Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil, fisiciúil agus le míchumas céadfaíoch nó le huathachas. Tá bunsheirbhísí sláinte i gceist leis na seirbhísí seo chomh maith le measúnú, athshlánú, cothú ioncaim, cúram pobail agus cúram cónaithe.
Cuireann an FSS seirbhísí áirithe ar fáil go díreach. Tá roinnt seirbhísí soláthar ag eagraíochtaí nó ag grúpaí deonacha thar ceann FSS. Is mór an difríocht idir leibhéal na seirbhísí atá ar fáil ar fud na tíre.
Tá Bainisteoirí Sheirbhísí Míchumais ceapaithe ag na (FSS) Limistéar le comhordnú a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.
Tá daoine faoi mhíchumas i dteideal seirbhísí ginearálta sláinte ar an mbunús céanna le gach duine eile. I measc na seirbhísí seo tá:
Tá réimse seirbhísí chúram pobail a bhfuil daoine faoi mhíchumas ina dteideal. I go leor cásanna bíonn túsáite acu do na seirbhísí seo. Is iad seo a leanas na seirbhísí cúraim phobail chuí:
Tá daoine faoi mhíchumas i dteideal réimse iomlán íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar an mbunús céanna le gach duine eile. Tá íocaíochtaí leasa shóisialaigh faoi leith atá dírithe go speisialta ar dhaoine faoi mhíchumas:
Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) roinnt íocaíochtaí ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas:
Is é FÁS an t-údarás náisiúnta a sholáthraíonn traenáil ghairmiúil do dhaoine faoi mhíchumas. Tá seribhísí traenála gairmiúla do dhaoine faoi mhíchumas curtha ar fáil ag FÁS ar bhonn comhtháithe. Soláthraíonn FÁS réimse tacaíochtaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas freisin. Ina measc tá deontais athchóirithe, traenáil le fostóirí a chur ar an eolas maidir le míchumas agus deontais le hoibrithe a choinneáil má thagann míchumas orthu ina saoil oibre. Tá an réimse iomlán tacaíochtaí le filleadh ar an obair ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas ina measc scéimeanna fostaíochta pobail agus scéimeanna faoin eacnamaíocht sóisialta.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as traenáil athshlánaithe nach bhfuil baint díreach aige leis an margadh saothair. Is féidir leis an FSS nó leis an soláthraí traenála Liúntas Traenála Athshlánaithe a íoc le daoine atá ag fáil traenáil athshlánaithe. Thóg an FSS na cúraimí seo orthu féin ó mhí Iúil 2000 nuair a déanadh príomhshruthú ar sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas. Roimhe sin b'é an Bord Náisiúnta Athshlánaithe a d'eagraigh traenáil athshlánaithe. Tá an FSS freagrach freisin as obair shóisialta a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas nó as socruithe a dhéanamh leis an obair sin a sholáthar.
Tá páistí suas go dtí 18 bliana d'aois i dteideal seirbhísí oideachais. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna freagrach as seirbhísí oideachais. Tá socruithe faoi leith i bhfeidhm do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Forálann an tAcht um Oideachas Do Dhaoine le Riachtanais Speisialta Oideachais 2004 (pdf) d’oideachas do dhaoine faoi bhun 18 a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu. Díríonn an tAcht go príomhúil ar oideachas leanaí ach tá tagairtí ann do bhreisoideachas agus d’oideachas aosach.
Téann soláthar seirbhísí oideachais do pháistí faoi mhíchumas i bpáirt le soláthar seirbhísí tacaíochta sláinte do pháistí faoi mhíchumas. Go minic níl sé éasca idirdhealú a dhéanamh idir na seirbhísí sin. I measc na seirbhísí seo tá teiripe teanga agus urlabhra agus teiripe shaothair agus seirbhísí síceolaíochta agus is iondúil go gcuirtear na seirbhísí seo ar fáil ar bhonn for-rochtaine do pháistí atá in aois scoile.
Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí síceolaíochta do dhaoine faoi mhíchumas foghlama agus le huathachas. Cuireann an tSeirbhís Náisiúnta Oideachais Síceolaíochta, eagras den Roinn Oideachais agus Scileanna, seirbhísí síceolaíochta ar fáil freisin.
D'fhéadfadh sé go mbeadh cúram cónaithe fadthéarmach curtha ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas nach féidir leo cónaí ag baile. D'fhéadfadh sé go mbeadh an cúram seo curtha ar fáil go díreach ag FSS nó ar a son ag eagraíochtaí deonacha, a fhaigheann formhór a gcuid airgid ó na FSS.
D'fhéadfadh sé go mbeadh cúram curtha ar fáil in ionad cónaithe nó i dtithe pobail le tuimitheoirí tí agus tacaíochtaí eile.
Tá roinnt daoine faoi mhíchumas in ospidéil phoiblí agus i dtithe altranais phríobháideacha. Tá roinnt daoine faoi mhíchumas in ospidéil síciatracha ach glactar leis nach bhfuil sé seo feiliúnach agus tá clár leanúnach ann le socrúcháin níos feiliúnaí a sholáthar don ghrúpa daoine seo.
Cuireann eagraíochtaí deonacha cuid mhaith de na seirbhísí sláinte do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil, le tacaíocht airgid don chuid is mó ó FSS. Tá réimse eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla a chuireann seirbhísí ar fáil. Tá brateagraíochtaí ann do dhaoine faoi mhíchumas fisiciúil agus intleachtúil nó le huathachas agus grúpaí tacaíochta do dhaoine atá ag fulaingt ó ghalair faoi leith. Bíonn formhór na n-eagraíochtaí seo i mbun feachtais le cearta daoine faoi mhíchumas a bhaint amach. Tá roinnt eagraíochtaí ann atá dírithe go hiomlán ar chearta daoine faoi mhíchumas a chur chun cinn.
Is féidir eolas cuimsitheach ar na heagraíochtaí ar fad a fháil sa Treoirleabhair d'Eagraíochtaí Deonacha in Éirinn (pdf), atá curtha i gcló ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus atá ar fáil i gcruachóip agus ar an Idirlíon ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.
Go bliantúil foilsíonn an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh bileog agus eolas ann ar na seirbhísí uilig atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.