D'fhéadfadh go mbeadh othair i dteideal a gcuid taifead leighis a fháil ar roinnt bealaí éagsúla:
Baineann na cúig bhealach thuasluaite le hothair an chórais phoiblí i.e. othair in ospidéil phoiblí nó ospidéil a fhaigheann maoiniú poiblí, chomh maith le sealbhóirí Cárta Liachta/Cárta Cuairte Dochtúra Ghinearálta do sheirbhísí dochtúirí ginearálta. Má fhreastalaíonn tú ar do dhochtúir ginearálta mar othar príobháideach nó ar ospidéal príobháideach (nach bhfuil maoinithe ag FSS), ní féidir leat rochtain a fháil ach amháin de bhua do chonartha leis an tseirbhís liachta, nó de bhua ordú cuairte.
Le haghaidh liosta ospidéal atá maoinithe ag FSS, féach ‘Tuilleadh faoin ábhar seo’ thíos.
D’fhéadfadh cónaitheoirí i dtithe altranais poiblí agus príobháideacha atá maoinithe ag an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais nó fóirdheontas FSS rochtain a fháil ar a dtaifid leighis.
Tá sé de dhualgas ar dhochtúirí agus ar phearsanra leighis eile agus institiúidí sláinte taifid na n-othar a choinneáil faoi rún, ach tá roinnt tosca ann ina bhféadfadh go mbeadh dualgas orthu an t-eolas seo a thabhairt do thríú páirtithe.
Leagtar a ndualgas eiticiúil maidir le rúndacht amach i dtreoirlínte Chomhairle na nDochtúirí Leighis Treoir i gcomhair Iompraíocht agus Béas Eiticiúil (pdf).
Tá roinnt tosca ina bhféadfadh duine gairmiúil leighis (nó ospidéal) taifid rúnda leighis a nochtadh do dhaoine eile - mar shampla, má thoilíonn an t-othar le nochtadh den chineál sin, nó nuair a éilíonn cúirt é. Is cosúil go bhféadfadh sé a bheith eiticiúil taifid leighis a nochtadh sa chás go ndéanfadh an nochtadh sin ar mhaithe leis an othar, nó, más gá, chun duine eile nó an tsochaí i gcoitinne a chosaint. Tá riachtanais dlíthiúla ar leith chun eolas a nochtadh, mar shampla, maidir le galair thógálacha. Tá sé de dhualgas ar dhochtúirí tarluithe galar tógálach faoi leith a thuairisciú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus don Ionad um Fhaireachán Galair Thógálacha.
Tá rúndacht eolais phearsanta ar nós taifead leighis, faoi chosaint an Achta um Chosaint Sonraí agus na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. De réir na nAchtanna, ní féidir le tríú páirtithe rochtain ar shonraí pearsanta ach amháin i gcúinsí eisceachtúla. Is iad tuismitheoirí/caomhnóirí agus ionadaithe pearsanta na tríú páirtithe seo.
De ghnáth, ba chóir go mbeadh rochtain riaracháin agat ar do thaifead sláinte féin, ag tabhairt aird mar is cuí ar phríobháideachas, rúndacht agus leas an phobail.
Eolas Pearsanta
Déan iarratas i scríbhinn ar an tseirbhís nó gníomhaireacht chuí, (mar shampla, le haghaidh taifid ospidéil, déan iarratas ar Bhainisteoir an Ospidéil). Ba chóir duit eolas leorga a sholáthar chun cabhrú le do thaifid a aimsiú, lena n-áirítear do dháta breithe, seoladh reatha agus roimhe, na teagmhálacha a bhí agat le seirbhísí áirithe agus neasdátaí.
D’fhéadfaí cruthúnas aitheantais a iarraidh uait, mar shampla cóip de do phas reatha nó do cheadúnas tiomána a sholáthar. Bheadh sé seo chun do rúndacht a chosaint.
De ghnáth, ní bheidh táille ar bith ar chóipeanna de thaifid phearsanta. In ainneoin sin, tá sé de cheart ag an ngníomhaireacht shláinte táille a ghearradh ar fhótachóipeála, chóipeanna x-gha, nó sa chás go bhfuil comhad na dtaifead an-mhór. (Féach scála táillí thíos).
Eisceachtaí
Mura féidir le taifead nó eolas a sholáthar duit go díreach faoi rochtain riaracháin, cuirfear in iúl duit faoi seo, agus tabharfar comhairle duit maidir le roghanna a bhaineann leis an Acht um Shaoráil Faisnéise. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh eolas áirithe a bheith íogair agus ní fhéadfaí iarratais ar rochtain a dhéanamh ach amháin faoi reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise.
Is iad na rudaí a d’fhéadfadh a bheith i gceist le heolas íogair ná taifead sláinte duine nach maireann, taifid a bhaineann le cásanna amhrasta mí-úsáide páistí, taifid a nochtann baint le cás amhrasta mí-úsáide gnéasaí agus an plé iniúchta maidir leis, cáipéisí a bhaineann le tástáil VEID/SEIF srl.
| Táille Iarratais | Dada |
| Táille fótachóipeála* | 4 cent an leathanach |
| Cóip x-gha | €6.35 |
| CD-ROM | €10.16 |
| Cóip diosca flapach | 51 cent |
* Ní ghearrfar táillí fótachóipeála ach amháin sa chás go ndéantar iarratas ar líon mór cóipeanna.
Éilíonn an reachtaíocht um chosaint sonraí go bhfuil na sonraí a choimeádtar cruinn agus cothrom le dáta. De réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003, tá duine i dteideal fáil amach má tá eolas faoi/fúithi féin coimeádta ar thaifead, rochtain ar na taifid sin agus iad a bheith ceartaithe má tá siad mícheart. Tá feidhm ag na rialacha seo beag beann ar an duine nó an eagraíocht atá ag coimeád an taifid – cé acu an dochtúir, gairmí liachta eile, ospidéal, institiúid, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), nó duine ar bith eile é nó í. Tá sé de dhualgas ar an gcoimeádaí na sonraí a nochtadh agus a cheartú.
Tá eisceacht teoranta ann i leith an dualgais chun taifid a nochtadh don duine lena mbaineann siad sa chás gur dócha go ndéanfaí dochar dáiríre do shláinte fhisiceach nó mheabhrach nó do riocht mothúchánach an duine mar thoradh ar an nochtadh.
Tá roinnt bileog ag an gCoimisinéir Cosanta Sonraí, Treoir maidir le do Chearta (pdf) san áireamh. Déanann an Coimisinéir plé le fadhbanna maidir le cosaint sonraí.
Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997 arna leasú ag an Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003, i measc rudaí eile, ceart rochtana don duine aonair ar thaifid phearsanta atá coimeádta ag eagraíochtaí poiblí lena mbaineann an tAcht. Is iad taifid liachta taifid phearsanta. Baineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le hospidéil dheonacha chomh maith le roinnt gníomhaireachtaí sláinte eile. Ní bhaineann sé le hospidéil phríobháideacha. Baineann sé le taifid atá coimeádta ag dochtúirí ginearálta maidir le hothair atá ina sealbhóirí cárta liachta. Ní bhaineann sé le taifid othar príobháideach.
Má tá tú ag iarraidh rochtain ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar an gcomhlacht poiblí atá á gcoimeád (tuigtear gur í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a choimeádann na taifid maidir le sealbhóirí an chárta liachta).
Ní mór cloí le nós imeachta ar leith maidir le heolas liachta a nochtadh sa chás go bhfuil ceannasaí an chomhlachta phoiblí den tuairim go ndéanfadh nochtadh d’eolais dochar do do shláinte nó d’fholláine mhothúchánach. Sna cásanna seo, má iarrann tú orthu é a dhéanamh, caithfidh an comhlacht poiblí an taifead a scaoileadh do ghairmí liachta cuí a ainmníonn tú.
Ba chóir iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig Aonad um Shaoráil Faisnéise an chomhlachta phoiblí nó na hoifige a choimeádann na taifead.
De ghnáth, tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise ceart rochtana ar eolas pearsanta don duine lena mbaineann an t-eolas.
Tá nós imeachta ann a thugann cead do thuismitheoirí nó caomhnóirí rochtain ar eolas pearsanta maidir le duine mionaoiseach. Tugann an tAcht cead do thuismitheoirí/chaomhnóirí rochtain ar eolas pearsanta maidir le duine fásta chomh maith nach bhfuil in ann a chearta faoin tAcht a fheidhmiú mar gheall ar neamhchumas ó thaobh meabhrach nó míchumas fisiceach trom. Caithfidh dochtúir a dheimhniú go bhfuil an duine atá i gceist sa chatagóir seo.
Ní cheadófar an rochtain seo sa dá chás thuasluaite ach amháin sa chás go gceapann ceannasaí an chomhlachta phoiblí go bhfuil sé ar mhaithe leis an duine atá i gceist.
I gcás duine nach maireann, d’fhéadfadh rochtain ar eolas pearsanta a cheadú:
Ba chóir conspóidí faoi rochtain ar thaifid faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
D’fhéadfadh othair agus daoine eile rochtain ar thaifid liachta le haghaidh cásanna cúirte ar chuntar go bhfaigheann siad ordú cúirte “follasaithe”. D’fhéadfadh an chúirt ospidéal nó dochtúir a ordú chun cáipéisí nó taifid liachta a nochtadh nó “a fhollasú” do chomhairleoirí an ghearánaí má cheaptar go mbaineann siad le ceisteanna a bhaineann le himeachtaí na cúirte.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Déan teagmháil le líne eolais FSS ó 8r.n. go 8 i.n., Luan go Satharn. Íosghlaoigh: 1850 24 1850 Ríomhphost info@hse.ie
Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Laois
Éire
Uaireanta Oscailte:09:15-17:30
Teil:+353 57 868 4800
Lóghlao:1890 252231
Facs:+353 57 868 4757
Láithreán Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 639 5689
Lóghlao:1890 223 030
Facs:+353 (0)1 639 5674
Láithreán Gréasáin: http://www.oic.gov.ie
R-phost: info@oic.ie
An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
7-9 Rae Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 (0)1 631 8258
Facs:+353 (0)1 604 5750
Láithreán Gréasáin: http://foi.gov.ie/home/
R-phost: cpu@finance.gov.ie
Soláthraítear cúram ospidéil in ospidéil phoiblí agus phríobháideacha. Níl aon mhíniú dlíthiúil ar ospidéil phoiblí nó phríobháideacha sna hAchtanna Sláinte.
Go ginearálta, tá trí shaghas ospidéal agus tá difríocht an-bheag i gcleachtas idir an chéad dá shaghas:
Liostaíonn FSS na hospidéil seo a leanas mar ospidéil phoiblí
An tOspidéal Ginearálta, Beanntraí
Ospidéal Beaumont (deonach)
Ospidéal Ortaipéideach Náisiúnta Cheapaí (deonach)
Grúpa Ospidéal an Chabháin/Mhuineacháin
Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí, Sráid an Teampaill (deonach)
Ospidéal Uí Chonghaile, Baile Bhlainséir
Ospidéal Ban an Choim (deonach)
Ospidéal na hOllscoile, Corcaigh
Ospidéal Máithreachais na hOllscoile, Corcaigh
Ospidéil na hOllscoile, Gaillimh
Ospidéal Ginearálta Chiarraí
Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn
Ospidéal Ortaipéideach Lourdes, an Choill Chríon
Ospidéal Chontae Lú, Dún Dealgan
Ospidéal Ginearálta Mhala
Ospidéal Ollscoile Mater Misericordiae (deonach)
Ospidéal Ginearálta Mhaigh Eo
Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh (deonach)
Ospidéal Réigiúnach an Mheán Iarthair, Tuar an Daill
Ospidéal Réigiúnach an Mheán Iarthair, Inis
Ospidéal Réigiúnach an Mheán Iarthair, An tAonach
Ospidéal Máithreachais Réigiúnach an Iarthair, Luimneach
Ospidéal Réigiúnach an Iarthair Láir Cromadh Ortaipéideach
Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, an Muileann gCearr
Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Port Laoise
Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre, Tulach Mhór
Ospidéal Ginearálta an Náis
an tOspidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles (deonach)
Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha
Ospidéal Mhuire, An Uaimh
Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite, Cromghlinn (deonach)
Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe
Ospidéal Chontae Ros Comáin
Ospidéal an Rotunda (deonach)
Ospidéal Súil is Cluas Victoria Ríoga (deonach)
Ospidéal Ginearálta Shligigh
an Otharlann Theas - Ospidéal Victoria, Corcaigh (deonach)
Ospidéal Ginearálta Thiobraid Árann Theas
Ospidéal Naomh Cholmcille, Baile Uí Lachnáin
Ospidéal San Séamas (deonach)
Ospidéal Naomh Eoin, Luimneach (deonach)
Ospidéal Ginearálta Naomh Lúcás, Cill Chainnigh
Ospidéal Naomh Lúcás, Ráth Garbh (deonach)
Ospidéal Ortaipéideach Naomh Mhuire, Corcaigh
Ospidéal Naomh Mhicheál, Dún Laoghaire (deonach)
Ospidéal Ollscoile Uinsinn, Páirc an Leamháin (deonach)
Ospidéal Thamhlachta – an teideal ceart atá air ná Ospidéal Adelaide agus na Mí, ina gcorpraítear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí; (deonach)
Ospidéal Réigiúnach Phort Láirge
Ospidéal Ginearálta Loch Garman
Ospidéil dheonacha eile
Is iad seo a leanas na hospidéil dheonacha atá faoi réir reachtaíochta um Shaoráil Faisnéise ach nach bhfuil sa liosta thuas:
an Clinic Lárnach Íocshláinteach
Ospidéal Chathair Bhaile Átha Cliath um Chraiceann agus Ailse (a bunaíodh faoi Chairt i 1916. Dhún sé i 2006 agus d’aistrigh a seirbhísí go dtí Ospidéal Ollscoile Uinsinn, Páirc na Leamhán).
Ospidéal Déidliachta Bhaile Átha Cliath
Ospidéal Ortaipéideach Ionchorpaithe na hÉireann
Ospidéal Pháirc Bhaile na Lobhar
An tOspidéal Náisiúnta Athshlánúcháin
Ospís Mhuire, Crois Araild
Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite
An tOspidéal Ríoga, Domhnach Broc
Ospís Naomh Proinsias
Ospidéal Naomh Mhuire agus Scoil Chónaithe (tá sé faoi úinéireacht Theach Naomh Mhicheál anois, atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise chomh maith)
Ospidéal Naomh Phádraig/ Ospís Marymount
Ospidéal Naomh Uinseann, Fionnradharc
Baineann an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise le seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumais intleachtúila agus fhisiceacha. D’fhéadfadh roinnt de na seirbhísí seo a bheith curtha ar fáil in áiteanna a bheadh sonraithe mar ospidéil de ghnáth (mar shampla, Ospidéal Peamount).
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.