Ospidéal síciatrach a iontráil

Réamhrá

Má tá tú ag fulaingt le meabhairghalar, féadfaidh tú féin ospidéal nó aonad síciatrach a iontráil ar bhonn deonach, nó is féidir thú a chur ann i gcoinne do thola mar othar neamhdheonach. Is iontrálacha deonacha iad formhór mór na n-iontrálacha – ciallaíonn seo go ndéanann tú comhaontú toiliúil iontráil ann go gcuirfear cóireáil ort. Ní bhíonn sé go hiomlán faoi othair shíciatracha dheonacha cúram síciatrach a fhágáil, agus féadtar iad a choimeád ar feadh tréimhse agus iad a choimeád ina dhiaidh sin, i gcoinne a dtola. Tá rialacha sonracha ann faoi othair a choimeád i gcoinne a dtola.

Leagtar amach na rialacha faoi ospidéil nó aonaid a iontráil san Acht Meabhair-Shláinte 2001. Baineann na rialacha seo ar an mbealach céanna le háiseanna poiblí agus príobháideacha síciatracha. Ceanglaíonn an tAcht go gcláraítear ospidéil agus aonaid shíciatracha mar aonaid fhaofa shíciatracha.

Do leas is fearr

Faoin Acht um Meabhairshláinte, 2001, nuair a thugtar cead isteach do dhaoine go hionaid fhaofa nó nuair atá cóir leighis á cur orthu in ionaid fhaofa (is é sin, ospidéil shíciatracha nó seirbhísí othair chónaithigh), ba cheart a leas is fearr a chur san áireamh sula ndéantar aon chinneadh faoina gcúram agus faoin gcóireáil. Ba cheart iad a áireamh i bpé a dhéantar lena bhfoireann chúraim faoin méid atá i gceist lena leas is fearr chun cabhrú leo lena n-athshlánú. Tá an ceart ag othair go gcaitear leo le dínit agus le meas agus tá an ceart acu go n-éisteann gach duine díobh siúd atá ag oibriú ar a bhfoireann chúraim leo. Tá siad i dteideal páirt a ghlacadh i bplé a dhéanann difear dá sláinte agus ba cheart dá bhfoireann chúraim breithniú cúramach a dhéanamh ar a dtuairimí. Tá an ceart acu go gcuirtear ar an eolas go hiomlán iad faoina gcearta dlíthiúla, a gcead isteach agus a gcóireáil.

Is ionann na rialacha a bhaineann le teidlíocht do sheirbhísí othair chónaithigh agus faoin aon mhuirir a ghearrtar ar na seirbhísí siúd agus na rialacha a bhaineann le hospidéil ghinearálta.

Féadfaidh tú níos mó a léamh sa treoir seo maidir leis an Acht um Meabhairshláinte, 2001 a mhíníonn do chuid ceart faoin dlí um meabhairshláinte.

Iontráil dheonach

Déantar ospidéal nó aonad síciatrach a iontráil nach mór ar an mbealach céanna a dhéantar ospidéal ginearálta a iontráil. Féadfaidh do LG nó do chomhairleach thú a atreorú ann. Murab ionann othair in ospidéil ghinearálta, ní bhíonn sé fút féin i gcónaí cúram síciatrach a fhágáil nuair is mian leat.

Más othar deonach thú agus más mian leat ionad síciatrach a fhágáil agus má mheasann an síciatraí comhairleach nó dochtúir nó altra i measc na foirne go bhfuil tú thíos le neamhord meabhrach, féadfaidh an gairmeach thú a choimeád ar feadh 24 uair ar a mhéid. Más leanbh an t-othar deonach agus más mian leis na tuismitheoirí nó an caomhnóir é/í a thabhairt abhaile, féadfaidh an gairmeach a ordú go gcoimeádtar an leanbh agus go gcuirtear é/í faoi choinneáil FSS (má mheasann an gairmeach go bhfuil an leanbh thíos le neamhord meabhrach).

Ní mór don síciatraí comhairleach thú a scaoileadh abhaile nó scrúdú a shocrú a dhéanfaidh síciatraí comhairleach eile. Ní mór don dara comhairleach deimhniú a eisiúint ina luaitear gur cheart thú a choimeád mar gheall ar neamhord meabhrach nó ní mór dóibh thú a scaoileadh. Má choimeádtar thú, is othar neamhdheonach thú agus bíonn na nósanna imeachta go léir i gceist a bhaineann le faisnéis, athbhreithniú agus achomharc ar an ngnáthbhealach. Is féidir léigh tuilleadh inár ndoiciméad faoi chearta othar síciatrach.

Iontráil neamhdheonach

Faoin Acht Meabhair-Shláinte 2001, féadtar thú a chur agus a choimeád in ionad faofa síciatrach i gcoinne do thola má tá tú thíos le neamhord meabhrach. Ní fhéadtar thú a chur ann díreach mar gheall go bhfuil tú thíos le neamhord pearsantachta, go bhfuil tú claonaíoch go sóisialta nó go bhfuil tú tugtha do dhrugaí nó do dheochanna meisciúla.

Neamhord meabhrach

Sainítear san Acht neamhord meabhrach mar thinneas meabhrach, néaltrú tromchúiseach nó míchumas tromchúiseach intleachtach:

  • Gurb é is dóichí, mar gheall ar an tinneas, an míchumas nó an néaltrú, go ndéanfaidh tú díobháil láithreach agus thromchúiseach duit féin nó do dhaoine eile nó
  • Mar gheall ar thromchúise an tinnis, an mhíchumais nó an néaltraithe, tá do bhreithiúnas chomh lagaithe sin, gur dócha go n-éireodh do riocht i bhfad ní ba mheasa nó go gcuirfí cosc ar an gcóireáil oiriúnach leighis a chur ort nach bhféadfaí a chur ort murach gur iontráil thú agus gur glacadh isteach thú, agus gur dhócha go rachadh sé chun do shochair nó go maolódh sé do riocht thú a choimeád agus cóireáil a chur ort in ionad faofa.

Ciallaíonn tinneas meabhrach staid intinne a imríonn tionchar ar do smaointeoireacht, braistint, mothúcháin nó do bhreithiúnas agus a lagaíonn d’fheidhm mheabhrach go mór an méid sin go dteastaíonn cúram nó cóireáil leighis uait ar mhaithe leat féin nó ar mhaithe le daoine eile.

Ciallaíonn géarnéaltrú meath na hinchinne a lagaíonn go mór d’fheidhm intleachtach agus a imríonn tionchar ar mhachnamh, thuiscint agus ar chuimhne agus lena n-áirítear comharthaí síciatracha nó iompraíochta, ar nós ionsaí fisiciúil.

Ciallaíonn míchumas suntasach intleachtach staid fhorbairt bhactha nó neamhiomlán na hintinne, lena n-áirítear lagú suntasach éirime agus feidhmiú sóisialta agus iompar ionsaitheach neamhghnách nó iompar atá an-mhí-fhreagrach.

Iarratas a dhéanamh ar iontráil neamhdheonach

Féadfaidh céile nó gaol, oifigeach údaraithe, Garda nó aon duine eile, iarratas a dhéanamh ar iontráil neamhdheonach duine fhásta a dhéanamh ar chleachtóir cláraithe leighis. Is oifigeach d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) oifigeach údaraithe, arna shannadh ag Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS ar mhaithe leis na hiarratais sin a dhéanamh. Ní áirítear le ‘céile’ céile idirscartha nó aon chéile a ndearnadh iarratas nó ordú faoin Acht um Fhoréigean Baile ina leith.

Ní féidir leis na daoine a leanas iarratas a dhéanamh:

  • Duine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois
  • Oifigeach údaraithe nó Garda atá mar ghaol leis an duine atá i gceist nó céile an duine sin
  • Comhalta den chomhlacht rialaithe (seachas comhalta de FSS) nó foireann an ionaid fhaofa atá i gceist
  • Duine ar bith ar spéis leo na híocaíochtaí atá le déanamh leis an ionad faofa
  • Aon chleachtóir leighis a sholáthraíonn seirbhís rialta leighis don ionad
  • Céile, tuismitheoir nó neasghaol eile le haon duine de na daoine a luaitear go sonrach thuas.

Níor mhór go raibh an duine a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh acu, i gcuideachta an duine dá lorgaítear an iontráil, laistigh de 48 uair an chloig sula ndéantar an t-iarratas. Má tá an t-iarratas á dhéanamh ag ‘aon duine eile’, ní mór go n-áireofar leis an iarratas ráiteas ina luaitear na cúiseanna lena bhfuil an t-iarratas á dhéanamh, an gaol atá idir an t-iarratasóir agus an duine a bhfuil a iontráil á bheartú agus na cúinsí faoina bhfuil an t-iarratas á dhéanamh.

Ról na nGardaí

Má tá údair réasúnta ag Garda a chreidiúint go bhfuil duine thíos le neamhord meabhrach agus, mar gheall ar an neamhord, gur dócha go mór go ndéanfaidh an duine díobháil láithreach agus thromchúiseach dó/di féin nó do dhuine eile, féadfaidh an Garda an duine a chur faoi choimeád. Más gá, féadfaidh an Garda fórsa a úsáid chun an t-áitreabh a iontráil ina meastar go bhfuil an duine sin ina c(h)ónaí. Ní mór don Gharda, ina dhiaidh sin, an gnáthnós imeachta a leanúint le haghaidh iarratais ar choimeád neamhdheonach in ionad faofa. Má dhiúltaítear iarratas an Gharda, ní mór an duine a scaoileadh láithreach. Má dheonaítear an t-iarratas, ní mór don Gharda an duine a thabhairt go dtí an t-ionad faofa.

Measúnú leighis

Má bheartaítear go n-iontráiltear thú isteach i gcoinne do thola go dtí ionad faofa, ní mór do chleachtóir leighis scrúdú a dhéanamh ort (nach gaol leat é/í agus nach bhfuil aon bhaint aige/aici le hionad faofa) laistigh de 24 uair an chloig tar éis iarratas a dhéanamh. Ní mór don dochtúir cuspóir an scrúdaithe a insint duit mura measann sé nó sí go mbainfeadh an fhaisnéis sin de do shláinte mheabhrach, de d’fholláine nó de do riocht mhóthúchánach.

Má mheasann an dochtúir go bhfuil tú thíos le neamhord meabhrach, molann sé nó sí go gcuirtear thú i gcoinne do thola go hionad faofa (seachas an tOspidéal Lárnach Mearbhaill). Beidh an moladh seo i bhfeidhm ar feadh seacht lá. Má dhiúltaítear an t-iarratas agus má dhéantar iarratas ina dhiaidh sin, tá dualgas ar an iarratasóir an dochtúir a chur ar an eolas faoin iarratas a rinneadh roimhe seo, má bhíonn an t-iarratasóir ar an eolas air.

Duine a thabhairt go hionad faofa

Go ginearálta, is é an t-iarratasóir a bhíonn freagrach as an duine a thabhairt go dtí an t-ionad. Murar féidir seo a dhéanamh, féadfaidh an dochtúir a rinne an moladh iarraidh ar dhochtúir cliniciúil an ionaid nó ar shíceolaí comhairleach a ghníomhaíonn ar a s(h)on na socruithe a dhéanamh go dtabharfaidh an fhoireann an duine go dtí an t-ionad. Más gá, féadtar iarraidh ar na Gardaí cabhrú. Sa chás seo, tá sé de chumhacht ag na Gardaí áitreabh a iontráil le fórsa agus féadfaidh siad an t-othar a chur faoi choimeád nó srian, más gá.

Ionad faofa síciatrach a iontráil

Nuair a ghlactar leat ag ionad faofa síciatrach, ní mór do shíceolaí comhairleach den fhoireann scrúdú a dhéanamh ort. Féadtar thú a choimeád ar feadh 24 uair an chloig ar a mhéid san ionad ar mhaithe le tabhairt faoin scrúdú seo. Má tá an síceolaí sásta go bhfuil tú thíos le neamhord meabhrach, déanann sé/sí an t-ordú um iontráil neamhdheonach. Mura bhfuil an síceolaí sásta go bhfuil tú thíos le neamhord meabhrach, ní mór thú a scaoileadh láithreach. Bíonn an t-ordú iontrála bailí ar feadh 21 lá. Déanann sé do ghlacadh, coimeád agus cóireáil san ionad don tréimhse seo a údarú.

Féadfaidh ordú athnuachana an tréimhse seo a shárú de bhreis ar 3 mhí. Ní mór don síceolaí comhairleach atá freagrach seo a dhéanamh agus níor mhór go ndearna sé/sí scrúdú ort sa tseachtain sula ndearnadh an t-ordú. Féadfaidh an síceolaí céanna ordú breise athnuachana a dhéanamh ar feadh tréimhse 6 mhí agus 12 mhí ina dhiaidh sin, in aon bhabhta amháin.

Tá forálacha ann i dtaca le hathbhreithniú a dhéanamh ar gach ordú iontrála – is féidir léigh tuilleadh inár ndoiciméad faoi chearta othar síciatrach.

Leanaí

Féadfaidh FSS iarratas a dhéanamh ar iontráil neamhdheonach linbh atá thíos le neamhord meabhrach. Ní mór an t-iarratas sin a dhéanamh ar an gCúirt Dúiche. Ordóidh an chúirt scrúdú síciatrach agus déanfaidh siad ordú, ina dhiaidh sin, go dtabharfar cead isteach don leanbh go dtí ionad faofa ar feadh 21 lá, ar féidir é seo a shíneadh. Teastaíonn faomhadh sonrach ón gcúirt má bheartaítear tabhairt faoi shíocomháinliacht nó faoi theiripe leictreabhaoth-thonnach ar leanbh ar a bhfuil neamhord meabhrach.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 2 Feabhra 2016