Cearta na n-othar síciatrach

Réamhrá

Foráiltear san Acht Meabhair-Shláinte 2001, i measc nithe eile, do rialacha faoi iontráil isteach chuig ospidéil síciatracha agus do rialacha faoi chearta na n-othar síciatrach.

Má iontráiltear go neamhshaorálach tú chuig lárionad síciatrach formheasta, bíonn tú i dteideal:

  • •Chun gach cinneadh a fháil chun do leasasa
  • •Chun scrúdú a fháil ó shíciatraí sa lárionad
  • •Chun faisnéis áirithe a fháil
  • •Chun do choinneáil a athbhreithniú ag binse (meabhair-shláinte)
  • •Chun achomharc a thabhairt chuig na Cúirteanna i gcúinsí áirithe

Baineann rialacha sonracha le hothair shíciatracha agus lena dtoiliú do chóireáil.

Rialacha

Do leas-sa

De réir an tAcht Meabhair-Shláinte 2001, ba cheart go mbreithneofaí leas na ndaoine sula nglactar aon chinneadh i leith a gcúraim agus a gcóireála nuair a iontráiltear isteach nó nuair a fhaigheann siad cóireáil in ionaid fhormheasta (eadhon ospidéil síciatracha nó seirbhísí othar cónaitheach). Bíonn an ceart ag othair go gcaitear leo le dínit agus le hurraim agus bíonn an ceart acu go n-éisteann iad siúd go léir a oibríonn ina mbuíon chúraim leo. Ba chóir go n-áireofaí iad i gcomhphléanna lena mbuíon chúraim. Bíonn siad i dteideal chun rannpháirt a ghlacadh i gcinntí a théann i bhfeidhm ar a gcuid sláinte agus ba cheart go mbreithneodh a mbuíon chúraim a gcuid tuairimí go cúramach. Bíonn an ceart acu bheith go hiomlán ar an eolas i leith a gceart de réir an dlí, a n-iontrála agus a gcóireála.

Iontráil isteach chuig ionad síciatrach formheasta

Caithfidh síciatraí is comhairleach ar ball foirne iad scrúdú a chur ort nuair a iontráiltear tú isteach chuig ionad síciatrach formheasta. Is féidir tú a choinneáil san ionad i gcomhair an scrúdaithe sin ar feadh 24 uair ar a mhéad. Má tá an síciatraí sásta go bhfuil neamhord meabhrach ag baint duit, is amhlaidh a dhéanann siad ordú iontrála. Mura bhfuil an síciatraí sásta go bhfuil neamhord meabhrach ag baint duit, is amhlaidh a chaithfear tú a scaoileadh saor láithreach bonn. Maireann an t-ordú iontrála go bailí ar feadh 21 lá. Is leis a údaraítear d’iontráil, do choinneáil agus do chóireáil san ionad ar feadh na tréimhse úd.

Is féidir an tréimhse sin a shíneadh ach ordú athnuachana a dhéanamh faoi 3 mhí breise. Is iad an síciatraí is comhairleach atá freagrach a chaitheann é sin a dhéanamh, agus ní foláir go ndearna siad scrúdú ort sa tseachtain sula ndearnadh an t-ordú. Is féidir leis an síciatraí céanna ordú athnuachana breise a dhéanamh ar feadh tréimhse 6 mhí agus ar feadh 12 mí i ndiaidh a chéile dá éis sin.

Do cheart chun faisnéise

Caithfear cóip a thabhairt don Coimisiún Meabhair-Shláinte gach uair a dhéantar ordú iontrála nó ordú athnuachana, agus caithfear fógra i scríbhinn a thabhairt don othar féin. Caithfear an t-eolas seo a leanas a áireamh san fhógra duitse, an t-othar:

  • Go bhfuiltear do do choinneáil faoin Acht Meabhair-Shláinte agus an chuid ábhartha de
  • Go bhfuil tú i dteideal ionadaíocht dhlíthiúil a fháil
  • Go dtabharfar tuairisc ghinearálta den chóireáil a mholtar duit le linn na coinneála
  • Go bhfuil tú i dteideal cumarsáid a dhéanamh le Cigire na Seirbhísí Meabhair-Shláinte
  • Go ndéanfaidh binse meabhairshláinte an choinneáil a athbhreithniú
  • Go bhfuil tú i dteideal achomharc chun na Cúirte Cuarda i gcoinne chinneadh an bhinse
  • Go n-iontrálfar isteach mar othar saorálach más mian leat.

Athbhreithniú na hiontrála ag binse meabhairshláinte

Ní mór don Coimisiún Meabhair-Shláinte nuair a fhaigheann sé cóip d’ordú iontrála nó athnuachana,

  • an t-ábhar a tharchur do bhinse meabhairshláinte
  • Ionadaí dlíthiúila a shannadh mar ionadaí duit mura bhfostaíonn tú ceann duit féin
  • Scrúdú ortsa a chur in eagar ag síciatraí eile is comhairleach, an comhairleach atá freagrach as do chóireáil agus do chúram a chur faoi agallamh, agus do thaifid a athbhreithniú d’fhonn teacht ar chinneadh an bhfuil neamhord meabhrach ag baint duit. Caithfear tuairisc an bhinse a thabhairt laistigh de 14 lá chuig an gCoimisiún agus chuig d’ionadaí dlíthiúil.

Caitheann an binse do choinneáil a athbhreithniú agus cinneadh a ghlacadh laistigh de 21 lá ó dhéanamh an ordaithe (tá forálacha ann chun síneadh a chur leis an teorainn ama sin). Má tá sé sásta go bhfuil neamhord meabhrach ag baint duit agus gur leanadh na nósanna imeachta iomchuí (nó, murar leanadh, nach ndéanann an teip dochar do bhrí an ordaithe agus nach cúis le héagóir é) is amhlaidh a dhearbhaíonn sé an t-ordú. Mura bhfuil sé sásta, is amhlaidh a aisghaireann sé an t-ordú agus a thugann treoir go scaoiltear saor tú.

Is cosúil le cumhachtaí na cúirte iad cumhachtaí an bhinse, lena n-áirítear an chumhacht chun freastal daoine ábhartha agus táirgeadh cáipéisí a ordú. Ní mór don bhinse, ar ndóigh, urraim a thabhairt do ghnáthriachtanais an cheartais aiceanta, mar shampla ní foláir dó a chinntiú go bhfuil cóipeanna agat de na tuairiscí a bhfuil an binse á mbreithniú.

Caitheann an binse a chinneadh a fhógairt i scríbhinn chuig

  • An Coimisiún Meabhair-Shláinte
  • An síciatraí atá freagrach as do chúram agus as do chóireál
  • Tusa agus d’ionadaí dlíthiúil
  • Aon duine eile a measann an Binse go mba chóir fógra a thabhairt dóibh.

Is é An Coimisiún Meabhair-Shláinte a cheapann an binse. Caitheann dlíodóir feidhmiú mar chathaoirleach air, síciatraí is comhairleach amháin agus duine tuata (duine éigin nach dlíodóir ná lia iad). Is é An Coimisiún Meabhair-Shláinte a roghnaigh agus a chuir oiliúint ar na baill den bhinse.

Achomharc chun na Cúirte Cuarda

Is féidir leat achomharc a thabhairt chun na Cúirde Cuarda (laistigh de 14 lá) i gcoinne cinnidh chun an t-ordú a dhearbhú. Is fútsa, mar an t-othar, atá sé ag an iarraidh sin, chun do chás a chruthú nach bhfuil neamhord meabhrach ag baint duit.

Nósanna imeachta sibhialta i gcoitinne

Baineann srianta áirithe le tógáil caingne sibhialta sa chúirt ag éirí as caingne a tógadh faoin Acht Meabhair-Shláinte. Caitheann tú cead na hArd-Chúirte a fháil sula nglacann tú imeachtaí sibhialta i ndáil le haon ghníomh a rinneadh i gcleachtadh fheidhmeanna an tAcht Meabhair-Shláinte. Caithfidh nach ndiúltaíonn an Ard-Chúirt do chead mar sin mura mbíonn sí sásta gur baoth nó cráiteach iad na himeachtaí, nó nach bhfuil forais réasúnta ann chun áitiú gur fheidhmigh an duine a bhfuiltear ag tabhairt na n-imeachtaí ina n-aghaidh go fealltach nó gan cúram réasúnta. Ní cheadaítear don chúirt na himeachtaí a bhreithniú i bhfabhar an othair mura mbíonn sí sásta gur fheidhmigh an duine a bhfuiltear ag tabhairt na n-imeachtaí ina n-aghaidh go fealltach nó gan cúram réasúnta.

Toiliú do chóireáil shíciatrach

Ní féidir cóireáil míochaine agus máinliachta a thabhairt go ginearálta ach amháin le toiliú eolasach an othair. Is éagsúil é an dlí i gcás na n-othar síciatrach.

Chun críocha an tAch Meabhair-Shláinte 2001, ciallaíonn toiliú toiliú i bhfoirm scríbhinne, a fhaightear go saor gan bhagairtí ná dreasachtaí, más amhlaidh:

  • A dheimhníonn an síciatraí is comhairleach atá ag tabhairt cúraim duit gur féidir leat cineál, cuspóir agus éifeachtaí dóchúla na cóireála molta a thuiscint, agus
  • A thug an síciatraí dóthain eilais duit, ar bhealach agus i dteanga ar féidir leat a thuiscint, maidir le cineál, cuspóir agus éifeachtaí dóchúla na cóireála molta.

Teastaíonn do thoiliú chun cóireála de réir an Achta, ach amháin mar a measann an síciatraí is comhairleach gurb éigeantach é an chóireáil chun do bheatha a chosaint, chun do shláinte a aiseag, chun faoiseamh a fháil ó do riocht nó chun faoiseamh ón bhfulaingt a fháil duit, nach féidir leat an toiliú sin a thabhairt mar gheall ar do neamhord meabhrach.

Ní dhéanfar síc-mháinliacht mura n-údaraítear do thoiliú ag binse meabhair-shláinte.

Ní féidir teiripe leictri-thritheamhach a dhéanamh mura dtugann tú toiliú nó mura féidir leat toiliú a thabhairt agus gurb é an síciatraí is comhairleach atá freagrach asat agus síciatraí éigin eile is comhairleach a thugann údarú don teiripe.

Má bhíonn tú ag fáil cógais do mhaolú neamhoird mheabhrach ar feadh tréimhse 3 mhí, caithfear an cógas a bhaint mura dtugann tú toiliú nó, mura féidir leat toiliú a thabhairt agus gurb é an síciatraí is comhairleach atá freagrach asat agus síciatraí éigin eile is comhairleach a thugann údarú don chógas.

Sriandh

Ní féidir othair a shrianadh ná a leithlisiú murarb éigeantach é do chóireáil nó chun cosc a chur leis an othar ag déanamh díobhála dóibh féin. Cheap an Coimisiún rialacha d’úsáid an leithlisaithe agus na meán srianta colanda meicniúil. Tá Cód Cleachtais ann d’úsáid an tSrianta Cholanda in Ionaid Fhormheasta.

Trialacha cliniciúla

Daoine a mbaineann neamhord meabhrach dóibh agus a iontráladh chuig ionad formheasata; ní féidir leo rannpháirt a ghlacadh i dtrialacha cliniciúla.

Tuilleadh faisnéise

D’fhoilsigh an Coimisiún Meabhair-Shláinte treoir don Acht Meabhair-Shláinte 2001 ina mínítear do chearta faoin dlí meabhair-shláinte.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 23 Feabhra 2016