Seirbhísí éigeandála sláinte

Eolas

Déanann seirbhísí éigeandála sláinte in Éirinn freastal míochaine ar thinnis nó ar ghortuithe a mbíonn cóireáil leighis de dhíth ina leith láithreach. D’fhéadfadh seirbhísí éigeandála sláinte a bheith riachtanach le haghaidh gnáthshamplaí gortuithe lena n-áirítear gortuithe a tharla de bharr timpistí, taomanna croí nó galair thobanna eile.

De ghnáth is dochtúir ginearálta (GP), pearsanra otharchairr nó foireann na roinne Timpistí agus Éigeandála in ospidéal géarmhíochaine a chuireann seirbhísí éigeandála sláinte ar fáil.

Is ar an Roinn Sláinte atá an fhreagracht fhoriomlán maidir le beartas le haghaidh seirbhísí sláinte timpistí agus éigeandála in Éirinn. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) atá freagrach as seirbhísí éigeandála sláinte poiblí a chur ar fáil.

Seirbhís Otharcharranna

Sa tseirbhís sláinte poiblí, cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna seirbhísí otharcharranna ar fáil chun daoine atá go dona tinn a iompar chuig ospidéil phoiblí nó idir ospidéil phoiblí. Cuireann Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath seirbhís otharcharranna ar fáil do mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí otharcharranna mar chuid de na seirbhísí éigeandála trí ghlao a chur ar 999 nó ar 112. (Tá an uimhir 112 i bhfeidhm ar fud an AE). Bíonn gach glao saor in aisce.

Sa chás ina gcuirtear seirbhísí ar fáil d'othair chun iad a thabhairt chuig nó ó chúram sláinte neamh-phráinneach, is féidir feithiclí eile a úsáid más cuí (mar shampla tacsaithe nó mionbhusanna). Soláthraíonn an tSeirbhís Chúraim Idirmheánach feithiclí d'iompar na n-othar idir ospidéil agus saoráidí leighis eile chun a chinntiú go bhfuil otharcharranna éigeandála ar fáil chun freagra a thabhairt ar éigeandálaí.

Mura bhfuil cárta leighis agat, d'fhéadfaí costas na seirbhíse otharcharranna a ghearradh ort. Mar sin féin ní hionann an cleachtas idir páirteanna éagsúla den tír agus d’fhéadfaí costais a tharscaoileadh i gcásanna áirithe, mar shampla, i gcásanna cruatain.

Tá roinnt seirbhísí otharcharranna príobháideacha, lena n-áirítear seirbhísí aerárthacha. Ghlaonn tú orthu agus íocann tú as a gcuid seirbhísí sa ghnáthmhodh tráchtála.

Tá roinnt eagraíochtaí deonacha otharcharranna ann freisin. Úsáidtear iad de ghnáth chun cúnamh láithreach a chur ar fáil ag imeachtaí poiblí.

Is í an Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil an comhlacht náisiúnta atá freagrach as rialáil ghairmiúil pearsanra otharcharranna agus as oideachas agus oiliúint i réimse cúraim éigeandála réamh-ospidéal in Éirinn.

Cúram éigeandála ó dhochtúir teaghlaigh (GP)

Má theastaíonn uait freastal ar do dhochtúir teaghlaigh (GP) de dheasca éigeandála, is iad seo a leanas na roghanna atá ann chun teagmháil a dhéanamh leo;

  • Freastal ar lialann arna hoibriú ag do GP i rith uaireanta áirithe. Is féidir leat a fháil amach cad iad na huaireanta seo trí dhul i dteagmháil le do GP.
  • Glao teileafóin a chur ar do GP agus iarraidh air/uirthi cuairt a thabhairt ort i rith an ama atá curtha ar leataobh le haghaidh cuairteanna tí.
  • Glaoch a chur ar do GP lasmuigh de ghnáthuaireanta – beidh an uimhir le haghaidh éigeandálaí le fáil i dteachtaireacht an ghléis de ghnáth. D’fhéadfadh an uimhir seo a bheith i gcomhair seirbhíse ionadaí nó seirbhíse lasmuigh d’uaireanta gnó. Is éard is seirbhís ionadaí ná go dtabharfaidh dochtúir eile (seachas do GP) cuairt ar theach othair lasmuigh de ghnáthuaireanta.
  • Cuairt a thabhairt ar chomharchumann le haghaidh GP lasmuigh de ghnáthuaireanta.

Comharchumainn le haghaidh GP lasmuigh de ghnáthuaireanta

I bpáirteanna d’Éirinn, tagann GPanna le chéile d’fhonn comharchumainn a chruthú le gur féidir seirbhís mhíochaine a chur ar fáil lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre. Faigheann na comharchumainn seo cúnamh airgeadais ón stát. D’fhéadfadh an comharchumann a bheith lonnaithe in ionad sláinte, in ospidéal poiblí nó i láthair eile, arna cur ar fáil go minic ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Cuireann GPanna an tseirbhís seo ar fáil ar bhonn uainchláir sna tráthnónta, ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire bainc agus poiblí.

Ní bhíonn an tseirbhís seo ar fáil de ghnáth ach amháin d’othair na GPanna atá rannpháirteach sa chomharchumann. Is gá glao teileafóin a chur chun rochtain a fháil ar an tseirbhís agus d’fhéadfadh gur ionann an cúram cuí is comhairle ó altra nó ó dhochtúir ar an teileafón. D’fhéadfadh freastal ar ionad cóireála leighis nó cuairt ar do theach ón dochtúir ar dualgas a bheith san áireamh le cúram chomh maith.

Ní gá dóibh siúd a bhfuil cárta leighis nó cárta cuairt dochtúra acu íoc as na seirbhísí a chuireann comharchumainn GP lasmuigh de ghnáthuaireanta ar fáil. Ní mór d’othair eile íoc as costas iomlán úsáid na seirbhíse seo.

Faigh liosta seirbhísí GPanna lasmuigh d’uaireanta gnó anseo.

Ranna Timpistí agus Éigeandála in ospidéil phoiblí

Cuireann formhór na n-ospidéal poiblí seirbhísí timpistí agus éigeandála ar fáil. Tá duine ar bith in Éirinn atá faoi réir ag éigeandáil mhíochaine i dteideal freastal ar roinn Timpistí agus Éigeandála. D’fhéadfadh costais a bheith i gceist maidir le seirbhísí ospidéil phoiblí.

Tugtar tosaíocht dóibh siúd a dhéanann freastal ar Roinn Timpistí agus Éigeandála in ospidéil phoiblí de réir an ghátair mhíochaine. D’fhéadfadh go mbeadh ar dhuine a bhfuil tinneas neamhphráinneach air/uirthi fanacht ar chóireáil leighis.

Cuireann roinnt ospidéal phríobháideacha seirbhísí éigeandála ar fáil. Gearrfar costas iomlán an chúraim i saoráidí príobháideacha ort.

Teidlíocht cuairteoirí ar Éirinn i leith seirbhísí éigeandála sláinte

Má tá tú i do náisiúnach ó bhallstáit den Aontas Eorpach (AE), den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) nó ón Eilvéis atá ag taisteal in Éirinn nó ag fanacht go sealadach in Éirinn, tá tú i dteideal seirbhísí sláinte má éiríonn tú tinn nó má tharlaíonn timpiste duit. Cuirtear na seirbhísí seo ar fáil saor in aisce tríd an gcóras sláinte poiblí ach Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) bailí a thaispeáint.

comhaontú cómhalartach ar chóir leighis do chuairteoirí sealadacha idir Éire agus an Astráil. Faoin gcomhaontú, íocann cuairteoirí na hAstráile a fhaigheann cóireáil phoiblí éigeandála na táillí ospidéil a bhaineann le daoine a bhfuil gnáthchónaí orthu in Éirinn.

Má tá tú ar cuairt shealadach ar Éirinn, beidh ort íoc as an gcostas a ghabhann le freastal ar Roinn Timpistí agus Éigeandála. Mura bhfuil tú i do náisiúnach ó bhallstát AE/LEE, nó ón Eilvéis nó ón Astráil, beidh ort íoc as an gcostas eacnamaíoch iomlán a ghabhann le cóireáil leighis bhreise ar bith, lena n-áirítear cúram míochaine in ospidéal géarmhíochaine. Moltar duit árachas míochaine príobháidí chun críocha taistil a cheannach sula rachfá ag taisteal.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Eanáir 2016