Seirbhísí athshlánaithe agus traenála do dhaoine faoi mhíchumas

Eolas

Tá raon tacaí fostaíochta do dhaoine faoi mhíchumas ar fáil, iad deartha chun cabhrú leo post a fháil agus post a choinneáil. Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí na tacaí sin ar fáil trí oifigí áitiúla seirbhísí fostaíochta agus trí ionaid Intreo.

Is é SOLAS a chuireann gairmoiliúint ar fáil.

Tá freagracht ar an Roinn Sláinte maidir le traenáil athshlánaithe (traenáil nach mbaineann leis an lucht oibre) agus le hobair shóisialta. Is faoi Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte atá sé na seirbhísí seo a chur ar fáil. Don chuid is mór cuirtear traenáil athshlánaithe agus obair shóisialta ar fáil:

  • In ionaid traenála creidiúnaithe atá dhá rith ag na FSS nó ag soláthraithe seirbhísí faoi chonradh ag na FSS agus
  • I gceardlanna faoi leith sóisialta.

Díríonn traenáil athshlánaithe ar fhorbairt a dhéanamh ar scileanna saoil an duine, scileanna sóisialta agus bunscileanna oibre agus é mar aidhm cur le caighdeán saoil an duine agus lena c(h)umas ginearálta oibre.

Tá Stiúrthóirí Sheirbhísí Míchumais ceapaithe ag an FSS atá freagrach, i measc rudaí eile, as seirbhísí traenála athshlánaithe a sholáthar. Tá foirne de chomhairleoirí treoracha ag an bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a chuireann eolas, comhairle agus treoir ar fáil maidir le seirbhísí traenála agus obair shóisialta an bhoird sláinte.

Ceardlanna sóisialta

Tugann obair shóisialta deis do dhaoine faoi mhíchumas páirt a ghlacadh in obair laethúil i láthair chosanta ina gcuirtear seirbhísí tacaíochta pearsanta ar fáil dóibh. Is féidir le daoine earraí a bhfuil luach trachtála acu a tháirgeadh.

Rataí

Liúntas Traenála Athshlánaithe

Coinníonn daoine atá ag freastal ar thraenáil athshlánaithe agus ar cheardlanna sóisialta a gcuid íocaíochtaí leasa shóisialaigh, Liúntas Míchumais go hiondúil, agus íoctar liúntas traenála de €31.80 sa tseachtain leo chomh maith.

Conas iarratas a dhéanamh

Téigh i dteagmháil leis an tSeirbhís Míchumais i d’Oifig Sláinte Áitiúil le teacht ar thuilleadh faisnéise faoi oiliúint athshlánúcháin agus ar obair do dhaoine éislinneacha i do cheantar. Is féidir tuilleadh faisnéise ar sheirbhísí fostaíochta a fháil ón oifig seirbhísí fostaíochta nó ó ionad Intreo is gaire duit.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 3 Iúil 2014