Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí Sláinte do Dhaoine Míchumasaithe > Banc Sonraí um Mhíchumas Intleachtúil

Print Page Send to a Friend

Banc Sonraí um Mhíchumas Intleachtúil

Eolas

Bunaíodh an Banc Sonraí um Míchumas Intleachta i 1995. Banc sonraí le heolas ar dhaoine atá ag fáil seirbhísí do mhíchumas intleachtúil atá ann nó de dhaoine a bhfuil na seirbhísí seo ag teastáil uathu. Tá sé mar aidhm ag an mbanc sonraí cinntiú go bhfuil eolas cruinn ar fáil maidir le riachtanais daoine faoi mhíchumas intleachtúil. Déantar seirbhísí a phleanáil agus a chomhordú bunaithe ar an eolas atá coinnithe ar an mbanc sonraí.

Banc Sonraí um Mhíchumas Fisiceach agus Céadfach freisin ann.

Rialacha

Tá an t-eolas ar an mbanc sonraí curtha le chéile ag daoine atá i dteagmháil le daoine faoi mhíchumas intleachtúil, mar shampla, soláthraithe seirbhísí, Oifigí Sláinte Áitiúla, eagraíochtaí deonacha, oibrithe cúraim phobail, altraí sláinte poiblí, príomhoidí scoileanna agus daoine eile a bhfuil baint acu le hoideachas. Tugtar an t-eolas don Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) - tá Comhordnóir Bhainc Sonraí ceapaithe ag gach Oifig Sláinte Áitiúil. Déantar ansin banc sonraí réigiúnda a chur le chéile ón eolas seo.

Cuirtear an Banc Sonraí náisiúnta le chéile ón mbanc sonraí réigiúnda. Ní bhíonn ainm an duine ná ainm a m(h)uintir ar an mBanc Sonraí náisiúnta. Déantar an Banc Sonraí náisiúnta a thabhairt suas chun dáta faoi dhó sa bhliain agus déantar athbhreithniú ar an eolas atá air cheana uair amháin sa bhliain. Bíonn an t-eolas seo coinnithe ar an mBanc Sonraí chomh fada agus a bhíonn na seirbhísí dhá chur ar fáil don duine nó chomh fada agus a bhíonn gá aige/aici leis na seirbhísí sin.

Déanann an Bord Taighde Sláinte anailís ar an eolas. Tá Coiste an Bhanc Sonraí um Mhíchumas Intleachta ag feidhmiú taobh istigh den Bhord Taighde Sláinte. Cuireann na staitisticí is déanaí in iúl (Aibreán 2007) go bhfuil 25,613 daoine cláraithe leis an mBanc Sonraí um Míchumas Intleachta (BSMI). Baintear úsáid as na sonraí:

  • Le monatóireacht a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí faoi láthair
  • Leis na seirbhísí a bheidh ag teastáil a mheas
  • Ar mhaithe le taighde.

Tá an t-eolas seo a leanas coinnithe ar an mBanc Sonraí:

  • Dáta breithe an té atá i gceist
  • An Limistéir FSS atá freagrach as an tseirbhís a sholáthar (an ceantar cúraim phobail agus ceantar pleanála san áireamh)
  • Gnéas an té atá i gceist
  • Leibhéal an mhíchumais intleachtúil atá ar an té atá i gceist
  • Na cineálacha príomhliúntais atá dhá íoc leis an té atá i gceist (Cárta Leighis, Liúntas Míchumais, Liúntas Cothabhála Athshlánaithe, Liúntas um Chúram Baile)
  • Soláthar seirbhísí don duine faoi láthair agus riachtanais seirbhíse an duine amach anseo
  • An cineál seirbhísí lae/cónaithe atá in úsáid ag an duine
  • An t-údarás atá ag soláthar na seirbhísí lae/cónaithe don té atá i gceist
  • An leibhéal maoirseachta atá dhá chur ar fáil ag na seirbhísí lae/cónaithe seo
  • Na seirbhísí lae/cónaithe a bheidh ag teastáil as seo go ceann cúig bhliana ag an té atá i gceist
  • An bhliain ina mbeidh na seirbhísí lae/cónaithe seo ag teastáil
  • An leibhéal maoirseachta a theastaíonn sna seirbhísí lae/cónaithe seo
  • Na pleananna cúltaca don tseirbhís lae/cónaithe agus leibhéal maoirseachta atá ag teastáil sna seirbhisí cúltaca seo
  • An dáta a thagann deireadh leis na seirbhísí riachtanacha don té atá i gceist
  • An dáta a thagann ainm an duine den Bhanc Sonraí agus an fáth atá leis.

Bíonn sonraí pearsanta, ainmneacha, seoltaí, sonraí teagmhála don ghaol is giorra agus Uimhir Phearsanta Aitheantais ar eolas ag an FSS ach ní bhíonn an t-eolas sin ar an mBanc Sonraí náisiúnta ná curtha ar fáil don Bhord Taighde Sláinte.

Fáil ar an mBanc Sonraí

Má bhíonn eolas maidir leat féin ar an mbanc sonraí is féidir leis na daoine seo a leanas teacht ar an eolas sin:

  • Tú féin, nó más páiste thú, do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí
  • Roinnt bheag daoine atá ag obair don soláthraí seirbhísí agus/nó an bord sláinte.

Bíonn an t-eolas staitistiúil ón mbanc sonraí, i.e., eolas nach n-aithníonn aon duine faoi leith ar fáil:

Tá Coiste ag gach Limistéar FSS a dhéanann cinneadh ar iarratais teacht ar an eolas staitistiúil ón mBanc Sonraí Réigiúnda agus sa chás is go bhfuil sé oiriúnach, a chuireann an t-eolas sin ar fáil.

Déanann Coiste Náisiúnta Bhanc Sonraí cinneadh ar iarratais teacht ar an eolas staitistiúil ón Banc Sonraí Náisiúnta agus sa chás is go bhfuil sé oiriúnach cuirtear an t-eolas seo ar fáil.

Foilsíonn Coiste Náisiúnta an Bhanc Sonraí um Mhíchumas Intleachtúil Tuairisc Bhliantúil ina bhfuil eolas maidir leis an leibhéal reatha soláthar seirbhísí ar fáil.

Cosaint Sonraí

Baineann an tAcht um Chosaint Sonraí 1988 agus an tAcht um Chosaint Sonraí (Leasú) 2003 ar an ngnáthbhealach leis an eolas ar an mBanc Sonraí seo. Ciallaíonn seo, go hachomair, go bhfuil sé de cheart agat nó más páiste thú ag do thuismitheoir/caomhnóir:

  • Cóip den eolas atá coinnithe fút ar an mbanc sonraí a bheith agat - is féidir é seo a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh le Comhordnóir an Bhainc Sonraí i do bhord sláinte
  • Aon eolas atá míchruinn a cheartú nó a bhaint den bhanc sonraí
  • Gearán a chur chuig an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí muna bhfuil do chuid cearta dhá chosaint.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

An Comhordnóir Bhainc Sonraí i d' Oifig Sláinte Áitiúil.

Má tá gearáin agat agus ceapann tú go bhfuil eolas mícheart a bhaineann leatsa coinnithe ar aon ríomhacmhainn. ba chóir duit dul i dteagmháil le:

An Coimisinéir Cosanta Sonraí

Teach na Canála
Bóthar an Stáisiúin
Cúil an tSúdaire
Laois
Éire

Uaireanta Oscailte:09:15-17:30
Teil:+353 57 868 4800
Lóghlao:1890 252231
Facs:+353 57 868 4757
Láithreán Gréasáin: http://www.dataprotection.ie
R-phost: info@dataprotection.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 20 May 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.