Má bhíonn cónaí ort de ghnáth in Éirinn agus má theastaíonn sainchóireáil ospidéil uait atá riachtanach ach nach bhfuil fáil air in Éirinn, féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) soláthar na cóireála seo a údarú sa Limistéar Eacnamaíoch Eorpach (LEE)/AE i mballstát eile nó san Eilbhéis má chomhlíontar coinníollacha áirithe.
Ionann duine a bhfuil "cónaí air de ghnáth" in Éirinn agus duine a bhfuil cónaí air anseo agus a bfhuil sé de rún aige leanúint ag maireachtáil anseo ar feadh bliana ar a laghad.
D'fhéadfaimís a thuiscint ó chúiseanna na Cúirte Breithiúnais Eorpaigh is déanaí go bhféadfaí rialacha níos fairsinge a chur in bhfeidhm ach níl sé sin ró-shoiléir go fóill.
Is iad na ballstáit eile den AE ná An Ostair, An Bheilg, An Danmhairg, An Ghearmáin, An Fhionlainn, An Fhrainc, An Ghréig, An Iodáil, Lucsamburg, An Isiltír, An Phortaingéil, An Spáinn, An tSualainn, An Ríocht Aontaithe, Poblacht na Seice, An Eastóin, An Laitvia, An Liotuáin, An Chipir, An Ungáir, Málta, An Pholainn, An tSlóvaic, An tSlóvéin, An Rómáin agus an Bhulgáir.
Is iad ballstáit an LEE ná An Ioslainn, Lichtinstéin agus An Ioruaidh.
Féadfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte othair a sheoladh chuig tíortha eile (m.sh.lasmuigh den AE/LEE nó an Eilbhéis) agus féadfaidh sé téarmaí an tseolta úd a shocrú ach ní bhaineann sé le cuimsiú rialachán na AE.
Tá feidhm ag na rialacháin i ngach ballstát maidir le teideal ar chóireáil ospidéil in dtír eile an AE/LEE nó san Eilbhéis.
Ní bhaineann na rialacháin le teideal ar sheirbhísí i do thír féin agus ní chuireann siad éileamh ar aon tír eile cóireáil ar leith a sholáthar dá gcuid cónaitheach.
Forálann siad go bhféadfá a bheith seolta chuig Ballstát eile le haghaidh cóireála i gcúinsí áirithe. Níl aon reachtaíocht in Éirinn a bhaineann leis na cúinsí go bhféadfá a bheith i dteideal a bheith seolta thar lear. Tá treoracha eisithe ag an Roinn Sláinte chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ar úsáid na bhforálacha úd.
Forálann rialacháin na AE go bhfuil teideal ag an aonarán ar shochair mhíochaine ar an mbonn céanna le saoránaigh i mBallstát eile má údaraítear ag an institiúid inniúil ina stát féin. Is é an FSS an institiúid inniúil in Éirinn.
Ní foláir an t-údarú seo a dhiúltú:
Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhféadfaidh aon bhallstát údaruithe a bhronnadh i gcomhair cóireála i mballstát eile ar bhonn i bhfad níos fairsinge. Ní dhéanann an rialachán cuntar ach amhán nauir nach bhféadfar údaruithe dá sórt a dhiúltú, ní leagann sé síos teorainne maidir leis an uair a mbronnfar iad.
Is é an ballstát i dtosach a ghlanann costais chóireála dá shórt atá á soláthar aige ach déantar athchistiú ar an stat úd ag an stát baile.
Leag treoracha na Roinne Sláinte na coinníollacha i gcomhair an FSS maidir le seoladh chuig tír eile AE/LEE nó an Eilbhéis:
Is é an gnáthnós imeachta ná go n-eisítear Foirm E112 do dhuine a bhfuil údarú faighte aige le dul chuig ballstát eile chun a t(h)eideal ar an chóireáil seo a bhunú. Impleachtaíonn eisiúnt na foirme E112 ceangal ar an FSS íoc as costas na cóireála.
Na socruithe a dhéantar lasmuigh de théarmacha Rialachán na AE, m.sh. glactar leis nach mbaineann na socruithe maidir le othar a sheoladh chuig tír, nach tír AE nó LEE í, nó socruithe príobháideacha i gcomhair cóireála le téarmaí na Rialachán agus níl ceangal ar an FSS íoc as ceann ar bith de na costais atá i gceist. Áfach, i gcúinsí maolaitheacha, féadfaidh FSS ranníocaíocht a dhéanamh i gcóir costas na seirbhíse. Féadfaidh sé, mar shampla, íoc as costais chóireála in institiúidí príobháideacha i dtíortha eile na AE ná an LEE nó san Eilbhéis a gcuirtear ar fáil do na húdaráis sna tíortha úd i gcóir cóireála othar príobháideach ar bhonn conartha. Ó tharla gurb amhlaidh atá, d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh an FSS deimhnú go bhfuil na costais ar an gcoimhéad leis na táillí á dtobhach ar othair ón dtír baile.
Ba cheart iarratas a dhéanamh chuig d'Oifig Sláinte Áitiúil maidir le breis eolais a fháil i ndáil le seoladh cóireála thar lear agus i gcóir Foirme E112.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.