Anseo atá tú: Baile > Sláinte > Seirbhísí sláinte do sheanóirí > Breoiteacht agus tú imithe ar scor

Print Page Send to a Friend

Breoiteacht agus tú imithe ar scor

Eolas

Cé go mbíonn saol folláin ag formhór na ndaoine ar scor, tá cuid acu a bhíonn faoi bhreoiteacht agus mhíchumas agus d’fhéadfadh cúram a bheith ag teastáil uathu. D’fhéadfadh sé gur imigh cuid acu ar scor mar gheall ar theacht na breoiteachta nó an mhíchumais. Bionn na híocaíochtaí agus seirbhísí lena bhfuil tú i dteideal ag brath ar d’aois agus do riachtanais. Féadfar go gcomhlíonann tú na coinníollacha maidir le níos mó ná íocaíocht sheachtainiúil amháin ach mar riail ginearálta, ní bhfaighidh tú ach íocaíocht sheachtainiúil amháin. Tá an Roinn Coimirce Sóisialaí freagrach as na híocaíochtaí thuasluaite a dhéanamh seachas nuair a luaitear a mhalairt.

Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta

Pinsinéirí

Más pinsinéir tú cheana féin (65 bliana d’aois nó níos sine) nuair a éiríonn tú breoite nó faoi mhíchumas ní athraíonn do shocruithe ioncaim; faigheann tú do phinsean agus do theidlíochtaí eile fós.

Fostaithe

Má tá tú i d’fhostaí féadfar go bhfaighidh tú íocaíocht ó d’fhostóir ach bíonn sé seo ag brath ar do chonradh fostaíochta. Níl aon oibleagáid ar fhostóirí fostaithe a íoc nach bhfuil in ann obair a dhéanamh mar gheall ar thinneas ach tá forálacha i gconarthaí fostaíochta áirithe maidir le híocaíocht do dhaoine atá breoite. Cuirtear i bhfeidhm é seo gan aird ar aois.

Faoi bhun 66 bliana d’aois

Má éiríonn tú breoite agus neamhábalta obair a dhéanamh roimh 66 bliana d’aois, féadfar go mbeidh tú i dteideal Sochar Breoiteachta (Sochar Míchumais roimhe seo). Beidh foirmeacha iarratais ag do DG.

Tá Sochar Breoiteachta bunaithe ar ÁSPC. Mura gcáilíonn tú toisc nach bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat nó toisc go bhfuil tú féinfhostaithe, féadfar go mbeidh tú incháilithe Liúntas Leasa Forlíontach a fháil ar bhonn seachtainiúil. Cuir iarratas isteach ar an Oifigeach Leasa Pobail i d’Oifig Sláinte Áitiúil nó ionad sláinte. Níl sé seo iníoctha a thuilleadh ag 66 bliana d’aois.

Má tá do bhreoiteacht nó do mhíchumas mar thoradh ar thimpiste nó bhreoiteacht a bhaineann le hobair féadfar go mbeidh tú incháilithe do Shochar Díobhálacha Ceirde a fháil.

Breoiteacht agus míchumas fadtéarmach

Má tá breoiteacht nó míchumas fadtéarmach agat agus mura bhféidir leat leanúint ar aghaidh ag obair, féadfar go mbeidh tú in ann do scéim pinsin cheirde nó phearsanta a éileamh má tá ceann agat agus in ann Sochar Breoiteachta a cháiliú. Má fhanann tú neamhábalta obair a dhéanamh ar feadh bliana nó níos mó féadfar go mbeidh tú incháilithe Pinsean Easláinte a fháil. Mura bhfuil tú incháilithe Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte a fháil, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Míchumais atá tástáilte ó thaobh acmhainne de.

Má tá tú incháilithe Pinsean Easláinte nó Liúntas Míchumais a fháil, féadfar go mbeidh tú incháilithe Saorthaisteal agus an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a fháil. Má tá fadhbanna agat maidir le do chíos nó morgáiste a íoc, féadfar go mbeidh tú in ann cúnamh a fháil ó d’Oifig Sláinte Áitiúil nó Ionad Sláinte faoin scéim um Fhordheontas Cíosa agus Ús Morgáiste.

Féadfaidh an scéim um Liúntas Leasa Forlíontach cúnamh a sholáthar le costais éagsúla amhail aistí bia speisialta, téamh, riachtanais eisceachtúla agus riachtanais phráinneacha.

Roghanna Tithíochta

Tá roinnt deontais tithíochta ar fáil do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas. Má theastaíonn uait do bhaile a oiriúnú le cur ar do chumas fanacht ann, féadfar go mbeidh tú incháilithe an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas a fháil. D’fhéadfadh na hoiriúnuithe seomra breise a chuimsiú, an teach a dhéanamh inrochtana maidir le cathaoir rothaí nó seomra folctha agus leithreas a chur isteach ar an mbunurláir. Déan iarratas le d’údarás áitiúil. I go leor ceantair tá moilleanna fada ann maidir leis an deontas seo a fháil. Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) deontais freisin faoin Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Aosta agus an Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta.

Má tá do theach féin mí-oiriúnach féadfar go mbeidh tú ábalta teach a fháil ón údarás áitiúil curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine aosta nó do dhaoine faoi mhíchumas, nó teach oiriúnaithe a fháil a chuireann eagraíocht tithíochta dheonach ar fáil. Bíonn difríochtaí ann maidir lena leithéid de thithe a bheith ar fáil agus a bheith incháilithe ina leith ó áit go háit ar fud na tíre.

Cúram sa bhaile

Má theastaíonn cúram uait, féadfaidh an FSS é a sholáthar nó féadfaidh siad cuidiú leat íoc as. Féadfar go mbeidh do chúramóir in ann íocaíocht a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Cúnamh le cúram sa bhaile

Má theastaíonn cúram uait le cur ar do chumas fanacht i do chónaí sa bhaile, féadfar go mbeidh tú in ann cúnamh a fháil ó rannán Sheirbhísí Cúraim don Phobal de chuid FSS. Cuimsíonn an cúnamh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit cúnamh sa bhaile agus altranas sláinte poiblí. De réir teoirice tá gach duine a bhfuil cárta leighis acu incháilithe do sheirbhísí altranais sláinte poiblí ach athraíonn an fáil atá orthu go suntasach. Is seirbhís lánroghnach í an tseirbhís um chúnamh sa bhaile agus arís bíonn difríocht ar an bhfáil atá uirthi ó cheantar go ceantar.

Má theastaíonn cúram lánaimseartha uait féadfar go mbeidh cúnamh ar fáil duit ón FSS faoin Scéim um Chúram Baile. Féadfar go mbeadh Deontas Cúraim Baile san áireamh leis seo le cuidiú leat cúramóirí a fhostú.

Bíonn tacaíochtaí um chúram baile faoin scéim seo difriúil i gcodanna difriúla na tíre. I gceantair áirithe soláthraíonn an FSS seirbhísí cúraim sa bhaile go díreach nó déanann siad socrú le haghaidh a soláthair trí eagraíochtaí deonacha nó tríd an earnáil phríobháideach. I gceantair eile, íoctar deontas gur féidir leat a úsáid chun cúramóirí a fhostú go príobháideach.

Faoi láthair níl aon tástáil acmhainne chaighdeánach ann maidir le cáiliú don Scéim Cúraim Baile; i gceantair áirithe, dealraíonn sé go n-úsáideann an FSS an tástáil acmhainne a bhaineann le hidirghabháil um theaghlach altranais. Tá sé beartaithe go ndéanfar na pacáistí seo a chaighdeánú ar fud na tíre agus go mbeadh na coinníollacha céanna infheidhmithe cibé áit a mbíonn daoine ina gcónaí. Níl sé soiléir cá huair a chuirfear é seo i bhfeidhm. Tá roinnt gníomhaireachtaí ann a dhéanann soláthar cúramóirí baile a shocrú dóibh lena mbíonn siad ag teastáil. Níl aon rialacha ar leith ag baint leis na gníomhaireachtaí seo agus fostaíonn tú iad de réir téarmaí an chonartha a shínítear leo.

Fordheontas ioncaim do chúramóirí

Cuir iarratas isteach ar an Roinn Coimirce Sóisialaíle haghaidh na n-íocaíochtaí a leanas;

Liúntas do Chúramóirí

Is íocaíocht atá tástáilte ó thaobh acmhainne í an íocaíocht seo do dhaoine a sholáthraíonn cúram lánaimseartha do dhuine aosta nó do dhuine éagumasaithe. Féadfar go mbeidh daoine a thugann cúram do níos mó ná duine amháin incháilithe 50% breise d’uasráta na híocaíochta a fháil. Má fhaigheann tú Liúntas do Chúramóirí, tá tú incháilithe Saorthaisteal agus Pacáiste Sochair Teaghlaigh a éileamh as do cheart féin (ar an gcoinníoll nach bhfuil an pacáiste á fháil ag do theaghlach cheana féin).

Cuireann an tástáil ó thaobh acmhainne maidir leis an Liúntas do Chúramóirí ioncam agus coigilteas san áireamh, ach ní do theach féin. Déantar neamhaird ar an gcéad €332.50 de thuilleamh an chúramóra. I gcás lánúine pósta nó atá ina gcónaí le chéile déantar neamhaird don chéad €665 d’ioncam comhcheangailte seachtainiúil na lánúine.

Is féidir leat obair a dhéanamh nó cúrsaí oideachais nó oiliúna a dhéanamh suas le 15 uair in aghaidh na seachtaine, chomh fada agus a dhéanann tú socruithe imleora maidir leis an duine óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha agus go gcuirtear iad seo in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Liúntas Leath-Ráta do Chúramóirí

Go dtí Mean Fómhair 2007 ní rabhthas in ann an Liúntas do Chúramóirí a éileamh má bhí íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil agat. Anois is féidir leat Liúntas Leath-Ráta do Chúramóirí a éileamh agus d'íocaíocht bhunaidh a choinneáil.

Sochar do Chúramóirí

Is íocaíocht leasa shóisialaigh í seo do dhaoine a éiríonn as obair chun cúram a thabhairt do dhuine éagumasaithe agus óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha. Is féidir í a íoc ar feadh suas le dhá bhliain agus íoctar méaduithe má tá páistí cleithiúnacha agat. Má thugann tú cúram do níos mó ná duine amháin, féadfar go mbeidh tú incháilithe 50% breise d’uasráta na híocaíochta a fháil. Caithfidh tú a bheith idir 18 agus 66 bliana d’aois agus caithfidh ranníocaíochtaí ÁSPC imleora a bheith íoctha agat le bheith incháilithe Sochar do Chúramóirí a fháil. Féadfar go mbeidh tú incháilithe Saoire Chúramóra a fháil ó do chuid fostaíochta.

Is féidir leat obair a dhéanamh nó cúrsaí oideachais nó oiliúna a dhéanamh suas le 15 uair in aghaidh na seachtaine, chomh fada agus a dhéanann tú socruithe imleora maidir leis an duine óna dteastaíonn cúram agus aird lánaimseartha agus go gcuirtear iad seo in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí.

Má tá tú fostaithe nó féinfhostaithe, ní féidir leat níos mó ná €332.50 in aghaidh na seachtaine a thuilleamh.

Deontas Cúraim Faoisimh

Tá an Deontas Cúraim Faoisimh ar fáil do gach cúramóir a thugann cúram lánaimseartha do dhuine aosta nó do dhuine faoi mhíchumas gan aird ar acmhainn. Is iad na daoine amháin a dhéantar a eisiamh ná iad siúd a fhaigheann íocaíocht dífhostaíochta nó iad siúd a oibríonn taobh amuigh den bhaile ar feadh níos mó ná 15 uair in aghaidh na seachtaine. Íoctar an deontas i mí an Mheithimh gach bliain. Faigheann tú an íocaíocht seo go huathoibríoch má fhaigheann tú liúntas do chúramóirí, nó cuir iarratas isteach ar an Roinn Coimirce Sóisialaí .

Liúntas Gluaiseachta

Is íocaíocht FSS é Liúntas Gluaiseachta a íoctar le daoine nach féidir siúl nó iompar poiblí a úsáid agus a bhainfeadh leas as athrú timpeallachta. Tá roinnt tacaíochtaí iompair eile ann, amhail an Deontas Iompair Mótair agus lámháltais cánach atá ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas.

Seirbhísí Leighis

Cárta leighis/Cárta cuairte dochtúra

D'fhéadfá a bheith incháilithe cárta leighis a fháil. De ghnáth caithfidh tú tástáil acmhainne a chomhlíonadh (mura bhfuil tú incháilithe faoi rialacha an AE nó toisc go bhfuil Heipitíteas C agat). Le cárta leighis tá tú incháilithe seirbhísí dochtúra in aisce agus seirbhísí ospidéal in aisce a fháil. Ó 1 Deireadh Fómhair 2010 beidh táille 50 cent in aghaidh gach míre oidis i gceist do shealbhóirí cártaí leighis, faoi réir uasteorainn mhíosúil €10 in aghaidh an teaghlaigh.

Mura bhfuil tú incháilithe cárta leighis a fháil toisc go bhfuil do chuid acmhainní ró-ard, déantar measúnú uathoibríoch ort maidir le Cárta Cuairte Dochtúra, lena mbaineann treoirlínte ioncaim níos airde. Leis seo tá tú incháilithe seirbhísí dochtúra in aisce a fháil ach féadfar go mbeidh ort cuid de chostas na gcógas ordaithe a íoc.

An Scéim Tinneas Fadtéarmach

Faoin Scéim Tinneas Fadtéarmach tá cógais, leigheasanna agus roinnt gairis ceadaithe a dhéantar a ordú le haghaidh na riochtaí míochaine a leanas a chóireáil ar fáil saor in aisce:

Riochtaí míochaine a chlúdaítear faoin Scéim Tinneas Fadtéarmach
  • Éalang mheabhrach
  • Feinilcéatónúire
  • Fiobróis chisteach
  • Haemaifilia
  • Éalang mheabhrach
  • Feinilcéatónúire
  • Fiobróis chisteach
  • Haemaifilia
  • Pairilis cheirbreach
  • Titimeas
  • Diabetes mellitus, diabetes insipidus
  • Scléaróis iolrach
  • Diostróife mhatánach
  • Galar Parkinson
  • Géarleoicéime
  • Spina bifida
  • Hidriceifileas

Tá liosta ar an gcárta eisítear le haghaidh na scéime seo de na cógais agus leigheasanna a úsáidtear chun riocht an tsealbhóra a chóireáil. Ní chlúdaítear iad maidir le cógais agus leigheasanna nach mbaineann leis an riocht bhunaidh.

Scéim Íocaíochta Drugaí

Tá an Scéim Íocaíochta Drugaí dírithe ar dhaoine gan chártaí míochaine nuair a chaithfidh an duine aonair/an teaghlach an chéad €132 (ó Eanáir 2012) de na costais in aghaidh na míosa a íoc a thabhaítear ag cógais agus leigheasanna ordaithe ceadaithe. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó do chógaslann áitiúil, d’Oifig Sláinte Áitiúil nó d’ionad sláinte.

Táillí Ospidéil

Tá gach duine incháilithe do sheirbhísí ospidéil poiblí. Má roghnaíonn tú cúram ospidéil príobháideach, bíonn ort íoc as na costais iomlána a bhaineann leis. Féadfar go mbeidh cuid de na costais seo nó na costais iomlána clúdaithe ag árachas sláinte príobháidí.

Táillí d’Othair Chónaitheacha

Tá táille de €75 in aghaidh an lae ann maidir le seirbhísí d’othair chónaitheacha i mbarda poiblí. Tá sé seo faoi réir ag uasmhéid de €750 in aon tréimhse de 12 mhí leantacha. Ní bhíonn ar shealbhóirí cárta leighis agus grúpaí áirithe eile na táillí seo a íoc. Tá foráil ann maidir le neamhíoc i gcásanna cruatain. Sa chás seo ba chóir duit litir a scríobh chuig an ospidéal agus do chás a mhíniú.

Má chaitheann tú níos mó ná 30 lá in ospidéal b’fhéidir go mbeidh ort táillí fadchónaithe a íoc; féach Ag bogadh ón mbaile go Cúram fadtéarmach.

Táillí d’othair sheachtracha

Níl aon táille d’othar seachtrach má dhéanann dochtúir tú a atreorú ach seachas sin féadfar go mbeidh táille €100 (ó Eanáir 2009) infheidhmithe le do chuairt thosaigh chuig roinn Timpistí agus Éigeandála ospidéil. Má bheidh ort filleadh le haghaidh cuairteanna breise maidir leis an mbreoiteacht nó timpiste chéanna ní bheidh ort an táille a íoc arís. Tá sealbhóirí na gcartaí leighis agus grúpaí áirithe eile díolmhaithe ón táille seo.

Cáin Ioncaim

Is féidir leat costais leighis a éileamh i gcoinne cánach ioncaim atá íoctha. Ar dtús caithfidh tú aon éileamh eile agus is féidir leat a dhéanamh, mar shampla ar Scéim Íocaíochta Drugaí FSS nó ar árachas sláinte príobháidí.

Má fhostaíonn tú cúramóir, go díreach nó trí ghníomhaireacht, féadfar go mbeidh tú incháilithe faoiseamh cánach a fháil. Is é an liúntas uasta ná €50,000. Tá tuilleadh eolais faoin ábhar seo i mbileog IT47 de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim dar teideal Duine Fostaithe a Thugann Aire do Dhuine Éagumasaithe (pdf).

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ar fáil ó na háiteanna a leanas

Eolas do Shaoránaigh

Íosghlao 1890 777 121
Ionaid Áitiúla Faisnéise do Shaoránaigh

Teicneolaíocht Chúnta

Faisnéis ar theicneolaíocht chúnta agus eolaire táirgí atá ar fáil ó sholáthraithe Éireannacha.
Íosghlao: 1890 277 478

Seoltaí Úsáideacha Eile

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
Líne faisnéise sláinte: Líne ghlao sábhála 1850 241 850
Cumann na gCúramóirí
Úllghort an Phrióra, Cé Naomh Eoin, Cill Chainnigh
Saorfón: 1800 240 724
Na Coimisinéirí Ioncaim
Teil: Féach d’eolaire teileafóin áitiúil
Comhairle um Thithíocht Shóisialta na hÉireann
50 Cearnóg Mhuirfean Thoir
Baile Átha Cliath 2.
Teil: 01 661 8334
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Íosghlao: 1890 500 000

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.