Deontas le Teach Altranis a Íoc

Eolas

Cuireadh an Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais in áit na Scéime Fóirdheontais an 27 Deireadh Fómhair 2009. Ní ghlacfar le hiarratasóirí nua. Féadfaidh daoine a bhfuil fóirdheontas á fháil acu cheana féin rogha a dhéanamh maidir le cibé scéim is fearr a rachadh chun tairbhe dóibh.

Rialacha

Ba iad seo a leanas na rialacha ar ghá duit iad a chomhlíonadh chun cáiliú d’fhóirdheontas:

  • A bheith i do chleithiúnaí go dtí an pointe go dteastaíonn cúram i dteach altranais uait
  • Gan a bheith in ann íoc as costas nó cuid den chostas cothabhála sa teach altranais, i.e., ní mór scrúdú maoine a shásamh.

An scrúdú maoine

Níl feidhm ag an tástáil acmhainne ar a gcuirtear síos anseo ach amháin maidir le daoine a chuaigh ar aghaidh chuig an scéim fóirdheontais nuair a tugadh an Scéim Tacaíochta do Thithe Altranais isteach an 27 Deireadh Fómhair 2009. Cuireann an scrúdú maoine san áireamh d'ioncam féin agus ioncam do chéile (nó páirtí a chónaíonn leat). D'fhéadfadh sé go gcuirfí san áireamh freisin aon sócmhainní atá agat (ach ní chuirfear sócmhainní do chéile/páirtí san áireamh). Déantar sócmhainní atá in ainm beirte (nó níos mó) a mheas go comhréireach.

Ioncam

Déantar scrúdú ar an ioncam a bhí agat féin agus ag do chéile (nó páirtí a chónaíonn in éineacht leat) sa 12 mhí atá caite. Déantar ioncam ó gach foinse a chur san áireamh, pá, tuarastal, pinsean, liúntais, íocaíochtaí ar obair pháirt-aimseartha nó séasúrach, ioncam ó chíos, infheistíochtaí agus airgead i gcoigealtas agus aon ranníocaíochtaí ó aon fhoinse eile. Déantar an t-ioncam a mheas glan ar ÁSPC, cáin ioncaim agus an ranníocaíocht sláinte.

Glactar leis gurb é ioncam duine phósta nó duine atá ag maireachtáil le duine eile mar chéile leath an ioncaim iomláin atá ag an lánúin.

Ní féidir leat iarracht a dhéanamh d'ioncam a laghdú d'aon ghnó ar mhaithe le bheith i dteideal deontais, e.g., an t-ioncam a chur i dtreo duine eile. Má dhéanann tú é seo, cuirfear an t-ioncam sin san áireamh ar aon chaoi, fiú muna bhfuil fáil agatsa air a thuilleadh.

Ar mhaithe leis an scrúdú maoine tugtar d'ioncam iomlán ar d'ioncam glan lúide an cúigiú cuid den ráta seachtainiúil reatha den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach). Mar sin ní mór go mbeadh cead agat an méid sin a choinneáil, ar a dtugtar airgead póca in amanna.

Ioncam feirme nó gnó

Déanfar measúnú ar Fheirm, ar Thalamh nó ar Ghnó nuair is leis an té a bhfuil fóirdheontas á iarraidh aige nó aici an Fheirm, an Talamh nó an Gnó.

Déantar ioncam ó fheirm nó gnó a áireamh ar bhunús cuntas na bliana roimhe más ann dóibh. Déantar measúnú barúlach mura mbíonn siad ar fáil.

I gcás feirme ina bhfuil ioncam i gceist ach nach bhfuil cuntais ar fáil i gcomhair na bliana airgeadais roimhe sin déantar ioncam iomlán na feirme lena n-áirítear íocaíochtaí cinn, fóirdheontais, ioncam cíosa, is araile a mheas, lúide caiteachas reatha feirme.

Más rud é nach bhfuil feirm nó gnó á úsáid féadfar measúnú barúlach a dhéanamh a chuireann luach caipitil na talún nó an ghnó san áireamh.

Sócmhainní

Is féidir na sócmhainní seo a leanas a chur san áireamh:

  • Maoin tí (ní chuirtear troscán agus earraí tí san áireamh)
  • Stoic, scaireanna nó urrúis
  • Airgead ar láimh, in iontabhas, lóisteáilte, i dtaisce nó infheistithe
  • Leas i gcomhlacht nó i ngnó d’aon chineál (feirm san áireamh)
  • Leas i dtalamh
  • árachas saoil nó polasaithe dearlaice
  • Maoin coinnithe mar infheistíochtaí
  • Luach reatha ar threalamh gnó nó innealra, gan carr a bheith san áireamh, nár cuireadh san áireamh cheana.

Má fuair tú réidh le aon sócmhainní le 5 bhliana d'fhéadfadh sé go mbeadh luach na sócmhainní sin curtha san áireamh freisin. D'fhéadfadh sé go mbeadh luach sochair agus pribhléide a éiríonn as aistriú na sócmhainní a bheith curtha san áireamh freisin.

Más amhlaidh gur déanadh gnó a aistriú gan aon réiteach ar shochar agus pribhléid, is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) aon íocaíocht ag am an aistrithe a chur san áireamh nó is féidir luach barúlach de 5% de luach an mhargaidh ar dáta an aistrithe, cibé acu is airde, a chur san áireamh.

I gcás feirme a aistriú d’fhéadfadh an FSS aon íocaíocht ag am an aistrithe nó aon ioncam leanúnach ó theacht isteach na feirme a chur san áireamh.

Ní mór an chéad €11,000 d'aon sócmhainní a chur as an áireamh.

Do theach

Ní chuirtear do phríomh áit chónaithe san áireamh más ann a bhí tú i do chónaí ag am an iarratais ar dheontas agus má tá aon duine acu seo a leanas fós ina c(h)ónaí ann - do chéile, do chlann atá faoi 21 bliain d'aois nó in oideachas lán-aimseartha nó gaol atá ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Sochar Breoiteachta, Pinsean Easláinte nó Pinsean Seanaoise (neamhranníocach).

D'fhéadfadh an FSS 5% den luach measta margaidh a chur san áireamh le measúnú a dhéanamh ar ioncam barúlach bliantúil an tí, muna raibh cónaí ar dhuine amháin de na daoine thuasluaite ann roimh nó ag am an iarratais ar dheontas. Déantar é seo a ríomh glan ar aon mhorgáiste, cíos iasachta nó aisíocaíochtaí ceannaigh. Ní féidir le FSS luach an tí sa bhaile a mheas ach ar feadh tréimhse trí bliana san iomlán.

Do theach a dhíol

Má dhíolann tú do theach d'fhéadfadh sé go mbeadh an t-airgead sin curtha san áireamh mar chuid den scrúdú ioncaim a bhaineann le deontas do theach altranais. (Tá riail leasa shóisialaigh ann a thugann cead neamhaird a dhéanamh i gcúinsí áirithe. Ní bhaineann sé seo leis an scrúdú maoine ar dheontas do theach altranais).

Deontas a dhiúltú

D'fhéadfadh sé go ndiúltódh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)deontas a íoc má tá aon cheann den dá chás seo i gceist:

  • Má tá luach de €500000 (i mBaile Átha Cliath) agus €365,000 (sa chuid eile den tír) ag an bpríomháit chónaithe agus má tá d’ioncam níos mó ná ráta bunúsach den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nó
  • Má bhíonn luach do shócmhainní, gan do theach a bheith san áireamh, ós cionn €36,000

Leibhéal deontais

Níor glacadh le haon iarratais nua ar an scéim fóirdheontais tar éis thabhairt isteach na Scéime Tacaíochta do Thithe Altranais an 27 Deireadh Fómhair 2009. Ag an am sin, b’ionann an t-uasráta seachtainiúil fóirdheontais agus €300.

Má bhíonn do mhaoin mheasta níos lú ná an ráta seachtainiúil den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) atá dhá íoc ag an am, is féidir leis an FSS deontas breise a íoc. Muna bhfuil d'ioncam agat ach an Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach), ní dhéantar do mhaoin a mheas ag méid iomlán do phinsin, ach tar éis an chúigiú chuid den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) a chur as an áireamh. Mar sin, beidh tú in ann níos mó ná an t-uasdheontas a fháil.

Má bhíonn maoin agat atá níos airde ná an ráta den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) atá dhá íoc ag an am, móide 20% coinnithe d'úsáid phearsanta, d'fhéadfadh sé go mbeadh an deontas laghdaithe faoin iarmhéid.

Íocaíochtaí méadaithe/Leapacha ar chonradh

Tá imthosca ann ina bhféadfaidh FSS an costas iomlán a bhaineann le leaba i dteach altranais príobháideach a íoc. Tá an scéal amhlaidh sna cásanna sin ina bhfuil “leapacha ar chonradh” mar a thugtar orthu ag FSS i dtithe altranais príobháideacha. Níl aon riail daingean leagtha síos faoi cé atá i dteideal leaba ar chonradh a fháil nó faoi na himthosca ina bhféadfaidh FSS an socrú seo a thairiscint.

Féadfaidh FSS íocaíocht “feabhsaithe” a thairiscint in imthosca áirithe. Nuair atá íocaíocht feabhsaithe á meas ag FSS cuirfidh sé an costas cúraim sa limistéar sin san áireamh, mar aon leis an méid leapacha poiblí atá ar fáil, acmhainn an iarratasóra agus aon chistí nó sócmhainní eile a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don iarratasóir.

Níl aon teidlíocht ann maidir le fóirdheontas feabhsaithe; braitheann sé ar lánrogha FSS. Braithfidh infhaighteacht an fhóirdheontais fheabhsaithe ar an méid maoinithe atá ar fáil don scéim.

Airgead Póca

Nuair atá measúnú dhá dhéanamh ar dhuine do dheontas, déantar neamhaird ar mhéid atá cothrom le aon chúigiú den Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach). Tugtar go minic "airgead póca" air.

Íocaíocht an deontais agus íocaíochtaí ar chúram

Íoctar an deontas le úinéir an teach altranais ní íoctar go díreach leat féin é.

Aontaíonn tusa (nó duine ag feidhmiú ar do shon) na táillí atá le n-íoc leis an teach altranais. Leagtar síos an táille atá le n-íoc i gconradh cúraim nach mór a thabhairt duit nuair a théann tú isteach sa teach altranais. Bíonn clás go hiondúil sa chonradh cúraim a deireann gur féidir na táillí a ardú ó am go chéile.

Ní féidir táille níos airde a ghearradh ort ná an táille atá aontaithe sa chonradh cúraim. Mar sin ní féidir aon táillí breise a ghearradh ort ar na rudaí seo - leaba agus loistín, cúram altranais a bhraitheann ar an leibhéal cúnaimh a theastaíonn uait, gléasadh coinneálachta agus ábhar leapa, serirbhís níocháin éadaí agus fearas agus trealamh a theastaíonn le cúnamh a chur ar fáil don duine le tascanna maireachtála laethúla. Ní mór go mbeadh comhaontú faoi leith idir thú féin agus an teach altranais má tá seirbhís speisialta i gceist nó trealamh faoi leith agus ní mór go mbeadh sé seo leagtha síos sa chonradh cúraim.

Má bhíonn deontas agat le n-íoc as teach altranais ní mór caitheamh leat ar an mbealach céanna le duine eile nach bhfuil deontas aige/aici.

Athbhreithniú

Má thagann athrú mór ar an leibhéal cúnaimh a theastaíonn uait nó ar do mhaoin, is féidir le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) athbhreithniú a dhéanamh ar do chás. (Tá sé de chumhacht ag an mbord freisin athbhreithniú a dhéanamh gach 6 mhí ach ní tharlaíonn sin ach go fíor annamh). Ní mór don FSS athbhreithniú a dhéanamh ar do chás má iarrann tusa nó an té atá i gceannas an tí é.

Déantar measúnú ar an gcúnamh a theastaíonn uait agus ar do mhaoin don athbhreithniú ar an mbealach céanna agus a déanadh an chéad mheasúnú. De bharr an athbhreithnithe, d'fhéadfadh sé go ndéanfadh an FSS an deontas a mhéadú nó a laghdú nó é a tharraingt siar ar fad nó lóistín i dteach de chuid an FSS a thairiscint nó socruithe a dhéanamh cúram a chur ar fáil duit i do theach féin. Íoctar an deontas atá ar fáil cheana le linn an athbhreithnithe. Má dhéanann an FSS cinneadh an deontas a laghdú nó a stopadh ní mór dó é sin a chur in iúl duit agus leanacht leis an deontas a íoc ar feadh 28 lá. Tá sé de cheart agat achomharc a dhéanamh i dtaobh aon chinnithe an deontas a laghdú nó a tharraingt siar. Má éiríonn leis an achomharc sin íocfar aon riaráistí a bhaineann leis an deontas.

Cúram i dteach altranais agus liúntais chánacha

D'fhéadfadh sé go mbeadh tú nó aon duine eile atá ag íoc na gcostas a bhaineann le teach altranais in ann faoiseamh cánach a éileamh ar chostais an chúraim i dteach altranais phríobháideach. Féach faisnéis maidir le faoiseamh cánach ar tháillí tithe altranais agus ar son gaolta.

Achomhairc

Má bhíonn tú míshásta le cinneadh ar d'iarratas ar dheontas, is féidir achomharc a dhéanamh chuig an Oifigeach Achomhairc i nGnóthaí Thomhaltóirí FSS. Ní féidir achomharc a dhéanamh i dtaobh an mheasúnaithe a rinneadh ar an gcúram a theastaíonn uait. Is féidir achomharc a lorg ar an scrúdú maoine agus/nó méid an deontais. Ba cheart duit achomharc a dhéanamh taobh istigh de 28 lá ón lá a fhaigheann tú fógra maidir leis an gcinneadh.

Tá sé de cheart agat sonraí an chinnithe a bheith ar eolas agat agus na fáthanna a bhaineann leis. Ba cheart don FSS sonraí maidir leis an scrúdú maoine a sholáthar duit ach muna bhfuileadar curtha ar fáil nó sách soiléar duit ba cheart duit tuilleadh eolais a lorg.

Níl sé leagtha síos sna rialacha go bhfuil duine i dteideal éisteachta béil, ach má cheapann tú go mbeadh sí ina buntáiste is féidir leat éisteacht béil a iarraidh.

Ní mór don oifigeach achomhairc cinneadh ar achomharc a thabhairt taobh istigh de 28 lá. Is féidir le Fear an Phobail athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an oifigigh achomhairc agus is féidir leis na cúirteanna athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an gcinneadh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Níltear ag glacadh le haon iarratais nua ar an scéim sin tar éis thabhairt isteach na Scéime Tacaíochta do Thithe Altranais.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 Samhain 2016