Teidlíocht do sheirbhísí sláinte

Réamhrá

Tá gach duine a bhfuil gnáthchónaí air in Éirinn agus cuairteoirí áirithe go hÉirinn i dteideal raon seirbhísí sláinte poiblí saor in aisce nó ar chostas laghdaithe. Tá gnáthchónaí ort má tá tú i do chónaí in Éirinn ar feadh bliana ar a laghad nó má tá sé i gceist agat cónaí anseo ar feadh bliana ar a laghad.

Ag brath ar do chúinsí, d’fhéadfadh go mbeadh cuairteoirí gearrthéarmacha go hÉirinn i dteideal seirbhísí sláinte atá saor in aisce nó ar chostas laghdaithe.

Má tá tú ag teacht go hÉirinn ón Úcráin faoin Treoir um Chosaint Shealadach féach thíos.

Incháilitheacht do sheirbhísí sláinte

Tá dhá chineál incháilitheachta ann do dhaoine a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn:

  • Incháilitheacht iomlán le haghaidh sealbhóirí cárta leighis
  • Incháilitheacht theoranta do dhaoine nach bhfuil cárta leighis acu

Sealbhóirí cárta leighis

Go ginearálta, má tá cárta leighis agat, tá tú i dteideal:

  • Seirbhísí GP saor in aisce
  • Drugaí agus cógais ar oideas, faoi réir táille ar gach earra oidis
  • Seirbhís ospidéil phoiblí
  • Seirbhísí fiaclóireachta ar leith, súl agus cluas
  • Seirbhísí máithreachais agus cúraim naíonán
  • Cúram pobail agus seirbhísí sóisialta pearsanta

Daoine nach bhfuil cárta leighis acu

Mura bhfuil cárta leighis ná Cárta cuairte GP agat, níl tú i dteideal seirbhísí GP in aisce.

Ní mór do dhaoine nach bhfuil cárta leighis acu íoc as drugaí agus cógais ar oideas. Mar sin féin, b’fhéidir go mbeifeá in ann an costas míosúil seo a laghdú duit féin agus do do theaghlach le cárta um Scéim Íocaíochta Drugaí .

Mura bhfuil cárta leighis agat, tá tú i dteideal seirbhísí ospidéil phoiblí saor in aisce nó ar chostas laghdaithe. Más gá duit freastal ar ospidéal poiblí nó fanacht san ospidéal mar othar poiblí thar oíche, b’fhéidir go mbeidh ort íoc as táillí ospidéil.

B’fhéidir go bhfuil tú i dteideal roinnt seirbhísí cúraim phobail agus seirbhísí sóisialta pearsanta. Tá seirbhísí máithreachais agus cúram naíonán saor in aisce.

Seirbhís sláinte ginearálta

Tá seirbhísí sláinte ginearálta áirithe ar fáil do dhaoine ar bhonn a gcuid riachtanas nó stádas sláinte, is cuma má tá cárta leighis acu nó mura bhfuil.

Mar shampla:

  • Daoine a cháilíonn le haghaidh an Scéim Breoiteachta Fadtréimhsí atá i dteideal na drugaí agus na cógais a fháil saor in aisce chun a dtinneas a chóireáil
  • Tá seirbhísí sláinte leanaí ar fáil do gach leanbh
  • Daoine a tholg Heipitíteas C trí fhuilaistriú agus a bhfuil Cárta faoin Acht um Leasú Sláinte acu

Cad is gnáthchónaí ann?

Má tá tú ag teacht chun cónaí in Éirinn nó ag filleadh anseo chun cónaí ann, ní mór duit a chruthú d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go bhfuil “gnáthchónaí” ort anseo – go bhfuil tú i do chónaí in Éirinn ar feadh bliana ar a laghad nó go bhfuil sé i gceist agat cónaí anseo ar feadh bliana ar a laghad.

D’fhéadfadh sé go mbeadh an méid seo a leanas ag teastáil ón FSS chun a chruthú go bhfuil gnáthchónaí ar dhuine:

  • Cruthúnas go bhfuil maoin ceannaithe nó tógtha ar cíos, lena n-áirítear fianaise gurb í an mhaoin seo príomháit chónaithe an duine (mar shampla, cruthúnas ar chíos ón údarás áitiúil)
  • Litir nó ráiteas ó institiúid airgeadais (mar shampla ráiteas bainc nó ráiteas comhar creidmheasa)
  • Bille fóntais reatha (cosúil le bille gáis, leictreachais nó gutháin)
  • Polasaí árachas gluaisteán nó tí reatha i d’ainm
  • Doiciméad oifigiúil ó roinn rialtais (mar shampla, fógra measúnaithe ó na Coimisinéirí Ioncaim nó cruthúnas cíosa ón Scéim Íocaíochta Cúnaimh Tithíochta)

Ní mór dáta a bheith ar na doiciméid thuasluaite atá laistigh den 12 mhí dheireanacha.

Tá aon duine, beag beann ar náisiúntacht, a nglactar leis ag FSS mar ghnáthchónaí in Éirinn i dteideal incháilitheacht iomlán (Catagóir 1, i.e. sealbhóirí cárta leighis) nó incháilitheacht theoranta (Catagóir 2) le haghaidh seirbhísí sláinte.

Más náisiúnach neamh-AE thú agus má dhearbhaíonn tú go bhfuil tú incháilithe le haghaidh seirbhísí sláinte, ní hé sin le rá go bhfuil do chleithiúnaithe incháilithe freisin. D’fhéadfaí go mbeadh ar chleithiúnaithe náisiúnaigh neamh-AE na ceanglais thuasluaite a chomhlíonadh.

Seirbhísí sláinte poiblí do shaoránaigh an AE

D’fhéadfá cáiliú le haghaidh cárta leighis faoi rialacha an AE má tá gnáthchónaí ort in Éirinn agus má tá pinsean leasa shóisialaigh á fháil agat ó thír eile den AE/LEE nó ón Eilvéis, nó má tá tú ag obair agus ag íoc árachais shóisialta i gceann de na tíortha sin.

Ní féidir leat a bheith faoi réir reachtaíocht leasa shóisialaigh na hÉireann. Ciallaíonn sé seo nach féidir leat a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh ranníocach Éireannach nó a bheith ag obair in Éirinn agus a bheith faoi dhliteanas ÁSPC a íoc.

Má tá cónaí ort in Éirinn agus más cleithiúnach pinsinéara atá i dteideal faoi Rialacháin an AE tú, nó más cleithiúnach duine atá ag obair i dtír eile atá cumhdaithe ag na Rialacháin tú, d’fhéadfá a bheith i dteideal chárta leighis. Ní féidir leat a bheith faoi réir reachtaíocht slándála sóisialta in Éirinn (i gcás cleithiúnaithe linbh tá feidhm ag an riail seo maidir leis an gcéile nó an duine atá ag tabhairt aire dóibh).

D’fhéadfadh oibrithe sannta agus a gcleithiúnaithe a bheith incháilithe do chárta leighis chomh maith. Tá na hoibrithe sin fostaithe i dtír eile atá clúdaithe ag na rialacháin ach atá seolta ag a bhfostóirí chun obair in Éirinn ar feadh tréimhse teoranta ama.

Féach ar na treoirlínte measúnaithe cárta leighis (pdf) le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi theidlíocht faoi Rialacháin an AE.

Seirbhísí sláinte poiblí do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe

Faoin gComhlimistéar Taistil, tá an ceart céanna ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in Éirinn, ag oibriú in Éirinn nó a thugann cuairt ar Éirinn agus mar atá ag saoránaigh a bhfuil cónaí orthu in Éirinn.

Seirbhísí sláinte poiblí do dhaoine as an Úcráin

Is féidir le gach duine a thagann go hÉirinn faoin Treoir um Chosaint Shealadach an seirbhísí cúram sláinte poiblí mar dhaoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn céanna a fháil. Tá tú i dteideal cárta leighis freisin. Ligeann cárta leighis duit cuairt a thabhairt ar dhochtúir saor in aisce, rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte eile agus cógais a fháil ar phraghas laghdaithe. Ní mór do leanaí os cionn 16 bliana d'aois iarratas a dhéanamh ar chárta leighis ar leithligh.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar do chárta leighis ag baint úsáide as foirm iarratais chárta leighis (pdf)speisialta do dhaoine ón Úcráin. Is féidir leat d’fhoirm chomhlánaithe a sheoladh i ríomhphost chuig PCRS.Applications@HSE.ie nó sa phost chuig an seoladh ar an bhfoirm.

Is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh ar líne. Ba cheart duit a rá gur dídeanaí ón Úcráin tú sa chuid tuairimí de d’iarratas ar líne.

Ag teastáil uait:

  • D’ainm, seoladh reatha agus dáta breithe.
  • D’uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) (féach thuas).
  • Seoladh, stampa agus síniú do dhochtúra (GP). Mura bhfuil aithne agat ar aon GP, sannfar GP duit agus do do theaghlach.

I gceann 9 mí, beidh ort iarratas iomlán a dhéanamh ar chárta leighis. Áireofar leis seo measúnú airgeadais iomlán nó tástáil acmhainne.

Mura bhfuil Béarla agat, féadfaidh tú ateangaire a iarraidh.

Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi cártaí leighis.

Is féidir leat eolas a fháil faoi sheirbhísí cúram sláinte in Éirinn ó shuíomh gréasáin an FSS. Is féidir leat léamh freisin faoi Córas sláinte na hÉireann in Úcráinis (pdf) agus i Rúisis (pdf).

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22 Lúnasa 2019