Seirbhísí pleanála teaghlaigh

Cá féidir liom seirbhís ífrithghiniúnacha a fháil in Éirinn?

Is féidir leat frithghiniúint a fháil ó fhormhór mór na gcógaslann in Éirinn. Beidh oideas ó DG ag teastáil ó fhormhór na frithghiniúna. Is féidir leat coiscíní a cheannach gan oideas ó go leor ollmhargaí, siopaí nuachtán agus stáisiúin pheitril. Ní theastaíonn oideas uait chun frithghiniúint éigeandála a fháil.

Is féidir leat oidis a fháil do dhrugaí agus gléasanna frithghiniúnacha, anuas ar chomhairle faoi fhrithghiniúint ó DGanna, eagraíochtaí deonacha agus clinicí príobháideacha pleanála clainne. Is gnách go ngearrann clinicí deonacha agus príobháideacha pleanála clainne táillí ach b’fhéidir go ndéanfaidh siad iad a tharscaoileadh nó táillí níos ísle a ghearradh i gcásanna áirithe.

Is ionann breithrialú nó frithghiniúint agus cógais, gléasanna, nó máinliacht a úsáid le cosc a chur ar thoircheas. Is féidir leat léamh faoi na roghanna agus seirbhísí éagsúla frithghiniúnacha ar láithreán gréasáin FSS, sexualwellbeing.ie. Áirítear leis seo eolas ar fhrithghiniúint hormónach, neamh-hormónach agus frithghiniúint fhadghníomhach iniompaithe (LARCs) anuas ar fhrithghiniúint bhuan nó steiriliú, ar nós vaiseachtóime agus sú feadánach.

An bhfuil frithghiniúint saor inaisce in Éirinn?

Is féidir leat frithghiniúint saor in aisce a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Is bean nó duine thú a bhfuil broinn agat
  • Tá tú idir 17 agus 25 bliain d’aois
  • Tá cónaí in Éirinn ort

Cén costais frithghiniúna atá saor in aisce do dhaoine idir 17 agus 25 bliain d’aois?

  • Aon choinní DG faoi do roghanna frithghiniúna
  • Oidis frithghiniúna ó do dhochtúir (ag cógaslanna rannpháirteacha)
  • Frithghiniúint éigeandála (piolla na maidine dár gcionn)
  • Frithghiniúint fhadghníomhach iniompaithe (LARCs) a fheistiú, a bhaint agus coinní seiceála dóibh
  • Saghsanna eile frithghiniúna, cosúil le hinstealltaí frithghiniúnacha, ionchlannáin, córas ionútarach (IUS) léas sionútarach (IUD), an paiste rithghiniúnach agus fáinne frithghiniúnach
  • Oidis do chomh-fhrithghiniúint ó bhéal (an piolla laethúil)

Conas a fhaighim frithghiniúint saor in aisce má táim idir 17 agus 25 bliain d’aois?

Ní theastaíonn cárta leighis uait.

Teastaíonn uait coinne a chur in áirithe le DG nó dochtúir chun plé a dhéanamh ar d’fhrithghiniúint. Beidh an choinne seo saor in aisce. Iarrfaidh an DG ort na rudaí seo a leanas a thabhairt:

  • Uimhir PSP
  • Ainm
  • Dáta breithe
  • Seoladh

Úsáidfidh do DG an t-eolas seo leis an gcógaslann a chur ar an eolas gan táille a ghearradh ort do d’oideas frithghiniúna saor in aisce.

Is féidir níos mó a léamh faoin scéim frithghiniúna saor in aisce do mhná idir 17 agus 25 bliain d’aois.

An íocann mo chárta leighis as frithghiniúint?

Má tá cárta leighis agat, gheobhaidh tú drugaí saor in aisce frithghiniúnacha, gléasanna saor in aisce agus seirbhísí DG saor in aisce, comhairle fhrithghiniúnach san áireamh. Áirítear leis seo, chomh maith, frithghiniúint éigeandála.

Beidh ort táille oidis a íoc as earraí a fhaigheann tú ó chógaslanna faoin scéim cárta leighis.

Mura bhfuil cárta leighis agat, agus mura bhfuil tú idir 17 agus 25 bliain d’aois, beidh ort íoc as frithghiniúint agus seirbhísí frithghiniúnacha. B’fhéidir go mbeidh tú in ann costas d’fhrithghiniúna a laghdú tríd an Scéim Íocaíochta Drugaí. Mar shampla, an costas atá ar fhrithghiniúnaigh fhadghníomhacha iniompaithe, cosúil leis an IUS (an corna hormónach) nó an IUD (corna copair). B’fhéidir go mbeidh tú in ann faoiseamh cánach ar chostais leighis a éileamh freisin.

An féidir liom coiscíní saor inaisce a fháil in Éirinn?

Má úsáideann tú coiscíní gach uair a bhíonn gnéas agat, laghdófar an baol duit go dtiocfaidh Ionfhabhtú Gnéas-Tarchurtha (STI) ort.

Is féidir leat coiscíní saor in aisce a fháil ó:

  • Clinicí sláinte ghnéis nó GUM (míochaine úraiginitiúil)
  • Ó roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha sláinte ghnéis
  • Go leor coláistí tríú leibhéal

Is féidir leat coiscíní a cheannach freisin gan oideas ó go leor ollmhargaí, siopaí nuachtán agus cógaslann.

Níl coiscíní saor in aisce faoin scéim cárta leighis nó scéim frithghiniúna saor in aisce.

Má cheapann tú go mb’fhéidir go bhfuil ionfhabhtú gnéas-tarchurtha (STI) ort, ba cheart go ndéanfaí tástáil ort.

Is féidir le roinnt ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha bheith ina gcúis le fadhbanna tromchúiseacha sláinte mura gcuirtear cóir orthu. Tá tástáil saor in aisce d’ionfhabhtú gnéas-tarchurtha ar fáil sna hospidéil seo. Is féidir leat tástáil saor in aisce ar ionfhabhtú gnéas-tarchurtha a ordú freisin a dhéantar sa bhaile.

Is féidir leat eolas breise a léamh faoi Ionfhabhtuithe Gnéas-Tarchurtha (STIanna).

Cá féidir liom frithghiniúintéigeandála a fháil?

Frithghiniúint chúltaca í frithghiniúint éigeandála. Is féidir leat úsáid a bhaint as frithghiniúint éigeandála le stop a chur le toircheas neamhphleanáilte i ndiaidh go raibh gnéas agat gan frithghiniúint a úsáid, nó má theip ar do mhodh frithghiniúna (mar shampla, thit an coiscín díot nó níor ghlac tú piolla ar lá áirithe).

Is féidir leat frithghiniúint éigeandála a úsáid ar feadh a fhaide le 5 lá i ndiaidh go raibh gnéas gan chosaint agat, ach is éifeachtaí a bhíonn sé dá luaithe a ghlacann tú é tar éis go raibh gnéas gan chosaint agat.

Is féidir leat saghsanna éagsúla d’fhrithghiniúint éigeandála a roghnú: An piolla frithghiniúnach éigeandála agus an Corna Copair (ar a dtugtar an IUD iarghnéis chomh maith).

Is féidir leat táibléid frithghiniúna éigeandála (ar a dtugtar piolla na maidine dar gcionn, amanna) a fháil thar an gcuntas i bhformhór na gcógaslann gan ort freastal ar dhochtúir chun oideas a fháil.

Is féidir leat frithghiniúint éigeandála a fháil sna cásanna seo a leanas:

  • Tá cárta leighis agat, nó
  • Is bean nó duine thú a bhfuil broinn agat, atá idir 17 agus 25 bliain d’aois agus tá cónaí ort in Éirinn

Is féidir leat léamh faoi fhrithghiniúint éigeandála ar láithreán gréasáin FSS, sexualwellbeing.ie.

Toircheas neamhphleanáilte

Má bhíonn toircheas neamhphleanáilte agat agus má theastaíonn tacaíocht uait, cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhísí comhairleoireachta agus eolais saor in aisce rúnda ar fáil chun cabhrú leat machnamh a dhéanamh ar do roghanna agus teacht ar na seirbhísí a theastaíonn uait.

Líne ghutháin saor in aisce agus comhrá gréasáin é Mo Roghanna (My Options) a sholáthraíonn eolas agus comhairleoireacht saor in aisce agus rúnda do dhaoine a bhfuil toircheas neamhphleanáilte acu. Tá an tseirbhís chomhairleoireachta agus eolais seo ar fáil duit freisin má tá do pháirtnéir thíos le toircheas neamhphleanáilte. Féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi na seirbhísí seo ar ár leathanach toircheas neamhphleanáilte.

Is féidir leat léamh faoi conas ginmhilleadh a fháil ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat léamh faoi thacaíochtaí FSS má roghnaíonn tú chun leanúint ar aghaidh le do thoircheas.

Eolas áisiúil

Cuireann FSS liosta de sheirbhísí eolais rúnda comhairleoireachta agus frithghiniúna agus treoir maidir le frithghiniúint atá éasca le léamh (pdf) ar fáil.

Is féidir leat eolas frithghiniúna a léamh i dteangacha éagsúla ar láithreán gréasáin seo FSS.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 28 Meán Fómhair 2022