Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí sláinte do sheanóirí > Lóistín seachtrach do dhaoine aosta

Print Page Send to a Friend

Lóistín seachtrach do dhaoine aosta

Eolas

D'fhéadfadh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) socruithe a dhéanamh i gcomhair lóistín sheachtrach do dhaoine cleithiúnacha i dteach príobháideach agus íoc as an gcostas iomlán, nó cuid de. Níl aon fhorbairt mór tagtha ar lóistín sheachtrach.

Rialacha

Caithfidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bheith sásta go bhfuil an teach feiliúnach don duine a bheidh ina lóistóir seachtrach agus gur duine stuama é/í an sealbhóir tí, chun breathnú amach don duine atá i gceist. Caithfidh an sealbhóir tí cúram feiliúnach agus dóthaineach a chur ar fáil, bia cothaitheach agus éagsúil agus freastal atá oiriúnach, ag tógáil san áireamh riachtanais an duine. Caithfidh sé/í ómós a thabhairt do phríobháideachas an duine atá ar lóistín seachtrach. Ní féidir le níos mó ná seisear a bheith ar lóistín seachtrach in aon teach amháin. Leagann na Rialacháin ar Lóistín Seachtrach síos caighdeáin maidir le cóiríocht, glaineacht, sabháilteacht agus aon ní eile a bhaineann leis.

Íocann an FSS suim leis an sealbhóir tí, nach bhfuil níos mó ná leath an ráta sheachtainiúil don phinsean sean aoise (neamhranníocach), atá dhá íoc ag an am. Ina theannta sin, caithfidh an duine atá ar lóistín seachtrach suim a íoc atá aontaithe leis an FSS agus leis an sealbhóir tí.

Gearáin

Is féidir le duine atá ar lóistín seachtrach (nó duine éigin atá ag feidhmiú thar a c(h)eann), gearán a dhéanamh leis an Oifig Sláinte Áitiúil, maidir le aon rud a bhaineann leis an áras nó le cothabháil, cúram agus leas an duine. Tá an nós imeachta cosúil le gearáin faoi thithe altranais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16 September 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Ag bogadh ón mbaile go cúram fadtéarmach
    Is féidir le formhór na ndaoine aosta agus na ndaoine óga atá breoite go hainsealach leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile le tacaíocht ón FSS agus óna dteaghlaigh. Faisnéis maidir le bogadh ón mbaile go cúram fadchónaithe, dá mbeadh sé riachtanach nó inmhianaithe.
  • Deontas le Teach Altranis a Íoc
    Tá an scéim seo dúnta d'iarratasóirí nua ó 27 Meán Fómhair 2009.
  • Breoiteacht agus tú imithe ar scor
    Tá raon d’íocaíochtaí agus sheirbhísí ar fáil in Éirinn chun tacaíocht a thabhairt do dhaoine aosta a éiríonn tinn nó a thiteann faoi mhíchumas. Eolas maidir le tacaíochtaí ioncaim, cúram sláinte, tithíocht, cánachas agus cúram a thabhairt do dhuine eile.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.