Ranníocaíochtaí fadchónaithe i leith seirbhísí tacaíochta cónaitheacha

Réamhrá

Má shóláthraítear do lóistín nó do chostais mhaireachtála laethúla ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, nó ah soláthraí eile ar son an FSS, is féidir leat Ranníocaíocht Fádchónaithe a íoc do na costais seo.

Baineann Ranníocaíochtaí Fadchónaithe le sláinte intinne agus seirbhísí cónaithe tacaíochtaí míchumais, curtha ar fáil ó, nó ar son, an FSS i lóistín gan seirbhís altranais nó leighis. Bíonn ráta níos ísle de Ranníocaíocht i gceist sa leithéid seo lóistín.

Rialacha

Bítear ag soláthar Seirbhísí Tacaíochta Cónaitheacha más í an FSS a sholáthraíonn do chóiríocht nó do chostais bheatha laethúla, nó má sholáthraítear iad thar ceann na FSS (ach ní bhíonn feidhm leis na ranníocaíochtaí ar a gcuirtear síos anseo má chlúdaítear tú leis an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais nó má fhaigheann tú géarchúram othar cónaitheach).

Is iondúil go gcaithfidh tú méid réamhshocraithe a íoc i leith na gcostas cothabhála agus cóiríochta úd. Tugtar Ranníocaíocht Fhadchónaithe air sin (ar a dtugtar freisin Ranníocaíocht Cothabhála agus Cóiríochta na Seirbhísí Tacaíochta Cónaitheacha).

Bíonn feidhm leis an Ranníocaíocht Fhadchónaithe má tá tú tar éis Seirbhísí Tacaíochta Cónaitheacha a fháil ar feadh breis agus 30 lá le 12 mí anuas. Ní íocann tú ach amháin as na laethanta nuair a fhaigheann tú seirbhísí tacaíochta cónaitheacha ó do sholáthróir (déantar lá amháin a áireamh má fhaigheann tú na seirbhísí thar oíche, is é sin, thar mheánoíche).

Íoctar an ranníocaíocht le do chostais chóiríochta agus cothabhála ar nós teasa, leictreachais, earraí ceannaithe nó béilí.

Má íocann tú cíos cheana féin nó má íocann tú as earraí ceannaithe, mar shampla, le ciste teaghlaigh, is féidir leis sin leanúint ar aghaidh agus a thabhairt san áireamh mar chuid de do Ranníocaíocht Fhadchónaithe.

Más í an FSS a sholáthraíonn roinnt de do chostais bheatha laethúla – bia, billí fóntais agus mar sin de – nó má sholáthraítear iad thar ceann na FSS, ach nach soláthraítear do chóiríocht mar sin, is amhlaidh a laghdófar do Ranníocaíocht faoin méid cíos a íocann tú nó faoi €30 in aghaidh na seachtaine, cibé ceann is mó.

Má tá cárta leighis agat, íocann tú an Ranníocaíocht Fhadchónaithe i leith do bhia, fóntas agus cóiríochta óir nach gclúdaítear iad sin le do chárta leighis.

Measúnú

Cuideoidh do sholáthróir seirbhíse leat chun teacht ar an méid a chaithfidh tú a íoc. Déanfar measúnú aonair chun a chinntiú gur ceart é an méid a íocann tú. Féadfaidh tú cúnamh a fháil ó dhuine muinteartha leat nó ó ionadaí éigin eile ar féidir leo freastal ar chruinnithe i do theanntasa.

Ioncam measúnaithe

Is ionann an t-ioncam a mheasúnaítear agus an méid a fhágtar leat tar éis asbhaintí ar nós cánach agus ÁSPC.

Áirítear leis an ioncam a measúnaíodh:

  • Íocaíochta na Roinne Coimirce Sóisialaí — cé is moite d’íocaíochtaí a liostaítear faoi 'Ioncam eisiata'
  • Ioncam ó do phost, féinfhostaíocht, ceird, feirmeoireacht, slí bheatha nó gairm
  • Tuilleamh os cionn €120 in aghaidh na seachtaine ó phost athshlánúcháin (mar shampla, má thuilleann tú €130 in aghaidh na seachtaine, is amhlaidh a áireofar €10 in aghaidh na seachtaine leis an measúnú ioncaim)
  • Ioncam ó do phinsean lena n-áirítear pinsean gairmiúil nó pinsean coigríche
  • Ioncam cíosa ó mhaoin agus talamh
  • Ioncam ó tháillí, coimisiúin, díbhinní, ús nó ioncam de chineál comhchosúil
  • Íocaíochtaí faoi shocraíocht dhlíthiúil, cúnant nó uacht
  • Íocaíochtaí cothabhála
  • Ús nó díbhinní a thuilltear ar choigiltis (ach amháin más mó do choigilteas ná €15,000)
  • Ioncam ó bheith i seilbh oifige nó stiúrthóireachta
  • Ioncam ó ríchíosanna agus aoisliúntais

Ioncam eisiata

Tugtar ioncam eisiata nó neamhshuimithe ar an ioncam nach nglactar san áireamh chun do Ranníocaíocht a mheasúnú.

Eisiaitear an t-ioncam nach leat féin é (mar shampla, ioncam do pháirtíse, do chéilese nó duine éigin eile i do theaghlach).

Déantar neamhshuim freisin den chéad €120 tuilleamh in aghaidh na seachtaine ó phost athshlánaithe.

Ní ghlactar san áireamh aon ús ná díbhinní i gcás coigiltis suas le €15,000.

Déantar neamhshuim de na híocaíochtaí seo a leanas:

  • Forlíonadh Ioncaim Theaghlaigh
  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Cúramóra
  • Liúntas Cúraim Bhaile
  • Forlíonadh Cíosa nó fóirdheontas cóiríochta
  • Forlíonta seachtainiúla arna n-íoc faoin scéim Liúntais Leasa Shóisialaigh Fhorlíontaigh
  • Méadú d’Aosach Cáilithe nó do Leanbh Cáilithe
  • Liúntais Bhreosla, Oileánda agus Maireachtála Aonair
  • Íocaíochtaí Caomhnóirí
  • Liúntas Cúraim Altrama
  • Liúntas Luaineachta
  • Deontais chothabhála oideachais tríú leibhéal
  • Liúntas d’oiliúint athshlánúcháin

Déantar neamhshuim de na híocaíochtaí cúitimh seo a leanas (i dteannta le haon ioncam a thagann ón íocaíocht):

  • Íocaíocht ar bith faoin Acht um Shásamh do Mhná a raibh Cónaí orthu i bhForais Áirithe 2015 (do mhná a d’oibrigh mar shampla sna Neachtlanna Magdalen)
  • Íocaíocht ex-gratia ar bith faoi Scéim Sásaimh Ospidéal Lourdes 2007 nó faoi Scéim Íocaíochta Ospidéal Lourdes
  • Íocaíocht ex-gratia ar bith faoin Scéim Íocaíochta Simfiseatóime
  • Íocaíochtaí áirithe um míchumas de bharrTailídimíde

Gheobhaidh tú litir nuair a bheidh do mheasúnú críochnaithe ina n-inseofar duit méid do Ranníocaíochta Fadchónaithí.

Ba chóir duit insint do do sholáthróir seirbhíse má thagann aon athrú ar do chúinsí, a eagróidh measúnú chun féachaint ar cheart do Ranníocaíocht a athrú.

Rataí

Braithfidh méid do ranníocaíochta ar:

  • D’ioncam.
  • Do chaiteachais bhunúsacha. Féadfaidh tú cáiliú i gcomhair tarscaoilte chun a chinntiú go dtiocfaidh a n-íocann tú laistigh de d’acmhainn (féach thíos).
  • An cineál cóiríochta ina gcónaíonn tú.

Tá 3 chineál cóiríochta ann:

  • Cóiríocht Chatagóir A mar a mbíonn cúram leighis nó altranais lánaimseartha (24 uair)
  • Cóiríocht Chatagóir B mar a mbíonn cúram leighis nó altranais pháirtaimseartha (níos lú ná 24 uair)
  • Cóiríocht Chatagóir C (cóiríocht eile, ar nós socruithe cónaithe neamhspleácha)

Is ann d’uasráta Ranníocaíochta. Íocfaidh tú an t-uasráta sin má théann d’ioncam thar mhéid áirithe. Más ísle d’ioncam is amhlaidh a íocann tú níos lú: tá tábla de rátaí Ranníocaíochta i leith gach banda ioncaim in hIonstraim Reachtúil Uimh. 106 de 2019.

Ranníocaíocht sheachtainiúil uasta
Cóiríocht Ioncam os cionn Ranníocaíocht Uasta
Catagóir A €223 €179
Catagóir B €209 €134
Catagóir C €203 €74

Más eol duit go sáraíonn d’ioncam an méid ag a gcaitheann tú an Ranníocaíocht uasta a íoc agus nach mian leat tarscaoileadh a lorg (féach thíos), is féidir leat roghnú chun aontú chun an Ranníocaíocht uasta a íoc gan do shonraí ioncaim a thaisceadh ná gan dul tríd an bpróiseas measúnaithe.

Bíonn tú i dteideal íosmhéid airgid bhreise bheith agat do d’úsáid phearsanta tar éis an Ranníocaíocht Fhadchónaithe a íoc.

Méid d’úsáid phearsanta
Cóiríocht Íosmhéid seachtainiúil
Catagóir A €44
Catagóir B €75
Catagóir C €129

Sampla

Más ionann d’ioncam amháin agus an Liúntas Míchumais de €203, taispeántar sa tábla rátaí Ranníocaíocht an t-uasmhéid a chaithfidh tú a íoc gach aon seachtain:

  • €159 má tá tú i gcóiríocht Chatagóir A
  • €124 má tá tú i gcóiríocht Chatagóir B
  • €74 má tá tú i gcóiríocht Chatagóir C

Tarscaoileadh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar tharscaoileadh má bhíonn caiteachais bhunúsacha agat agus mura mbeadh sé ar d’acmhainn an ráta Ranníocaíochta caighdeánach do d’ioncam. Má tá tarscaoileadh agat is ionann é agus comhaontú go n-íocfaidh tú Ranníocaíocht Fhadchónaithe laghdaigh nó Ranníocaíocht Fhadchónaithe ar bith. Breithneofar do chúinsí airgeadais agus na héilimh a leagtar amach i do phlean cúraim.

Glactar san áireamh sa mheasúnú um tharscaoileadh:

  • Íocaíochtaí a dhéanann tú cheana féin i gcomhair do chothabhála agus do chóiríochta.
  • Caiteachais chun d’éilimh leighis, teiripeacha, athshlánúcháin nó sláinte a shásamh (lena n-áirítear na héilimh a leagtar amach i do phlean cúraim).
  • Do chaiteachais bhunúsacha. Áirítear leis sin caiteachais réasúnta do chleithiúnach. Áirítear leis freisin do thiomantais airgeadais ar nós cíosa nó íocaíochtaí morgáiste do do bhaile teaghlaigh, íocaíochtaí cothabhála nó aisíocaíochtaí ar iasachtaí reatha.

Inseoidh do sholáthróir seirbhíse duit na cáipéisí a chaithfidh tú a sholáthar i dteannta le d’iarratas ar tharscaoileadh, ar nós billí, admhálacha, ráiteas bainc agus duillíní pá. Mura mbíonn na cáipéisí sin go léir agat ámh i rith do mheasúnaithe féin, is féidir leat aon cháipéisí gan taisceadh a sholáthar chomh luath agus is féidir dá éis sin ionas gur féidir le do sholáthróir seirbhíse an measúnú a chríochnú.

Gheobhaidh tú litir ach a mbeidh do mheasúnú críochnaithe ina n-inseofar duit an méid Ranníocaíochta Fadchónaithe a chaithfidh tú a íoc, an mbeidh tarscaoileadh agat nó nach mbeidh, méid an tarscaoilte (más ann dó), agus míniú.

Achomhairc

Is féidir leat iarraidh ar do sholáthróir seirbhíse chun do mheasúnú a nuashonrú má thagann athrú ar do chúinsí.

Is féidir leat iarraidh ar do sholáthróir seirbhíse chun do mheasúnú a cheartú má shíleann tú go ndearnadh meancóg ann.

Is féidir leat an cinneadh a achomharc mura mbíonn tú sona sásta le méid do Ranníocaíochta Fadchónaithe.

Más mian leat achomharc a thabhairt is féidir leat scríobh chuig Oifig Achomhairc Náisiúnta na FSS, An Clochar, Campas Sláinte Bhéal Átha Seanaidh, Sráid an Choláiste, Béal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall F94 TPX4, nó trí ríomhphost chuig: regionalappealsoffice@hse.ie.

Mínigh an fáth go bhfuil tú míshásta leis an gcinneadh agus na cúiseanna go dteastaíonn uait é a athbhreithniú. Áirigh cóip de litir an chinnidh agus aon cháipéis ábhartha eile leis.

Má bhíonn tú fós míshásta tar éis duit achomharc a dhéanamh is féidir leat litir ghearáin a scríobh chuig Oifig an Ombudsman.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 Bealtaine 2019