Tá an fhéidearthacht ann go bhfaighfeá faoiseamh cánach ar tháillí theach altranais má íocann tú cáin ioncaim.
Is féidir faoiseamh cánach ar tháillí teach altranais a éileamh faoin gnáthscéim faoiseamh cánach do chostais leighis faoi leith. Is féidir faoiseamh a fháil ar dhaoine a chothú san ospidéal nó i dteach altranais aitheanta. Tá an chuid is mó tithe altranais aitheanta ar son faoiseamh cánach. Tá liosta de na hospidéil agus na tithe altranais atá ceadaithe le haghaidh faoisimh chánach ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Áirítear cothú nó cóireáil i dteach altranais le cothú nó cóireáil in ospidéal. Má tá tú ag íoc na dtáillí don teach altranais, féadfaidh tusa an faoiseamh cánach a fháil - cibé an bhfuil tú sa teach altranais tú féin nó ag íoc as duine eile atá ann. Bhí sé riachtanach roimh 2007 go mbeadh an duine seo gaolmhar leat nó mar chleithiúnach agat.
Is féidir le hothar fad-théarmach i dteach altranais a íocann cáin faoin gcóras ÍMAT iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar na costais mar chuid dá c(h)reidmheasanna cánacha féin. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó bhileog eolais na gCoimisinéirí Ioncaim Faoiseamh Cánach ar Chostais Leighis.
Ba cheart duit cur isteach ar an bhfaoiseamh cánach chomh luath is a thosaíonn tú ag íoc tháillí theach altranais, de bharr gur féidir an faoiseamh cánach a fheidhmiú don bhliain chánach reatha.
Má tá duine faoi éagumas fisiciúil nó intleachtúil buan is féidir liúntas cánach suas go dtí €50,000 a fháil i dtreo na gcostas a bhaineann le cúramóir a fhostú le breathnú i ndiaidh an duine faoi éagumas. Is féidir leis an duine faoi éagumas féin nó le gaol, gaol pósta san áireamh, an faoiseamh cánach seo a éileamh.
Tá an creidmheas cánach seo ar fáil má tá tú ag cothú aon duine acu seo a leanas:
Is é €70 an t-uasmhéid atá ar fáil mar Chreidmheas Cánach ar son Gaoil Chleithiúnaigh. Níl aon chreidmheas cánach ar fáil má tá ioncam an ghaoil chleithiúnaigh sa bhliain 2011 níos mó ná €13,873.
Ní gá níos mó duit a bheith i dteideal creidmheas cánach ar son gaoil cleithiúnaigh le costais leighis a éileamh ar son an gaoil chleithiúnaigh sin.
Tá an Creidmheas Cánach do Ghaolta Cleithiúnacha á chéimniú amach, ag tosú ón mbliain 2011.
Is féidir fós cúnant a chur ar fáil do dhaoine atá ós cionn 65 nó do dhaoine atá faoi éagumas buan.
Cáipéis dleathúil é Gníomhas Cúnaint ina dtugann duine amháin suim faoi leith airgid do dhuine eile gach bliain. Tá sé mar bhuntáiste nach gá don té a thugann an t-airgead aon cháin a íoc air. Tugtar an t-airgead do dhuine nach bhfuil ioncam inchánaithe aige/aici nó a íocann cáin ag ráta níos ísle cánach ná an té a thugann an t-airgead.
Cé gur cáipéis dleathúil í seo ní gá dul chuig dlíodóir le cúnant a chur le chéile. Tá foirm chaighdeánach ar fáil ón Oifig Chánach nó d'fhéadfadh an fhoirm a bheith ag an mbanc. Ní mór don chúnant a bheith in ann seasamh ar feadh sé bliana. Ní féidir leis an té a thugann an t-airgead deireadh a chur leis an gcúnant é/í féin ach is féidir leis an dá pháirtí aontú le deireadh a chur leis. Is féidir deireadh a chur leis roimh don sé bhliain a bheith istigh ach is cuma an fhad agus go raibh an socrú in ann seasamh ar feadh sé bliana nuair a déanadh é.
Níl faoiseamh cánach ar fáil ar an gcuid is mó cúnant, seachas cúnaint ar son seandaoine (ós cionn 65) daoine faoi éagumas buan, íocaíochtaí cothabhála idir céilí, taighde agus teagasc eolaíochtaí nadúrtha agus ar son eagraíochtaí aitheanta cearta daonna. Baineann teorainn ioncaim 5% leis an gcuid is mó cúnant, seachas cúnaint a bhaineann le daoine atá faoi éagumas buan agus ar son íocaíochtaí cothabhála idir céilí. Tá tuilleadh eolais faoin chúnaint ar fáil anseo.
Sa bhliain 2006 is é 70 euro an t-uasmhéid atá ar fáil mar Chreidmheas Cánach ar son Gaoil Chleithiúnaigh.
Tá eolas breise ar fáil ó bhileoga eolais na gCoimisinéirí Ioncaim IT 45 Creidmheasanna Cánacha agus Faoisimh dóibh siúd atá ós cionn 65 agus IT46 Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh, atá ar fáil freisin ón oifig chánach, ó shuíomh idirlín na gCoimisinéirí Ioncaim nó ó sheirbhís foirmeacha agus bileoga na gCoimisinéirí Ioncaim ag Lo Call 1890 306 706.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.