d'aois agus más rud é go bhfuil sé/sí i mbun a c(h)uid achmainní intinne ar fad, is féidir leis/léi iarraidh ar an ArdChúirt aon mhaoin atá ann ar a s(h)on a íoc leis/léi.
Sula ndéantar Coimircí Cúirte d'éinne, caithfidh an chúirt a bheith sásta go bhfuil an duine sin lagintinneach agus nach féidir leis/léi a c(h)uid cúrsaí féin a riaradh. I gcásanna áirithe, d'fhéadfadh duine a bheith tógtha i gcoimircíocht chun coimirce a thabhairt dó/dí. Go hiondúil, tarlaíonn sé seo nuair a bhíonn míchumas intinne ar dhuine agus ní nuair a bhíonn galar síciatrach air/uirthi.
De ghnáth, is ball den chlann a dhéanann an t-iarratas, ach uaireanta is é dochtúir nó dlíodóir an choimircí molta a dhéanann an t-iarratas áfach. Má cheapann tú go bhfuil cúiseanna ann le coimircí cúirte a dhéanamh de dhuine éigin, ba cheart teangbháil a dhéanamh le dlíodóir chun iarratas a dhéanamh.
Muna bhfuil tú ag iarraidh aon bhaint a bheith agat leis an iarratas, is féidir teangbháil a dhéanamh le Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte chun tús a chur leis an bproiséas.
Dé ghnáth, (ach ní i gcónaí), is é an duine a dhéanann an t-iarratas an duine leis an gcumhacht mar Choiste ar son an Choimircí.
Ar aon chaoi, beidh an t-eolas seo a leanas i leith an Choimircí molta ag teastáil:
Caithfear an t-iarratas a chur in iúl don Choimircí Cúirte molta roimh ré.
Tá sé de cheart ag Coimircí Cúirte molta dul in aghaidh an iarratais ach scríobh, trí mheán dlíodóra de ghnáth (ach níl dlíodóir riachtanach), chuig Cláraitheoir na gCoimircí Cúirte.
Tá dualgas de réir dlí ar Choimircí Cúirte a bhfuil cleithiúnaithe aige/aici sóláthrú dóibh. Eagróidh Oifig na gCoimircithe Cúirte liúntas cothaithe dóibh de réir na riachtanas a bheidh acu agus de réir achmhainní an Choimircí Chúirte.
Tá na dualgais chéanna ar Choimircithe Cúirte maidir le cáin ioncaim agus atá ar gach duine eile, ach bíonn an faisnéis ioncaim sínithe ag an gCoiste ar son an Choimircí Chúirte. Má bhíonn cuntasóir fostaithe ag an gCoimircí Cúirte sula ndéantar Coimircí Cúirte de/di, síneann an cuntasóir an faisnéis ioncaim ar a s(h)on. An príomhfhaoiseamh cánach atá ar fáil ná faoiseamh a thugann an Príomhchigire Cánach faoi Roinn 189 den Acht um Cháin Chomhdhlúite 1997 agus costais leighis.
Oibríonn an Coiste ar son an Choimircí Chúirte agus cuireann siad maoin an Choimircí Chúirte faoi smacht na cúirte chun iad a riaradh ar mhaithe leis an gCoimircí Cúirte.
Seo a leanas samplaí den chaoi a bhféadfaí maoin difriúla a láimhseáil:
Ní féidir teach a cheannach ar son Coimircí Chúirte mar infheistíocht, mar faoi láthair ní Iontaobhaí Urra Inghlactha é/í.
Is féidir teach a cheannach ar son Coimircí Chúirte más féidir leis an gCoimircí Cúirte cónaí san áit agus go bhfuil a d(h)óthain airgid aige/aici, nó nuair nach bhfuil teach oiriúnach aige/aici cheana féin.
Más rud é go bhfuil an Coimircí Cúirte faoi chúram cónaithe agus go bhfuil teach ag teastáil óna gcleithiúnaithe, is féidir teach a cheannach ar son an Choimircí Chúirte.
Na blianta ó shin, ba othair in ospidéil nó i dtithe banaltrais a bhí sna Coimircithe Cúirte. Sa lá atá inniu ann, tá alán acu ina gcónaí sa phobal nó i dtithe faoi dhídean. Má bhíonn cóir leighis ag teastáil ó Choimircí Cúirte agus má theastaíonn ón ospidéal go mbeadh foirm sínithe ina leith, ba cheart cead a fháil ó Uachtarán na hArdChúirte. Nuair is cás éigeandála é, b'fhéidir nach féidir é sin a dhéanamh. Sa chás seo, leantar leis na modhanna leighis mar is ghnáth.
Ní féidir le duine atá ina C(h)oimircí Cúirte de bharr éagmais intinne pósadh, ach ní chiallaíonn sé gur pósadh neamhbhailí é pósadh a tharla sular deineadh Coimircí Cúirte den duine pósta.
Níl cead ag Coimircí Cúirte Éire a fhágáil gan chead ó Uachtarán na hArdChúirte. Go hiondúil, tugtar cead an Stát a fhágaint ag tógaint cúrsaí leighis agus slándála san áireamh.
Caithfidh Coimircí Cúirte, nó a d(h)líodóir iarratas scríofa a dhéanamh chuig Cláraitheoir na gCoimircithe Cúirte más rud é go dteastaíonn uaidh/uaithi a bheith scaoilte ó choimircíocht. Caithfidh an t-iarratas a bheith bunaithe ar fhianaise leighis ag rá go bhfuil sláinte intinne ag an gCoimircí Cúirte agus gur féidir leis/léi a c(h)uid maoine a riaradh.
Is féidir le Coimircí Cúirte uacht a dhéanamh má:
Nuair a fhaigheann Coimircí Cúirte bás, roinntear an t-eastát de réir uachta an Choimircí Chúirte, nó de réir rialacha sleachta díthiomnacha, tar éis aon fhiacha a íoc agus Deonú Probháide nó Riaracháin a eisiúint.
Íoctar táillí iarratais Choimircíochta as eastát an Choimircí Chúirte. Tugann na costais seo táillí na ndlíodóirí, táillí na dtuairiscí leighis agus stampdhleacht san áireamh. Caithfear céatadáin chúirte (gearradh bliantúil ar Ioncam an Choimircí Chúirte) a íoc freisin. Faoi láthair, is é 750 Euro in aghaidh na bliana an t-uasráta atá ag na céatadáin chúirte. Ní bhíonn an t-uasráta seo i bhfeidhm ach nuair nach raibh ioncam 18,750 Euro nó níos mó ag an gCoimircí Cúirte sa bhliain roimhe.
Teangbháil a dhéanamh le do dhlíodóir nó le hOifig na gCoimircithe Cúirte.
Tá tuilleadh eolais ar fáil i leabhrán na Seirbhíse Cúirteanna ar Oifig na gCoimircithe Cúirte (pdf).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.