Soláthraíonn an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais (STTA), ar a dtugtar ‘Cothrom na Féinne’, tacaíocht airgeadais do dhaoine a bhfuil gá acu le cúram fadtéarmach i dteach altranais. Is í Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a oibríonn an scéim, a ghabh ionad an an Fhóirdheontais Teach Altranais ón 27 Deireadh Fómhair 2009.
Faoin scéim seo, déanann tú ranníocaíocht i leith chostas do chúraim agus íocann an Stát an t-iarmhéid. Clúdaíonn an scéim tithe altranais príobháideacha, deonacha agus poiblí ar tithe altranais faofa iad. Gheobhaidh tú liosta de na tithe altranais faofa ón FSS – féach 'Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas'.
Féadfaidh duine ar bith a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát agus a mheastar atá i ngátar cúraim fhadtéarmaigh i dteach altranais iarratas a dhéanamh.
Maoiniú don Scéim, Bealtaine 2011
Sa bhliain 2011, tá iomlán de níos mó ná €1billiún daite i bPlean Seirbhíse FSS chun maoiniú a thabhairt do gach cúram cónaithe fadtéarmach. Tháinig réimse fachtóirí chun solais i mbliana, lena n-áirítear méadú ar éileamh, atá ag cur le brú méadaithe ar leibhéal an mhaoinithe ar fáil don scéim. Táthar fós ag glacadh le agus ag próiseáil iarratas nua don Scéim Fair Deal. Ach, braithfidh formheas ar fáil ar mhaoinithe.
Tá FSS ag obair leis an Roinn Sláinte chun teacht ar roghanna chun freastal ar an éileamh méadaithe don scéim seo taobh istigh de shrianta acmhainne. Ní bheidh tionchar aige seo ar an 22,900 duine atá ag fáil maoinithe dár gcostas chúram cónaithe.
An Fóirdheontas Teach Altranais
Rinneadh an fóirdheontas seo a ionadú ag an Scéim Tacaíochta do
Thithe Altranais. Tugadh chun deiridh an scéim Fóirdheontais Teach Altranais
an 27 Deireadh Fómhair 2009. Má bhí fóirdheontas á fháil agat ar an dáta
sin, is féidir leat a roghnú le leanúint ar aghaidh agus é a fháil nó is
féidir leat é aistriú chuig an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais.
Cúram fadtéarmach i dtithe altranais amháin is ea a chlúdaítear faoin scéim. Ní chlúdaítear cúram gearrthéarma ar nós cúraim sosa, cúram téarnaimh nó cúram lae cé go bhféadfadh sé go mbeadh seirbhísí dá leithéid ar fáil i roinnt tithe altranais.
Sainmhíníonn an tAcht “seirbhísí cúraim chónaithe fadtéarmach” mar sheirbhísí cothabhála, sláinte agus cúraim phearsanta. Tá an Roinn Sláinte tar éis é sin a shoiléiriú tuilleadh, á rá go gclúdaítear: leaba agus lóistín, cúram altranais agus pearsanta oiriúnach do leibhéal riachtanas cúraim an duine, seirbhís neachtlainne, agus bunáiseanna agus gléasanna atá riachtanach chun cuidiú le duine dul i mbun gnáthghníomhaíochtaí an lae.
D’fhéadfadh earraí agus seirbhísí eile a bheith ar fáil faoi Scéim na gCártaí Leighis nó faoin Scéim Íocaíochtaí Drugaí.
Socraítear leibhéal áirithe cistithe don scéim gach bliain agus mar sin d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh ar dhuine a (h)ainm a chur ar liosta feithimh go dtí go mbeadh cistiú ar fáil. Más amhlaidh atá, cuirfidh an FSS é sin in iúl duit nuair a scríobhann sé chugat le rá cibé an bhfuil tú i dteideal tacaíochta Stáit.
Má tá san ospidéal, ach muna bhfuil géarchúram de dhíth ort a thuilleadh, is féidir go ngearrfaí táille ort as cúram fadtéarmach san ospidéal sin. Mar shampla, má tá tú ag fanacht ar aistriú go cúram fadtéarmach, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar STTA chomh luath agus is féidir. Ní ghearfar táille ort má tá tú ar liosta feithimh le haghaidh STTA, nó má riachtanais ar leith agat nach féidir a chomhlíonadh sa chóiríocht atá ar fáil nó muna bhfuil aon chóiríocht oiriúnach ar fáil in aice láimhe.
Caithfear iarratas a dhéanamh chuig an FSS ar an fhoirm chaighdeánach iarratais.
Trí chéim atá sa phróiseas iarratais:
Céim 1 is ea iarratas ar Mheasúnacht ar Riachtanais Chúraim – féach thíos. Sainaithníonn an Measúnú ar Riachtanais Chúraim cibé an bhfuil cúram fadtéarmach i dteach altranais de dhíth ort, is é sin le rá, cibé an bhféadfaí tacú leat chun leanúint i do chónaí sa bhaile nó cibé an mbeadh cúram fadtéarmach i dteach altranais níos oiriúnaí.
Céim 2 is ea iarratas ar thacaíocht Stáit – féach thíos. Bainfear úsáid as an fhaisnéis a gheofar uait chun Measúnú Airgeadais a dhéanamh – féach thíos – a shocróidh an méid a íocfaidh tú i leith do chúraim agus an méid a íocfaidh an Stát. Féachann an Measúnú Airgeadais ar do theacht isteach agus ar do shócmhainní agus oibríonn amach an méid a íocfaidh tú i leith chostas do chúraim. An FSS a íocfaidh iarmhéid chostas do chúraim. Tacaíocht Stáit a thugtar ar an íocaíocht seo ón FSS.
Ní mór do gach iarrthóir Céimeanna 1 agus 2 a dhéanamh.
Céim 3 is ea iarratas roghnach ar an Iasacht Teach Altranais, is é sin le rá, má theastaíonn uait an chuid sin den ranníocaíocht atá bunaithe ar do bhaile nó ar réadmhaoin eile a chur siar.
Ba cheart an fhoirm iarratais a chomhlánú agus ní mór don té atá ainmnithe ar an bhfoirm iarratais an fhoirm a shíniú. Féadfaidh duine eile, ar a dtugtar Duine Sonraithe, an t-iarratas a dhéanamh ar a s(h)on, i gcásanna áirithe (féach thíos).
Gairmí cuícháilithe sláinte a cheapfaidh an FSS, altra, mar shampla, a dhéanfaidh an Measúnú ar Riachtanais Chúraim. Is féidir é a dhéanamh uair ar bith in ospidéal nó i suíomh pobail mar do bhaile féin, agus d’fhéadfadh scrúdú fisiceach a bheith i gceist leis.
Cuirfidh an measúnú na nithe seo a leanas san áireamh:
Ullmhófar tuairisc nuair a bheidh an Measúnú ar Riachtanais Chúraim déanta. Ní mór don FSS cinneadh a dhéanamh, bunaithe ar an tuairisc, cibé an é cúram fadtéarmach i dteach altranais an rogha is oiriúnaí duit. Cuirfear an cinneadh i scríbhinn chugat laistigh de dheich lá oibre. Gheobhaidh tú cóip den tuairisc agus de na cúiseanna leis an gcinneadh.
Ní mór tú a mheasúnú mar dhuine a bhfuil cúram teach altranais de dhíth ort le bheith cáilithe do thacaíocht Stáit nó d'Iasacht Teach Altranais.
Féadfaidh an FSS úsáid a bhaint as an Measúnú ar Riachtanais Chúram chun riachtanais eile sláinte nó pearsanta sóisialta a shainaithint. Ach níl aon cheangal orthu de réir dlí na seirbhísí sainaitheanta a sholáthar.
Féachann an Measúnú Airgeadais ar do theacht isteach agus do shócmhainní chun an ranníocaíocht a bheidh le híoc agat i leith an chúraim a oibriú amach. Íocfaidh an FSS iarmhéid an chostais chúraim. Mar shampla, má chosnaíonn do chúram €1,000 sa tseachtain, agus más é €300 do ranníocaíocht féin, íocfaidh an FSS an t-iarmhéid seachtainiúil de €700. Tacaíocht Stáit a thugann an FSS ar an íocaíocht seo.
Féachann an Measúnú Airgeadais ar gach teacht isteach agus sócmhainn dá bhfuil agat.
Más ball de lánúin thú, bunófar an measúnú ar leath de theacht isteach agus de shócmhainní na lánúine. Mar shampla, má tá €600 de theacht isteach sa tseachtain ag lánúin, bhunófaí an measúnú ar 50% den €600, nó €300. Lena chur ar bhealach eile, mheasfaí go raibh teacht isteach de €300 sa tseachtain ag an té atá i ngátar cúraim.
Teacht isteach agus sócmhainní
Áirítear ar theacht isteach gach tuilleamh, pinsean, sochar nó
liúntas leasa shóisialaigh nó teacht isteach ó chíos, teacht isteach ó
oifig nó stiúrthóireacht, teacht isteach ó tháillí, ó choimisiúin, ó
dhíbhinní nó ó ús, nó aon teacht isteach a choinnigh tú uait féin sna
cúig bliana sula ndearna tú an t-iarratas.
Sócmhainn is ea réadmhaoin ábhartha nó saibhreas, lena n-áirítear réadmhaoin nó saibhreas lasmuigh den Stát. Roinntear sócmhainní in dhá chatagóir ar leith, sócmhainní airgid agus sócmhainní ábhartha.
Áirítear ar shócmhainní airgid coigilteas, stoic, scaireanna agus urrúis. Áirítear ar shócmhainní ábhartha gach cineál réadmhaoine seachas sócmhainní airgid, mar shampla príomháit chónaithe an duine agus talamh. Sa dá chás, féachfaidh an measúnú ar shócmhainní a choinnigh tú uait féin sna cúig bliana sula ndearna tú an t-iarratas.
Ní chuirfidh an measúnú ar áireamh teacht isteach do ghaolta, ar nós teacht isteach do leanaí.
Do ranníocaíocht i leith cúraim
Tar éis féachaint ar do theacht isteach agus ar do shócmhainní,
oibreofar amach an ranníocaíocht a bheidh le híoc agat i leith do chúraim.
Ranníocfaidh tú:
Bíodh sin mar atá, ní áireofar an chéad €36,000 de do shócmhainní, nó €72,000 i gcás lánúine, sa Mheasúnú Airgeadais.
I gcás ina bhfuil talamh agus réadmhaoin ar áireamh i do shócmhainní, d'fhéadfaí an ranníocaíocht de 5% bunaithe ar na sócmhainní sin a chur siar agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndiaidh do bháis. An Iasacht Teach Altranais a thugtar air sin. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais mar gheall ar aisíoc na hIasachta Teach Altranais sna Ceisteanna Coitianta mar gheall ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais(pdf)
Ní áireofar do phríomháit chónaithe ar an mheasúnú airgeadais ach sna chéad trí bliana de do thréimhse cúraim. An 'uasteorainn trí bliana nó 15%’ a thugtar air seo. Ciallaíonn sé go n-íocfaidh tú ranníocaíocht de 5% bunaithe ar do phríomháit chónaithe ar feadh trí bliana ar a mhéad is cuma cén tréimhse a chaithfidh tú i dteach altranais.
I gcás lánúine, cuirfear uasteorainn de 7.5% i bhfeidhm ar ranníocaíochaí bunaithe ar an bpríomháit chónaithe i gcás ina bhfanann páirtí amháin sa bhaile fad a dtéann an páirtí eile isteach i dteach altranais le haghaidh cúraim fhadtéarmaigh, is é sin le rá, tá feidhm ag an 'uasteorainn trí bliana' i gcónaí. Má roghnaíonn tú an Iasacht Teach Altranais maidir le do phríomháit chónaithe, féadfaidh do chéile nó do pháirtí iarratas a dhéanamh ar shiarchur na hIasachta ar feadh a s(h)aoil.
Má tá cónaí ort i dteach altranais le trí bliana, ní bheidh an ranníocaíocht 5% ar do phríomháit chónaithe le híoc agat.
Tar éis trí bliana, fiú má tá cúram fadtéarmach á fháil agat i gcónaí i dteach altranais, ní íocfaidh tú aon ranníocaíocht eile bunaithe ar do phríomháit chónaithe. Tá feidhm ag an ‘uasteorainn trí bliana’ seo is cuma cibé an roghnaíonn tú an Iasacht Teach Altranais nó nach roghnaíonn.
Cuirfear gach sócmhainn eile san áireamh fad a bhíonn tú ag fáil cúraim fhadtéarmaigh.
Leathnaítear an ‘uasteorainn trí bliana’ chuig feirmeacha agus gnóthais i gcásanna áirithe.
Cuimsíonn an Measúnú Airgeadais roinnt cosaintí a chinnteoidh:
Sainítear lánúin mar lánúin phósta atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile. Áirítear air chomh maith lánúin heitrighnéasach nó chomhghnéis atá ag maireachtáil i bhfochair a chéile ar feadh trí bliana ar a laghad.
Tábla achomair maidir le ranníocaíochtaí bliantúla 5% bunaithe ar shócmhainní
| Sócmhainn | 5% sa bhliain | Uasteorainn 3 bliana | Rogha chun glacadh le hIasacht Teacht Altranais | Rogha chun é a chur siar tuilleadh |
| Sócmhainn inmhuirir | Bainteach | Neamhbhainteach | Bainteach, más sócmhainn talamhbhunaithe í i Stát na hÉireann. Munarb amhlaidh, neamhbhainteach. |
Neamhbhainteach |
| Príomháit Chónaithe |
Bainteach | Bainteach | Bainteach | Bainteach |
| Feirm/Gnóthas Ábhartha | Bainteach | Bainteach (faoi réir chritéir áirithe cháilitheachta) | Bainteach, más sócmhainn talamhbhunaithe í i Stát na hÉireann | Neamhbhainteach |
Asbhaintí
Ceadaítear na hasbhaintí seo a leanas, i dtaca le teacht isteach:
I gcás sócmhainní measúnaítear glanluach na sócmhainne, is é sin le rá, a luach lúide aon iasachtaí a tabhaíodh go sonrach chun an tsócmhainn a cheannach nó a fheabhsú.
Teach Altranais Phoiblí: Íocann tú an ranníocaíocht
mheasúnaithe leis an FSS.
Teach Altranais Phríobháideach: Íocann tú an
ranníocaíocht mheasúnaithe go díreach leis an teach altranais. Íocann an
FSS iarmhéid an chostais chúraim leis an teach altranais príobháideach.
Ní íocfar tacaíocht airgeadais ach sa chás go meastar go n-oireann an teach altranais do do riachtanais.
Ní bheidh aon tionchar ag an scéim seo ort má tá cónaí ort cheana féin i dteach altranais poiblí nó má tá leaba ar conradh FSS agat i dteach altranais príobháideach. Leanfaidh tú de bheith ag déanamh ranníocaíochtaí i leith do chúraim faoi mar atá á dhéanamh agat faoi láthair.
Más amhlaidh go bhfuil tú cheana féin i dteach altranais príobháideach atá ceadaithe faoin scéim seo ach nach bhfaigheann tú fóirdheontast, nó nach bhfuil tú sásta le méid an fhóirdheontais, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais. Muna bhfuil do theach altranais príobháideach ceadaithe don scéim seo tá sé de rogha agat leanúint de bheith ag fáil an fhóirdheontas atá á fháil agat faoi láthair nó iarratas a dhéanamh ar an scéim agus aistriú go teach altranais atá ar an liosta.
Má tá cónaí ort sa teach altranais ar feadh trí bliana ar a laghad, bunófar an measúnú airgeadais ar do theacht isteach agus do shócmhainní seachas ar do phríomháit chónaithe (agus ar d'fheirm/do ghnóthas i gcásanna áirithe), is é sin le rá, beidh feidhm ag an ‘uasteorainn trí bliana’.
Má tá tú sásta le méid an fhóirdheontais atá á fháil agat, féadfaidh tú leanúint leis an socrú sin. Is ceadmhach duit faoiseamh cánach ar chostais teach altranais a íocann tú a éileamh ag an ráta cánach is airde go dtí Eanáir 2010 (ní bheidh an faoiseamh cánach ar fáil ach ag an ráta caighdeánach tar éis an dáta sin).
Féadfaidh tú roghnú chun dul leis an scéim nua nó leanúint leis an bhfóirdheontas atá agat faoi láthair, cibé acu is fearr duit féin ó thaobh airgid de.
Is féidir leat an fhoirm iarratais a chomhlánú tú féin, nó iarraidh ar dhuine éigin eile cabhrú leat í a chomhlánú. Má tá cumas meabhrach laghdaithe agat, is féidir le Duine Sonraithe í a chomhlánú ar do shon.
Ag déanamh iarratais thar ceann duine éigin eile
Munar féidir leis an iarratasóir an t-iarratas a dhéanamh é/í
féin, féadfaidh Duine Sonraithe an t-iarratas a dhéanamh ar a s(h)on, i
gcás Céimeanna 1 agus 2 den phróiseas iarratais.
Ní féidir ach le hIonadaí Cúraim arna cheapadh ag cúirt gníomhú thar ceann iarratasóra i gcás na hIasachta Teach Altranais.
Tar éis duit an fhoirm iarratais a sheoladh isteach
Nuair a bheidh an Measúnú ar Riachtanais Chúraim agus an Measúnú
Airgeadais críochnaithe, scríobhfaidh an FSS chugat ag insint duit an
ranníocaíocht a bheith le híoc agat i leith an chúraim, agus cibé an
bhfuil tú i dteideal tacaíochta Stáit agus na hIasachta Teach Altranais
(más infheidhme).
Ag an gcéim seo cuirfear liosta ar fáil duit de na tither altranais atá rannpháirteach sa scéim, idir thithe altranais poiblí, thithe altranais deonacha agus thithe altranais príobháideacha ceadaithe.
Féadfaidh tú aon teach altranais ar an liosta a roghnú faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Ní bheidh aon bhaint idir an rogha a dhéanfaidh tú i measc tithe altranais agus leibhéal do ranníocaíochta i leith do chúraim.
Ón 1 Deireadh Fómhair 2011 i leith, íocfar tacaíocht Stáit agus tacaíocht choimhdeach Stáit (iasacht do theach altranais) ón dáta a cheadaítear an t-iarratas, nó ón dáta a thugtar cead isteach chuig an teach altranais, pé ceann ba dhéanaí. Fuair daoine a rinne iarratas roimh an 1 Deireadh Fómhair 2011 an íocaíocht ó dháta an iarratais nó ó dháta an cheada isteach chuig an teach altranais, pé ceann ba dhéanaí.
Má roghnaíonn tú teach altranais poiblí nó deonach, íocfaidh tú do ranníocaíocht leis an FSS nó leis an teach altranais dheonach faoi mar is cuí gach seachtain agus íocfaidh an Stát an t-iarmhéid ar do shon.
Má roghnaíonn tú teach altranais príobháideach, íocfaidh tú an ranníocaíocht chuig an soláthraí teach altranais gach seachtain agus íocfaidh an Stát an t-iarmhéid ar do shon.
Is féidir foirm iarratais (pdf) a íoslódáil. Tá foirmeacha iarratais ar fáil chomh maith i ngach suíomh cúraim shláinte i do cheantar, agus an Oifig Sláinte Áitiúil agus ospidéil san áireamh.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais mar gheall ar an scéim ar láithreán
gréasáin na Roinne Sláinte:
Treoir
ghearr ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais(pdf)
Leabhrán
Eolais ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais (pdf)
Ceisteanna
Coitianta ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais (pdf)
nó cuir glao ar Líne Eolais an FSS ar 1850 24 1850, Luan go Satharn, 8 ar maidin – 8 istoíche.
Tá doiciméid de Cheisteanna Coitianta sa roinn seo chomh maith: Ceisteanna mar gheall ar an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais.
Achomhairc: Cuirfidh an FSS scéala chugat mar gheall ar an bpróiseas achomhairc mar aon le sonraí d'Oifig Achomhairc áitiúil nuair a scríobhann sé chugat le toradh an Mheasúnaithe ar Riachtanais Chúraim agus an Mheasúnaithe Airgeadais.
Mar shampla, má fuair an Measúnú ar Riachtanais Chúraim nach raibh cúram fadtéarmach i dteach altranais de dhíth ort, féadfaidh tú an cinneadh sin a achomharc chuig an Oifig Achomhairc áitiúil.
Athbhreithniú: Is féidir aon Mheasúnú ar Riachtanais Chúraim a athbhreithniú tar éis tréimhse sé mhí nó níos luaithe más amhlaidh:
Déanann an Oifig Tacaíochta do Thithe Altranais áitiúil an t-athbhreithniú agus ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leo má theastaíonn uait go ndéanfaí athbhreithniú ar do Mheasúnú ar Riachtanais Chúraim nó ar do Mheasúnú Airgeadais.
Nuair a bheidh cinneadh déanta ag an FSS maidir le hathbhreithniú, cuirfear an cinneadh in iúl duit mar aon leis na cúiseanna leis an gcinneadh, i scríbhinn, laistigh de dheich lá oibre.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.