Is é an tÚdarás um Cháilíocht agus Eolas Sláinte atá freagrach as gach seirbhís cúraim chónaithe i gcomhair daoine scothaosta a chlárú agus as cigireacht a dhéanamh orthu. Ní mór do sheirbhísí caighdeáin airithe atá leagtha síos sa reachtaíocht a shásamh agus áirítear leo rialacha maidir le caighdeán na cóiríochta agus an chúraim.
Tá na seirbhísí go léir lena n-áirítear tithe altranais idir phoiblí, phríobháideach agus dheonach faoi réir an cheanglais seo maidir le clárú agus cigireacht neamhspleách.
Féadfaidh tú cláir na n-ionad cónaithe do dhaoine scothaosta agus na tuarascálacha cigireachta reatha a scrúdú ar láithreán gréasáin ÚCES.
Bhíodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freagrach as clárú agus cigireacht a dhéanamh ar sheirbhísí cúraim chónaithe idir phríobháideach agus dheonach go dtí Iúil 2009 agus as tuarascálacha cigireachta go dtí an dáta sin a chur ar fáil.
Ní cheadaítear do sheirbhísí feidhmiú mura mbíonn siad cláraithe ag ÚCES agus déantar cigireacht orthu go rialta le cinntiú go gcuireann siad cúram ardchaighdeáin ar fáil i gcónaí.
Déanann ÚCES cigireacht ar sheirbhísí cónaithe agus athchláraíonn sé gach ionad gach trí bliana. Bíonn cigireachtaí gan choinne agus cigireachtaí réamhfhógartha i gceist. Déantar iad i rith an lae agus san oíche, sa tráthnóna agus i rith an deireadh seachtaine.
Córas neamhspleách amach agus amach atá sa phróiseas cláraithe agus cigireachta agus foilsítear tuarascálacha tar éis gach cigireachta. Cuireann na cigireachtaí sin faisnéis ar fáil do na cónaitheoirí féin, dá dteaghlaigh agus don phobal i gcoitinne faoi chaighdeán an chúraim sna hionaid éagsúla.
Is é seo a leanas an reachtaíocht maidir le clárú agus cigireacht na seirbhísí cúraim chónaithe i gcomhair daoine scothaosta:
Is é an aidhm atá leis na Caighdeáin Náisiúnta Cáilíochta um Ionaid Cúraim Chónaithe do Dhaoine Scothaosta in Éirinn (pdf) ná cabhrú lena chinntiú go ndéantar freastal ar riachtanais daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht chónaitheach. Lena chois sin tá treoir maidir leis na caighdeáin (guide to the standards (pdf) agus bileog eolais maidir le clárú agus cigireacht (leaflet on registration and inspection) (pdf) ar fáil.
Tá 32 caighdeán i gceist agus iad curtha in eagar i 7 rannán;
Cearta cónaitheoirí
Áirítear leo sin go mbeadh tú in ann faisnéis agus comhairle a
fháil, go spreagfaí tú do thuairimí a nochtadh, go mbeadh ceart toilithe
agat maidir le cóireáil agus cúram, ceart a bheith agat conradh i scríbhinn
a dhéanamh srl.
Cosaint cónaitheoirí
Áirítear leis sin cosaint ar bhulaíocht agus ar mhí-úsáid eile
agus cosaint maidir leis an gcaoi a láimhseáiltear do chuid airgid.
Riachtanais sláinte agus cúraim shóisialta
Áirítear leo siúd go ndéanfaí measúnú ar do shláinte, ar do
riachtanais phearsanta agus ar do riachtanais maidir le cúram sóisialta agus
ar a bhfuil á dhéanamh agat féin maidir le do phlean cúraim.
Cáilíocht na beatha
Áirítear leis sin go mbeadh rogha agat faoi do shaol agus iad faoi
do thoil agat, agus rogha agat faoi do neamhspleáchas agus faoi theagmháil le
cuairteoirí.
Foireann
Áirítear leis seo cáilíochtaí na mball foirne agus go ndéanfaí
grinnfhiosrúchán agus maoirsiú orthu.
An timpeallacht chúraim
Áirítear leis seo an timpeallacht fhisiciúil, a bheith in ann dul
amach faoin aer, sláinteachas agus earraí pearsanta.
Bainistiú agus rialachas
Áirítear leo sin beartais agus nósanna imeachta a bhaineann le
sábháilteacht agus le leas cónaitheoirí agus ráiteas i scríbhinn ag cur
síos ar an tseirbhís a chuirtear ar fáil san ionad.
Baineann na caighdeáin thuas go léir le haonaid ina dtugtar aire do dhaoine a bhfuil néaltrú orthu ach go bhfuil critéir bhreise i gceist sa chás sin. Baineann siad sin le;
Tríd is tríd ní bhaineann na caighdeáin seo le seirbhísí cúraim do dhaoine faoi mhíchumas. Baineann siad, áfach, leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil do chónaitheoirí níos óige atá faoi mhíchumas, a bhfuil riachtanais sonracha acu agus a cuireadh in ionaid chúraim chónaithe do dhaoine scothaosta.
D’fhoilsigh ÚCES Caighdeáin Náisiúnta Cáilíochta um Sheirbhísí Cónaithe do Dhaoine faoi Mhíchumas ach níl aon bhonn reachtúil acu go fóill. Tá FSS tiomanta do chur i bhfeidhm na gcaighdeán ar bhonn neamhreachtúil, trí leas a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil.
Má tá imní ortsa, nó ar bhall do theaghlaigh, nó ar dhuine atá ag gníomhú ar do shon faoin gcúram atá á fháil agat, ba chóir iarracht a dhéanamh an scéal a réiteach ar an leibhéal áitiúil le lucht bainistíochta na seirbhíse cúraim.
Murar féidir an scéal a réiteach ar an leibhéal sin ba chóir duitse nó do dhuine atá ag gníomhú ar do shon gearán a dhéanamh le ÚCES faoi aon rud a bhaineann leis an tseirbhís. Ba chóir an gearán a dhéanamh i scríbhinn de ghnáth ach glacfar le gearán ó bhéil murar féidir é a chur i scríbhinn. Ní mór do ÚCES an gearán a fhiosrú agus ní mór deis a thabhairt don úinéir nó don duine atá i gceannas na seirbhíse freagra a thabhairt ar an ngearán. Más rud é go seastar leis an ngearán féadfaidh ÚCES treoir a thabhairt don tseirbhís cúraim chónaithe beart faoi leith a dhéanamh maidir leis an ngearán agus ní mór don úinéir é sin a dhéanamh.
Conradh cúraim
Déantar conradh cúraim idir tú féin agus an teach altranais sula
dtéann tú isteach ann. Leagann an conradh sin síos na téarmaí a bhainfidh
le do chúram agus le do leas agus ní mór go mbeadh sonraí ann faoi na
seirbhísí atá le soláthar agus na táillí atá le gearradh. Fógraítear
sa Chód deonach Cleachtais do Thithe Altranais gur chóir go gcuimseodh an
conradh;
Féadfaidh tú cláir na n-ionad cónaitheach do dhaoine breacaosta agus tuarascálacha cigireachta reatha a scrúdú ar láithreán gréasáin ÚCES. Iarr ar thithe altranais faoi leith sonraí a thabhairt duit faoi na costais agus na coinníollacha a bhaineann leo.
Féadfaidh tú tuilleadh eolais faoi chlárú agus cigireacht tithe altranais agus faoi na Caighdeáin Náisiúnta a fháil ó ÚCES trí:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.