Socruithe Dlíthiúla maidir le hÉagumas

Réamhrá

D’fhéadfadh go mbeadh a lán cúiseanna ann nach bhfuil tú in ann déileáil le do ghnóthaí sa saol. Mar shampla, d’fhéadfadh nach mbeadh cumas fisiciúil agat do phinsean a bhailiú. D’fhéadfadh go mbeifeá thar lear ar feadh tamaill agus nach mbeifeá in ann aire a thabhairt do do réadmhaoin dá bharr. D’fhéadfadh go mbeifeá ar éagumas meabhrach agus faoi éagumas dlíthiúil idirbhearta áirithe a dhéanamh dá bharr. D’fhéadfadh go mbeadh tinneas ort nó go mbeadh míchumas agat a chuireann srian leis an gcumas atá agat cinntí oibiachtúla a dhéanamh. Mura bhfuil tú in ann déileáil le do ghnóthaí, ar chúis ar bith, tá socruithe dlíthiúla éagsúla ann is féidir leat a dhéanamh chun cead a thabhairt do dhuine eile na nithe sin a dhéanamh thar do cheann. Tá sé tábhachtach go bhfuil eolas ag gach duine ar na roghanna atá acu i gcás den sórt sin.

Braitheann an rogha socruithe dlíthiúla atá ar fáil duit ar do chúinsí beachta féin. Tá sé an-simplí roinnt de na socruithe a dhéanamh agus is beag an difear a dhéanann siad - mar shampla, gníomhaire a cheapadh chun do phinsean leasa shóisialaigh a bhailiú. Tá socruithe eile ann atá i bhfad níos casta ná sin agus tá cuidiú gairmithe dlí agus leighis ag teastáil ina leith - mar shampla, cumhacht mharthanach aturnae a fhorghníomhú. Moltar duit comhairle dlí a fháil sula rachaidh tú isteach i socruithe casta.

Ní mór duit na socruithe uile sin a dhéanamh - seachas nós imeachta na gCoimircithe Cúirte – agus tú inniúil ó thaobh meabhrach de. Níl éifeacht ag socruithe áirithe ach amháin le linn duit bheith inniúil ó thaobh meabhrach de; tá éifeacht ag socruithe eile, go háirithe an t-iontaobhas, fiú amháin má éiríonn tú neamhinniúil ó thaobh meabhrach de; agus tá cinn eile, go háirithe an chumhacht mharthanach aturnae, deartha chun déileáil lena dtagann chun cinn nuair a scoireann tú de bheith inniúil ó thaobh meabhrach de. Tá nós imeachta na gCoimircithe Cúirte éagsúil leis na socruithe eile sa mhéid go bhféadfar é sin a fhorchur ort.

An tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015

Síníodh an tAcht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 isteach sa dlí an 30 Nollaig 2015 ach níor cuireadh tús le héifeacht a thabhairt dó go fóill. Nuair a chuirfear tús leis, forálfaidh sé do shocruithe nua dlíthiúla trínár féidir cabhrú le daoine nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh acu faoina leas agus faoina maoin agus gnóthaí. Teastaíonn an cúnamh agus an tacaíocht seo, ach go háirithe, nuair nach bhfuil ar chumas, nó nuair a d’fhéadfadh nach bhfuil ar chumas, an duine chun an cinneadh a dhéanamh gan chúnamh.

I measc na socruithe nua, tá Cinnteoireacht agus Comhchinnteoireacht Chuidithe agus tá próiseas leagtha amach, chomh maith, ina gceapfaidh cúirt Ionadaí Cinnteoireachta do dhuine aonair.

Anuas ar nósanna imeachta nua cinnteoireachta a thabhairt isteach, leagtar amach san Acht, chomh maith, socruithe nua do Choimircithe Cúirte agus do dhaoine ar mian leo cumhacht sheasmhach aturnae a dhéanamh. Tá Seirbhísí Tacaíochta Cinntí le bunú laistigh den Choimisiún Meabhair-Shláinte chun réimse feidhmeanna a sholáthar maidir leis na socruithe nua.

Is féidir níos mó a léamh faoin Acht um Chinnteoireacht Chuidithe (Cumas), 2015 (pdf).

Rialacha

Socruithe Gníomhaireachta

Má cheapann tú duine eile chun ionadaíocht a dhéanamh duit i ndéileálacha áirithe le tríú páirtithe, is é socrú gníomhaireachta atá á dhéanamh agat. Tugtar an príomhaí ort agus tugtar an gníomhaire nó an t-ionadaí ceaptha ar an duine a cheapann tú. Is é an sampla is coitianta de sin ná cásanna ina n-ainmníonn pinsinéir duine éigin chun íocaíochtaí pinsean leasa shóisialaigh nó liúntais eile a bhailiú ó oifig an phoist.

Sampla eile de shocrú gníomhaireachta is ea cásanna ina gceapann tú cara nó ball teaghlaigh mar ghníomhaire chun do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú, billí a íoc, an teach a árachú, etc., agus tú thar lear ar feadh tréimhse. Is féidir leat gairmí a cheapadh chun na nithe sin a dhéanamh agus íoc as an tseirbhís – sa chás sin, is é conradh i gcomhair sheirbhísí, agus ní socrú gníomhaireachta, atá á dhéanamh agat.

Má tá tú ar éagumas fisiciúil, d’fhéadfadh go dtabharfadh do bhanc cead duit sainordú tríú páirtí a dhéanamh. Tugann sé sin údarás do do ghníomhaire feidhmeanna áirithe a chomhlíonadh, mar shampla, seiceanna a scríobh thar do cheann.

Ní féidir leat socrú gníomhaireachta a dhéanamh ach amháin le linn duit bheith inniúil ó thaobh meabhrach de agus, i bhformhór na gcásanna, ní bhíonn an socrú ar bun ach amháin le linn duit bheith inniúil ó thaobh meabhrach de. Ní gá an socrú a chur i scríbhinn ach amháin i gcásanna ina n-éilítear ar an ngníomhaire réadmhaoin a dhíol thar do cheann. Ina ainneoin sin, moltar duit an socrú a chur i scríbhinn ionas go mbeidh tuiscint shoiléir agat agus ag do ghníomhaire araon ar a bhfuil i gceist agus ar na cumhachtaí atá ag an ngníomhaire.

Socruithe gníomhaireachta i gcomhair íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

Faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh, tá sé de chumhacht ag an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí a dhéanamh le tríú páirtí atá ag gníomhú thar ceann duine atá ag fáil leas sóisialach. Tá stádas dlíthiúil an chaidrimh ghníomhaireachta leasa shóisialaigh éagsúil leis an gcaidreamh gníomhaireachta ginearálta sa mhéid go bhféadfar an ghníomhaireacht leasa shóisialaigh a chur i bhfeidhm, nó go bhféadfar leanúint leis an ngníomhaireacht leasa shóisialaigh, i gcásanna ina n-éiríonn tú neamhchumasach ó thaobh meabhrach de.

Má cheaptar gníomhaire chun an t-airgead a bhailiú, is leatsa an t-airgead go fóill agus tá dualgas dlíthiúil ar an ngníomhaire chun é a úsáid thar do cheann agus ar mhaithe leat féin. Féadfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí deireadh a chur leis an socrú gníomhaireachta ag aon tráth nuair a bhíonn údar aici a chreidiúint nach bhfuil ag éirí go sásúil leis an socrú.

Tá 3 shaghas éagsúla de shocruithe gníomhaireachta leasa shóisialaigh ann.

Socrú gníomhaire shealadaigh

Mura féidir leat d’íocaíocht a bhailiú ag oifig an phoist do thréimhse ghearr ama, de ghnáth nach faide ná 3 seachtaine, féadtar gníomhaire sealadach a cheapadh trí Fhoirm Ghníomhaire Shealadaigh a chomhlánú atá ar fáil in oifig an phoist. Nuair a bhailíonn tú d’íocaíocht, soláthraíonn an gníomhaire an fhoirm seo, i dteannta do chárta seirbhísí sóisialacha.

Gníomhaire a ainmniú chun d’íocaíocht a bhailiú

Mura féidir leat d’íocaíocht a bhailiú ag oifig an phoist, i ngeall ar bhreoiteacht nó caillteanas luaineachta, mar shampla, féadfaidh tú duine a ainmniú chun seo a dhéanamh thar do cheann tríd an bhfoirm Údarás chun Gníomhaire a Cheapadh (pdf) a chomhlánú agus a sheoladh ar ais. Déantar socruithe le hoifig an phoist chun an gníomhaire a bhaileoidh an íocaíocht a éascú agus tugtar fógra duit faoi seo.

Mura féidir leat do ghnóthaí féin airgeadais a bhainistiú

Mura féidir leat do ghnóthaí féin airgeadais a bhainistiú, féadtar gníomhaire a cheapadh chun d’íocaíocht a bhailiú agus gníomhú thar do cheann. Sa chás seo, caithfidh cleachtóir leighis a dheimhniú nach bhfuil ar do chumas do ghnóthaí airgeadais a bhainistiú. Tá mír ann don deimhniúchán seo san Údarás chun Gníomhaire a Cheapadh (pdf).

Is gnách gur duine muinteartha, ionadaí cúraim nó ionadaí de theach altranais nó d’ospidéal an gníomhaire a ainmnítear.

Déantar an íocaíocht go leictreonach le cuntas bainc a ainmnítear. Moltar go n-osclaítear cuntas ar leith don chuspóir seo.

I gcás coimircí cúirte nó aturnae arna c(h)eapadh faoi chumhacht mharthanach aturnae, déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí go díreach le Coiste an Choimircí nó leis an Aturnae tríd an gCoiste nó tríd an nGníomhaire a ainmniú mar ghníomhaire don duine atá ag fáil leas sóisialach. Déanfar gach íocaíocht den sórt seo go leictreonach le cuntas bainc a ainmnítear.

Tá dualgas dlíthiúil ar ghníomhairí a cheaptar lena chinntiú go n-úsáidtear an t-airgead ar mhaithe le do thairbhe féin agus caithfidh siad déileáil, chomh maith, le gnéithe eile de d’íocaíocht leasa shóisialaigh. Áirítear leis seo an Roinn Coimirce Sóisialaí a chur ar an eolas ar athruithe a thagann ar do chúinsí.

Cumhacht Aturnae

Is é is cumhacht aturnae ann ná cáipéis ina dtugann tú (an deontóir) údarás do dhuine eile (an deontaí nó an t-aturnae) gníomhú duit - thar do cheann agus i d’ainm - i gcásanna áirithe de réir na dtéarmaí atá leagtha amach sa cháipéis. Mar shampla, is féidir leat cumhacht aturnae a thabhairt do dhuine chun réadmhaoin a cheannach nó a dhíol. D’fhéadfadh gur chumhacht an-leathan é sin nó d’fhéadfadh go mbeadh coinníollacha fairsinge ag gabháil léi. Is féidir le cumhacht aturnae bheith speisialta (teoranta do chuspóir ar leith, mar shampla, do theach a dhíol agus tú as láthair) nó is féidir léi bheith ginearálta (teidlíocht a thabhairt don aturnae gach a bhféadfá féin a dhéanamh, mar shampla, do ghnó a bhainistiú agus tú thar lear).

Caithfidh cumhacht aturnae a bheith i scríbhinn i gcónaí.

Tá dhá shaghas de chumhacht aturnae ann:

  • Cumhacht aturnae a bhronnann cumhacht ar leith nó ghinearálta agus a gcuirtear deireadh léi a luaithe a bhíonn an deontóir éagumasaithe
  • Cumhacht aturnae sheasmhach a mbíonn éifeacht aici ar éagumas an deontóra

Is féidir níos mó a léamh faoi chumhacht aturnae anseo.

Iontaobhais

Féadfaidh réadmhaoin, lena n-áirítear sócmhainní airgid, a shealbhú ar iontaobhas thar ceann duine eile nó chun cuspóir ar leith a bhaint amach. Tá iontaobhas ann i gcásanna ina sealbhaíonn duine (an t-iontaobhaí) réadmhaoin duine eile (an gabhálaí) chun tairbhe daoine áirithe. D’fhéadfadh go mbeadh an gabhálaí é/í féin ina t(h)airbhí nó d’fhéadfadh go mbeadh daoine eile ina dtairbhithe ina leith sin.

Agus iontaobhas á chruthú agat, is féidir leat a chinntiú go mbainisteofar do ghnóthaí ar bhealach ar leith má éiríonn tú neamhinniúil ó thaobh meabhrach de ina dhiaidh sin. Leanann an t-iontaobhaí le réadmhaoin an iontaobhais a riar chun do thairbhe gan gá a bheith ann le coimircí cúirte a dhéanamh díot.

Uirlis úsáideach is ea iontaobhas freisin i gcásanna ina bhfuil leanbh faoi mhíchumas agat agus inar mhaith leat a chinntiú go dtabharfar aire dó/di má éiríonn tú neamhchumasach nó má fhaigheann tú bás.

Tá iontaobhais casta ó thaobh an dlí de agus tá impleachtaí cánach ag gabháil leo. Dá bhrí sin, ba cheart duit comhairle dlí agus cánach a fháil. Tá a lán cineálacha éagsúla iontaobhas ann. Is iad iontaobhais shainráite agus iontaobhais lánroghnacha na cineálacha is coitianta díobh. Tá iontaobhais lánroghnacha an-úsáideach i gcásanna inar mhaith leat soláthar a dhéanamh do leanbh éagumasaithe gan difear a dhéanamh don teidlíocht atá aige/aici do shochair stáit. D’fhéadfadh díolúintí cánach a bheith ag cistí iontaobhais áirithe do dhaoine atá faoi éagumas buan.

Coimircithe Cúirte

Nuair nach mbíonn ar chumas duine a s(h)ócmhainní a bhainistiú mar gheall ar éagumas meabhrach, féadtar iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna go ndéantar Coimircí Cúirte den duine seo.

Caithfidh an chúirt cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil ar chumas an duine a maoin féin a bhainistiú ar mhaithe lena dtairbhe féin agus le tairbhe a gcleithiúnaithe. Má chinntear nach féidir leis an duine a maoin féin a bhainistiú mar gheall ar éagumas meabhrach, ceaptar Coiste chun na sócmhainní seo a rialú thar ceann an Choimircí.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi cad atá i gceist le Coimircí Cúirte agus conas iarratas a dhéanamh go ndéantar Coimircí Cúirte de dhuine éigin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Eanáir 2017