Is féidir le duine ar bith a bhaineann leas as seirbhísí sláinte poiblí nó as seirbhísí sóisialta pearsanta gearán a dhéanamh maidir le gníomhartha nó teipeanna Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Clúdaítear i gcóras na ngearán na soláthraithe seirbhíse a bhfuil conarthaí acu le FSS agus a chuireann seirbhísí sláinte nó sóisialta pearsanta ar fáil thar ceann FSS. Tá an dlí lena rialaítear córas na ngearán leagtha amach i Cuid 9 Acht Sláinte 2004.
Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi ghníomh ar bith de chuid FSS nó soláthraithe seirbhíse maidir leis an méid seo a leanas:
Is éard atá i gceist le cleachtas riaracháin ná an bealach ina ndéantar cinntí agus an chaoi a ndéantar seirbhísí a oibriú. Ní mheastar cleachtas riaracháin a bheith cothrom ná iontaofa de réir chóras na ngearán sna cásanna seo a leanas:
Mura bhfuil tú in ann gearán a dhéanamh ar do shon féin de dheasca aoise, tinnis nó míchumais, is féidir le duine eile gearán a dhéanamh ar do shon. Áirítear i measc na ndaoine sin:
Is féidir. I gcásanna dá leithéid is féidir le garghaol nó le cúramóir an gearán a dhéanamh. Is ionann garghaol is tuismitheoir, caomhnóir, mac, iníon, céile nó páirtí comhchónaithe. Ní mór don ghearán a bheith déanta, áfach, laistigh de 12 mhí ó dháta an ghnímh atá mar ábhar an ghearáin nó ón dáta a thagann an gníomh chun feasa an duine atá i gceist. D’fhéadfadh oifigeach gearán an teorainn ama a shíneadh má tá imthosca speisialta i gceist.
Ní féidir leat gearán a dhéanamh faoin méid seo a leanas:
Is féidir le FSS nó le soláthraí seirbhíse oifigigh gearán a cheapadh. Tá oifigigh gearán oilte sna réimsí ábhartha ar fud FSS ceaptha ag FSS.
Bíonn na hoifigigh gearán seo ag plé leis an ngearán agus déanann siad moladh. Ansin is féidir leat athbhreithniú ar an moladh sin a lorg agus déanfar athbhreithniú inmheánach. (Féach ar ‘Conas iarratas a dhéanamh’ thíos le fáil amach conas gearán a dhéanamh).
Tabharfar admháil maidir le gach gearán scríofa laistigh de chúig lá oibre agus déanfar an gearán a fhiosrú laistigh de 30 lá oibre. Gheobhaidh tú freagra scríofa maidir le do ghearán. Cuirfear ar an eolas tú maidir le do cheart athbhreithniú inmheánach a fháil agus maidir le do cheart dul i muinín an Ombudsman.
Is féidir le soláthraithe seirbhíse a nósanna imeachta féin a chur i bhfeidhm trí chomhaontú le FSS. Is coinníoll é sa chomhaontú idir FSS agus soláthraithe seirbhíse go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse nós imeachta gearán FSS, nó go ndéanfaidh siad a nósanna imeachta gearán féin a bhunú. Is coinníoll é fosta go gcomhoibreoidh an soláthraí seirbhíse le FSS maidir le hathbhreithniú ar bith ar mholadh an oifigigh ghearán i ndiaidh an fhiosrúcháin ar ghearán i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse.
Ní gá. Is féidir le hoifigigh gearán stop a chur le fiosrúchán ar ghearán ar chúiseanna éagsúla. Mar shampla, más neafaiseach nó cráiteach an gearán. Ní gá d’oifigigh gearán fiosrúchán a dhéanamh ar ghearáin nach gclúdaítear mar chuid den scéim.
Ní féidir le hoifigeach gearán moladh a dhéanamh a chuirfeadh iallach ar FSS athrú ábhartha a chur lena plean seirbhíse atá faofa. (Léiríonn pleananna seirbhíse faofa cineál agus méid na seirbhísí sóisialta sláinte agus pearsanta atá le soláthar ag FSS, léiríonn siad an caiteachas caipitil atá beartaithe le haghaidh seirbhísí, srl)
Ní féidir le hoifigigh gearán moltaí a dhéanamh a chruthódh iallach athrú a dhéanamh ar shocruithe conarthacha atá ag FSS le soláthraí seirbhíse.
Má mheasann POF FSS nó an soláthraí seirbhíse go sáraíonn moladh an riail seo, d’fhéadfaidís an moladh a leasú de réir mar is gá, nó d’fhéadfaidís an moladh a dhiúltú agus bearta eile a ghlacadh chun dul i ngleic leis an ngearán.
Déantar. Tá ar FSS faisnéis a fhoilsiú faoin nós imeachta gearán, mar chuid dá tuarascáil bhliantúil. Ní mór do sholáthraithe seirbhíse FSS a chur ar an eolas maidir le sonraí, líon agus cineál na ngearán a bpléadh leo, trína nósanna imeachta gearán féin.
Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi FSS ba cheart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach go háitiúil i dtús báire. Is ionann sin is a rá gur cheart an gearán a chur faoi bhráid an duine atá i gceannas ar an tseirbhís, mar shampla siúr an bharda i dtaobh gearáin ospidéil, nó an maoirseoir atá i gceannas i dtaobh seirbhísí eile. Tá roinnt comhairle ginearálta ar fáil anseo maidir leis an gcaoi chun gearán ó thomhaltóir a dhéanamh.
Má tá tú fós míshásta, is féidir leat do ghearán a dhéanamh trí mheicníocht fhoirmiúil gearán. Ciallaíonn sé sin gur gá duit dul i dteagmháil le bainisteoir na hOifige Sláinte Áitiúla le haghaidh gearán faoi sheirbhísí cúraim don phobal. Ba cheart duit dul i dteagmháil le riarthóir an ospidéil le haghaidh gearán foirmiúil faoi sheirbhísí ospidéil.
Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi sholáthraí seirbhíse a chuireann seirbhísí ar fáil thar ceann FSS, ba cheart duit dul i dteagmháil le hoifigeach gearán an tsoláthraí seirbhíse.
Moltar duit gearán foirmiúil a dhéanamh i scríbhinn, agus an méid sonraí agus is féidir a thabhairt. Tabharfar admháil maidir le gach gearán scríofa laistigh de chúig lá oibre agus déanfar an gearán a fhiosrú laistigh de 30 lá. Má mhaireann an fiosrúchán tréimhse níos faide ná 30 lá, coinneoidh FSS ar an eolas tú maidir le dul chun cinn do ghearán gach 20 lá oibre.
I ndiaidh an fhiosrúcháin, gheobhaidh tú freagra scríofa maidir le do ghearán agus tabharfar comhairle duit faoi do cheart go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar mholadh an oifigigh ghearán. Cuirfear ar an eolas tú maidir le do cheart gearán a dhéanamh don Ombudsman fosta.
Má tá tú imithe chomh fada agus is féidir le próiseas gearán na seirbhíse sláinte d’fhéadfá gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí. Measfar gur ionann gníomhartha arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse faoi réir ag comhaontuithe le FSS is gníomhartha FSS chun críocha na reachtaíochta lena rialaítear gach Ombudsman. Dá réir sin, clúdaítear na soláthraithe seirbhíse seo mar chuid de shainchúram an Ombudsman.
Níl aon mheicníocht ann sa dlí maidir le cur i bhfeidhm moltaí ó oifigeach gearán ná maidir lena dtarlaíonn mura ndéantar an moladh a chur i bhfeidhm.
Tá faisnéis teagmhála bhainisteoir na hOifige Sláinte Áitiúla ar fáil ón Oifig Sláinte Áitiúil. Beidh faisnéis teagmhála an riarthóra ospidéil ar fáil go díreach ón ospidéal atá i gceist.
Tá an bhileog FSS Do Sheirbhís, Do Bharúil ar fáil i ngach láthair de chuid na seirbhíse sláinte ar fud na tíre agus tá próiseas foirmiúil na ngearán leagtha amach inti. Is féidir leat tráchtanna agus tuairimí a nochtadh orthu, nó do thráchtanna a chur i ríomhphost chuig yoursay@hse.ie nó gearán a chlárú ar láithreán gréasáin FSS.
Is í uimhir Shaorghlao 1850 24 1850 líne faisnéise náisiúnta FSS chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.