Le cúram faoisimh d’fhéadfadh sé go gcuirfí cúram malartach teaghlaigh nó cúram institiúide ar fáil do dhuine a bhfuil míchumas air nó uirthi chun go bhféadfaidh an cúramóir sos gearr, nó tréimhse saoire nó scíthe a bheith aige nó aici. D’fhéadfadh tréimhse faoisimh an-ghearr ar fad a bheith i gceist le cúram faoisimh, rud éigin ar nós cúramóir a fháil i gcomhair tráthnóna, nó socrú i bhfad níos faide i gcomhair laethanta saoire. Uaireanta tugtar ‘Scéimeanna Éilitheacha’ nó ‘Scéimeanna Cairdis’ orthu.
Is féidir cúram faoisimh nó cúram sealadach a chur ar fáil sa phobal nó in institiúid. Is éard a tharlaíonn i ndáiríre ná go gcuirtear a bheag nó a mhór de chúram faoisimh ar fáil i roinnt áiteanna ar fud na tíre. Is é do Limistéar d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a chuireann ar fáil é i gcásanna áirithe agus soláthraíonn eagraíochtaí deonacha an tseirbhís i gcásanna eile.
Cuirtear cúram ar fáil i roinnt ionad ar fud na tíre do dhaoine a bhfuil míchumais éagsúla orthu. Féadfar an té a dtugtar cúram dó nó di a ligean isteach i dteach altranais de chuid FSS ar feadh tréimhse coicíse. Is altra sláinte poiblí nó dochtúir teaghlaigh a eagraíonn cúram faoisimh. Uaireanta cuirtear cúram malartach le teaghlach ar fáil le haghaidh leanaí a bhfuil míchumais orthu ach cuirtear cúram institiúide ar fáil do dhaoine scothaosta de ghnáth. Uaireanta déantar socruithe chun leanaí a bhfuil míchumais orthu a chur chuig campaí samhraidh. Is iad na limistéir áitiúla FSS a chuireann maoiniú ar fáil le haghaidh na socruithe sin agus ní bhíonn aon rud le híoc ag daoine aonair.
Is éard atá sa Deontas Cúraim Faoisimh ná íocaíocht bhliantúil airgid a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí le cúramóirí áirithe chun go bhféadfaidh siad iad a úsáid de réir mar is mian leo.
Íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí Deontas Cúraim Faoisimh i Meitheamh gach bliain le cúramóirí faoi leith. Íoctar é sa ghnáthchúrsa dóibh siúd a bhfuil Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúram Baile, Liúntas Freastail Leanúnaigh, nó Liúntas Gaoil Forordaithe á bhfáil acu.
Más rud é nach bhfuil tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí sin ní foláir:
Níl tú incháilithe má tá tú ag obair nó ag glacadh páirte i gcúrsaí oiliúna nó oideachais lasmuigh den bhaile ar feadh 15 uaire in aghaidh na seachtaine, má tá íocaíocht dífhostaíochta á fáil agat nó má tá tú ag síniú chun creidmheasanna dífhostaíochta a fháil. Ní bheidh tú incháilithe ach an oiread má tá tú i do chónaí in ospidéal, in ionad téarnaimh nó in institiúid den sórt sin.
Más rud é go bhfuil tú ag tabhairt aire do bhreis agus duine amháin íocfar deontas leat i gcás gach duine acu.
Is é €1,700 an Deontas Cúraim Faoisimh faoi láthair agus íoctar é i leith gach duine dá dtugann tú cúram. Níl sé inchánach.
Ní gá duit cur isteach ar Dheontas Cúraim Faoisimh má tá Liúntas
Cúramóra, Sochar Cúramóra, Liúntas Cúram Baile, Liúntas Freastail
Leanúnaigh, nó Liúntas Gaoil Forordaithe á fháil agat. Íocfar leat é sa
ghnáthchúrsa i Meitheamh gach bliain.
Más rud é nach bhfuil ceann de na híocaíochtaí sin á fháil agat ba
cheart duit Íoslódáil agus
comhlánaigh foirm RCG 1 (pdf). Más rud é go bhfuil tú ag tabhairt aire
do bhreis agus beirt ní mór duit foirm RCG 1(a)
(pdf) a chomhlánú i gcomhair gach duine breise agus í a
cheangal le d’fhoirm chomhlánaithe RCG 1.
Déan iarratas chuig Bainisteoir na Seirbhísí Míchumais i d’Oifig Sláinte Áitiúil agus/nó chuig eagraíocht dheonach a chabhraíonn le daoine a bhfuil an míchumas ábhartha sin orthu.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.