Gairmithe meabhairshláinte

Eolas

Glacann seirbhísí meabhairshláinte le cur chuige ildisciplíneach, áit a gcuireann gairmithe de chineálacha éagsúla a sainscileanna féin ar fáil ar bhealach comhordaithe comhlántach.

Dochtúir teaghlaigh (GP)

Go minic, is é an dochtúir ginearálta an chéad duine a dtéann daoine i dteagmháil leis agus iad ar lorg cabhrach. Déanfaidh sé/sí measúnú ar an bhfadhb agus d’fhéadfadh go gcinnfeadh sé/sí cógas a chur ar fáil agus monatóireacht a dhéanamh ar do riocht nó d’fhéadfadh go n-atreoródh sé/sí thú chuig speisialtóir, e.g., síciatraí, síceolaí nó comhairleoir, más gá. D’fhéadfadh go mbeadh do dhochtúir teaghlaigh in ann grúpa tacaíochta a mholadh duit i gcomhair na faidhbe atá i gceist. Sa chás go bhfuil daoine eile páirteach i gcúram an othair (e.g. síciatraí, oibrí sóisialta, baill teaghlaigh, etc.), d’fhéadfadh go rachadh do dhochtúir ginearálta i gcomhairle leo ar mhaithe leis an gcúram is fearr a chur ar fáil.

Síciatraí

Is dochtúir leighis a dhéanann speisialtacht de mheabhairshláinte is ea síciatraí. Tá síciatraithe freagrach as cúram leighis othar síciatrach (cógas, siomtóim fhisiciúla, etc.). Bíonn siad páirteach i gcomhairleoireacht freisin. I bhformhór na gcásanna, oibríonn síciatraí in ospidéal síciatrach, in aonad síciatrach nó mar chuid d'fhoireann cúram phobail, ach is féidir leis/léi bheith fostaithe i gcleachtas príobháideach freisin. Sa chuid is mó de na cásanna, atreoróidh do dhochtúir teaghlaigh chuig síciatraí má cheapann sé é a bheith riachtanach nó má iarrann tú é. Déanfaidh síciatraí measúnú ar an duine, i gclinic othar seachtrach in ospidéal de ghnáth, tiocfaidh sé ar dhiagnóis agus cuirfidh sé cóireáil ar an duine dá réir. Is é a d’fhéadfadh bheith i gceist leis an gcóireáil sin ná cógas a sholáthar nó an t-othar a atreorú chuig ball den fhoireann mheabhairshláinte. Má cheapann an síciatraí é a bheith riachtanach, d'fhéadfadh sé/sí a mholadh go ligfear an t-othar isteach san ospidéal. De ghnáth, ní dhéantar an moladh sin ach amháin i gcásanna ina bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag an duine.

Síceolaí

Tá síceolaí oilte i staidéar a dhéanamh ar iompar an duine agus féachann sé le mothúcháin, le smaointe agus le hiompar a mhíniú. Is féidir le síceolaithe measúnú agus cóireáil de chineál síceolaíoch a chur ar fáil. Is é a bhíonn i gceist leis sin ná measúnú pearsantachta a dhéanamh trí agallamh struchtúrtha agus measúnú a dhéanamh ar raon leathan fadhbanna síceolaíocha - imní, dúlagar, fadhbanna féinmheasa, fadhbanna sícighnéasacha agus fadhbanna pósta ina measc. Is féidir leo cabhrú le hothair freisin scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a imríonn an tinneas ar a saol agus modhanna a mholadh dóibh chun dul i ngleic leis an tionchar sin. Aidhm thábhachtach a bhíonn ag síceolaí is ea cabhrú leis an othar a t(h)inneas a thuiscint. Agus é ag obair sa réimse meabhairshláinte, is minic a oibríonn an síceolaí mar shíceolaí cliniciúil, mar shíceolaí pobail nó mar shíceolaí comhairleoireachta. Ní ordaíonn sé cógas, ach amháin i gcásanna ina bhfuil cáilíocht mhíochaine aige freisin.

Síceolaí cliniciúil

Tá cáilíocht speisialtóra i meabhairshláinte ag síceolaí cliniciúil agus oibríonn sé mar chuid den fhoireann mheabhairshláinte in aonad nó in ospidéal. Pléann sé le measúnú agus le teiripe chomhairleoireachta. Cuirtear teiripe theaghlaigh ar fáil nuair is cuí agus d’fhéadfadh go nglacfaí le cur chuige ar leith chun dul i ngleic le fadhbanna ar leith lena linn – mar shampla, glactar le cur chuige iompraíochta cognaíche i gcás fóibí. Is trí dhochtúir teaghlaigh nó trí shíciatraí a atreoraítear othar chuig síceolaí cliniciúil de ghnáth, ach is féidir le duine é féin a atreorú freisin.

Síceolaí pobail

Tá cáilíocht chliniciúil ag síceolaí pobail agus oibríonn sé mar chuid d'fhoireann phobalbhunaithe in éineacht le hoibrithe sóisialta, le teiripeoirí urlabhra agus le hoifigigh leasa pobail. Pléann síceolaí pobail le measúnú a dhéanamh orthu siúd a bhfuil raon leathan fadhbanna acu, lena n-áirítear leanaí a bhfuil deacrachtaí iompair, deacrachtaí oideachais agus deacrachtaí eile acu, agus le bheith ag obair leis na daoine sin.

Síceolaí comhairleoireachta

Cuimsíonn síceolaíocht chomhairleoireachta, mar limistéar speisialtóra, réimse fairsing de chleachtais a chabhraíonn le daoine feabhas a chur ar a bhfolláine, anacair agus mí-oiriúint a fhuascailt, géarchéimeanna a réiteach, agus a gcumas a mhéadú chun saol níos ardfheidhiúla a chaitheamh. Is féidir teacht ar shíceolaithe comhairleoireachta ag oibriú i limistéir fhairsinge ar nós scoileanna agus coláistí, áiteanna oibre tionsclaíocha agus seirbhísí sláinte.

Teiripeoir iompraíochta

Tá teiripe iompair bunaithe ar an teoiric gur féidir leat na nithe a dhéanann daoine a athrú trí mhúineadh dóibh conas freagairt do rudaí ar bhealach éagsúil. Is é an aidhm atá le teiripe iompraíochta ná cabhrú leis an othar smacht a fháil ar ghnásanna neamh-inmhianaithe nó ar ábhair neamhréasúnacha eagla. Is féidir í a úsáid chun riochtaí iompraíochta ar nós neamhoird itheacháin agus fóibí a chóireáil. I mórán cásanna, is féidir iompar a fhoghlaim nó a dhearmad trí leas a bhaint as bunteicnící riochtaithe. Baineann teiripe iompraíochta leas as riochtú dochmaitheach, rud trína ndéantar nasc idir gnásanna míthaitneamhacha, agus as dí-íogrú córasach, rud trína ndéantar nasc idir rud is cúis le himní agus rud taitneamhach. Bíonn roinnt teiripeoirí iompraíochta ina síciatraithe nó ina síceolaithe, ach ní mar sin a bhíonn i gcónaí. D'fhéadfadh go mbeadh daoine eile ag obair sa réimse seo, ar nós altraí síciatracha nó oibrithe sóisialta atá tar éis oiliúint ábhartha a fháil ina leith. Cé go n-úsáidtear an cineál sin teiripe go minic chun neamhoird iompraíochta a chóireáil, b'fhéidir nach mbeidh sé ar fáil i ngach réigiún.

Teiripeoir iompraíochta cognaíche

Is é an aidhm atá le teiripe iompraíochta cognaíche (TIC) ná mothúcháin mhífheidhmiúla agus iompar mífheidhmiúil a laghdú trí phátrúin iompair agus smaointeoireachta a athrú. Creideann gairmithe a dhéanann speisialtacht den chineál sin teiripe gur as athrú i smaointeoireacht a thagann athrú i siomtóim agus in iompar. Is féidir an t-athrú sin a dhéanamh ar roinnt bealaí éagsúla, lena n-áirítear cineálacha nua iompair a chleachtadh agus patrúin lochtacha smaointeoireachta a anailísiú. Is é cuspóir TIC ná anacair nó iompar gan iarraidh a laghdú tríd an bhfoghlaim sin a dhearmad nó trí fhoghlaim nua níos oiriúnaithí a chur ar fáil. Mar an gcéanna, seans nach mbeidh gach teiripeoir iompraíochta cognaíche ina síceolaí ná ina síciatraí agus ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Limistéar áitiúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) chun a fháil amach an bhfuil an tseirbhís ar fáil i do cheantar.

Comhairleoir

Tá a lán cineálacha comhairleoireachta le fáil do raon leathan fadhbanna. Déanann mórán comhairleoirí speisialtacht de réimsí ar leith, mar shampla andúil nó bás. Leagtar béim i ngach cur chuige go n-éistear leis an gcliant ar bhealach aireach neamhbhreithiúnach agus go dtugtar meas dó. Is í an aidhm atá le comhairleoireacht ná deis a thabhairt do dhaoine smacht a fháil ar a saol féin, agus seans nach gcloífidh an comhairleoir le teoiric ar leith amháin. Is é féin-atreorú an gnáthbhealach a leantar chun dul i mbun comhairleoireachta, cé gur féidir le dochtúir teaghlaigh, le síciatraí nó le dlúthchara bheith in ann duine oiriúnach a mholadh. Tá roinnt comhairleoirí ina síceolaithe cáilithe, ach ní hamhlaidh atá an scéal i gcás cuid mhór acu. I gcás na ndaoine siúd nach síceolaithe cáilithe iad, seans go ndearna siad bunchéim nó bunoiliúint i réimsí eile agus/nó go bhfuil taithí oibre ábhartha acu (e.g., teagasc, altranas), in éineacht le cáilíocht chomhairleoireachta. Bíonn idir chéimeanna Máistreachta agus chúrsaí gearrthéarmacha i gceist anseo. Tá sé tábhachtach go bhfuil tú sásta le hoiliúint agus le cáilíochtaí aon chomhairleora a roghnaíonn tú. Déantar seisiún comhairleoireachta amháin sa tseachtain ar bhonn gearrthéarmach de ghnáth, ach bíonn tréimhsí éagsúla i gceist leis.

Comhairleoir andúile

Cuireann comhairleoirí andúile seirbhísí measúnaithe, comhairle, faisnéise agus cóireála ar fáil do dhaoine atá ag fulaingt andúile san alcól, i ndrugaí nó i gcearrbhachas. Sula bhfaigheann sé comhairleoireacht le haghaidh andúile, ní mór d’othar clár díthocsainithe a chur i gcrích, más cuí. Déantar an t-othar a atreorú ansin chuig seirbhís phobalbhunaithe um chóireáil andúile. Is é an cur chuige is coitianta ná comhairleoireacht a dhéanamh duine le duine nó i ngrúpaí agus leagtar béim ar iarmhairtí iompar an andúiligh lena linn. Féachann an phríomhghné den chóireáil ar na tosca a bhí ina gcúis le forbairt na handúile. Leagtar spriocanna síos chun iarracht a dhéanamh pátrúin shláintiúla iompair a bhunú. Cuid an-tábhachtach den chóireáil is ea rannpháirtíocht a fháil ó dhuine de theaghlach an andúiligh, rud a chabhraíonn leis na spriocanna sin a bhaint amach. Ar an meán, maireann an clár idir sé seachtaine agus ocht seachtaine. Cuirtear seirbhís iarchúraim ar fáil ina dhiaidh sin.

Síciteiripeoir

Is minic a bhíonn síciteiripe níos doimhne ná comhairleoireacht. Tá sí bunaithe ar na smaointe seo a leanas: dá laghad eolas atá againn ar ár gceannfháthanna, ar ár mothúcháin agus ar ár ngníomhartha, is é is mó an tionchar a imríonn siad orainn; agus dá fhaide a leanaimid seanphatrúin, is é is mó dochar a dhéanfaidh siad dúinn. Is féidir le síciteiripeoir cabhrú le hothair a n-aigne fho-chomhfhiosach a scrúdú. Trí aon cheannfháthanna, aon ábhair eagla agus aon mhothúcháin a thabhairt chun solais, agus trí iad sin a shárú, is féidir le hothair sólás a fháil óna gcuid siomtóim i mórán cásanna. De ghnáth, tugann síciteiripeoirí faoi oiliúint fhada iarchéime, rud ina n-éilítear ar oiliúnaithe dul faoi theiripe - dhá uair in aghaidh na seachtaine i mórán cásanna - ar feadh roinnt blianta. Is ar an gcreat teoiriciúil ina mbíonn sé nó sí ag obair a bhíonn na teicnící agus idirghabhálacha a úsáideann an síciteiripeoir ag brath.

Altra síciatrach

Imríonn altra síciatrach ról tábhachtach i gcúram an othair shíciatraigh, san ospidéal agus sa phobal araon. Oibríonn sé nó sí taobh istigh de sheirbhís shíciatrach mar chuid d’fhoireann cúram sláinte. Is idir chúram fisiciúil agus chúram síceolaíoch a chuireann altraí ar fáil dá n-othar. Uaireanta, tugann siad tacaíocht agus spreagadh riachtanach do theaghlaigh na n-othar freisin. Is éagsúil a bhíonn cúraimí an altra, ach bíonn na nithe seo a leanas i gceist leo:

  • Cúram othar lae
  • Cláir dhíthocsainithe
  • Oideachas a chur ar altraí faoi oiliúint agus ar ghrúpaí pobail
  • Oideachas a chur ar theaghlaigh agus tacaíocht a thabhairt dóibh
  • Grúptheiripe, comhairleoireacht duine le duine
  • Idirchaidreamh a dhéanamh le seirbhísí othar cónaithe, le dochtúirí teaghlaigh, le heagraíochtaí straitéise agus le heagraíochtaí deonacha
  • Ligean isteach san ospidéal agus glacadh le hothair a eagrú
  • Measúnú tosaigh a dhéanamh ar atreoruithe ó dhochtúirí teaghlaigh.

De ghnáth, déanann an t-altra síciatrach pobail teagmháil le hothair tar éis iad a scaoileadh ón ospidéal, é ag tabhairt cuairt ar a dtithe agus ag freastal ar chlinicí othar seachtrach agus ar ionaid chúram lae. Bíonn altraí síciatracha pobail ag éirí páirteach anois i riachtanais athchóiríochta othar.

Oibrí sóisialta meabhairshláinte

Cuireann oibrithe sóisialta meabhairshláinte raon feidhmeanna éagsúla i gcrích mar chuid d’fhoireann ildisciplíneach. Tá comhairleoireacht duine le duine ar cheann de na príomhchúraimí atá orthu maidir le cúnamh a thabhairt do dhaoine a bhfuil cineálacha éagsúla deacrachtaí mothúchánacha acu. Feidhm thábhachtach eile is ea ‘síocoideachas’. Tagraíonn síocoideachas don obair a dhéantar le daoine aonair agus lena dteaghlach chun gnéithe de mheabhairghalar a mhíniú dóibh. Is é atá i gceist le síocoideachas freisin ná straitéisí déileála atá oiriúnach don mheabhairghalar lena mbaineann a chur ar fáil. Toisc gur scoilte a bhíonn soláthar seirbhísí meabhairshláinte ó am go ham, tá oibrithe sóisialta meabhairshláinte tiomanta do ‘bhainistíocht cáis’ nó do ‘bhainistíocht cúraim’. Tagraíonn sé sin do bheith ag obair le daoine ar mhaithe le comhleanúnachas cúraim agus comhordú seirbhísí a chinntiú. Cabhraíonn sé sin lena bhfolláine agus le caighdeán a mbeatha a uasmhéadú. Is é atá i gceist le bainistíocht cáis ná seirbhísí sláinte a chomhtháthú le raon seirbhísí eile. I measc samplaí de na seirbhísí sin, tá tithíocht, leas sóisialach, oiliúint poist agus fostaíocht, idirchaidreamh le gníomhaireachtaí reachtúla agus deonacha, etc. D’fhéadfadh gach ceann de na naisc sin cur le meabhairshláinte dhearfach.

Teiripeoir saothair

Cuireann teiripeoirí saothair seirbhísí ar fáil do dhaoine a bhfuil a gcumas chun déileáil le gníomhaíochtaí laethúla faoi bhagairt nó faoi lagú ar shlí éigin ag fadhbanna fisiciúla, síceolaíocha nó forbartha. Is féidir le teiripeoirí saothair measúnú agus cóireáil a dhéanamh ar dhuine ar bith (duine fásta nó leanbh) a bhfuil deacrachtaí praiticiúla aige de bharr meabhairghalair, gortú timpisteach, airtrítis, pairilis cheirbreach, deacrachtaí foghlama, stróc nó de bharr riochtaí eile comhbheirthe, forbartha, meathlúcháin nó néareolaíocha. Is é an aidhm atá le teiripe shaothair ná cur ar chumas an duine stíl mhaireachtála atá chomh neamhspleách, chomh táirgiúil agus chomh sásúil agus is féidir a bheith aige. Is é a d’fhéadfadh a bheith i gceist le cóireáil ná féinchúram, forbairt phearsanta, soghluaisteacht agus rochtain, scileanna agus oiliúint, bainistíocht bhaile, feasacht ar mhíchumas, ullmhúchán don obair, súgradh stiúrtha, bainistíocht struis agus teicnící cúitimh.

Oiliúnóir tacaí gairme

Is é is gairmoiliúint ann ná seirbhís a chuirtear ar fáil do dhaoine ar chuir fadhbanna meabhairshláinte isteach ar a saol agus ar mian leo tús nua a dhéanamh. Is é an aidhm atá léi na scileanna, an t-eolas agus an dearcadh is gá a thabhairt do rannpháirtithe chun gur féidir leo dul i mbun fostaíochta, breisoiliúna, oideachais agus féinfhostaíochta. Is é an aidhm atá léi freisin ná deiseanna eile oibre a thabhairt do rannpháirtithe, deis a thabhairt dóibh féinmhuinín a athchothú agus féinluach a athghnóthú agus deis a thabhairt dóibh cairde nua a dhéanamh agus cineálacha caitheamh aimsire a fhorbairt. Soláthraíonn Ionad Gairmoiliúna gníomhaíochtaí ar nós adhmadóireachta, miotalóireachta, nósanna imeachta oifige, ealaíon agus ceardaíochta agus scileanna saoil (e.g., scileanna idirphearsanta agus forbairt phearsanta). Déantar clár ar leith a aontú le gach oiliúnaí. Is trí ghairmí ar nós síciatraí a dhéantar an t-atreorú de ghnáth, ach is féidir le duine é féin a atreorú freisin. Cé go bhfuil roinnt oiliúnóirí ina ngairmithe meabhairshláinte, amhail altraí síciatracha, níl oiliúint mhíochaine ar leith déanta ag gach duine acu.

Rataí

Ní gá duit íoc as úsáid a bhaint as seirbhísí gairmithe meabhairshláinte a oibríonn sa chóras sláinte poiblí. Beidh difríocht shuntasach sa chostas má chinneann tú úsáid a bhaint as seirbhísí gairmithe príobháideacha meabhairshláinte. Ba chóir duit dul i dteagmháil leis na daoine atá páirteach le haghaidh tuilleadh faisnéise a fháil.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh chun rochtain a fháil air ghairmithe meabhairshláinte, idir ghairmithe poiblí agus ghairmithe príobháideacha. Is féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh le roinnt comhairleoirí, síceolaithe, etc., atá príobháideach. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí gairmiúla chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghairmithe i do cheantar.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 4 Samhain 2015