Forálann an tAcht um Míchumas, i measc nithe eile, go ndéanfar measúnú ar riachtanais dhaoine faoi mhíchumas agus go ndréachtófar ráitis seirbhíse ina ndiaidh.
Is iad oifigigh measúnaithe atá ina n-oifigigh neamhspleácha de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a dhéanann nó a eagraíonn an measúnú ar riachtanais do dhaoine faoi mhíchumas. I ndiaidh an mheasúnaithe, déanann oifigeach idirchaidrimh, atá ina oifigeach neamhspleách de chuid FSS chomh maith, ráiteas seirbhíse a dhréachtú. Tá meicníocht gearán agus achomharc neamhspleách ann do dhaoine nach bhfuil sásta leis an measúnú, leis an ráiteas seirbhíse nó leis an soláthar seirbhísí ina dhiaidh.
Faoi láthair níl ach leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois i dteideal measúnaithe.
Tá an tÚdarás um Cháilíocht agus Eolas Sláinte (ÚCES) tar éis caighdeáin a ghlacadh don mheasúnú ar riachtanais.
Anseo déanaimid cur síos ar an mbealach ina bhfuil na forálacha um measúnú ar riachtanais á gcur i bhfeidhm. Bainfidh na rialacha le gach measúnú cé nach mbaineann siad ach le leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois faoi láthair.
Caithfidh gach cuid den phróiseas, lena n-áirítear iarratais, freagraí
agus comhfhreagras idir FSS agus an
Chomhairle Náisiúnta ar Oideachas Speisialta (CNOS), a bheith i
scríbhinn; ciallaíonn sé seo gur féidir teacht ar na doiciméid seo faoin
reachtaíocht maidir le saoráil faisnéise nó cosaint sonraí. Ciallaíonn
sé chomh maith go mbeidh sé níos éasca teacht ar fhaisnéis faoi
riachtanais dhaoine faoi mhíchumas agus na seirbhísí a gcuirtear ar fáil
dóibh. Tá sé de dhualgas ar FSS taifid a choimeád ar mheasúnuithe agus
sheirbhísí. Gach bliain tá ar FSS tuarascáil a thiomsú ar na riachtanais
go léir a aithníodh sna tuairiscí ar mheasúnuithe agus ar an amscála
idéalach inar chóir na riachtanais sin a chomhlíonadh.
Cé atá i dteideal measúnaithe
Tá tú i dteideal measúnú ar riachtanais má cheapann tú go bhfuil míchumas ort. Tá míchumas ort má tá srianadh suntasach ar do chumas gníomhú i ngairm, i ngnó nó i bpost nó páirt a ghlacadh sa saol sóisialta nó cultúrtha toisc lagú fisiceach, céadfach, intinne nó intleachtach seasmhach a bheith ort.
Deir an reachtaíocht maidir le míchumas go gciallaíonn “srianadh suntasach” go bhfuil srianadh buan ort nó ar chosúil go mbeidh sé buan, agus go mbíonn deacracht agat le cumarsáid, foghlaim nó gluaiseacht, nó go bhfuil próisis chognaíocha agat a bhfuil mí-ord suntasach orthu, mar thoradh air sin agus go gciallaíonn sé sin go bhfuil seirbhísí leanúnacha de dhíth ort nó, i gcás linbh, go bhfuil seirbhísí de dhíth ort sna luathbhlianta le feabhas a chur ar an míchumas.
Tá FSS ag iarraidh daoine a spreagadh chun iarratas a cur isteach má cheapann siad go bhfuil míchumas orthu áfach, seachas iad a bheith in ann é a shainmhíniú faoin reachtaíocht maidir le míchumas.
Measúnú a fháil
Ní mór duit iarratas a chur chuig FSS i scríbhinn (trí do Oifig Sláinte Áitiúil, ag baint úsáide as an bhfoirm iarratais oifigiúil) agus caithfidh FSS a admháil go bhfuarthas d’iarratas laistigh de 14 lá. Ní mór go mbeadh an dáta ar a dtosóidh an measúnú luaite ar an admháil seo. Forálann an tAcht go gcaithfear an measúnú a thosú laistigh de thrí mhí ón dáta a fhaightear an t-iarratas agus go gcaithfear é a chur i gcrích gan aon mhoill mhíchuí - ach níl aon teorainn ama ar leith dá chur i gcrích. Forálann na rialacháin seo, áfach, go bhfuil ar FSS an measúnú a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ach amháin i gcásanna eisceachtúla. Má bhíonn moill i gceist leis an measúnú a chur i gcrích caithfear an chúis a mhíniú duit agus amscála a thabhairt duit dá chur i gcrích.
Athbhreithnithe
Baineann an méid seo a leanas go ginearálta le measúnuithe ar riachtanais ach níl sé i bhfeidhm fós. D’fhéadfaí measúnú FSS a dhiúltú duit má rinneadh measúnú dá leithéid ort cheana féin agus mura bhfuil an tréimhse athbhreithnithe éagtha fós nó, má tá tú i do leanbh, agus rinneadh measúnú ort sna 12 mhí roimhe sin. D’fhéadfá measúnú nua a iarraidh áfach, má tá athrú tagtha ar do chúinsí nó má tá faisnéis bhreise le fáil anois nó má mheasann tú go raibh dearmad fíorais i dtuairisc an mheasúnaithe.
Má tá measúnú á dhéanamh ort cheana nó má rinneadh measúnú ort faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu (nach bhfuil i bhfeidhm fós maidir le measúnuithe ar riachtanais) ní bheidh tú i dteideal mheasúnú FSS de ghnáth. Má thaispeánann an measúnú oideachais go bhfuil seirbhísí sláinte de dhíth ort, caithfear é a chur chuig FSS ar mhaithe le ráiteas seirbhíse a dhréachtú.
An measúnú a dhéanamh
Tá FSS tar éis oifigigh mheasúnaithe a cheapadh atá neamhspleách agus iad ag comhlíonadh a gcuid feidhmeanna. Tá siad bunaithe in Oifigí Sláinte Áitiúla agus d’fhéadfaidís cabhrú leat an fhoirm iarratais a chomhlánú agus pé fhaisnéis atá ag teastáil uait a thabhairt duit. Is féidir leis na hoifigigh mheasúnaithe an measúnú a dhéanamh iad féin nó údarú a thabhairt d’fhostaithe eile de chuid FSS nó daoine eile a bhfuil taithí chuí acu chun é a dhéanamh. Tugtar measúnóirí ar na daoine seo. Tá forálacha ann maidir le comhoibriú agus maidir le chomhordú idir an próiseas measúnaithe seo agus na socruithe chun measúnú a dhéanamh ar riachtanas oideachais faoin Acht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais Acu 2004.
Caithfear an measúnú a dhéanamh de réir na gcaighdeán arna nglacadh ag an Údarás um Cháilíocht agus Eolas Sláinte (ÚCES). Pléann na caighdeáin seo le raon saincheisteanna, lena n-áirítear imréiteach an Gharda Síochána do na daoine a dhéanann an measúnú, faisnéis shoiléir agus inrochtana a sholáthar d’iarrthóirí agus dá n-ionadaithe agus déileáil le faisnéis rúnda.
Is í aidhm an mheasúnaithe ná cinneadh a dhéanamh maidir leis na riachtanais sláinte agus oideachais atá agat de bharr do mhíchumais agus maidir leis na seirbhísí atá de dhíth ort chun na riachtanais sin a chomhlíonadh. Cuimsíonn seirbhísí sláinte seirbhísí sóisialta pearsanta agus áirítear iontu sin seirbhísí arna gcur ar fáil ag FSS go díreach agus seirbhísí arna gcur ar fáil ar son FSS (is iad comhlachtaí deonacha a chuireann mórán de na seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas intleachta ar fáil ar son FSS).
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle Náisiúnta ar Oideachas Speisialta (CNOS) cabhrú le FSS le measúnuithe ar riachtanais a dhéanamh ar dhaoine fásta a bhfuil míchumais orthu agus le ráitis seirbhíse a ullmhú. I gcás leanaí, má aithníonn an measúnú go bhfuil gá le seirbhísí oideachais, ní mór don oifigeach measúnaithe an cás a chur ar aghaidh go dtí an soláthraí seirbhíse oideachais (scoil de ghnáth) nó chuig an CNOS.
Aithníonn an measúnú do chuid riachtanas féin. Ní thógann sé san áireamh na costais a bhaineann leis na seirbhísí sin a chur ar fáil nó cibé an bhfuil acmhainní ann faoi láthair chun seirbhísí a sholáthar leis na riachtanais a chomhlíonadh.
Do ról sa mheasúnú
D’fhéadfadh an t-oifigeach measúnaithe agallamh a chur ort agus ar do thuismitheoir, chaomhnóir, ionadaí dlí nó abhcóide pearsanta. Má tharlaíonn agallamh, ní mór don oifigeach measúnaithe an chúis leis an agallamh a mhíniú duit nó do do thuismitheoir nó chaomhnóir mura mbeadh sé seo dochrach do do shláinte mheabhrach, fholláine nó riocht mothúchánach nó mura mbeadh sé míchuí maidir le d’aois nó nádúr do mhíchumais Ní mór don oifigeach measúnaithe a chinntiú gur féidir leat an próiseas a thuiscint chomh fada agus is féidir.
Tuairisc ar an measúnú
Nuair atá an measúnú curtha i gcrích, scríobhann an t-oifigeach measúnaithe tuairisc ar an measúnú agus tugann sé/sí duit, do FSS agus don CNOS, más cuí, í (faigheann tú an ráiteas seirbhíse (féach thíos) ag an am céanna). Leagann an tuairisc ar an measúnú amach cibé an bhfuil míchumas ort nó nach bhfuil agus má tá, leagann sé amach:
Ráitis seirbhíse
Mar a luadh cheana féin, tógann an measúnú ar riachtanais do chuid riachtanas faoi deara - ní phléann sé cibé an féidir na riachtanais sin a chomhlíonadh nó nach féidir. Tugann an ráiteas seirbhíse aird ar cibé an féidir na riachtanais sin a chomhlíonadh agus conas is féidir a leithéid a dhéanamh. Mar sin, ní thugann an measúnú ar riachtanais aird ar na hacmhainní atá ar fáil ach déanann an ráiteas seirbhíse é seo.
Tá FSS tar éis oifigigh idirchaidrimh a cheapadh chun ráitis seirbhíse a dhréachtú. Tá an ráiteas seirbhíse bunaithe ar an tuairisc ar an measúnú agus leagann sé amach na seirbhísí sláinte agus oideachais a gcuirfear ar fáil duit agus an fad a thógfaidh sé chun iad a sholáthar. D’fhéadfadh an t-oifigeach idirchaidrimh cabhair a lorg ó chomhlachtaí eile, lena n-áirítear an CNOS, agus an ráiteas seo á dhréachtú aige/aici. I gcás leanaí faoi bhun cúig bliana d’aois, ní phléann an ráiteas seirbhíse seirbhísí oideachais.
Nuair atá an ráiteas seirbhíse á dhréachtú aige/aici, ní mór don oifigeach idirchaidrimh roinnt fachtóirí a thabhairt ar aird. Ina measc siúd, tá:
Is féidir leis an oifigeach idirchaidrimh leasú a dhéanamh ar ráiteas seirbhíse má thagann athrú ar na cúinsí.
Ní mór don oifigeach idirchaidrimh an ráiteas seirbhíse a chur i gcrích laistigh de mhí ón dáta a fhaightear an tuairisc ar an measúnú. Tugtar cóip den ráiteas seirbhíse duit le do thuairisc ar an measúnú. Tugtar cóip do FSS, don CNOS agus don soláthraí seirbhíse oideachais chomh maith más cuí.
Sonraíonn na rialacháin go gcaithfear an ráiteas seirbhíse a scríobh i mbealach soiléir agus atá éasca le tuiscint agus ní mór dó na nithe seo a leanas a lua:
Seachadadh Seirbhísí
I ndiaidh don ráiteas seirbhíse a bheith dréachtaithe, ansin eagraíonn
an t-oifigeach idirchaidrimh seachadadh na seirbhísí leis na soláthraithe
seirbhíse éagsúla. Chun é seo a dhéanamh, d’fhéadfadh an t-oifigeach
idirchaidrimh cóip den ráiteas seirbhíse a sheoladh chuig comhlacht poiblí
ábhartha má aontaíonn tú lena leithéid (nó má aontaíonn duine de na
daoine atá i dteideal iarratas a dhéanamh ar mheasúnú ar riachtanais ar do
shon lena leithéid). Ansin bíonn ar an gcomhlacht poiblí atá i gceist dul i
gcumarsáid leat (nó le d’ionadaí) nó leis an oifigeach idirchaidrimh
d’fhonn soláthar na seirbhísí a éascú. Go fireannach, tá an dualgas ar
chomhlachtaí poiblí teacht chugat le seirbhísí seachas é a bheith ort dul
i dteagmháil leo.
Tá nós imeachta neamhspleách gearán agus achomharc ann i leith phróiseas an mheasúnaithe ar riachtanais. Is é atá sa chéad cheann ná córas gearán neamhspleách ach inmheánach de chuid FSS agus oifigeach achomhairc seachtrach atá sa dara ceann.
Is féidir leat gearán a dhéanamh le FSS maidir le ceann ar bith díobh seo a leanas:
Caithfear gearáin a dhéanamh laistigh de thrí mhí. D’fhéadfadh an t-oifigeach gearán an gearán a dhíbhe toisc é a bheith suaibhreosach nó cráiteach ach caithfidh sé/sí cúiseanna a thabhairt i scríbhinn lena leithéid a dhéanamh. I mórán cásanna, d’fhéadfadh an t-oifigeach iarracht a dhéanamh an gearán a réiteach i mbealach neamhfhoirmiúil. Má theipeann air/uirthi a leithéid a dhéanamh nó mura oireann réiteach neamhfhoirmiúil don tsaincheist, déanann an t-oifigeach gearán imscrúdú foirmiúil ar an ngearán. Caithfear éisteacht leat agus leis na daoine eile lena mbaineann, mar shampla, an t-oifigeach measúnaithe nó an t-oifigeach idirchaidrimh nó na soláthraithe seirbhíse éagsúla, agus caithfear deis a thabhairt duit agus dóibh siúd go léir fianaise a chur i láthair. Ní mór don oifigeach gearán tuairisc a eisiúint a bhfuil torthaí agus moltaí san áireamh inti. Nuair atá gearán á mheas aige/aici, ní mór don oifigeach gearán breathnú ar na fachtóirí a gcaithfidh an t-oifigeach idirchaidrimh iad a thabhairt ar aird agus an ráiteas seirbhíse á dhréachtú aige/aici; ciallaíonn sé seo go gcaithfear na hacmhainní airgeadais agus eile a thabhairt ar aird. Caithfear imeachtaí gearán a thionól go príobháideach.
Oifigeach achomhairc
Táthar tar éis oifigeach achomhairc neamhspleách a cheapadh. Is féidir leat nó le d’ionadaí achomharc a chur chuig an oifigeach achomhairc i gcoinne:
Ní mór duit nó do d’ionadaí achomharc a dhéanamh laistigh de sé seachtaine. D’fhéadfadh an t-oifigeach achomhairc oifigigh idirghabhála a cheapadh a dhéanfadh iarracht réiteach a idirghabháil. Ní féidir é seo a dhéanamh mura n-aontaíonn tú leis áfach. Mura bhfuil idirghabháil á húsáid nó mura n-éiríonn léi, ní mór don oifigeach achomhairc éisteacht leat agus leis na páirtithe eile lena mbaineann agus tá sé de rogha aige/aici cibé an mbeidh éisteacht ó bhéal ann nó nach mbeidh. Is cosúil go gciallaíonn sé seo go mbeidh ar an oifigeach achomhairc tú féin agus na soláthraithe seirbhíse a chur faoi agallamh ach ní gá go dtarlódh sé seo agus an bheirt agaibh ann ag an am céanna. Caithfear éisteacht ó bhéal a thionól go príobháideach, más ann di. D’fhéadfadh an t-oifigeach achomhairc iarradh ar an oifigeach measúnaithe nó ar an oifigeach idirchaidrimh tuilleadh fiosruithe a dhéanamh. Beidh raon cumhachtaí ag an oifigeach achomhairc lena n-áireofar an chumhacht chun iallach a chur ar dhuine doiciméid a sholáthar, iarratas a chur chuig an gCúirt Dúiche le haghaidh barántas cuardaigh agus iallach a chur ar dhaoine bheith i láthair agus fianaise a thabhairt.
Beidh cinneadh an oifigigh achomhairc i scríbhinn agus seolfar chugat agus chuig na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann é. Is féidir leat achomharc a chur chuig an Ard-Chúirt maidir leis an gcinneadh ar phointe dlí.
Forfheidhmiú cinntí maidir le hachomhairc agus gearáin
Má theipeann ar FSS nó ar an soláthraí seirbhíse oideachais cinneadh an oifigigh achomhairc nó an réiteach ar a aontaíodh sa phróiseas idirghabhála achomharc nó moladh oifigigh ghearáin (áit nach ndearnadh achomharc ina leith) a chur i bhfeidhm laistigh de thrí mhí, is féidir leat nó le d’ionadaí nó leis an oifigeach achomhairc iarratas a chur chuig an gCúirt Chuarda ag lorg ordaithe ag tabhairt treorach dá fhorfheidhmiú.
Tá FSS agus na soláthraithe seirbhíse oideachais i dteideal achomharc a
dhéanamh chuig an oifigeach achomhairc chomh maith i gcoinne thoradh nó
mholadh an oifigigh ghearáin.
Má cheapann tú go bhfuil míchumas ort is féidir leat iarratas a chur (i scríbhinn) chuig FSS le haghaidh measúnaithe. Mura bhfuil tú in ann d’aigne a dhéanamh suas tú féin agus má cheapann daoine áirithe go bhfuil míchumas ort is féidir leo iarratas a chur isteach ar mheasúnú sa bhealach céanna. Mar rogha air sin, d’fhéadfadh oifigigh FSS iarratas dá leithéid a shocrú nó d’fhéadfadh siad iarradh ar FSS an measúnú a dhéanamh. Is iad na daoine ar féidir leo iarratas a dhéanamh ar do shon ná céilí, tuismitheoirí, gaolta, caomhnóirí, ionadaithe dlí agus abhcóidí pearsanta. I gcás leanaí faoi bhun cúig bliana, is é an tuismitheoir nó caomhnóir a chuireann an t-iarratas isteach (nó FSS má tá an leanbh faoi chúram).
Is féidir foirmeacha iarratais a fháil ó dhochtúirí ginearálta,
chógaslanna, ospidéil agus Oifigí
Sláinte Áitiúla nó téigh i dteagmháil le líne faisnéise FSS: 1850
24 1850.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.