Ag bogadh ón mbaile go cúram fadtéarmach

Réamhrá

De ghnáth éiríonn an cheist maidir le bogadh ón mbaile chuig cúram institiúide fadtéarmach nuair a bhíonn daoine níos sine. Bíonn sé ina fhadhb freisin do líon beag de dhaoine óga nach féidir leanúint ar aghaidh le maireachtáil sa bhaile mar gheall ar theacht míchumais nó dul chun donais galair ainsealaigh.

Tá formhór na ndaoine aosta in Éirinn in ann maireachtáil ina mbailte féin le tacaíocht óna dteaghlaigh, a gcomharsana agus na seirbhísí sláinte agus cúram pobail. Gach bliain, áfach, faigheann roinnt daoine amach nach bhfuil siad in ann leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile agus go dteastaíonn uathu bogadh chuig cúram fadtéarmach.

Tugaimid breac-chuntas anseo ar fhaisnéis a bheadh ina cuidiú leat leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile nó an t-aistriú a dhéanamh chuig cúram fadchónaithe, dá mbeadh sé riachtanach nó inmhianaithe. Is forléargas leathan an fhaisnéis seo ar na seirbhísí agus tacaíochtaí atá ar fáil agus ar do theidlíochtaí. Tá níos mó faisnéise mionsonraithe ar fáil maidir leis na saincheisteanna seo trí na naisc thíos.

Tacaíochtaí le cuidiú leat leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile

Soláthraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) raon de Sheirbhísí Cúram Pobail le cuidiú leat leanúint ar aghaidh ag maireachtáil sa bhaile. Féadfar go gcuimseoidh an cúnamh a d’fhéadfadh a bheith ar fáil duit seirbhísí Cúnaimh Baile, nó altranais sláinte poiblí.

Má theastaíonn cúram lánaimseartha uait féadfar go bhfaighidh tú Pacáiste um Chúram Baile ón FSS.

Féadfar go mbeidh do chúramóir incháilithe Sochar CúramóraLiúntas Cúramóra a fháil agus/nó Deontas Cúraim Faoisimh.

Má fhostaíonn tú cúramóir, féadfar go mbeidh tú incháilithe faoiseamh cánach a fháil le cuidiú leat leis na costais. Liúntas Cánach maidir le cúram a thabhairt do dhuine éagumasaithe.

Féadfar go mbeidh tú in ann leas a bhaint as seirbhísí a sholáthraítear in Ionaid Cúram Lae. Féadfar go gcuimseoidh na seirbhísí seo seirbhísí míochaine chomh maith le gníomhaíochtaí sóisialta agus caithimh aimsire.

Má tá tú ag éirí éagumasach nó más rud é go bhfuil fonn ort pleananna a dhéanamh don fhadtéarma, b’fhéidir gur chóir duit tuilleadh eolais a léamh maidir le Treoracha um Ardchúram agus Socruithe Dlíthiúla maidir le hÉagumas.

Roghanna Tithíochta

Má tá sé riachtanach go ndéantar do bhaile a oiriúnú le cur ar do chumas leanúint ar aghaidh ag maireachtáil ann, féadfar go mbeidh tú incháilithe deontas a fháil faoin scéim um Dheontais do Dhuine Faoi Mhíchumas. Soláthraíonn an FSS roinnt deontais freisin faoin scéim um feabhsuithe baile do dhaoine aosta.

Má tá do theach féin mí-oiriúnach féadfar go mbeidh tú ábalta teach a fháil ón údaráis áitiúil atá curtha in oiriúint go speisialta do dhaoine aosta nó do dhaoine faoi mhíchumas, nó teach oiriúnaithe a chuireann eagraíocht tithíochta dheonach ar fáil.

Roghanna maidir le cúram fadtéarmach

Féadfar go bhfaighidh tú cúram institiúide fadtéarmach in áiseanna cúraim fhadtéarmaigh poiblí nó i dteaghlaigh altranais príobháideacha.

Cúram fadchónaithe poiblí

Níl teidlíocht maidir le cúram fadchónaithe soiléir. De réir teoirice, tá gach duine i dteideal áit a fháil i gcúram fadchónaithe poiblí. De réir cleachtais, níl a ndóthain áiteanna poiblí ar fáil. Soláthraítear cúram fadchónaithe i roinnt institiúidí éagsúla, lena n-áirítear Teaghlaigh Leasa, ospidéil sheanliachta agus aonaid altranais pobail. Níl aon rialacha greanta i gcloch ann maidir le cén duine a fhaigheann áit i gcúram fadchónaithe poiblí. Go ginearálta déanann an FSS measúnú agus tugtar áiteanna ar bhonn riachtanais agus infhaighteachta. Caithfidh gach cónaitheoir a bhfuil áit aige/aici i gcúram fadchónaithe poiblí táillí a íoc as an gcúram fadtéarmach. Leagtar na táillí seo amach i reachtaíocht agus ní féidir leo a bheith níos mó ná 80% den Phinsean Stáit Neamhranníocach uasta (an Pinsean Seanaoise Neamhranníocach roimhe seo).

Má mheasann an FSS go dteastaíonn leaba i gcúram fadchónaithe poiblí uait nach bhfuil ar fáil, féadfar go ndéanfaidh siad leaba conraithe i dteaghlach altranais príobháideacha a dháileadh duit.

Cúram fadchónaithe Príobháideach

Soláthraíonn teaghlaigh altranais príobháideacha cúram fadchónaithe príobháideach.

Cuirtear cúram fadchónaithe poiblí ar fáil i roinnt institiúidí éagsúla, lena n-áirítear tithe altranais FSS, ospidéil sheanliachta agus aonaid altranais pobail. Soláthraíonn tithe altranais príobháideacha cúram fadchónaithe príobháideach. Tá sé beartaithe an córas monatóireachta agus rialála a athrú trí Údarás um Fhaisnéis agus Cháilíocht Sláinte.

Ón 27 Deireadh Fómhair 2009 féadfaidh cónaitheoirí i dtithe altranais príobháideacha agus poiblí araon maoiniú a fháil ón Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais má shásaíonn siad riachtanais maidir leis an ngá atá acu le cúram cónaitheach agus má shásaíonn siad an measúnú airgeadais.

Féadfaidh daoine atá i dtithe altranais cheana féin ag an dáta sin leanúint ar aghaidh leis an socrú reatha nó féadfar iad a mheasúnú i gcomhair na scéime nua, agus féadfaidh siad an socrú is fearr a oireann dóibh a roghnú. Má leanann siad ar aghaidh le socrú fóirdheontais i dteach altranais príobháideach d’fhéadfadh siad féin nó cibé duine eile atá ag íoc na dtáillí a bheith incháilithe i gcomhair faoiseamh cánach ar tháillí tithe banaltrais.

seicliosta ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) maidir le teach altranais a roghnú agus is féidir leis cabhrú leat teach altranais a aimsiú i do limistéar. Tá tuilleadh eolais maidir le teach altranais a roghnú ar fáil anseo.

Scéim lóistín

Oibríonn an FSS scéim Lóistín do Dhaoine Aosta ach ní bhaintear mórán úsáide aisti.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11 Eanáir 2016