Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Ospidéal > Eagraíochtaí a thacaíonn le hothair

Print Page Send to a Friend

Eagraíochtaí a thacaíonn le hothair

Eolas

Tá réimse leathan eagraíochtaí deonacha, pobail agus tacaíochta ar fud na hÉireann a chuireann comhairle, eolas, seirbhísí agus tacaíocht ar fáil do othair agus theaghlaigh i dtaca le ceisteanna sláinte in Éirinn.

Tá ról lárnach ag na heagraíochtaí seo i dtaca le comhairle, comhairliú, eolas agus tacaíocht a chur fáil do theaghlaigh agus don phobal níos leithne, chomh maith le deis a thabhairt dóibh a gcleachtadh a chur in iúl dá chéile. Feidhmíonn cuid de na heagraíochtaí móra deonacha agus pobail in Éirinn, chomh maith leis ha heagraíochtaí móra a thacaíonn le hothair, ar bhonn náisiúnta agus tá gréasáin leathana de naisc áitiúla acu. Ina theannta sin, tairiscíonn cuid de na heagraíochtaí seo seirbhísí cúraim ar son na Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte (FSS) i do limistéar féin.

D'fhéadfadh sé bheith millteach dá bfhaighfeá amach go bhfuil galar nó riocht annamh agat nó ag duine de do theaghlach nó duine a bhfuil aithne agat air/uirthi, nó go leanfaidh neamhord a éireoidh níos measa de réir a chéile. Go minic ní bheadh fhios agat céard a dhéanamh nó cá háit eolas nó cúnamh a chuartú. D'fhéadfadh mórán ceisteanna a bheith agat ach tú a bheith neirbhíseach faoi cén cheist ba chóir duit a chur. D'fhéadfadh roghanna agus cinntí faoi chóireáil a bheith agat nach mbeifeá cinnte an ndéanfaidh tú an rogha ceart eatarthu. Te sé tábhachtach mar sin go mbeadh fhios agat nach bhfuil tú i d'aonar agus go bhfuil seans maith ann go bhfuil eagraíocht dheonach nó phobail náisiúnta nó áitiúil ann ar féidir léi cabhrú leat na ceisteanna seo a fhreagairt, a gcuid cleachtaidh féin a chur in iúl duit, agus comhairle a thabhairt duit faoi na roghanna éagsúla atá agat agus na cinntí a bheas ort agus ar do theaghlach a dhéanamh.

Is mór é an chabhair do othair agus theaghlaigh páirteachas na hearnála deonaí agus pobail in Éirinn i dtaca le comhairle, eolas agus tacaíocht a thabhairt ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. Is féidir leis ha heagraíochtaí seo eolas faoi sheirbhísí áitiúla a chur ar fáil, teaghlaigh a chur i dteagmháil le teaghlaigh eile, feasacht a ardú, agus stocaireacht a dhéanamh.

Má leanann tú na naisc seo a leanas do eolaithe náisiúnta de eagraíochtaí tacaíochta do othair, eagraíochtaí deonacha agus pobail, beidh tú in ann seirbhísí agus tacaíocht náisiúnta agus áitiúla a aimsiú.

Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh Eolaí na nEagraíochtaí Náisiúnta Deonacha le chéile gach dhá bhliain ag agus tá eolas ann faoi eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil, chomh maith le stocairí.

Is éard atá san Eolaí Leighis eolaí náisiúnta de ghrúpaí a thacaíonn le hothair. B'fhéidir go mbeadh sé ar fáil i do leabharlann áitiúil.

Eolaí náisiúnta de ghrúpaí tacaíochta agus eagraíochtaí sa RA is ea Eolaí CAF. Tá brainsí ag cuid na heagraíochtaí seo in Éirinn. Tá bunachar sonraí de líon mór riochtanna sonracha agus neamhoird annamha sa leagan idirlín den Eolaí CAF.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 29 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.