Má tá gnáthchónaí in Éirinn ort tá tú i dteideal seirbhísí poiblí d'othair sheachtracha saor in aisce in ospidéil phoiblí agus deonacha ach d'fhéadfadh sé go mbeadh bun tháille ospidéil le n-íoc ag roinnt daoine. D'fhéadfadh roinnt cuairteoirí go hÉirinn a bheith i dteideal na seirbhísí freisin.
Go ginearálta cuirtear san áireamh mar sheirbhísí d'othair sheachtracha seirbhísí timpiste agus éigeandála chomh maith le seirbhísí a bhfuil coinne leo a chuirtear ar fáil d'othair sheachtracha. Mar shampla, d’fhéadfadh do dhochtúir teaghlaigh tú a chur ar aghaidh chun go ndéanfaidh speisialtóir comhairleach nó a f(h)oireann measúnú ort nó go ndéanfaí measúnuithe diagnóiseacha mar x-ghathanna, tástálacha saotharlainne is araile ort, nó i gcomhair fisiteiripe.
Go ginearálta, is féidir leat féin dul chuig rannóg na n-othar seachrach den ospidéal ach ní bheidh táillí ospidéil le n-íoc agat má chuireann an Liachleachtóir Ginearálta ann thú (LG). Ní gá duit íoc as seirbhísí liachomhairleora agus níl aon chead agat an liachomhairleoir is mian leat a roghnú.
Más mian leat seirbhís a fháil ó liachomhairleoir príobháideach ba cheart socrú a dhéanamh le do LG coinne a fháil i seomraí an liachomhairleora agus ní mór duit iomlán an chostais atá i gceist a íoc.
Tá othair bhodhra agus othair a bhfuil moill éisteachta orthu i dteideal seirbhísí léirmhínithe a fháil in ospidéil phoiblí in Éirinn. Ba chóir duit a insint do d’ospidéal poiblí go bhfuil tú bodhar nó go bhfuil moill éisteachta ort chun go bhféadfaidh siad na socruithe riachtanacha a dhéanamh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí sin ó Stiúrthóir na Seirbhísí Míchumais ag d’Oifig Sláinte Áitiúil.Má théann tú chuig rannóg na n-othar seachrach, an rannóg timpiste agus éigeandála nó an rannóg taisme in ospidéal poiblí gan litir a bheith agat ó do LG, d'fhéadfadh sé go mbeadh €100 (ó 1 Eanáir 2009) le n-íoc agat. Ní bhaintear aon táille díot má chuireann an LG ann thú. Ní bhaineann an táille seo leis na grúpaí seo a leanas:
I gcás fíor anró is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte cinneadh a dhéanamh seirbhís a chur ar fáil saor in aisce.
Má thagann duine ar ais do choinnithe eile a bhaineann leis an tinneas nó timpiste céanna ní bhíonn an táille le n-íoc arís.Is féidir leat cinneadh a dhéanamh tú féin dul chuig rannóg na n-othar seachtarach nó litir a fháil ó do LG.
Tá sé d’oibleagáid ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte seirbhísí ospidéal poiblí a sholáthar d’othair sheachtracha i gcomhair gach duine in Éirinn a bhfuil incháilitheacht iomlán nó theoranta acu. Is é sin le rá, do dhaoine in Éirinn a bhfuil cártaí leighis acu agus dóibh siúd nach bhfuil. Tá an oibleagáid chun na seirbhísí sin a sholáthar leagtha síos in Alt 56 den Acht Sláinte 1970 arna leasú ag an Acht Sláinte (Leasú) 1987 agus ag an Acht Sláinte (Leasú) 1991.
Ní chiallaíonn an teidlíocht seo go bhfuil tú i dteideal seirbhísí othar seachtrach a fháil saor in aisce. Tá foráil maidir le táillí i gcomhair seirbhísí othar seachtrach in IR 37 de Rialacháin Sláinte (Táillí um Othair Sheachtracha 1994 arna leasú. Is féidir tuilleadh eolais faoi tháillí ospidéal a fháil anseo.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.