Tá an Rialtas, an tAire Sláinte agus an Roinn Sláinte i gceannas ar sholáthar na seirbhísí sláinte. Is é an ról is tábhachtaí atá ag an Roinn ná tacú leis an Aire chun beartais do na seirbhísí sláinte a chruthú agus a mheasúnú. Tá ról ag an Roinn freisin i bpleanáil straitéiseach na seirbhísí sláinte i gcomhairle le Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), leis an earnáil deonach, le ranna eile rialtais agus le leasanna eile.
Tugann an Roinn Sláinte maoiniú gach bliain don FSS. Socraíonn gach Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) sin conas a roinntear na hacmhainní atá ar fáil ar na háisíneachtaí ina gceantar féin. Cuireann an Roinn fachtóirí éagsúla san áireamh agus socrú á dhéanamh aici faoi cé mhéad den mhaoiniú a roinnt ar gach Limistéir FSS. Cuirtear san áireamh anseo an costas a bhain le seirbhísí a sholáthar an bhliain roimhe, chomh maith le costais phá, forbairtí seirbhíse agus an maoiniú do rudaí ar leith ar socraíodh orthu.
Go bunreachtúil agus go polaitiúil is ar an Aire Sláinte atá an fhreagracht fhoriomlán as an Roinn.
Tá ceathrar Airí Stáit sannta don Roinn. Is iad a sainfhreagrachtaí siúd:
Is é an tArd-Rúnaí ceannasaí riaracháin (Státseirbhíse) na Roinne. Is é / is í an “t-oifigeach cuntasaíochta” é / í. Is é sin le rá, go bhfuil sé nó go bhfuil sí freagrach os comhair na Dála as deimhin a dhéanamh de go gcaitear a t-airgead a leithdháiltear ar an Roinn mar ba chuí.
Tugann an Príomh-Oifigeach Míochaine comhairle don Aire agus don Roinn faoi cheisteanna liachta.
Is iad seo a leanas príomhrannóga beartais na Roinne. Tá roinnt rannóg eile ann a bhíonn ag plé le cúrsaí riaracháin.
| Rannóg/oifig | Bíonn an oifig seo ag plé le: |
| Rannóg Cúraim Phríomhúil, Cuimsithe Shóisialta agus Sláinte Poiblí |
|
| Oifig Míchumais agus Sláinte Intinne |
|
| Oifig do Dhaoine Bunaosta |
|
| Ospidéil Ghéarmhíochaine, Ailse agus Seirbhísí Gaolmhara |
|
| Airgeadas, Measúnú Feidhmíochta, Faisnéis agus Taighde |
|
| AD Náisiúnta agus Pleanáil Fórsa Saothair |
|
| Cáilitheacht agus Sábháilteacht an Othair |
|
|
Oifig an Aire do Ghnóthaí Leanaí agus Óige Féach an sain-láithreán gréasáin lena aghaidh seo http://www.omc.gov.ie |
|
Teach Hawkins
Sráid Hawkins
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:+353 1 635 4000
Lóghlao:1890 200 311
Facs:+353 1 635 4001
Láithreán Gréasáin: http://www.dohc.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.