Seirbhísí sláinte do chuairteoirí go hÉirinn

Réamhrá

Má tá ag tabhairt cuairte ar Éirinn, d’fhéadfá a bheith i dteideal seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó fóirdheonaithe a fháil, ag brath ar do chúinsí. Mínítear ar an leathanach seo na seirbhísí sláinte poiblí a bhféadfaidh tú rochtain a fháil orthu in Éirinn mar chuairteoir.

Tá do theidlíocht do sheirbhísí sláinte bunaithe go príomha ar chónaitheacht agus acmhainní, seachas ar d’íocaíocht cánach nó ar Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC). Tá roinnt eisceachtaí ann agus déantar cur síos orthu seo thíos.

Ní chinntear do theidlíocht de réir do náisiúntachta ach tá rialacha sonracha ann do dhaoine ón AE/LEE, ón Eilvéis agus ón Ríocht Aontaithe (RA).

Má thagann tú chun cónaí, oibriú nó staidéar in Éirinn agus go bhfuil sé ar intinn agat fanacht ar feadh bliana ar a laghad nó má thagann tú chun dul ar scor in Éirinn, is dócha go measfar go bhfuil tú i do chónaí anseo (is é gnáthchónaí an téarma dlíthiúil air seo) agus go dtagann tú faoi na rialacha mar a thuairiscítear i Teidlíocht do sheirbhísí sláinte.

Níl roinnt cuairteoirí go hÉirinn i dteideal seirbhísí sláinte poiblí saor in aisce nó fóirdheonaithe ach amháin i gcásanna cruatain. Mar shampla, cuairteoirí ó lasmuigh den AE/LEE, den Eilvéis agus den Ríocht Aontaithe (RA). Go ginearálta, má bhíonn orthu seirbhísí sláinte a úsáid, caithfidh siad costas iomlán na seirbhísí sin a íoc.

Saoránaigh Éireannacha atá ina gcónaí lasmuigh d’Éirinn

Má bhí tú i do chónaí agus ag oibriú i dtír eile den AE/LEE nó san Eilvéis, déanfar cinneadh faoi do theidlíocht do sheirbhísí sláinte nuair a fhilleann tú faoi na rialacha a bhaineann le náisiúnaigh an AE, (féach 'Cuairteoirí ón AE/LEE agus ón Eilvéis' thíos).

Más saoránach Éireannach thú atá ina chónaí sa Ríocht Aontaithe agus ar cuairt go hÉirinn, féadfaidh tú cúram leighis a fháil má éiríonn tú tinn nó má bhíonn timpiste agat le linn do chuairte. Seans go mbeidh ort cruthúnas a thaispeáint ar do chónaitheacht RA, mar shampla pas nó ceadúnas tiomána.

Má bhí tú thar lear ar chonradh gearrthéarmach, meastar go bhfuil gnáthchónaí ort fós in Éirinn.

Má tá tú i do chónaí thar lear ar feadh suas le trí bliana ach má tá d’Oifig Sláinte Áitiúil sásta nár bhunaigh tú teidlíocht do sheirbhísí sláinte in aon tír eile, féadfaidh an FSS breathnú ort mar ghnáthchónaí in Éirinn má bhíonn cóireáil de dhíth ort nuair a fhilleann tú. Déantar é seo ionas nach gcaillfidh daoine, a théann ar imirce as Éirinn, a gcáilíocht seirbhíse sláinte ar fhorais chónaithe sula gcinnfidh siad incháilitheacht áit eile.

Níl feidhm ag an bhforáil seo má tá tú cumhdaithe ag rialacháin AE i dtír eile. Ní thugann an fhoráil seo teidlíocht do dhuine atá ina chónaí go sealadach i dtír eile de chuid an AE, don FSS síneadh a chur leis an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte thar an ngnáththréimhse.

Cuairteoirí ón Ríocht Aontaithe

Más saoránach RA thú, tá rochtain agat ar chúram sláinte faoin gComhlimistéar Taistil le linn duit cuairt a thabhairt ar Éirinn. Níor tháinig aon athrú ar an socrú seo de bharr gur fhág an Ríocht Aontaithe an AE. Féadfaidh tú fianaise ar do shaoránacht RA a thabhairt leat.

Is féidir le cónaitheoirí na RA rochtain a fháil ar chúram sláinte riachtanach agus iad ag tabhairt cuairte ar Éirinn. Is féidir leat aon cheann díobh seo a leanas a thaispeáint mar chruthúnas ar chónaitheacht RA:

  • Cárta Árachais Sláinte Domhanda (GHIC) arna eisiúint ag an RA nó Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC)
  • Ceadúnas tiomána RA
  • Cárta vótálaí nó cárta leighis ó Thuaisceart Éireann
  • Cead cónaithe bithmhéadrach de chuid na Ríochta Aontaithe
  • 2 dhoiciméad a thaispeánann do sheoladh RA (mar shampla ráiteas bainc nó bille fóntais) arna eisiúint laistigh de 6 mhí

Beidh ort aitheantas grianghraif a thaispeáint mura bhfuil grianghraf sa doiciméad a chuireann tú i láthair.

Cuairteoirí ón AE/LEE agus ón Eilvéis

Má tá ag tabhairt cuairte ar Éirinn, is féidir leat Cárta Eorpach um Árachas Sláinte bailí a úsáid arna eisiúint ag do thír dhúchais chun rochtain a fháil ar chúram sláinte.

Má tá EHIC agat, féadfaidh tú cóireáil leighis riachtanach a fháil in Éirinn saor in aisce. Ní chumhdaíonn EHIC ach cúram sláinte poiblí, ní cúram sláinte príobháideach. Ba cheart duit do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte a thabhairt leat agus tú ag taisteal go hÉirinn.

Tá catagóirí áirithe daoine, ar nós oibrithe arna sannadh, i dteideal cártaí leighis faoi rialacha an AE – féach an rannán faisnéise breise ar cártaí leighis.

Cuairteoirí ó thíortha lasmuigh den AE, LEE, den Eilvéis nó den Ríocht Aontaithe

Má tá cuairt á tabhairt agat ó thír lasmuigh den AE, LEE, den Eilvéis nó den Ríocht Aontaithe, níl aon teidlíocht agat ar sheirbhísí sláinte saor in aisce nó fóirdheonaithe. B’fhéidir gur mhaith leat smaoineamh ar árachas taistil a fháil.

Más féidir leat a thaispeáint do FSS go bhfuil sé ar intinn agat cónaí in Éirinn ar feadh bliana ar a laghad, measfar thú mar dhuine a bhfuil gnáthchónaí ort agus beidh tú incháilithe le haghaidh seirbhísí sláinte saor in aisce nó fóirdheonaithe. Féadfaidh FSS fianaise a lorg go bhfuil tú i dteideal de réir dlí cónaí anseo ar feadh bliana ar a laghad.

Ní mór do do chleithiúnaithe a thaispeáint go bhfuil sé ar intinn acu cónaí anseo ar feadh bliana ar a laghad ionas go mbreathnófar orthu mar dhaoine a bhfuil gnáthchónaí oraibh in Éirinn. Ní mheastar go huathoibríoch iad mar dhaoine a bhfuil gnáthchónaí oraibh bunaithe ar d’incháilitheacht.

Mic léinn ó thíortha lasmuigh den AE, LEE, den Eilvéis nó den Ríocht Aontaithe

Más mac léinn thú ó thír lasmuigh den AE, LEE, den Eilvéis nó den Ríocht Aontaithe, meastar go ginearálta thú mar dhuine a bhfuil gnáthchónaí ort má tá tú cláraithe le haghaidh cúrsa staidéir a mhairfidh bliain acadúil amháin ar a laghad.

Má tá tú anseo ar feadh tréimhse níos giorra, breathnaítear ort mar chuairteoir agus níl tú i dteideal seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó fóirdheonaithe.

Iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe

Más iarrthóir tearmainn thú a chónaíonn i soláthar díreach, tá tú i dteideal cárta leighis don tréimhse ina ndéantar d’iarratas ar chosaint idirnáisiúnta a mheas.

Má fhaigheann tú stádas dídeanaí, cosaint choimhdeach nó cead fanachta, ansin meastar gur dhuine thú a bhfuil gnáthchónaí ort agus tagann tú faoi réim na gnáthrialacha maidir le teidlíocht ar sheirbhísí sláinte.

Daoine ag teacht as An Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach

Is féidir le gach duine ag teacht go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach na seirbhísí cúram sláinte poiblí céanna a fháil agus a fhaigheann daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

Tá tú i dteideal freisin cárta leighis. Ligeann cárta leighis duit cuairt a thabhairt ar dhochtúir saor in aisce, rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte eile agus cógais a fháil ar phraghas laghdaithe.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar do chárta leighis ag baint úsáide asspeisialta foirm iarratais chárta leighis (pdf) do dhaoine ón Úcráin.

Is féidir leat ag teacht go hÉirinn ón Úcráin a léamh chun eolas a fháil faoi cúram sláinte agus cártaí leighis do dhídeanaithe ón Úcráin.

Is féidir leat eolas a fháil faoi sheirbhísí cúram sláinte in Éirinn ó láithreán gréasáin FSS. Is féidir léamh freisin faoi chóras sláinte na hÉireann i Úcráinis (pdf) agus i Rúisis (pdf).

Daoine nach bhfuil i dteideal seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó fóirdheonaithe a fháil

Mura bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn agus mura bhfuil tú i dteideal cúram sláinte faoi aon cheann de na cúinsí a gcuirtear síos orthu thuas, d’fhéadfadh go mbeadh ort an costas iomlán a íoc as aon seirbhís a chuirtear ar fáil. I gcásanna cruatain féadfaidh an FSS cóireáil riachtanach phráinneach a sholáthar ar tháille laghdaithe nó saor in aisce.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Bealtaine 2022