Ta dhá bhanc sonraí náisiúnta um mhíchumas ann - an Banc Sonraí um Mhíchumas Intleachtúil agus an Banc Sonraí um Mhíchumas Fisiceach agus Céadfach.
Tá sé mar aidhm ag an mBanc Sonraí um Mhíchumas Fisiceach agus Céadfach eolas a bhailiú ar na sainriachtanais sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta daoine atá faoi mhíchumas fisiceach nó céadfach. Déanann an Banc Sonraí monatóireacht ar sholáthar seirbhísí faoi láthair agus na riachtanais a bheidh ann do sheirbhísí as seo go ceann cúig bhliana. Bainfear úsáid as an eolas le forbairtí sna seirbhísí a phleanáil, le riachtanais seirbhíse a chur in ord tosaíochta agus le cúnamh a thabhairt cinneadh a dhéanamh maidir le acmhainní chur ar fáil ag leibhéal náisiúnta, réigiúnda agus áitiúil.
Cuireadh tús leis an mBanc Sonraí seo a chur le chéile sa bhliain 2001.
Déantar eolas a bhailiú ó dhaoine faoi mhíchumas fisiceach agus/nó céadfach a bhfuil sainsheirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta dhá fháil acu nó atá ag teastáil uathu faoi láthair agus don chúig bhliain amach anseo. Tá na daoine seo a leanas i dteideal a bheith ar an mBanc Sonraí:
Maidir le úsáideoirí seirbhísí teiripe teanga agus urlabhra bheadh daoine a bhfuil liopa agus carball scoilte, diospraicse, sain-neamhord teanga agus diagnóis trom (e.g., neamhlíofaíocht trom) orthu i dteideal a bheith ar an mBanc Sonraí seo.
Nuair atá daoine i dteagmháil leis na seirbhísí seo a leanas - teiripe shaothair, fisiteiripe, teiripe teanga agus urlabhra, teicneolaíocht chúnta agus altracht sláinte poiblí ar mhaithe le cúnamh agus trealamh teicniúil a fháil - is féidir na critéir scagtha seo a chur i bhfeidhm.
Daoine atá faoi mhíchumas intleachtúil atá domhan, trom nó measartha agus atá faoi mhíchumas fisiceach nó céadfach freisin is fearr iad sin a chlárú ar an mBanc Sonraí Náisiúnta um Mhíchumas Intleachtúil agus mar sin ní ceart iad a chur san áireamh ar an mBanc Sonraí Náisiúnta um Mhíchumas Fisiceach agus Céadfach. Má cheaptar go bhfuil cás ann nach bhfuil chomh soiléar sin moltar gur ceart taifead a dhéanamh ar an gcás agus é a chur in iúl don Oifigeach Acmhainní.
Déantar eolas a bhailiú agus a thaifead ar an duine go mbíonn 66 bliain d'aois bainte amach aige/aici.
Déanfar sonraí a bhaineann le daoine faoi mhíchumas fisiceach nó céadfach a bhaint den Bhanc Sonraí:
Baineann an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 agus an tAcht um Chosaint (Leasaithe) Sonraí, 2003 ar an ngnáthbhealach leis an eolas ar an mBanc Sonraí seo. Ciallaíonn seo, go hachomair, go bhfuil sé de cheart agat nó más páiste thú ag do thuismitheoir/caomhnóir:
An Comhordnóir Bhainc Sonraí i d' Oifig Sláinte Áitiúil.
Má tá gearáin agat agus ceapann tú go bhfuil eolas mícheart a bhaineann leatsa coinnithe ar aon ríomhacmhainn. ba chóir duit dul i dteagmháil le:
Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Laois
Éire
Uaireanta Oscailte:09:15-17:30
Teil:+353 57 868 4800
Lóghlao:1890 252231
Facs:+353 57 868 4757
Láithreán Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.