Gearán a dhéanamh faoi sheirbhís sláinte

Réamhrá

Déantar cur síos sa cháipéis seo ar an gcóras gearán le haghaidh seirbhísí sláinte poiblí a sholáthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) nó a sholáthraítear thar a ceann.

Seirbhísí sláinte príobháideacha: Maidir le heolas a fháil i dtaobh seirbhísí sláinte príobháideacha, tabhairt cuairt ar healthcomplaints.ie, a sholáthraíonn faisnéis ar ghearáin a dhéanamh faoi sheirbhísí sláinte príobháideacha agus poiblí.

Seirbhísí sláinte poiblí: Tá córas FSS gearán ar fáil d’aon duine atá ar lorg nó ag fáil seirbhísí sláinte poiblí nó seirbhísí sóisialta pearsanta. Clúdaítear i gcóras na ngearán na soláthraithe seirbhíse a bhfuil conarthaí acu le FSS agus a chuireann seirbhísí sláinte nó sóisialta pearsanta ar fáil thar ceann FSS

Más mian leat gearán a dhéanamh faoi d’eispéaras in ospidéal poiblí, is féidir leis an tSeirbhís Abhcóideachta Othar (PAS) eolas agus tacaíocht a thabhairt. Tá an tseirbhís neamhspleách, saor in aisce agus faoi rún agus baineann sé le hospidéil ghéarmhíochaine phoiblí maoinithe ag FSS.

Cad faoi is féidir leat gearán a dhéanamh?

Is féidir leat gearán a dhéanamh faoi ghníomh ar bith de chuid FSS nó soláthraithe seirbhíse a bhaineann leat agus nach dóigh leat gur cleachtas riaracháin cothrom nó iontaofa é. Ciallaíonn cleachtas riaracháin an chaoi a ndéantar cinntí agus an chaoi a bhfeidhmíonn seirbhísí. Mar shampla, ní mheastar go bhfuil cleachtas riaracháin cothrom nó iontaofa má tá sé:

  • Déanta gan údarás ceart
  • Déanta ar de bhun bunús neamhábhartha
  • Mar thoradh ar fhaillí nó ar mhíchúraim
  • Bunaithe ar eolas mícheart nó neamhiomlán
  • Leithchealach go míchuí

Cé atá in ann gearán a dhéanamh?

Mura bhfuil tú in ann gearán a dhéanamh ar do shon féin de dheasca aoise, breoiteachta nó míchumais, is féidir le duine eile gearán a dhéanamh ar do shon. Áirítear i measc na ndaoine sin:

  • Garghaol nó cúramóir
  • Duine ar bith atá ceaptha de réir an dlí nó de réir na gcúirteanna chun do chuid gnóthaí a riar. (San áireamh leis seo bheadh Coiste Coimircí Cúirte nó duine atá ceaptha faoi Chumhacht Bhuan Aturnae. Níl sé iomlán soiléir áfach ós rud é go dtugtar cumhachtaí sainiúla, seachas cumhachtaí ginearálta dóibh sa dlí a bhaineann le Coistí agus le hAturnaetha)
  • Ionadaí dlí
  • Duine ar bith eile atá ceadaithe agat, nó
  • Duine ar bith eile atá ceaptha, de réir mar atá leagtha amach sna Rialacháin

An féidir gearán a dhéanamh thar ceann duine nach maireann?

Is féidir. I gcásanna dá leithéid is féidir le garghaol nó le cúramóir an gearán a dhéanamh. Is ionann garghaol agus tuismitheoir, caomhnóir, mac, iníon, céile nó páirtí comhchónaithe. Ní mór don ghearán a bheith déanta, áfach, laistigh de 12 mhí ó dháta an ghnímh atá mar ábhar an ghearáin nó ón dáta a thagann an gníomh chun feasa an duine atá i gceist. D’fhéadfadh oifigeach gearán an teorainn ama a shíneadh má tá imthosca speisialta i gceist.

Cad iad na gearáin nach bhfuil clúdaithe?

Ní féidir leat gearán a dhéanamh faoin méid seo a leanas:

  • Ceist atá, nó a bhí mar ábhar imeachtaí dlíthiúla os comhair cúirte nó binse
  • Ceist a bhaineann go hiomlán le breithiúnas cliniciúil (cinneadh míochaine) ag duine atá ag feidhmiú thar ceann FSS nó soláthraí seirbhíse
  • Gníomh arna ghlacadh ag FSS nó ag soláthraí seirbhíse de bhun comhairle duine éigin a d’úsáid a bhreithiúnas cliniciúil amháin
  • Ceist a bhaineann le hearcú, ceapachán nó téarmaí agus coinníollacha fostaithe nó comhairleoirí FSS nó soláthraí seirbhíse
  • Ceist a bhaineann le clárú breitheanna, bainiseacha agus básanna a d’fhéadfadh a bheith mar ábhar achomhairc (Alt 60 den Acht um Chlárú Sibhialta)
  • Ceist a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh d’fhiosrúchán atá á dhéanamh ag na Gardaí
  • Ceist atá curtha faoi bhráid nós imeachta reachtúil eile um ghearáin. (Ní chuireann sé seo bac ar oifigeach gearán déileáil le gearán atá curtha faoi bhráid an Ombudsman nó an Ombudsman do Leanaí).

Rialacha

Conas mar a oibríonn nós imeachta gearán FSS?

  • Féach 'Conas iarratas a dhéanamh', thíos, chun eolas a fháil ar conas gearán a dhéanamh.
  • Gheobhaidh an t-oifigeach gearán cóip de na gearáin scríofa go léir. Má dhéanann tú gearán ó bhéal nach réitítear é ag an gcéad phointe teagmhála, cuirfear an t-oifigeach gearán ar an eolas.
  • Ag brath ar chineál an ghearáin, féadfaidh an t-oifigeach gearán, le cead na ndaoine lena mbaineann, a bhreithniú an mbeadh réiteach neamhfhoirmiúil oiriúnach. Mar chuid den réiteach neamhfhoirmiúil, féadfaidh an t-oifigeach gearán cruinniú a eagrú idir na páirtithe lena mbaineann nó seirbhísí idirghabhála a úsáid. Mura bhfuil réiteach neamhfhoirmiúil oiriúnach nó mura n-éireoidh leis, tosóidh an t-oifigeach gearán imscrúdú foirmiúil ar an ngearán.
  • Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar an ngearán, déanfaidh an t-oifigeach gearán moladh.
  • Más mian leat, féadfaidh tú athbhreithniú a iarraidh ar an moladh sin agus beidh athbhreithniú inmheánach ann.
  • Admhófar gearáin scríofa laistigh de 5 lá oibre agus déanfar an gearán a imscrúdú laistigh de 30 lá oibre. Gheobhaidh tú freagra scríofa ar do ghearán. Cuirfear in iúl duit go bhfuil sé de cheart agat athbhreithniú inmheánach a lorg agus go bhfuil sé de cheart agat dul chuig an Ombudsman.
  • Féadfaidh soláthraithe seirbhíse a nósanna imeachta féin a chur i bhfeidhm trí chomhaontú le FSS. Tá sé mar choinníoll den chomhaontú idir FSS agus soláthraithe seirbhíse go gcomhlíonfaidh soláthraithe seirbhíse nós imeachta gearán FSS, nó go gcuirfidh siad a nósanna imeachta gearán féin i bhfeidhm. Is coinníoll freisin go gcomhoibreoidh an soláthraí seirbhíse le FSS in aon athbhreithniú ar mholadh oifigigh ghearáin tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán i gcoinne an tsoláthraí seirbhíse.

Gearáin faoin Acht um Míchumas 2005

Ráta

Níl aon táille ar ghearán foirmiúil a dhéanamh maidir le seirbhís shláinte phoiblí nó le seirbhís shóisialta phearsanta a sholáthraíonn FSS nó a sholáthraítear í thar ceann FSS.

Conas iarratas a dhéanamh

  • Má theastaíonn uait gearán a dhéanamh faoi FSS ba cheart duit iarracht a dhéanamh an fhadhb a réiteach go háitiúil i dtús báire. Is ionann sin is a rá gur cheart an gearán a chur faoi bhráid an duine atá i gceannas ar an tseirbhís, mar shampla siúr an bharda i dtaobh gearáin ospidéil, nó an maoirseoir atá i gceannas i dtaobh seirbhísí eile.
  • Má tá tú míshásta leis an toradh, is féidir leat do ghearán a dhéanamh trí mheicníocht fhoirmiúil gearán. Tá roinnt bealaí ann chun gearán a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, lena n-áirítear tríd an bpost, ar an nguthán, trí ríomhphost, ar líne, nó trí sheirbhísí abhcóideachta nó inrochtaineachta.
  • Má tá tú faoi mhíchumas agus má tá tacaíocht uait chun gearán a dhéanamh, d'fhéadfá a bheith i dteideal tacaíochta ón tSeirbhís Abhcóideachta Náisiúnta do Dhaoine faoi Mhíchumas.
  • Má bhaineann do ghearán le heispéireas in ospidéal géarmhíochaine poiblí, soláthraíonn an tSeirbhís Abhcóideachta Othar (PAS) seirbhís saor in aisce, neamhspleách agus rúnda chun cabhrú leat do ghearán a dhéanamh agus chun freagra a thabhairt ar an toradh.
  • Moltar duit gearán foirmiúil a dhéanamh i scríbhinn, agus an méid sonraí agus is féidir a thabhairt. Tabharfar admháil maidir le gach gearán scríofa laistigh de chúig lá oibre agus déanfar an gearán a fhiosrú laistigh de 30 lá. Má mhaireann an fiosrúchán tréimhse níos faide ná 30 lá, coinneoidh FSS ar an eolas tú maidir le dul chun cinn do ghearán gach 20 lá oibre.
  • I ndiaidh an fhiosrúcháin, gheobhaidh tú freagra scríofa maidir le do ghearán agus tabharfar comhairle duit faoi do cheart go ndéanfaí athbhreithniú inmheánach ar mholadh an oifigigh ghearán. Cuirfear ar an eolas tú maidir le do cheart gearán a dhéanamh leis an Ombudsman fosta.

Cad a tharlóidh má théann tú chomh fada agus is féidir leis an bpróiseas gearán?

Má tá tú imithe chomh fada agus is féidir le próiseas gearán na seirbhíse sláinte d’fhéadfá gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí. Measfar gur ionann gníomhartha arna ndéanamh ag soláthraithe seirbhíse faoi réir ag comhaontuithe le FSS is gníomhartha FSS chun críocha na reachtaíochta lena rialaítear gach Ombudsman. Dá réir sin, clúdaítear na soláthraithe seirbhíse seo mar chuid de shainchúram an Ombudsman.

Níl aon mheicníocht ann sa dlí maidir le cur i bhfeidhm moltaí ó oifigeach gearán ná maidir lena dtarlaíonn mura ndéantar an moladh a chur i bhfeidhm.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais faoin nós imeachta gearán i Do Sheirbhís, Do Bharúil – Beartas Gearán FSS (pdf).

Is í uimhir Shaorghlao 1850 24 1850 nó (041) 685 0300 líne eolais náisiúnta FSS.

Is féidir leis an tSeirbhís Abhcóideachta Othar eolas agus tacaíocht a thabhairt má tá gearán á dhéanamh agat faoi do thaithí in ospidéal poiblí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Deireadh Fómhair 2020