Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Sláinte > Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Print Page Send to a Friend

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

Eolas

Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sheachadadh, trí ghairmithe leighis agus ospidéil agus trí líonra Oifigí Sláinte Áitiúla, ionaid agus clinicí sláinte ag leibhéal an phobail.

Is féidir seirbhísí sláinte a shainmhíniú go ginearálta mar sheirbhísí a bhaineann le

  • cur chun cinn na sláinte
  • breoiteacht a chosc (mar shampla, seirbhísí sábháilteachta bia, seirbhísí imdhíonachta agus vacsaínithe, scagthástáil sláinte, seirbhísí sláinte naíonán agus leanaí)
  • diagnóis agus cóireáil breoiteachta (mar shampla, seirbhísí an dochtúra teaghlaigh (DG), seirbhísí ospidéil)

Is féidir seirbhísí cúram pobail agus seirbhísí sóisialta pearsanta a shainmhíniú go ginearálta mar sheirbhísí atá deartha chun cur ar chumas daoine maireachtáil ina bpobal féin, go háirithe nuair atá deacrachtaí acu de bharr breoiteachta, míchumais nó aoise. Áirítear leo sin seirbhísí altranais baile, cúntóirí baile, teiripe shaothair agus seirbhísí oibre sóisialta.

Seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a sholáthar

Ar bhonn náisiúnta, luíonn an fhreagracht maidir le seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta mar seo a leanas;

Déantar na seirbhísí uile a sholáthraíonn Comhairle na nOspidéal agus Cúram Príomhúil, Pobail agus Leanúnach a sheachadadh trí cheithre cheantar Riaracháin FSS.

Limistéir Riaracháin FSS

Is í príomhfheidhm an Cheantair Riaracháin FSS ná socrú nó soláthar a dhéanamh maidir le seirbhísí sláinte, cúram pobail agus sóisialta pearsanta do dhaoine sa cheantar sin. Déanann siad go leor seirbhísí a sholáthar go díreach agus déanann siad seirbhísí eile a sholáthar trí ghairmithe sláinte, soláthraithe príobháideacha na seirbhísí sláinte, ospidéil dheonacha agus eagraíochtaí deonacha/pobail.

Is iad na ceantair gheografacha a chlúdaíonn gach Ceantar Riaracháin ná;

FSS Baile Átha Cliath Lár-Laighean: Cathair Bhaile Átha Cliath ó dheas d’Abhainn na Life, deisceart Chontae Bhaile Átha Cliath, Cill Mhantáin, Cill Dara, an Longfort, an Iarmhí, Laois, Uíbh Fhailí

FSS Baile Átha Cliath Thoir Thuaidh: Cathair Bhaile Átha Cliath ó thuaidh d’Abhainn na Life, pobal Contae Fhine Gall, an Lú, an Mhí, an Cabhán, Muineachán

FSS an Iarthair: Luimneach, an Clár, Tiobraid Árann (An Trian Thuaidh), Gaillimh, Maigh Eo, Ros Comáin, Dún na nGall, Sligeach, Liatroim

FSS an Deiscirt: Ceatharlach, Cill Chainnigh, Tiobraid Árann (An Trian Theas) Port Láirge, Loch Garman, Corcaigh, Ciarraí

Rochtain ar sheirbhísí

An príomhphointe seachadta do sheirbhísí sláinte pobail agus sóisialta pearsanta ná tríd an líonra de 32 Oifig Sláinte Áitiúil agus ionaid sláinte áitiúla.

I measc an raon leathan seirbhísí a sholáthraítear trí Oifigí Sláinte Áitiúla agus ó ionaid sláinte tá seirbhísí dochtúra ginearálta, altranas sláinte phobail, seirbhísí sláinte leanaí, leas pobail, cosliacht, seirbhís oftalmach, teiripe urlabhra, obair shóisialta, comhairleoireacht agus cóireáil andúile, fisiteiripe, teiripe shaothair, seirbhísí síciatracha agus cúntóir baile.

Déantar rochtain ar sheirbhísí ospidéil trí DG/dochtúir teaghlaigh, seachas Seirbhísí Timpistí agus Éigeandála.

Dualgas FSS chun seirbhísí a sholáthar

Tá dualgas ar an gCeantar FSS seirbhísí áirithe a sholáthar, m.sh., dochtúir teaghlaigh (DG) agus seirbhísí ospidéil phoiblí. Tá seirbhísí eile is féidir leo a sholáthar freisin, m.sh., cúntóirí baile agus seirbhísí cúraim eile don phobal. Dáiltear cuid shuntasach de bhuiséad foriomlán an Cheantair FSS ar na seirbhísí sin atá éigeantach.

Aithníonn an Straitéis Sláinte go gcaithfidh gach cinneadh, cibé ar chúrsaí airgeadais nó cliniciúla, a bheith bunaithe ar an bhfianaise is fearr atá ar fáil. Déanfar cinntí bunaithe ar na nithe a leanas:

  • Torthaí taighde
  • Sonraí staitistiúla go cáilíochtúil nó go cainníochtúil
  • Treochtaí agus iompraíochtaí taifeadta eile.

Caithfidh gach Ceantar Riaracháin FSS pleananna seirbhíse a sholáthar a dhéanann athbhreithniú go hiondúil ar chaiteachas na bliana roimhe sin agus a thugann miondealú sonraithe ar an mbealach a chaithfear maoiniú a sholáthair FSS i rith na bliana sin. Leagann an Roinn Sláinte ráiteas amach go foirmiúil maidir le tosaíochtaí náisiúnta do chúrsaí sláinte, agus tugann FSS fúthu nuair atá pleananna seirbhíse aonair á n-ullmhú acu.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Cúram pobail
    Tugtar seirbhísí cúraim phobail ar sheirbhísí sláinte phoiblí in Éirinn a sheachadtar sa phobal. Forbhreathnú ar sheirbhísí agus naisc le rannóga eile an tsuímh seo.
  • Seirbhísí Sláinte Meabhrach
    Déanann an cháipéis seo cur síos ar na seirbhísí sláinte in Éirinn atá ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt meabhairghalair.
  • Seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar na seirbhísí teiripe urlabhra agus teanga atá ar fáil ón tseirbhís sláinte poiblí. Conas atá seirbhísí seachadta agus conas iarratas a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.