Clárú gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh

Réamhrá

Is é CORU an rialálaí le haghaidh gairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh. Is é an ról atá aige ná an pobal a chosaint trí chaighdeáin arda iompair ghairmiúil, oideachais, oiliúna agus inniúlachta a chur chun cinn trí bhíthin chlárú reachtúil na ngairmithe sláinte agus cúraim shóisialaigh. Bunaíodh é faoin Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005 (pdf) (arna leasú).

Gairmeacha atá á rialáil ag CORU faoi láthair

Déanann CORU clár a bhunú agus a choimeád do gach ceann de na gairmeacha atá faoina sainchúram. Más ball thú d’aon cheann de na gairmeacha seo, tá ort clárú le CORU nuair a bhíonn do chlár ar oscailt.

Seo a leanas na cláir atá ar oscailt faoi láthair:

•Diaitéitigh

•Radharceolaithe Dáiliúcháin

•Eolaithe Míochaine

•Teiripeoirí Saothair

•Optaiméadraithe

•Teiripeoirí Fisiciúla

•Fisiteiripeoirí

•Coslianna

•Radagrafaithe/Teiripeoirí Radaíochta

•Oibrithe sóisialta

•Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga

A luaithe a osclaítear clár, bíonn idirthréimhse dhá bhliain i gceist agus níl cead dlíthiúil ag gairmithe atá ar an gClár an teideal gairmiúil a úsáid ach i ndiaidh na tréimhse sin.

Is féidir leat an Clár a sheiceáil do ghairm féachaint an bhfuil gairmí ar leith cláraithe le CORU.

Gairmeacha atá le rialáil ag CORU

Bainfidh an córas clárúcháin reachtúil, ar deireadh thiar, leis na gairmeacha sláinte agus cúraim shóisialta seo a leanas, gan aird ar cibé acu an oibríonn siad san earnáil phoiblí nó phríobháideach nó má tá siad féinfhostaithe:

•Bithphoitigéirí cliniciúla

•Comhairleoirí

•Ortoptaigh

•Síceolaithe

•Síciteiripeoirí

•Oibrithe cúraim shóisialta

Gearáin - Oiriúnacht chun Cleachtadh

Láimhseálann CORU gearáin faoi oiriúnacht chun cleachtaidh gairmithe cláraithe sláinte agus cúraim shóisialta. D’fhéadfaí a áireamh leis seo, mar shampla, gearáin faoi mhí-iompar gairmiúil nó drochfheidhmíocht ghairmiúil.

Ní féidir le CORU ach imeachtaí a fhiosrú a tharla ón 31 Nollaig 2014, nuair a thosaigh siad ag glacadh le gearáin.

Chun gearán a dhéanamh faoi chleachtóir cláraithe, comhlánaigh foirm ghearáin um Oiriúnacht chun Cleachtaidh CORU.

breis faisnéise ar an bpróiseas gearáin um Oiriúnacht chun Cleachtaidh ar fáil ar láithreán gréasáin CORU agus tá Treoir maidir le hOiriúnacht chun Cleachtaidh (pdf) ann.

Más mian leat gearán a dhéanamh i leith Gairmí Sláinte agus Cúraim Shóisialta nach bhfuil cláraithe le CORU, féach healthcomplaints.ie.

CORU An Chomhairle um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh

Infinity Building
Lána Sheoirse
Margadh na Feirme
Baile Átha Cliath 7
D07 E98Y

Teil: (01) 293 3160
Láithreán Gréasáin: http://www.coru.ie/
R-phost: info@coru.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Deireadh Fómhair 2016