Measúnú ar riachtanais do dhaoine faoi mhíchumas

Réamhrá

Measúnú atá i gceist le Measúnú Riachtanais a dhéanann FSS do leanaí nó daoine óga faoi mhíchumas. Sainaithníonn an measúnú riachtanais sláinte do linbh agus cén seirbhísí sláinte a theastaíonn chun freastal ar riachtanais do linbh.

Ní theastaíonn Measúnú Riachtanais chun teacht ar sheirbhísí FSS. Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach ar sheirbhísí lasmuigh den phróiseas Measúnaithe Riachtanais.

Leagtar an Measúnú Riachtanais amach san Acht um Míchumas, 2005

Míneofar ar an leathanach seo cé ar féidir leis cur isteach ar mheasúnú, conas iarratas a dhéanamh ar mheasúnú, an méid a tharlaíonn i ndiaidh go gcríochnaítear an measúnú agus conas gearán nó achomharc a dhéanamh mura bhfuil tú sásta le do thuarascáil mheasúnaithe, Ráiteas Seirbhíse nó soláthar seirbhísí.

Cé ar féidir leis cur isteach ar mheasúnú?

Má tá do leanbh faoi mhíchumas nó má cheapann tú go bhféadfadh go bhfuil siad faoi mhíchumas, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Mheasúnú Riachtanais.

Caithfidh gur rugadh an leanbh nó an duine óg an 1 Meitheamh 2002 nó ina dhiaidh.

Is féidir leis na daoine seo a leanas iarratas a dhéanamh:

  • Tuismitheoir
  • Caomhnóir dlíthiúil
  • Abhcóidí pearsanta

Má tá tú níos sine ná 16 bliana d’aois, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar do Mheasúnú Riachtanais féin.

An féidir liom athiarratas a dhéanamh má diúltaíodh m’iarratas?

Má diúltaíodh d’iarratas, is féidir leat iarraidh go ndéanfar measúnú nua in aon cheann de na cásanna seo a leanas:

  • Tháinig athrú ar chúinsí
  • Tá eolas breise ar fáil
  • Creideann tú go ndearnadh botún fíriciúil sa tuairisc mheasúnaithe

Conas a chuirim isteach ar mheasúnú?

Caithfidh d’iarratas a bheith i scríbhinn. Is féidir leat an fhoirm iarratais do Mheasúnú Riachtanais a íoslódáil (pdf) ar líne agus é a chur sa phost chuig d’Oifigeach Measúnaithe FSS áitiúil.

Is féidir leat glaoch freisin ar d’Oifig Sláinte Áitiúil nó ar líne eolais FSS ar 1850 24 1850 chun cóip a fháil den fhoirm iarratais.

Má theastaíonn cabhair uait chun an fhoirm iarratais a líonadh, déan teagmháil le d’Oifigeach Measúnaithe FSS áitiúil. Cabhróidh siad leat an fhoirm iarratais a líonadh agus tabharfaidh siad pé eolas duit a theastaíonn uait.

Cad a tharlaíonn i ndiaidh dom an t-iarratas a sheoladh ar aghaidh?

I ndiaidh duit d’iarratas a sheoladh ar aghaidh, gheobhaidh tú litir ó FSS a dheimhníonn go bhfuair siad d’iarratas agus an dáta a thosófar an measúnú. Caithfidh FSS an litir seo a sheoladh chugat laistigh de 14 lá i ndiaidh duit d’iarratas a dhéanamh.

A luaithe a fhaigheann FSS d’iarratas i scríbhinn, caithfidh siad tús a chur leis an measúnú laistigh de 3 mhí agus caithfidh siad an measúnú a chríochnú laistigh de 3 mhí eile ina dhiaidh sin. Cuirtear tús le Measúnú Riachtanais nuair a shocraíonn an tOifigeach Measúnaithe an t-atreorú chuig measúnóirí, más gá.

Faoi chúinsí eisceachtúla, d’fhéadfadh sé níos faide ná 3 mhí a ghlacadh chun an measúnú a dhéanamh. Má bhíonn moill ar an measúnú a dhéanamh, caithfear an chúis a bhí leis a insint duit agus caithfear amscála a thabhairt duit faoina mbeidh sé críochnaithe.

Cad a dhéanann an tOifigeach Measúnaithe?

Socraíonn an tOifigeach Measúnaithe go ndéanfar measúnuithe.

I dtosach báire, déanfaidh siad athbhreithniú tosaigh ar d’iarratas. Déanfaidh siad teagmháil leat ina dhiaidh chun teacht ar eolas breise a chabhróidh leat cineál agus deacracht mhíchumas do linbh a thaispeáint.

Caithfidh an tOifigeach Measúnaithe an cinneadh a dhéanamh ansin an bhfuil nó nach bhfuil iarratasóir incháilithe go ndéanfar Measúnú Riachtanais orthu laistigh de théarmaí an Achta um Míchumas.

Má tá do leanbh incháilithe do Mheasúnú Riachtanais, déanfaidh siad do leanbh a atreorú chuig fostaithe FSS nó chuig gairmithe eile taithíocha, ar a dtugtar measúnóirí, chun tabhairt faoin measúnú.

Cad a dhéanann na measúnóirí?

Déanann na measúnóirí cinneadh faoi cén riachtanais sláinte atá ann mar thoradh ar mhíchumas do linbh agus cén seirbhísí sláinte a theastaíonn chun freastal ar riachtanais do linbh. Ní dhéanann na measúnóirí diagnóis.

Caithfear tabhairt faoin measúnú i gcomhréir leis na caighdeáin maidir le Measúnú Riachtanais (pdf). Spreagfar tuismitheoirí agus caomhnóirí dlíthiúla páirt a ghlacadh i measúnú a linbh.

Nuair a bheidh an Measúnú Riachtanais críochnaithe, scríobhfaidh an tOifigeach Measúnaithe tuairisc mheasúnaithe.

Má cheaptar go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas, tabharfar an tuairisc mheasúnaithe d’Oifigeach Idirchaidrimh. Úsáidfidh an tOifigeach Idirchaidrimh an tuairisc chun Ráiteas Seirbhíse (Féach ‘Cad is Ráiteas Seirbhíse ann?’ thíos) a chur le chéile.

Mura gceaptar go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas, gheobhaidh tú tuairisc mheasúnaithe fós féin. Ní bhfaighidh tú Ráiteas Seirbhíse.

Cad is tuairisc mheasúnaithe ann?

Cuireann an tuairisc mheasúnaithe an t-eolas ar fáil duit ar riachtanais sláinte do linbh. Liostaítear sa tuairisc freisin na seirbhísí a theastaíonn ó do leanbh.

Má luaitear sa tuairisc go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas, cuirtear an méid seo a leanas san áireamh:

  • Ráiteas maidir le cineál agus méid an mhíchumais
  • Ráiteas maidir le riachtanais sláinte agus oideachais mar gheall ar an míchumas
  • Ráiteas maidir leis na seirbhísí cuí chun freastal ar na riachtanais siúd
  • Ráiteas maidir leis an tréimhse ar cheart athbhreithniú ar an measúnú a bheith déanta laistigh di (caithfidh nach déanaí é seo ná bliain ón dáta a eisíodh an tuairisc mheasúnaithe)

Cad is ráiteas seirbhíse ann?

Gheobhaidh tú Ráiteas Seirbhíse má cheaptar go bhfuil do leanbh faoi mhíchumas. Liostaítear i Ráiteas Seirbhíse na seirbhísí a bheartaíonn FSS a sholáthar chun freastal ar riachtanais do linbh.

Ullmhaíonn Oifigeach Idirchaidrimh é agus caithfear é a dhéanamh laistigh de 1 mhí i ndiaidh gur críochnaíodh an tuairisc mheasúnaithe.

Nuair a bhíonn an Ráiteas Seirbhíse á ullmhú, déanann an tOifigeach Idirchaidrimh breithniú ar:

  • Costais agus neamhfháil ar sheirbhísí
  • An t-amscála chun seirbhísí a sholáthar

De réir an dlí, caithfidh FSS na seirbhísí a ainmnítear sa Ráiteas Seirbhíse a sholáthar. Caithfidh an Ráiteas Seirbhíse a bheith soiléir agus caithfidh gur féidir é a thuiscint gan stró.

Cé atá i dteideal seirbhísí a fháil?

De réir an dlí, caithfidh ‘srian substainteach’ a bheith ar an leanbh nó an duine óg go mbeidh siad i dteideal seirbhísí a fháil i ndiaidh go ndearnadh Measúnú Riachtanais.

Ciallaíonn srian substainteach go bhfuil deacracht shubstainteach ag an leanbh nó an duine óg maidir le cumarsáid, foghlaim nó luaineacht nó go bhfuil próisis chognaíocha acu ar a bhfuil neamhord suntasach.

Ina theannta sin, caithfidh an leanbh nó an duine óg:

  • Srianadh a bheith air/uirthi atá buan (nó ar dóchúil go mbeidh sé buan)
  • A bheith i ngátar soláthar leanúnach seirbhísí

Más leanbh an t-iarratasóir, caithfidh gá a bheith le seirbhísí go luath sa saol chun cabhrú lena míchumas.

Cé a shocraíonn soláthar seirbhísí sláinte?

I ndiaidh go ndearnadh an Ráiteas Seirbhíse, socraíonn an tOifigeach Idirchaidrimh go soláthraítear seirbhísí leis na soláthraithe seirbhíse éagsúla.

Má shainaithnítear riachtanais seachas riachtanais sláinte (mar shampla, tithíocht nó iompar), is féidir leis an Oifigeach Measúnaithe an cheist a chur faoi bhráid an chomhlachta phoiblí ábhartha, cosúil leis an údarás tithíochta áitiúil nó seirbhís iompair phoiblí.

Gearáin agus achomhairc

Is féidir leat gearán a dhéanamh le FSS faoin Acht um Míchumas, 2005 má bhíonn aon chinn de na cásanna seo a leanas i gceist:

  • Deimhnítear nach bhfuil do leanbh faoi mhíchumas agus ní chomhaontaíonn tú leis
  • Ní dhéantar an measúnú ar aon dul leis na caighdeáin (pdf) lena gcomhaontaítear
  • Ní dhéantar measúnú a thosú agus a chríochnú in am
  • Creideann tú go bhfuil an Ráiteas Seirbhíse mícheart
  • Níl na seirbhísí sa Ráiteas Seirbhíse á soláthar

Caithfear an gearán a dhéanamh laistigh de 3 mhí ón tráth a cuireadh ar an eolas thú ar chúis an ghearáin.

Déanfaidh FSS socrú go ndéanfar athbhreithniú ar do chás.

Conas a dhéanaim gearán?

Má bhaineann do ghearán leis an bpróiseas measúnaithe, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Measúnaithe i dtosach. Má bhaineann an gearán leis an Ráiteas Seirbhíse, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Measúnaithe i dtosach.

Mura bhfuil tú sásta leis an toradh a bhí ar do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Ghearáin Mhíchumais trí fhoirm ghearáin a sheoladh ar aghaidh. Is féidir leat foirm ghearáin a fháil ó d’Oifigeach Measúnaithe nó d’Oifigeach Idirchaidrimh.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Ghearáin Mhíchumais trí ghlaoch ar 045 880 400 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig aon.complaints@hse.ie

Conas a dhéanaim achomharc?

Mura dtéann FSS i mbun gnímh i leith mholtaí an Oifigigh um Ghearáin Mhíchumais, is féidir leat achomharc a dhéanamh leis an Oifigeach Achomhairc Míchumais nó is féidir leat dul a fhad leis an gCúirt Chuarda chun ordú forghníomhaithe a lorg.

Chun teacht ar eolas breise faoi achomhairc a dhéanamh, tabhairt cuairt ar láithreán gréasáin na hOifige Achomhairc Míchumais nó glaoigh ar an Oifig Achomhairc Míchumais ar Ghlaoch Áitiúil 1850 211 583.

Eolas breise

Tá eolas breise faoin Measúnú Riachtanais ar fáil ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat na Caighdeáin maidir le Measúnú Riachtanais (pdf) a léamh.

Tá Oifigeach Measúnaithe i ngach Oifig Sláinte Áitiúil ar féidir leo cabhrú leat le d’iarratas. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Sláinte Áitiúil trí na sonraí seo a leanas a úsáid:

  • Glaoch ar Líne Eolais FSS ar 1850 24 1850
  • Ríomhphost a sheoladh chuig info@hse.ie
  • Cuairt a thabhairt ar láithreán gréasáin FSS
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 Márta 2021