Seirbhísí éisteolaíochta

Réamhrá

Cuireann seirbhís éisteolaíochta FSS cabhair ar fáil le caillteanas éisteachta do leanaí agus daoine fásta.

Tá an tseirbhís éisteolaíochta saor in aisce do gach leanbh níos óige ná 18 mbliana d’aois agus do dhaoine fásta incháilithe in Éirinn. Tá sé saor in aisce freisin do mhic léinn go dtí go bhfágann siad oideachas tríú leibhéal.

Leis an tseirbhís a úsáid, teastóidh gairmí leighis uait (cosúil le do DG) le thú a atreorú. I gcásanna áirithe, is féidir le do DG thú a atreorú chuig comhairleach cluaise, sróine agus scornaí (ENT) ag ospidéal.

Is féidir leat léamh faoin méid a dhéanann seirbhís éisteolaíochta FSS. Seiceáil cá bhfuil d’ionad áitiúil éisteolaíochta.

Conas d’éisteacht a sheiceáil inÉirinn

Má thug tú fadhb faoi deara le d’éisteacht féin, labhair le do DG. Is féidir le do DG thú a atreorú chuig Seirbhís Éisteolaíochta Pobail FSS nó chuig seirbhís cluaise, sróine agus scornaí (ENT) ag ospidéal. Ní ghearrtar aon táille chun freastal ar chlinic othar seachtrach in ospidéal poiblí má dhéantar thú a atreorú ann, do dhaoine san áireamh nach bhfuil cárta leighis acu.

Scrúdóidh an t-éisteolaí (speisialtóir éisteachta) nó speisialtóir ENT do chluas. Is féidir leo d’éisteacht a thástáil ar bhealaí éagsúla.

Má dhéanann an t-éisteolaí nó an speisialtóir ENT an cinneadh go dteastaíonn tástáil éisteachta uait, is féidir leat tástáil éisteachta saor in aisce a fháil má tá cárta leighis agat nó má tá tú níos óige ná 18 mbliana d’aois.

Áiseanna éisteachta

Má theastaíonn áis éisteachta uait, is féidir leat é a fháil ó sheirbhís éisteolaíochta FSS sna cásanna seo a leanas:

  • Tá cárta leighis agat
  • Tá tú níos óige ná 18 mbliana d’aois
  • Tá Cárta faoin Acht Sláinte (Leasú) agat

Mura bhfuil tú incháilithe d’áis éisteachta saor in aisce a fháil, b’fhéidir go mbeidh tú in ann cabhair a fháil leis na costais a bhíonn ar áis éisteachta a dheisiú nó ceann nua a fháil faoin Scéim Sochair Cóireála.

B’fhéidir go mbeidh tú in ann faoiseamh cánach ar áiseanna éisteachta a éileamh freisin.

Má tá árachas sláinte príobháideach agat, seiceáil le do chomhlacht árachais cibé acu an gcumhdaíonn do pholasaí costais áis éisteachta.

Is féidir leat léamh faoi na saghsanna áiseanna éisteachta a chuireann FSS ar fáil agus an próiseas chun áis éisteachta a fháil do do riachtanais. Ní oibríonn an tseirbhís éisteolaíochta ENT le háiseanna éisteachta.

Seirbhísí éisteachta doleanaí

Tá tástálacha éisteachta agus aon chabhair le caillteanas éisteachta (cosúil le háiseanna éisteachta) saor in aisce do leanaí a shine le haois 18. Is féidir le péidiatraí, altra sláinte poiblí nó an Clár Scagthástála Éisteachta Naíonán Nuabheirthe (thíos) do leanbh a atreorú chuig seirbhísí éisteolaíochta leanaí.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi choinne a fháil do do leanbh agus na rudaí atá le déanamh sula dtugann tú do leanbh chuig scagthástáil éisteachta.

Seirbhísí éisteachta do leanaí nuabheirthe

Nuair a bheirtear ar do naíonán, cuirfear scagthástáil éisteachta do leanaí nuabheirthe ar fáil lena sheiceáil an bhfuil caillteanas éisteachta buan i gcluas amháin nó sa dá chluas ag do naíonán.

Is féidir do naíonán a atreorú chuig an éisteolaí péidiatrach i ndiaidh na scagthástála. Má tá, socróidh an scagthástálaí do choinne leis an éisteolaí péidiatrach. Déanfaidh siad tástálacha diagnóiseacha éisteachta ar do naíonán.

Seirbhísí éisteachta do leanaí níos sine

I gcás leanaí níos sine, is féidir le do DG nó gairmí cúraim sláinte eile do leanbh a atreorú chuig rannóg éisteolaíochta pobail FSS. Socróidh an tseirbhís éisteolaíochta do choinne.

Má tá tú buartha faoi éisteacht do linbh, labhair le do DG nó d’altra sláinte poiblí. Is féidir leat eolas breise a léamh faoi fhorbairt agus éisteacht do linbh.

Is féidir teacht ar eolas breise faoi áiseanna éisteachta do leanaí agus naíonáin.

Áis éisteachta a sheiceáil nó adheisiú

Má fuair tú áis éisteachta FSS, is féidir leat é a sheiceáil agus a dheisiú saor in aisce. Is féidir leat é a sheoladh sa phost chuig an Ionad Náisiúnta Deisiúcháin Áiseanna Éisteachta nó is féidir leat an tseirbhís siúil isteach a úsáid gan choinne. Is féidir leat teacht ar shonraí teagmhála ar láithreán gréasáin FSS.

Is féidir leat níos mó a léamh faoi d’áis éisteachta a dheisiú saor in aisce ag FSS.

Eolas breise

Má atreoraítear thú go seirbhís éisteolaíochta FSS, cuirfear in iúl duit cén t-ionad a bhfuil ort cuairt a thabhairt air. Aimsigh sonraí teagmhála d’ionaid éisteolaíochta ar fud na hÉireann.

Cuireann FSS liosta eagraíochtaí ar fáil a chabhraíonn agus a thacaíonn le daoine fásta agus leanaí bodhra agus nach bhfuil an éisteacht go maith acu, agus a dteaghlaigh in Éirinn.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 19 Deireadh Fómhair 2022