Tá gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn i dteideal seirbhísí ospidéil d'othair chónaitheacha i leapacha poiblí in ospidéil phoiblí agus dheonacha a fháil saor in aisce. D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh daoine nach bhfuil cártaí leighis acu íoc as na táillí ospidéil.
Is seirbhísí institiúideacha iad seirbhísí cónaitheacha a chuirtear ar fáil do dhaoine in ospidéil, i dtithe téarnaimh nó i dtithe i gcóir daoine a bhfuil míchumais fhisiciúla nó meabhracha orthu.
Glactar leis gur seirbhís d'othar cónaitheach í an tseirbhís cúram lae agus d'fhéadfadh sé go gcaithfeá íoc as sa chaoi chéanna is dá mbeifeá san ospidéal thar oíche.
Caithfidh liachleachtóir ginearálta (LG), an tseirbhís timpiste agus éigeandála in ospidéal nó clinic d'othair sheachtracha tú a sheoladh i gcóir seirbhísí mar othar cónaitheach. Tá liostaí feithimh ag mórchuid na n-ospidéal do chóir leighis neamhéigeandála.
Tá faisnéis maidir le tréimhsí feithimh do chóir leighis i ndaichead is a ceathair ospidéal in Éirinn ar fáil ar líne anois. Faigh tuilleadh eolais maidir leis an gClár do Chóireáil Othar náisiúnta anseo.
Sanntar na leapacha in ospidéil mar leapacha poiblí nó leapacha príobháideacha.
Más othar cónaitheach thú i leaba phoiblí in ospidéal poiblí nó deonach, tá tú i dteideal cothabhála saor in aisce ach d'fhéadfadh sé go gcaithfeá roinnt táillí ospidéil a íoc. Tá tú i dteideal cóireála saor in aisce ó liachomhairleoir. Níl an ceart agat an liachomhairleoir a chuirfidh cóireáil ort a roghnú.
Mura bhfuil i do chónaí in Éirinn agus mura mbaineann tú le ceann ar bith de na grupaí atá i dteideal seirbhísí saor in aisce, caithfidh tú íoc as costas iomlán eacnamaíoch na leapa, más leaba phoiblí nó phríobháideach í. Caithfidh tú an liachomhairleoir a íoc freisin. Féadfaidh an Limistéir FSS cuid de na costais nó na costais ina n-iomláine a tharscaoileadh i gcásanna cruatain.
Tá othair bhodhra agus othair a bhfuil moill éisteachta orthu i dteideal seirbhísí léirmhínithe in ospidéil phoiblí. Ba chóir duit a insint do d’ospidéal poiblí go bhfuil tú bodhar nó go bhfuil moill éisteachta ort chun go bhféadfaidh siad na socruithe riachtanacha a dhéanamh.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí sin ó Stiúrthóir na Seirbhísí Míchumais ag d’Oifig Sláinte Áitiúil.
D'fhéadfadh sé go gcaithfeá táille laethúil a íoc le haghaidh cothabhála. Cosnaíonn seirbhísí d'othair chónaitheacha €75 (1 Eanair 2009) in aghaidh an lae suas le €750 in aghaidh na bliana. Ní bhaineann an táille seo leis na grupaí a leanas:
I gcásanna fíor anró, féadfaidh an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) an tseirbhís a sholáthar saor in aisce.
Má bhíonn leaba phríobháideach agat in ospidéal poiblí nó deonach, caithfidh tú íoc as do chothabháil ag ráta a shocraítear ó am go ham.
Ionann na táillí seo agus táillí breise ar tháillí d'othair chónaitheacha in ospidéil phoiblí.
Is féidir leat litir sheolta a fháil ó do LG, ón rannóg timpiste agus éigeandála d'ospidéal ar bith nó ó chlinic d'othair sheachtracha.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.