Ionaid lae agus cúram lae

Eolas

Cuireann ionaid lae nó ionaid chúram lae réimse seirbhísí sóisialta agus athshlánaithe ar fáil do dhaoine níos sine agus do dhaoine faoi mhíchumas.

Cuirtear san áireamh mar ionaid lae ionaid a chuireann imeachtaí lae ar fáil, mar shampla áiseanna siamsaíochta, spóirt agus scíthe agus áiseanna sainchúram clinic a sholáthraíonn seirbhísí leighis agus athshlánaithe lena chéile. Níl seirbhísí Ionaid Lae curtha ar fáil ar an mbealach céanna ar fud na tíre, is é Feidhmeannacht na Seirbhís Sláinte (FSS) a chuireann cuid acu ar fáil go díreach agus cuid eile cuirtear ar fáil iad i gcomhar le heagraíochtaí deonacha.

Níl an oiread sin ionaid lae ann a bhfuil cúram leighis le fáil iontu. Ní mór don dochtúir/banaltra duine a chur ar aghaidh le seirbhísí ionaid lae a fháil agus ní mar a chéile atá na rialacha i ngach ceantar a bhaineann le bheith i dteideal áite sna hionaid agus bíonn scrúdú maoine le sásamh i roinnt cásanna.

Rialacha

Níl aon rialacha géara leagtha síos do na hionaid lae. Is ionaid iad a chuireann cúram ar fáil do dhaoine níos sine agus do dhaoine faoi mhíchumas taobh amuigh de na hospidéil agus ionaid chúraim chónaithe eile.

Tá sé mar aidhm ghinearálta acu cúnamh a chur ar fáil do dhaoine níos sine, do dhaoine atá faoi mhíchumas agus dá gcúramóirí le go mbeidh siad in ann cónaí ina bpobal agus maireachtáil go neamhspléach.

Tá difríocht mhór sa réimse seirbhísí a chuirtear ar fáil ó áit go háit agus bíonn cuid de na seirbhísí seo i gceist nó iad ar fad:

  • Córas iompair chuig agus ó na hionaid lae
  • Monatóireacht sláinte
  • Cosliacht
  • Cúram pearsanta
  • Níochán éadaí
  • Cothú coinneálachta
  • Cláracha gríosaithe
  • Traenáil Athshlánaithe
  • Scileanna sóisialta do dhaoine atá faoi mhíchumas foghlama
  • Comhairle don chúramóir
  • Béilte.

Rataí

D'fhéadfadh sé go mbeadh táille bheag le n-íoc as costais iompair agus béilte in ionaid lae.

Conas iarratas a dhéanamh

De ghnáth is iad Liachleachtóirí Ginearálta nó banaltraí sláinte phoiblí a chuireann daoine ar aghaidh chuig ionaid lae nó seirbhísí cúram lae. D'fhéadfadh sé go mbeadh sé molta do dhaoine faoi mhíchumas intleachtúil nó daoine a bhfuil uathachas orthu freastal ar sheirbhísí lae tar éis measúnaithe a dhéanamh ar a riachtanais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 Meán Fómhair 2010