Tríd is tríd, tá trí chineál áirithe ospidéal ann ach níl morán difríochta idir an chéad dá cheann:
Cuirtear seirbhísí sláinte poiblí ar fáil in ospidéil ar féidir, tríd is tríd, ospidéil phoiblí a thabhairt orthu - ospidéil na FSS agus ospidéil dheonacha phoiblí. Tá cúram sláinte príobháideach á dtairscint freisin ag mórchuid na n-ospidéal and caithfidh siad idirdhealú idir leapacha poiblí agus príobháideacha a dhéanmh go cruinn.
Tá an t-idirdhealú idir na hospidéil a dtugtar ospidéil phoiblí agus phríobháideacha orthu mar an gcéanna is cuma cé na seirbhísí atá á soláthar ag na hospidéil.
Tá na seirbhísí géara ospidéil ann chun aire a thabhairt d'othair atá an-tinn nó gortaithe go dona agus chun iad a fháthmheas agus a chóireáil. Cuirtear seirbhísí géara ospidéal ar fáil in ospidéil na FSS, ospidéil phoiblí dheonacha agus ospidéil phríobháideacha. Tá roinnt ospidéal saineolacha ann - mar shampla, ospidéil mháithreacháis, ospidéil síciatracha, ospidéil ailse cé gur ospidéil ghinearálta iad na hospidéil eile.
Cuireann na hospidéil ghinearálta mhóra agus reigiúnacha réimse leathan seirbhísí ar fáil. D'fhéadfadh sé nach mbeadh na hospidéil áitiúla bheaga in ann freastal ar ghalair agus leigheasanna uile agus d'fhéadfadh sé go n-aistreofaí tú chuig ospidéal atá níos mó nó chuig ospidéal saineolach. Tá teideal ag gach duine a bhfuil cónaí air sa tír maraon le cuairteoirí go hÉirinn ar chothú agus leigheas saor in aisce i leapacha poiblí na n-ospidéal deonacha agus ospidéal an bhoird sláinte. D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh roinnt daoine íoc as táillí ospidéil áirithe.
Tá na seirbhísí d'othair sheachtracha sna hospidéil phoiblí saor in aisce freisin ach d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh roinnt daoine táille tosaigh a íoc murb é/í Liachleachtóir ginearálta a sheol ann iad.
Má tá tú in ospidéal príobháideach nó i leaba phríobháideach in ospidéal poiblí, caithfidh tú íoc as an gcothabháil agus na cúrsaí leighis araon. D'fhéadfadh sé go nglanfadh an t-árachas sláinte príobháideach atá agat an costas ina iomlán nó cuid de.
De ghnáth, caithfidh liachleachtóir ginearálta tú a sheoladh chucu chun fónaimh a bhaint as na seirbhísí. Tá liosta feithimh ann le haghaidh seirbhísí neamhéigeandála in alán ceantar.
Tá ranna timpiste agus éigeandála nó taisme ag mórchuid na n-ospidéal ginearálta agus ag roinnt ospidéal saineolach ar féidir leis na hothair freastal orthu gan a bheith chucu ag LG. Má théann tú ann gan litir agat ón LG, iarrfar €100 (2009) ort. Má bhíonn ort filleadh, áfach, le haghaidh cuairteanna breise i ndáil leis an ngalar nó an timpiste céanna, ní ghearrfar an táille ort arís. Ní chaithfidh na grupaí seo a leanas an táille a íoc mura bhfuil litir acu ón LG leo.
Uaireanta éiríonn daoine ina n-othair fhadthéarmacha in ospidéil ghéara. Níl aon shainmhíniú cruinn ar an idirdhealú idir lonnú fadthéarmach agus lonnú géar. Tá leapacha lonnú fadthéarmacha sannaithe ag roinnt ospidéal ceantair agus geriatric.
Tá teideal ag gach duine ar sheirbhísí d'othair chónaitheacha agus d'othair sheachtracha ach d'fhéadfadh sé go gcaithfeadh roinnt daoine táillí ospidéil a íoc.
Ciallaíonn an teideal seo ar shaorchúam go bhfuil teideal agat ar leaba i mbarda agus ar sheirbhísí dochtúra comhairligh fad is a bhíonn tú ann maraon le seirbhísí d'othair sheachtracha in ospidéal poiblí.
Má bhaineann tú fónamh as cóireáil phríobháideach i leaba phríobháideach in ospidéal poiblí nó in ospidéal príobháideach, caithfidh tú íoc as an gcothabháil agus an leigheas a fhaigheann tú.
Socraítear costas na leapa príobháidí in ospidéal poiblí ó am go ham.
Mura bhfuil tú i do chónaí de ghnáth in Éirinn agus mura bhfuil teideal agat mar chuairteoir go hÉirinn, ar sheirbhísí sláinte atá fóirdheonaithe nó saor in aisce, caithfidh tú íoc as costas eacnamaíoch na seirbhíse ina iomláine. Ciallaíonn sé sin go n-íocann tú as lán-chostas eacnamaíoch na seirbhísí á soláthar, cothabháil agus glanadh san áireamh.
Tá do theideal ar shaorchúram mar an gcéanna sna hospidéil saineolacha agus sna hospidéil ghinearálta.
Ba cheart duit litir sheolta a fháil ó do LG má theastaíonn uait cóireáil ospidéil a fháil. Is féidir leat freastal ar ranna timpiste agus éigeandála i mórchuid ospidéal ginearálta agus saineolach gan litir sheolta a bheith agat, ach is fiú cuimhneamh air go bhféadfadh sé go gcaithfeá íoc as do chuairt.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.