Réamhthreoracha Cúraim

Eolas

Is ráiteas é réamhthreoir cúraim, ar a dtugtar ‘Uacht beo uaireanta’, maidir leis an gcineál agus an méid córa leighis nó máinliachta a bheidh ag teastáil uait sa todhchaí, de bhun na toimhdean nach mbeidh sé de chumas agat an cinneadh sin a dhéanamh ag an am ábhartha. Úsáidtear roinnt focal agus friotal éagsúil chun cur síos a dhéanamh ar réamhthreoracha cúraim. I dtíortha áirithe, tá reachtaíocht ann lena ndéantar foráil chun treoracha dá leithéid a aithint agus a fhorfheidhmiú agus lena ndéantar foráil i gcásanna áirithe don chaoi ar cheart iad a dhéanamh. Níl aon reachtaíocht dá leithéid in Éirinn.

Ní gá gur ionann é seo is nach bhfuil na réamhthreoracha bailí ach ciallaíonn sé go dtarlódh nach mbeadh faisnéis ná treoir ó dhlínsí eile infheidhmithe agus nár cheart duit brath ar fhaisnéis ná ar threoir dá leithéid. Bhí cásanna cúirte ann i roinnt tíortha ina ndearnadh breithniú ar bhailíocht réamhthreoracha ach arís, ní raibh cás dá leithéid in Éirinn riamh.
D’fhéadfadh réamhthreoir cúraim bheith bailí agus infheidhmithe dá mba rud é go mbeadh do thoilíocht maidir le cóireáil leighis nó mháinliachta shainiúil tarraingthe siar agat i ráiteas dá leithéid. Ní féidir a rá go cinnte go ndéanfaí treoir dá leithéid a fhorfheidhmiú ós rud é go mbraitheann sé ar a bhfuil ráite inti agus cé acu an mbaineann sí nó nach mbaineann sí leis na himthosca áirithe atá i gceist.

I dtíortha áirithe is féidir duine éigin eile a cheapadh chun cinntí a dhéanamh ar do shon sa chás nach mbeifeá in ann iad a dhéanamh duit féin. In Éirinn déantar an chumhacht seo a thabhairt trí Cumhacht Bhuan Aturnae a chruthú. Ní cheadaíonn Cumhacht Bhuan Aturnae go sonrach do dhuine éigin eile, áfach, cinntí maidir le cúram sláinte a dhéanamh. Cé gur féidir leat moladh a thabhairt do do dhochtúir nó do d’ospidéal gur cheart mianta daoine áirithe a thabhairt san áireamh, ní féidir leat aon cheart dlíthiúil a thabhairt do dhuine ar bith cinntí a dhéanamh maidir le do chúram sláinte. Ina theannta sin, ní féidir leat áirithiú a dhéanamh go gcloífidh an dochtúir/an t-ospidéal lena mianta.

Cad is réamhthreoir cúraim ann?

Go ginearálta is féidir sainmhíniú a dhéanamh uirthi mar ráiteas maidir leis an gcineál agus an méid cóireála leighis nó máinliachta a bheidh ag teastáil uait sa todhchaí, de bhun na toimhdean nach mbeidh sé de chumas agat an cinneadh sin a dhéanamh ag an am ábhartha. Uaireanta, baintear leas as na téarmaí uacht bheo, réamhráiteas, réamhchinneadh nó réamhdhiúltú. Níl sainmhíniúcháin chruinne le fáil ar na téarmaí seo áfach, ach is réamhchinntí iad uile faoi chóireáil leighis nó mháinliachta. De ghnáth tugann daoine treoracha dá leithéid d’fhonn cóireáil leighis a theorannú ionas nach ndéanfaí beatha a fhadú. Déanann roinnt daoine iad a thabhairt áfach le sonrú go dteastaíonn gach cóireáil leighis is féidir uathu. Ní dócha go mbeadh treoir dá leithéid infheidhmithe ós rud é nach dtugann sí rath dóchúil na cóireála leighis san áireamh ná na costais a bheadh i gceist léi.

Is doiléir a stádas ós é nach bhfuil reachtaíocht ar bith ann maidir le treoracha ach ní gá gur ionann é sin is a rá go bhfuil siad neamhbhailí in Éirinn. Moladh i gcás cúirte go mbeadh réamhthreorach a dtugtar go cuí bailí agus infheidhmithe ach ní raibh sé seo mar ábhar an cháis agus dá réir sin ní raibh aon rialú ina leith. Is cosúil go measfaí gur ionann réamhthreoir atá soiléir agus sonrach agus a tugadh nuair a bhí sé de chumas agat rogha feasach a dhéanamh is toiliú nó neamhthoiliú maidir le cóireáil leighis áirithe.

Ní ábhar amhrais é nach bhfuil réamhthreoir infheidhmithe má shonraíonn sí rud éigin atá mídhleathach. Mar shampla, ní bheadh réamhthreoir ag sonrú go dteastódh leigheas uait a chuirfeadh dlús le do bhás infheidhmithe. Ní hionann cóireáil leighis a tharraingt siar is beart gníomhach a dhéanamh chun deireadh a chur le beatha. Ní dealraitheach go mbeadh treoir ina sonraítear cineál na cóireála atá uait infheidhmithe go háirithe má thagann sé salach ar chinneadh cliniciúil an dochtúra. Ní dealraitheach go measfaí treoir a bheith bailí má bhaineann sí le himthosca nach raibh faoi chaibidil nuair a rinneadh í a dhréachtú.

Rialacha

Gaolta agus réamhthreoracha cúraim

Is é an nós atá ann má thagann saincheist um chúram sláinte chun cinn gan é a bheith de chumas an othair cinneadh a dhéanamh ná comhairle a fháil ón neasghaol. Ní léir cén bunús dlíthiúil atá leis seo nó níl aon cheart i gcoitinne ag neasghaol cinntí a dhéanamh thar ceann aosach.

Sonraítear de réir na heitice míochaine atá i bhfeidhm faoi láthair gur inmhianaithe é comhairle a fháil ón neasghaol mura bhfuil an t-othar in ann cinneadh ná cumarsáid a dhéanamh agus tugtar dara tuairim ar an ndóigh seo má tá easaontas idir do mhuintir agus an dochtúir.

Is iad atá i neasghaolta (in ord tosaíochta) ná céilí, leanaí, tuismitheoirí, siblíní. Níl aon stádas dlí ag páirtithe agus mar sin d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith acu cuairt a thabhairt ar othar má dhiúltaíonn gaolta lena leithéid. Is ionann é an cás seo is cuma tú a bheith i gcaidreamh heitrighnéasach nó homaighnéasach.

Eitic mhíochaine

Foráiltear in Alt 69(2) d’Acht na Lia-chleachtóirí 1978 go bhfuil sé ar Chomhairle na nDochtúirí Leighis treoir a thabhairt don ghairm mhíochaine in Éirinn maidir le heitic mhíochaine. Tá Treoir um Iompar Eiticiúil (Guide to Ethical Conduct and Behaviour) ag an gComhairle.

Féinmharú agus Féinmharú Cuidithe

Tá sé de cheart agat cóireáil leighis a dhiúltú ach ní hionann é sin agus ceart chun bearta gníomhacha a ghlacadh chun deireadh a chur le do bheatha féin nó le beatha duine eile.

Leagtar amach an dlí maidir le féinmharú san Acht um an Dlí Coiriúil (Féinmharú) 1993. Ní coir é féinmharú ná iarracht chun féinmharú a thabhairt chun críche. Is coir é, áfach, cúnamh a thabhairt do dhuine eile bearta a ghlacadh le gur féidir leo deireadh a chur lena bheatha féin.

Is cion coiriúil é cabhrú, neartú, spreagadh nó soláthar a dhéanamh maidir le féinmharú duine eile. Is éard a thugtar ar an gcoir sin de ghnáth ná féinmharú cuidithe. 14 bliana príosúnachta atá sa phionós uasta a ghearrtar maidir le féinmharú cuidithe. Má thugann tú cúnamh do dhuine féinmharú a dhéanamh d’fhéadfaí tú a chúiseamh as dúnmharú, as dúnorgain nó as féinmharú cuidithe ag brath ar na himthosca. D’fhéadfadh cúiseamh dá leithéid tarlú má chuidíonn tú le duine deireadh a chur lena bheatha féin fiú má tá tinneas foirceanta ar an duine nó má theastaíonn uaidh/uaithi deireadh a chur lena b(h)eatha. Baineann sé seo le gairmithe míochaine ar an ndóigh chéanna is a bhaineann sé le daoine eile.

Ceadaítear drugaí pianmhúcháin a d’fhéadfadh beatha a ghiorrú a thabhairt chomh fada is go ndéantar é seo chun dul i ngleic le pian seachas deireadh a chur le beatha.

Page edited: 4 August 2010