Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Ospidéal > Cúram in ospidéil phríobháideacha agus leath-phríobháideacha

Print Page Send to a Friend

Cúram in ospidéil phríobháideacha agus leath-phríobháideacha

Eolas

Tá roinnt beag ospidéal príobháideach atá ag feidhmiú go neamhspléach ó sheirbhísí sláinte an stáit in Éirinn. Má thograíonn tú cúram príobháideach a lorg in ospidéal príobháideach ní mór duit an costas iomlán a bhaineann leis an gcóir leighis agus leis an gcothabháil a íoc.

Tá cúram ospidéil d'othair phríobháideacha agus leath-phríobháideacha ar fáil in Éirinn freisin in ospidéil phoiblí agus deonacha. Má thograíonn tú cúram príobháideach a fháil in ospidéal poiblí nó deonach, ní mór duit íoc as do chothabháil ag an ráta atá leagtha síos ó am go chéile, chomh maith leis na táillí d'othair cónaitheacha in ospidéal poiblí a íoc.

Rialacha

Cóir leighis phríobháideach in ospidéal príobháideach

Ní mór don dochtúir teaghlaigh duine a chur ar aghaidh chun cóir leighis a fháil in ospidéal príobháideach in Éirinn. Níl seirbhísí poiblí ar fáil in ospidéal príobháideach. D'fhéadfadh sé go mbeadh d'árachas sláinte príobháideach sásta íoc as cuid nó iomlán an chostais atá i gceist. Tá sé de cheart ag ospidéil phríobháideacha a gcuid táillí féin a leagan síos agus ní mór d'othair na táillí sin a íoc.

Cóir leighis phríobháideach agus leath-phríobháideach in ospidéal poiblí

Más othar príobháideach nó leath-phríobháideach tú in ospidéal poiblí nó deonach beidh tú i d'othar príobháideach ag an liachomhairleoir atá ag plé leat agus ní mór duit íoc as seirbhísí an liachomhairleora sin. Sa bhreis ar sin íocann tú freisin as na seirbhísí a chuireann aon liachomhairleoir eile ar fáil duit (mar shampla an raideolaí, an t-anaestéisí, & rl).

Rataí

Tá na rátaí cothabhála atá le n-íoc in ospidéal poiblí nó deonach do chóir leighis mar othar príobháideach nó leath-phríobháideach ar fáil inár ndoiciméad, Táillí i gcóir seirbhísí ospidéil

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór don dochtúir teaghlaigh duine a chur ar aghaidh chun cóir leighis mar othar príobháideach nó leath-phríobháideach a fháil in ospidéal príobháideach in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 July 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Ospidéil Poiblí d'Othair Cónaitheach
    Tá gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn i dteideal seirbhísí ospidéil d'othair chónaitheacha i leapacha poiblí in ospidéil phoiblí agus deonacha a fháil saor in aisce.Faisnéis maidir le cúram, ospidéil, táillí agus tuilleadh.
  • Táillí i gcóir Seirbhísí Ospidéil
    Déanann an doiciméad seo cur síos ar tháillí a bhféadfadh go gcaithfeadh othair a íoc i gcóir seirbhísí othar cónaitheach agus othar cónaitheach in ospidéil phoiblí. Déanann sé cur síos freisin ar tháillí fadthéarmacha.
  • Roghanna i gCúram Réamhbhreithe (Roimh an mBreith)
    Imlíne ar na roghanna i gcúram réamhbhreithe in Éirinn, cónasctha, príobháideach, leath-phríobháideach agus poiblí.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.