Seirbhísí sláinte do leanaí réamhscoile

Eolas

Cuireann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) seirbhís scagthástála sláinte ar fáil do leanaí réamhscoile atá saor in aisce. D’fhéadfaí an tseirbhís seo a chur ar fáil ag ionaid sláinte.

Rialacha

Cuireann altraí sláinte poiblí agus Dochtúirí Oifigiúla Ceantair arna bhfostú ag FSS seirbhísí ar fáil do leanaí réamhscoile. Glacann gach altra sláinte poiblí le hatreorú díreach ó thuismitheoirí.

Cuirtear altraí sláinte phoiblí ar an eolas faoi gach breith ina gceantar - tríd an ospidéal inar tharla an bhreith, nó tríd an mbean chabhrach a bhí i láthair do bhreith sa bhaile. Tar éis na breithe, tabharfaidh an t-altra sláinte poiblí cuairt ort agus ar do leanbh sa bhaile, go hiondúil taobh istigh de 72 uair an chloig ón am a scaoiltear amach as an ospidéal tú.

Cuireann altraí sláinte poiblí comhairle ar thuismitheoirí maidir le forbairt shainiúil agus sláinte ghinearálta agus déanann siad monatóireacht ar fhorbairt an linbh.

Cuireann an Dochtúir Oifigiúil Ceantair scrúdú forbartha ar fáil do gach leanbh nuair a bhíonn siad thart ar 9 mí d’aois, le coinne, san ionad sláinte áitiúil. Clúdaíonn an scrúdú seo gach gné d’fhorbairt an linbh, lena n-áirítear éisteacht, amharc, forbairt teanga, forbairt fisiciúil, srl, agus cuirtear ar fáil é beag beann ar ioncam an teaghlaigh.

Féadfar cóireáil saor in aisce a dhéanamh maidir le haon fhadhbanna a aithnítear sa scrúdú seo i ranna othar seachtrach ospidéil agus tá aon chóireáil ina dhiaidh sin saor in aisce mar othar poiblí.

Conas iarratas a dhéanamh

Go hiondúil, ní gá iarratas a dhéanamh ar mheasúnú forbartha dod’ leanbh ag 9 mí os rud é go seolann d’Oifig Sláinte Áitiúil na coinní amach. Cuireann formhór na nOifigí Sláinte Áitiúla clinicí coinne altra sláinte poiblí agus dochtúra breise ar fáil do thuismitheoirí a bhfuil imní orthu maidir le forbairt a linbh.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Nollaig 2016