Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Ospidéal > Táillí i gcóir Seirbhísí Ospidéil

Print Page Send to a Friend

Táillí i gcóir Seirbhísí Ospidéil

Eolas

Tá teideal ag gach duine a bhfuil cónaí air in Éirinn maraon le cuairteoirí go hÉirinn faoi leith cothabháil agus cóireáil saor in aisce a fháil i leapacha poiblí de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus ospidéil dheonacha. D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh roinnt daoine áirithe táillí ospidéil a íoc. Ní chaithfidh sealbhóirí chartaí leighis agus grupaí áirithe eile na táillí a íoc.

Tá sé faoi rogha Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na táillí a laghdú nó a tharscaoileadh ar fad, chun cruatan a sheachaint.

Tá táillí laethúla ann d'othair chónaitheach agus roinnt táillí fadthéarmacha.

Rialacha

Táillí de seirbhísí timpiste agus éigeandála/seirbhísí taisme in ospidéil phoiblí

Má théann tú chuig rannóg na n-othar seachtrach, timpiste agus éigeandála nó taisme a bhaineann le ospidéal poiblí, gan litir sheolta ó do dhochtúir teaghlaigh (LG). D'fhéadfadh sé go gcaithfeá €100 a íoc.

Níl táille ar bith le híoc má sheolann an LG ann thú.

Ní bhaineann an táille €100 leis na grupaí a leanas:

  • Sealbhóirí chártaí leighis
  • Daoine a choinnítear san ospidéal tar éis dóibh dul chuig an rannóg taisme (b'fhéidir go mbeadh táillí mar othar cónáitheach le n-íoc ansin agat)
  • Daoine atá ag fáil cóir leighis do ghalair thógálacha sonraithe
  • Páistí suas go dtí sé sheachtain d'aois, páistí a bhfuil galair agus míchumas sonraithe orthu agus páistí a chuirtear ann iad ó chlinicí sláinte leanaí agus scrúduithe sláinte scoile le cóir leighis a fháil
  • Daoine atá i dteideal seirbhísí ospidéil de bharr rialachán an AE
  • Mná atá ag fáil seirbhísí máithreachais.

Má bhíonn ort filleadh le haghaidh cuairteanna breise a mbaineann leis an ngalar nó timpiste céanna, ní chaithfidh tú an táille a íoc arís.

Is féidir le liachomhairleoir nó a fhoireann tú a sheoladh chuig rannóg na n-othar seachtrach in ospidéal poiblí i gcóir sainmheasúnuithe, nó i gcóir measúnuithe diagnóiseach (m.sh., x-ghathanna, tástálacha saotharlainne, Fisiteiripe, srl.). Má fhreastalaíonn tú ar an tseirbhís seo mar othar poiblí, ní chaithfidh tú íoc as. Más mian leat dul chuig an liachomhairleoir mar othar príobháideach, caithfidh tú an táille chuí a íoc.

Táillí mar othar cónaitheach in ospidéil phríobháideacha

Más i mbarda poiblí thú faoi chúram liachomhairleora i gcóir cóireála agus go gcaitheann tú an oíche ann, tá tú ag fáil seirbhísí mar othar cónaitheach.

Má ligtear isteach san ospidéal thú faoi chúram an liachomhairleora, áit nach bhfuil úsáid leapa ag teastáil uait thar oíche agus go bhfuil sé i gceist tú a scaoileadh, tá seirbhísí lae ar fáil agat.

Cosnaíonn seirbhísí lae/othar cónaitheach €75 sa lá agus suas le uasmhéid €750 in aghaidh na bliana. Ní bhaineann an táille leis na grupaí a leanas:

  • Sealbhóirí chartaí leighis
  • Daoine atá ag fáil cóireála i gcóir galar ionghabhtaíoch ar leith
  • Daoine a gcaithfeadh táillí "fadthéarmacha" a íoc
  • Páistí suas go dtí sé sheachtain d'aois, páistí a bhfuil galair agus míchumas sonraithe orthu agus páistí a chuirtear ann iad ó chlinicí sláinte leanaí agus scrúduithe sláinte scoile le cóir leighis a fháil
  • Daoine atá i dteideal seirbhísí ospidéil de bharr rialachán an AE
  • Mná atá ag fáil seirbhísí máithreachais

Othar príobháideacha in ospidéil phoiblí nó ospidéil deonacha

Má bhíonn leaba phríobháideach agat in ospidéil phoiblí nó dheonacha, caithfidh tú íoc as do chothabháil ag ráta a shocraítear ó am go ham. Cuirtear na táillí seo a leanas leis na táillí othar cónaitheach sna hospidéil phoiblí.

Is iad seo na rátaí reatha ó 1 Éanair 2012:

Earnáil ospidéil Príobháideach Leath-phríobháideach Cúram lae
Ospidéil Reigiúnacha FSS agus Ospidéil Deonacha agus Comhbhord Oiliúna €1,046 €933 €753
Ospidéil Chontae FSS agus Ospidéil Deonacha neamhoiliúna €819 €730 €586
Ospidéil Cheantair FSS €260 €222 €193

Mar othar príobháideach de chuid an liachomhairleora a bhfuil cúram aige ort, caithfidh tú íoc as seirbhísí an liachomhairleora úd. Ina theannta sin caithfidh tú íoc as seirbhísí aon liachomhairleora eile atá i bhfeighil ort (m.sh., an raideolaí, an t-anaestéisí, etc.).

Seirbhísí sláinte intinne

Tá an teidlíocht chéanna agat do sheirbhísí sláinte poiblí i gcomhair meabhairghalar le haon tinneas eile. Ní mór duit íoc as cothabháil agus cóireáil in ospidéil shíciatracha phríobháideacha. Amanna láimhseálann cuideachtaí árachais sláinte costais ospidéil síciatracha ar bhealach difriúil ó chostais ospidéil ghinearálta. Baineann na rialacha céanna le cúram institiúideach fadtéarmach d’othair shíciatracha is a bhaineann le cúram institiúideach fadtéarmach d’othair eile.

Cuirtear seirbhísí sláinte intinne d’othair chónaitheacha agus d’othair sheachtracha ar fáil saor in aisce do leanaí atá faoi 16 bliana d’aois a bhfuil meabhairghalar orthu.

Othair fhadtéarmacha

Is féidir leis an FSS táillí ospidéil a ghearradh ar othair fhadtéarmacha, sa bhreis ar na gnáth-tháillí d’othair chónaitheacha. Má bhí tú i d’othar cónaitheach ar feadh níos mó ná 30 lá taobh istigh den 12 mhí seo caite, beidh tú dlite do na táillí seo. Baineann sé seo le gach duine, sealbhóirí cárta leighis san áireamh.

Forálann na Rialacháin Sláinte (Muirir do Sheirbhísí Othar Cónaitheach) 2005 do shocruithe éagsúla i gcomhair táillí, ag brath ar an leibhéal cúram altranais a sholáthraítear.

Is í an táille uasta i gcomhair aon duine i gcúram poiblí fadtéarmach ná €153.25 sa tseachtain. Ina theannta seo, tá siad siúd atá faoi chúram poiblí fadtéarmach á roinnt ina dhá ghrúpa:

  • Aicme 1: iad siúd atá ag fáil seirbhísí othar chónaitheach in áitreabh ina bhfuil cúram altranais á sholáthar ar bhunús 24-uair. Is é an táille sheachtainiúil uasta i gcomhair cúraim ná €153.25, nó an t-ioncam seachtainiúil lúide €44.70, cibé acu is lú.
  • Aicme 2: iad siúd atá ag fáil seirbhísí othar chónaitheach in áitreabh nach bhfuil cúram altranais á sholáthar ann ar bhunús 24-uair. Is é an táille sheachtainiúil uasta ná cibé acu is lú de €114.95, nó ioncam seachtainiúil an duine lúide €70.15, no 60% d'ioncaim seachtainiúil an duine.

Má tá tú san ospidéal ar feadh breis is 30 lá agus go ndearbhaíonn dochtúir nach bhfuil gá agat le cúram agus cóireáil ghéarmhíochaine, is féidir táillí a ghearradh ort amhail is go raibh tú ag fáil seirbhísí cúraim cónaitheacha fadtéarmacha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 April 2012

Ábhar Gaolmhar

  • Seirbhísí Ospidéil - Réamhrá
    Déanann an doiciméad cur síos ar na hospidéil difriúla atá ann - ospidéil phoiblí agus phríobháideacha, teideal i leith saorsheirbhísí agus infhaighteacht leapacha príobháideacha in ospidéil phoiblí.
  • Seirbhísí Ospidéil Poiblí d'Othair Cónaitheach
    Tá gach duine a bhfuil cónaí air/uirthi in Éirinn i dteideal seirbhísí ospidéil d'othair chónaitheacha i leapacha poiblí in ospidéil phoiblí agus deonacha a fháil saor in aisce.Faisnéis maidir le cúram, ospidéil, táillí agus tuilleadh.
  • Seirbhísí ospidéil phoiblí d'othair sheachtracha
    Go ginearálta cuirtear san áireamh mar sheirbhísí d'othair sheachtracha seirbhísí timpiste agus éigeandála chomh maith le seirbhísí a bhfuil coinne leo a chuirtear ar fáil d'othair sheachtracha.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.