Tá leaba chonartha ag mo mháthair i dteach altranais príobháideach. An mbeidh uirthi tuilleadh a íoc faoin scéim Cothrom na Féinne?
D'íoc Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) as leapacha conartha i dtithe altranais príobháideacha sa chás nach raibh aon leapacha poiblí ar fáil do dhuine a bheadh cáilithe do cheann acu. Is féidir le do mháthair, amhail duine ar bith a bhí faoi chúram lánaimseartha sular cuireadh tús leis an scéim nua, is féidir léi rogha a dhéanamh idir an socrú atá aici faoi láthair a choinneáil nó iarratas a chur isteach ar Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais. Is maith an seans gur fearr di cloí leis an socrú reatha atá aici; faigh tuilleadh eolais faoin Measúnú Airgeadais.
Céard is teach altranais "faofa" ann?
Má táthar ag iarraidh go mbeadh teach altranais príobháideach faofa don scéim, is gá:
1. Go mbeadh sé cláraithe agus faoi réir cigireachta ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS)
2. Go mbeadh praghas comhaontaithe ar mhaithe le cuspóirí na scéime leis an gCiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC), agus
3. Go mbeadh deimhniú bailí imréitigh cánach ag baint leis.
Tá m'uncail i dteach altranais nach bhfuil ar an liosta de thithe "faofa" do Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais. Tá na costais go léir á n-íoc aige féin faoi láthair. Céard is gá dó a dhéanamh le hiarratas a chur isteach ar an scéim?
Beidh air tosú trí iarratas a chur isteach ar Mheasúnú Riachtanais Chúraim agus leanúint ar aghaidh go dtí an Measúnú Airgeadais ansin. (Má bhí sé ina chónaí i dteach altranais faofa, ní gá dó an Measúnú Riachtanais Chúraim a dhéanamh ansin). Beidh air bogadh isteach i dteach altranais faofa chun cúnamh airgeadais a fháil ó FSS.
An bhfuil aon difear ann idir an Measúnú Riachtanais Chúraim anois agus an measúnú don scéim fóirdheontais?
Tá. Is foireann ildisciplíneach a dhéananann an measúnú anois. DÉannan sí iniúchadh ar gach gné de shaol agus de riachtanais an duine. Beidh geiriatraithe speisialaithe i gceist, pé áit ar féidir.
Má théann m'fhear céile isteach i dteach altranais, cén t-ioncam a bheidh fágtha agam do mhaireachtáil?
Beidh leath de bhur gcomhioncam fágtha agat go fóill. Ní féidir go mbeifeá fágtha le níos lú ná an ráta uasta den Phinsean Stáit (Neamh-ranníocach).
Tá teach saoire againn chomh maith lenár bpríomháit chónaithe. An féidir linn Iasacht Teach Altranais a fháil chun an ranníocaíocht ar an dá theach a íoc?
San aon chás go bhfuil an áit chónaithe saoire in Éirinn; Ní féidir go n-íocfadh an Iasacht as réadmhaoin thar lear.
Thugamar airgead ar iasacht dár n-iníon chun teach a cheannach. An áirítear é seo mar shócmhainní?
Is féidir aon airgead a aistríodh nó a tugadh amach i rith na gcúig bliana roimh iarratas ar an scéim a chur san áireamh, bíodh sé inaisíoctha nó ná bíodh.
An gá dom iarratas a chur isteach ar Iasacht Teach Altranais le haghaidh mo réadmhaoine?
Ní gá. D'fhéadfá roghnú do ranníocaíocht a mhaoiniú ó do choigilteas nó, mar shampla, trí iasacht ó dhuine muinteartha.
D'fhéadfá roghnú iarratas a chur isteach ar Iasacht Teach Altranais chomh maith, tar éis duit an Measúnú Airgeadais a fháil, ina léireofar do ranníocaíocht don chúram; ní gá duit iarratas a chur isteach uirthi in éineacht le d'iarratas tosaigh.
An féidir liom Iasacht Teach Altranais a fháil fiú mura gcáilím do thacaíocht Stáit?
Is féidir, fiú mura gcáilíonn tú ar bhonn an Mheasúnaithe Airgeadais. Ach mura gcáilíonn tú faoin Measúnú Riachtanais Chúraim, ní féidir leat tacaíocht Stáit ná Iasacht Teach Altranais a fháil.
Conas a dhéantar measúnú ar réadmhaoin?
Déantar measúnú ar réadmhaoin ar a luach reatha ag am an iarratais. Ba chóir duit luacháil a sheoladh isteach in éineacht le d'fhoirm iarratais. Tá sé d'údarás ag FSS a luacháil féin a dhéanamh ar a gcostas féin; tá sé seo tábhachtach ó dhearcadh iniúchóireachta agus cuntasachta.
Déanann an tAcht soláthar chomh maith le haghaidh athbhreithniú bliantúil ar an measúnú airgeadais. Is féidir athbhreithniú airgeadais a dhéanamh taobh istigh de 12 mhí, má tá FSS sásta go bhfuil athrú ábhartha tagtha ar chúinsí. Ligeann na forálacha seo don iarratasóir luachanna luaineacha sócmhainní a chur san áireamh.
Fuair mé iasacht tamall ó shin agus d'úsáid mé m'áit chónaithe mar urrús. An gcuirfear é sin san áireamh?
Cuirfear. Déanfar measúnú ar d'áit chónaithe ar a luach, lúide aon iasachtaí a tabhaíodh go speisialta dá ceannach nó dá feabhsú.
An bhfuil Ionadaí Cúraim de dhíth orm chun iarratas a chur isteach ar Iasacht Teach Altranais?
Ní bhíonn gá le hIonadaí Cúraim ach amháin sa chás nach bhfuil an t-iarratasóir de chumas meabhrach iarratas a dhéanamh ar a s(h)on féin. Déanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte talamh slán de go bhfuil cumas agat má shíníonn tú an fhoirm iarratais do Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais tú féin.
Tá galar Alzheimer ar m'aintín. Conas a chuirfidh mé iarratas isteach ar Ionadaí Cúraim, ionas gur féidir léi Iasacht Teach Altranais a fháil nuair a bheidh sí faoi chúram fadtéarmach?
Ba chóir duit iarratas a sheoladh chuig an gCúirt Chuarda sa cheantar ina bhfuil d'aintín ina cónaí. Is féidir leat an fhoirm iarratais a íoslódáil chomh maith ó láithreán gréasáin Sheirbhís na gCúirteanna. Tá costas €71.50 ar iarratas i láthair na huaire.
Ní gá go mbeadh Ionadaí Cúraim ag d'aintín sa chás, mar shampla, go bhfuil Buanchumhacht Aturnae agatsa nó ag duine de do mhuintir ar a son, nó má tá cead dlíthiúil agat/aige/aici cheana féin feidhmiú ar a son.
Céard é an difear idir Ionadaí Cúraim agus Buanchumhacht Aturnae?
Ba ghá duit Buanchumhacht Aturnae a fháil sula mbeadh an duine ar éagumas. Is gnách go mbronntar réimse cumhachtaí leis maidir le leas an duine. Bíonn cumhachtaí Ionadaí Cúraim faoi theorainn na ngníomhartha faoi Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais, lena n-áirítear an Iasacht Teach Altranais.
Céard a dhéanfaidh mé má théann cás m'aintín in olcas go tobann?
Bheadh "leapacha measúnaithe" tiomanta in ospidéil ghéarmhíochaine, ina bhféadfadh d'aintín fanacht gan muirir fhadtéarmacha a thabhú, fad is atá a hiarratas ar Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais á mheasúnú.
I gcás iontráil éigeandála isteach i dteach altranais, is féidir an tacaíocht Stáit a shiardhátú go dtí dáta an iarratais; Luaitear sna Treoirlínte ar Chur i bhFeidhm Caighdeánaithe Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais (pdf) de chuid FSS
go n-íocfar tacaíocht airgeadais le daoine a théann isteach i dtithe altranais tar éis thús na scéime, ón dáta a ndearnadh an t-iarratas nó ó dháta na hiontrála isteach sa teach altranais, nó cibé is déanaí, agus é faoi réir acmhainní iomlána.
Chomh maith leis sin, is féidir le duine rogha a dhéanamh dul isteach i dteach altranais agus costas an chúraim a mhaoiniú é/í féin, fad is atá sé/sí ag fanacht le cinneadh ar a (h)iarratas.
Céard a tharlóidh má tá an t-airgead don scéim caite i dtreo dheireadh na bliana?
Cuirfear iarratasóirí ar liosta feithimh náisiúnta. Nuair a bheidh cistí breise ar fáil, déanfar déileáil le hiarratais san ord ina ndearnadh cinneadh orthu.
Nuair a bheidh acmhainní ar fáil arís, is gá tacaíocht a thairiscint d'iarratasóirí cáilitheacha in ord áite ar an liosta agus de réir roghnú spáis oiriúnaigh i dteach altranais. I bhfocail eile, an prionsabal céanna de 'thús freastail ar an gceann is túisce' agus é bunaithe ar chinneadh ar iarratas agus ar roghnú spáis oiriúnaigh i dteach altranais.
Má tá tú in ospidéal géarmhíochaine, d'fhéadfá fanacht ansin go dtí go mbeidh d'iarratas próiseáilte, gan muirir fadchónaithe a íoc.
Céard a tharlóidh dár dteach nuair a gheobhaidh mé bás?
Tá na Coimisinéirí Ioncaim freagrach as bailiú na hIasachta Teach Altranais. Nuair a gheobhaidh tú bás, cuirfidh FSS an duine atá freagrach as déanamh na híocaíochta ar an eolas (duine ar a dtugtar an duine bainteach cuntasach), chomh maith leis na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas faoin méid atá dlite. Rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil leis an duine ansin chun socruithe a dhéanamh le haghaidh na híocaíochta.
Má tá do chéile nó do pháirtí nó "daoine ceangailte" áirithe eile ina gcónaí sa teach go fóill, is féidir leo iarratas a sheoladh chuig FSS ansin chun aisíocaíocht na hIasachta a chur siar tuilleadh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.