Is é FÁS atá freagrach faoi láthair as seirbhísí fostaíochta agus oiliúint gairme a sheachadadh do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas. An 1 Eanáir 2012, rinneadh seirbhísí fostaíochta agus cláir fostaíochta FÁS a aistriú chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí. Cuirfidh údarás nua breisoideachais agus oiliúna ar a dtugtar SOLAS oiliúint gairme ar fáil. Faoi láthair, cuirtear oiliúint gairme agus seirbhísí fostaíochta ar fáil ar bhonn comhtháite in ionaid oiliúna FÁS nó ag soláthróirí seirbhíse atá ar conradh ag FÁS. Sa mhullach ar scéim socrúchán poist, is ann do réimse de thacaíochtaí fostaíochta atá dírithe go sonrach ar dhaoine faoi mhíchumas. Ina measc seo tá an Scéim Fóirdheontas Tuarastail, deontais oiriúnaithe ionad oibre/oiriúnaithe trealaimh, an scéim fostaíochta faoi thacaíocht, deontais um ateangaire ag agallamh poist agus deontais um léitheoir pearsanta, mar aon le scéim fóirdheontais d’fhostóirí a chuireann oiliúint um fheasacht ar mhíchumas ar fáil dá bhfoireann.
Tá freagracht ar an Roinn Sláinte maidir le traenáil athshlánaithe (traenáil nach mbaineann leis an lucht oibre) agus le hobair shóisialta. Is faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá sé na seirbhísí seo a chur ar fáil. Don chuid is mór cuirtear traenáil athshlánaithe agus obair shóisialta ar fáil:
Díríonn traenáil athshlánaithe ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna saoil an duine, scileanna sóisialta agus bunscileanna oibre agus é mar aidhm cur le caighdeán saoil an duine agus lena c(h)umas ginearálta oibre.
Tá Stiúrthóirí Sheirbhísí Míchumais ceapaithe ag an FSS atá freagrach, i measc rudaí eile, as seirbhísí traenála athshlánaithe a sholáthar. Tá foirne de chomhairleoirí treoracha ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chuireann eolas, comhairle agus treoir ar fáil maidir le seirbhísí traenála agus obair shóisialta an bhoird sláinte.
Tugann obair shóisialta deis do dhaoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh in obair laethúil i láthair chosanta ina gcuirtear seirbhísí tacaíochta pearsanta ar fáil dóibh. Is féidir le daoine earraí a bhfuil luach trachtála acu a tháirgeadh.
Coinníonn daoine atá ag freastal ar thraenáil athshlánaithe agus ar cheardlanna sóisialta a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Liúntas Míchumais go hiondúil, agus íoctar liúntas traenála de €31.80 sa tseachtain leo chomh maith.
Bhí an liúntas seo le laghdú go dtí €20 sa tseachtain in Eanáir 2012, ach tá an ráta €31.80 á choimeád, ar feitheamh athbhreithnithe ar an tseirbhís.
Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Míchumais i d’Oifig Sláinte Áitiúil le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi oiliúint athshlánúcháin agus ar obair do dhaoine éislinneacha i do cheantar. Is féidir breis faisnéise ar sheirbhísí fostaíochta a fháil ó aon Oifig Seirbhísí Fostaíochta FÁS.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.