Seirbhísí meabhairshláinte

Réamhrá

Is é an dochtúir teaghlaigh an chéad duine a ndéantar teagmháil leis maidir le hábhair imní meabhairshláinte de ghnáth. Téann go leor daoine chuig a ndochtúir teaghlaigh (LG) nuair a bhíonn fadhbanna meabhairshláinte orthu, ar nós dúlagair nó imní. I gcásanna áirithe, féadfaidh an LG a chinneadh chun an duine a atreorú chuig gairmí meabhairshláinte, ar nós síciatraí, síceolaí cliniciúil nó comhairleoir andúile.

Chun eolas a fháil faoi na seirbhísí agus na tacaíochtaí meabhairshláinte atá ar fáil i do cheantar, glaoigh ar an líne eolais YourMentalHealth Saorghlao 1800 742 444.

Cabhair phráinneach

Má theastaíonn cabhair phráinneach le ceist mheabhairshláinte agus mura bhfuil do dhochtúir teaghlaigh ar fáil, is féidir leat dul i dteagmháil le seirbhís dochtúra lasmuigh d'uaireanta oibre nó rochtain a fháil ar sheirbhísí meabhairshláinte tríd an aonad meabhairshláinte nó ospidéal áitiúil. Nó, glaoigh ar 999 nó 112 má tá cabhair éigeandála ag teastáil uaitse nó ó dhuine a bhfuil aithne agat air/uirthi.

Seirbhísí Sláinte ag d’Oifig Sláinte Áitiúil

Soláthraíonn Feidhmeanancht na Seirbhíse Sláinte (FSS) réimse de sheirbhísí pobalbhunaithe meabhairshláinte. Is é a bhíonn san fhoireann mheabhairshláinte de ghnáth ná síciatraí comhairleach, cláraitheoir sa tsíciatracht agus altraí. In go leor ceantar, tá seirbhísí comhairleoir andúile, síceolaí, oibrí shóisialta agus teiripeoir saothair ar fáil.

Nuair a atreoraítear thú chuig síciatraí

D'fhéadfaí tú a atreorú le haghaidh coinne mar othar seachtrach nó, i gcás éigeandála, féadfar coinne a shocrú láithreach. Buailfidh an síciatraí leat chun do chuid fadhbanna meabhairshláinte a phlé agus chun na roghanna cóireála atá ar fáil a mhíniú.

Cóireál mar othar seachtrach

I measc na roghanna cóireála d’othair sheachtracha tá:

  • Clinicí othar seachtrach
  • Ospidéil lae nó ionaid lae
  • Cuairteanna baile ón bhfoireann mheabhairshláinte
  • Seirbhísí síceolaíochta cliniciúla
  • Seirbhísí comhairleoireachta andúile
  • Seirbhísí oibre sóisialta nó teiripe saothair
  • Cúram faoi dhochtúirí teaghlaigh

Seirbhísí othair sheachtraigh agus seirbhísí pobail

Is é aidhm na seirbhísí othair sheachtraigh agus na seirbhísí pobail ná cóireáil agus tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine ina dtithe féin agus ina bpobail féin nuair is féidir. Bíonn dochtúirí teaghlaigh (LGanna) ríthábhachtach maidir le seirbhísí cúram pobail a sholáthar.

Is éard is Clinic othar seachtrach ann ná clinic ar a bhfreastalaíonn tú go ndéanfar measúnú ort nó go socrófar cóireáil athleantach leo. Go minic, bíonn na saoráidí sin lonnaithe in ionaid sláinte phobail agus bíonn an fhoireann mheabhairshláinte comhdhéanta, de réir mar is gá, de shíciatraí comhairleach, d’altraí síciatracha pobail agus de bhaill eile den fhoireann mheabhairshláinte.

Is éard is Ospidéal Lae ann ná saoráid lae ar féidir leat freastal uirthi ó do theach nó ó shuíomh cúraim le haghaidh measúnú, cóireála nó cúram altranais . Is gnách go meastar é mar rogha eile ar ospidéal. Is iondúil gurb é an síciatraí comhairleach a mbíonn tú faoina chúram i gclinic othar seachtrach a thabharfaidh cóiréail duit san ospidéal lae freisin.

Is féidir leat freastal ar ionad lae i do phobal chun tacaíocht leanúnach a fháil. Is éard is ionaid lae ann ná foireann altraí síciatracha agus, ó am go chéile, teiripeoirí saothair. Is í an aidhm atá leis ná gníomhaíochtaí a chur ar fáil i dtimpeallacht chairdiúil thacúil.

Is éard is Ceardlann dhídeanach ann ná saoráid phobail ina bhfuil an bhéim ar ghníomhaíocht oibre atá oiriúnach dod’ chuid scileanna agus riachtanais, tacaithe agus treoraithe ag baill foirne oilte

Cead isteach go hospidéal

I gcás fhormhór na ndaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte orthu, cuirtear cóir leighis orthu gan orthu dul chuig an ospidéal nó téann siad chuig an ospidéal le haghaidh cóireála dá rogha féin. Sa chás go ligtear isteach thú de do rogha féin, tugtar othar deonach ort.

Uaireanta, is gá duine a ligean isteach le haghaidh cóireáil mheabhairshláinte agus cúram meabhairshláinte in aghaidh a dtola. Tugtar ligean isteach neamhdheonach air seo. Ní ligfear isteach thú in aghaidh do thola ach amháin faoi rialacha atá leagtha amach sa dlí lena chinntiú nach dtarlaíonn sé seo ach amháin nuair a bhíonn géarghá leis.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, féach ár gcáipéis ar chead isteach chuig ospidéal síciatrach.

Seirbhísí othair chónaithigh

De ghnáth tugtar seirbhísí leighis agus altranais d'othair chónaitheacha in ospidéal.

Má ligtear isteach tú san ospidéal, déantar measúnú ort agus tugtar cóireáil duit in áit ar a dtugtar barda ligean isteach géarmhíochaine. Tar éis cóireáil a fháil, scaoiltear formhór na n-othar abhaile le haghaidh cúram athleantach i gclinic othar seachtrach. Is féidir roinnt othar a aistriú ó aonad ligean isteach go dtí barda cúraim leanúnaigh nó barda athshlánúcháin de réir a gcuid riachtanas.

Uaireanta d'fhéadfadh sé go mbeadh gá ann le haire agus le cóireáil a thabhairt d’othar i dtimpeallacht atá sábháilte agus srianta. Is aonad beag é seo de ghnáth laistigh de shuíomh ospidéil ina a bhfuil altraí síciatracha ardoilte ann. Bíonn an t-aonad faoi ghlas agus an timpeallacht shlán.

Aonaid chónaithe

Teach grúpa ardtacaíochta: Teach cónaithe do dhaoine nach gá dóibh bheith in ospidéal is ea seo. Is féidir leis na daoine sin cónaí sa phobal ach teastaíonn cúram agus tacaíocht altranais 24 uair uathu ar chúiseanna éagsúla. Is féidir le daoine áirithe tréimhse ama a chaitheamh in áit chónaithe ardtacaíochta agus bogadh isteach in áit chónaithe meántacaíochta nó ísealtacaíochta ina dhiaidh sin.

Teach grúpa meántacaíochta: Teach cónaithe do dhaoine atá measartha neamhspleách i bhformhór na ngnéithe dá scileanna gnáthmhaireachtála is ea seo. Teastaíonn roinnt cúnaimh nó tacaíochta uathu i ngnéithe áirithe, mar shampla, airgeadas a bhainistiú nó scileanna cócaireachta. Ar an gcúis sin, ní bhíonn altra nó baill foirne cúraim oilte i láthair sa teach ach amháin le linn an lae de ghnáth.

Teach grúpa ísealtacaíochta: Tá na haonaid chónaithe seo deartha do dhaoine atá neamhspleách i bhformhór na ngnéithe dá scileanna gnáthmhaireachtála, nó i ngach ceann díobh. Is é lucht bainistíochta an ospidéil a dhéanann comhordú ar chothabháil agus ar bhainistiú iomlán an tí ghrúpa. Is féidir leis na cónaitheoirí sin teacht ar altra síciatrach pobail nó ar mhaoirseoir, duine a thabharfaidh aird dóibh nuair is gá.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Chun eolas a fháil faoi na tacaíochtaí meabhairshláinte atá ar fáil i do cheantar, glaoigh ar líne eolais YourMentalHealth ar Shaorghlao 1800 742 444.

Is féidir leat seirbhísí meabhairshláinte áitiúla a aimsiú ar

yourmentalhealth.ie.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 21 Eanáir 2020