Toiliú don chóireáil leighis agus máinliach

Eolas

Mar riail ginearálta, ní féidir cóireáil leighis ná máinliach a chur ar dhuine gan toiliú eolasach a fháil ón othar féin.

Níl an dlí soiléir céard ba cheart tarlú sa chás nach féidir leis an othar toiliú, mar shampla, má tá easláinte intinne i gceist nó má tá sé/sí gan aithne gan urlabhra. Chomh maith leis sin, níl sé iomlán soiléir cén toiliú go díreach atá ag teastáil i gcás leanaí.

Tá mionrialacha ann maidir le hiompar tástálacha cliniciúla agus an t-eolas nach mór a thabhairt do rannpháirtithe na dtástálacha seo.

Rialacha

Céard é toiliú?

Go ginearálta, is ionann toiliú bailí agus toiliú eolasach. Níl an dlí soiléir ar cé mhéid eolais nach mór do dhochtúir a thabhairt d'othar. Tá an toiliú leagtha síos sa dlí anois maidir le cóireáil síciatrach ach níl i gcás aon chóireála eile.

Nuair nach bhfuil aon toiliú ann

Má chuireann duine cóireáil leighs ná máinliach ar dhuine gan toiliú a fháil, d'fhéadfaí é/í a chúisiú as coir an ionsaithe - is é/í Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí a dhéanann an cinneadh duine a chúisiú.

D'fhéadfaí an dlí a chur air/uirthi as tort (éagóir shibhialta) na foghla ar dhuine agus b'fhéidir as cearta bunreachtúla an duine a shárú. Más duine gairmiúil den lucht leighis atá i gceist, d'fhéadfaí an dlí a chur air/uirthi as faillí a bheith déanta. Is féidir leis an othar na himeachtaí seo a thógáil.

Inniúlacht le toiliú

Más duine fásta inniúil de mheabhair thú níl aon dabht ach go dteastaíonn toiliú uait ach níl sé soiléir céard go díreach é an toiliú eolasach.

B'fhéidir go mbeadh toiliú ginearálta tugtha agat - mar shampla, b'fhéidir go mbeadh sé ráite agat le do dhochtúir déanamh mar a chreideann sé/sí féin a bheith ceart. D'fhéadfadh sé go mbeadh toiliú intuigthe tugtha agat ós rud é nár luaigh tú cóireáil faoi leith nár theastaigh uait toiliú lena aghaidh.

B'fhéidir go dtiocfadh do thoiliú intuighte i gceist de bharr riachtanais - mar shampla, má thagann deacrachtaí aníos nach raibh aon súil leo i rith obráide.

Má tá tú go dona tinn agus muna bhfuil tú in ann toiliú a thabhairt nó a dhiúltú, d'fhéadfadh an dochtúir an chóireáil a bheadh tugtha de ghnáth a chur ort de bharr riachtanais.

B'fhéidir go rachadh na dochtúirí i gcomhairle le do theaghlach nó le do neasghaol ach i ndáiríre níl aon cheart dlíthiúil acu toiliú don chóireáil nó diúltú dí.

Diúltú don chóireáil leighis

Má tá sé soiléir gur duine fásta inniúil de mheabhair thú, tá sé de cheart agat diúltú don chóireáil leighis nó deireadh a chur leis fiú más rud é go mbeadh an bás mar thoradh ar an gcinneadh sin. Ní ionann seo agus céimeanna dearfacha a thógáil lámh a chur i do bhás féin nó i mbás duine eile.

Muna bhfuil tú inniúil de mheabhair, ní féidir leat cinneadh a dhéanamh diúltú don chóireáil nó deireadh a chur léi. Níl an dlí iomlán soiléir ar cé go díreach atá inniúil é seo a dhéanamh. Go ginearálta, is féidir le duine gairmiúil leighis cinneadh a dhéanamh gur ceart deireadh a chur leis an gcóireáil ar chúiseanna leighis. I dtíortha éagsúla, glactar go bhfuil "uachtanna beo" dlíthiúil agus bailí ach níl aon rialú déanta in Éirinn ar seo. Is cáipéis í "Uacht bheo" ina leagann duine síos céard a bheadh ag teastáil uaidh/uaithi maidir le cóireáil leighis a fháil agus leanacht leis sa chás nach raibh sé/sí inniúil de mheabhair an cinneadh a dhéanamh.

Má tá cumhacht bhuan aturnae ag duine ní bhíonn sé de chumhacht aige/aici cinneadh den chineál seo a dhéanamh ar son an té a bhronn an chumhacht air/uirthi.

Féinmharú agus cúnamh le féinmharú

Tá an dlí maidir le féinmhárú leagtha síos i Alt 2 don Acht um Dlí Choiriúil (Féinmharú) 1993. Ní coir é an féinmharú féin ná iarracht a dhéanamh tú féin a mharú. Ach, is coir choiriúil í cúnamh a thabhairt do dhuine eile céimeanna a thógáil le deireadh a chur lena s(h)aol féin.

Is coir choiriúil í cabhrú agus neartú le duine, é/í a spreagadh nó soláthar a dhéanamh dó/dí é/í féin a mharú - tugtar féinmharú cuidithe ar an gcoir de ghnáth. Tréimhse phríosúnachta de 14 bliain an t-uasphionós gur féidir a ghearradh as féinmharú cuidithe. Má thugann tú cúnamh do dhuine é/í féin a mharú, d'fhéadfaí dúnmharú, dúnorgain nó féinmharú cuidithe a chur i do leith, ag brath ar na cúinsí faoi leith. D'fhéadfadh cúiseamh den chineál a bheith i gceist má thugann duine cúnamh do dhuine eile deireadh a chur lena s(h)aol má tá an duine go dona tinn nó más mian leis/léi deireadh a chur lena s(h)aol. D'fhéadfaí an chúis seo a bheith i gceist is cuma más duine proifisiúnta den lucht leighis é/í an cúntóir nó nach ea.

Is féidir drugaí a mharaíonn pian ach go bhféadfadh saol duine a ghiorrú a thabhairt má táthar tugtha le deileáil leis an bpian agus gan a bheith i gceist deireadh a chur le saol an duine.

Leanaí

Lorgaíonn dochtúirí agus lucht proifisiúnta leighis eile toiliú tuismitheoirí nó caomhnóirí má tá cóireáil leighis nó máinliach le cur ar dhaoine óga. Níl an dlí soiléir faoin ábhar seo ach is cosúil go bhfuil glactha leis go dteastaíonn toiliú tuismitheoirí.

Bhí cás ós comhair na Cúirte Uachtaraí le deireanas a leag síos nach bhfuil sé de cheart ag bord sláinte an tástáil sáile a dhéanamh ar pháiste gan toiliú na dtuismitheoirí. Bhain an cás seo leis an tástáil sáile nó feinilcéatónúire (PKU) a dhéantar go hiondúil ar leanaí go gairid tar éis a mbreithe.

Dúirt an Chúirt Uachtarach nach féidir leis an gcúirt ach amháin i gcúinsí eisceachtúla ordú a dhéanamh nach gcloíann le toil na dtuismitheoirí.

Níl sé soiléir ach d'fheadfadh sé go mbeadh an Chúirt Uachtarach sásta rialú sa chás nach raibh tuismitheoirí sásta cóireáil a cheadú a bheadh riachtanach le beatha leanaí a shábháil. Is cosúil go mbeadh an Chúirt sásta leas an linbh a chur san áireamh agus b’fhéidir cearta an linbh a chur roimh cearta na dtuismitheoirí.

Faoi Alt 23 d'Acht um Chionta Neamh-Mharfacha i Aghaidh an Duine 1997 is féidir le daoine óga de 16 bliain d'aois agus ós a chionn toiliú bailí a thabhairt do chóireáil leighis, máinliach agus fiaclóireachta.

Toiliú don chóireáil síciatrach

Tá rialacha faoi leith leagtha síos san Acht um Shláinte Intinne, 2001 The maidir le toiliú i dtaobh daoine atá ag fáil cóireála in ospidéil nó ionaid síciatracha. Ar mhaithe leis seo, is ionann toiliú agus toiliú scríofa, faighte gan bhac, gan aon bhagairt ná mealladh:

  • Má chuireann an síciatraí comhairleora atá ag plé leis an othar teastas ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil an t-othar in ann nádúr, fáth agus na tionchair gur dócha a bheidh ag an gcóireáil mholta a thuiscint agus
  • Má tá an t-eolas cuí tugtha ag an síciatraí don othar i bhfoirm agus i dteanga a thuigeann an t-othar, maidir le nádúr, fáth agus tionchair gur dócha a bheidh ag an gcóireáil mholta.

Faoin Acht, teastaíonn toiliú an othair don chóireáil ach amháin sa chás go gceapann an síciatraí comhairleora go dteastaíonn an chóireáil le beatha an othair a shlánú, lena s(h)láinte a thabhairt ar ais, le faoiseamh a thabhairt don donnacht atá air/uirthi nó leis an bhfulaingt a mhaolú agus nach bhfuil an t-othar in ann toiliú a thabhairt é/í féin mar gheall ar easláinte intinne.

Ní féidir obráid síciatrach a chur ar dhuine gan a t(h)oiliú agus ní mór do bhinse cúirte é a cheadú freisin.

Ní féidir teiripe leictreac-tritheamhach a dhéanamh gan toiliú an othair nó, sa chás nach bhfuil an t-othar in ann nó ag iarraidh toiliú, ní mór don teiripe a bheith ceadúnaithe ag síciatraí comhairleora atá freagrach as an othar agus ag síciatraí comhairleora eile.

Sa chás go bhfuil othar ag fáil cógais le easláinte intinne a leasú ar feadh tréimhse trí mhí, ní mór stop a chur leis an gcógas ach amháin sa chás go dtugann an t-othar cead leanúint leis , sa chás nach bhfuil an t-othar in ann nó ag iarraidh toiliú, ní mór úsáid leanúnach an chógais a bheith ceadúnaithe ag síciatraí comhairleora atá freagrach as an othar agus ag síciatraí comhairleora eile.

Srian

Ní féidir srian a chur ar othair síciatracha ná iad a choinneáil ina n-aonair ach amháin sa chás go bhfuil sé riachtanach dá gcóireáil nó le bac a chur ar an othar é/í féin a ghortú. eidh rialacha dhá dhéanamh ag an gCoimisiúin um Shláinte Intinne maidir le daoine a choinneáil ina n-aonair agus úsáid srianta meicniúla corpartha.

Tástálacha cliniciúla

Tá na rialacha ginearálta a bhaineann le tástálacha cliniciúla leagtha síos san Acht um Rialú Trialacha Cliniciúla 1987. Faoin Acht um Shláinte Intinne, 2001 ní féidir le daoine atá ag fulaingt easláinte intinne agus atá ina n-othair in ionad ceadúnaithe páirt a ghlacadh i dtástálacha cliniciúla.

An tAcht um Smachtú Tástálacha Cliniciúla, 1987

Leagann an tAcht seo síos cé na daoine gur féidir leo tástálacha cliniciúla a chur i gcrích, na coinníollacha nach mór a bheith i bhfeidhm, na rialacha a bhaineann le toiliú na rannpháirtithe agus monatóireacht na dtástálacha.

Ní féidir ach le dochtúirí agus fiaclóirí cláraithe na tástálacha a chur i gcrích agus ní mór cead a fháil ón Aire Sláinte. í mór go mbeadh coistí eitice ann do na tástálacha cliniciúla.

Toiliú do thástálacha cliniciúla

Leagann an tAcht síos na rialacha a bhaineann le toiliú na rannpháirtithe a fháil do thástálacha cliniciúla. Ní mór duit do thoil a thabhairt i scríbhinn le páirt a ghlacadh i dtástáil chliniciúil agus é a bheith sínithe agat.

Níl an toiliú bailí muna bhfuil:

  • tú in ann nádúr, brí agus scóip an toilithe a thuiscint agus
  • an toiliú faighte ag an té a bheidh i mbun na tástála.

Ní mór don té atá i mbun na tástála déanamh cinnte go dtuigeann gach rannpháirtí:

  • cuspóirí na tástála
  • an bealach ina dtabharfar an substaint atá le tástáil
  • na priacail, aon mhíchompord a bheidh i gceist agus aon fho-iarsmaí a d'fhéadfadh a bheith ag an tástáil
  • nach mbeidh cuid den ghrúpa ag fáil aon chuid den substaint atá le tástáil, más cuí
  • eolas eile nach mór a chur ar fáil de réir tola an Aire.

Ní mór go mbeadh sé lá idir an lá go dtugann duine a c(h)ead agus an lá go bhfaigheann sé/sí an substaint atá le tástáil. Tá sé de chead agat do thoiliú a tharraingt siar ag am ar bith.

Go ginearálta, ní féidir aon luach saothair a ofráil duit as páirt a ghlacadh i dtástáil chliniciúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 24 Meitheamh 2010