CervicalCheck: An Clár Scagthástála Ceirbheacs Náisiúnta

Réamhrá

Is clár náisiúnta scagthástála na hÉireann é CervicalCheck chun ailse cheirbheacs a chosc. Cuireann an clár scagthástálacha ceirbheacs saor in aisce rialta ar fáil do mhná agus do dhaoine a bhfuil ceirbheacs acu atá idir 25 agus 65 bliain d’aois. Is gnáthamh simplí é scagthástáil ceirbheacs HPV nach nglacann ach cúpla nóiméad.

Ní tástáil ar ailse í scagthástáil ceirbheacs. Is tástáil í chun cabhrú le cosc a chur ar fhorbairt ailse. Roinnt bealaí chun tú féin a chosaint ó ailse cheirbheacs iad scagthástáil ceirbheacs a dhéanamh ort, an vacsaín HPV (Víreas Papilloma Daonna) a fháil agus gan a bheith ag caitheamh tobac.

Má tá aon cheist agat nó imní ort faoin gclár scagthástála, déan teagmháil le CervicalCheck ar Saorghlao 1800 45 45 55.

Má tá aon imní ort maidir le hailse cheirbheacs nó má tá comharthaí ailse cheirbheacs agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh (GP). Mura bhfuil dochtúir teaghlaigh agat, is féidir leat dochtúir teaghlaigh a aimsiú i do cheantar.

Scagthástáil ceirbheacs HPV

Tástáil nua í an scagthástáil ceirbheacs HPV a chuardaíonn saghsanna ardriosca de chealla HPV. Is féidir leis na cealla HPV seo a bheith mar chúis le hailse cheirbheacs. Úsáideadh iarmhodh scagthástála roimh Mhárta 2020. Tugadh tástáil smearaidh air seo agus níor sheiceáil sé ach do chealla neamhghnácha.

Is féidir níos mó a léamh faoi scagthástáil ceirbheacs HPV.

Má aimsítear cealla ardriosca HPV, seiceálfar thú le haghaidh cealla neamhghnácha nó réamhailseacha ceirbheacsacha.

Cé ba chóir tástáil scagthástála ceirbheacs HPV a fháil?

Ba chóir d’aon duine le ceirbheacs atá idir 25 agus 65 bliana d’aois scagthástáil ceirbheacs HPV a fháil nuair atá sí le déanamh.

Má tá tú idir 25 agus 29 bliana d’aois, ba chóir go ndéanfaí scagthástail ort gach 3 bliana.

Má tá tú idir 30 agus 65 bliana d’aois, ba chóir go ndéanfaí scagthástail ort gach 5 bliana.

Caithfear scagthástail a dhéanamh ar dhaoine áirithe níos minice. Má bhaineann sé seo leat, scríobhfaidh CervicalCheck chugat agus cuirfidh siad ar an eolas tú.

Conas scagthástáil ceirbheacs HPV a fháil

Seolfaidh CervicalCheck litreacha cuiridh chuig aon duine ar chlár CervicalCheck atá idir 25 agus 65 bliana d’aois.

Ba cheart duit a bheith ar an gclár cheana féin:

  • Má tá tú idir 25 agus 65 agus tá uimhir PSP agat nó
  • Má rinneadh tástáil roimhe seo ort trí CervicalCheck

Seiceáil an bhfuil tú ar an gclár CervicalCheck.

Nuair a fhaigheann tú do litir chuiridh, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le dochtúir teaghlaigh nó le haltra cláraithe chun coinne a dhéanamh. Faigh amach cá háit is féidir leat scagthástáil s ceirbheacs a dhéanamh.

Ní gá duit fanacht ar litir le coinne a chur in áirithe sna cásanna seo a leanas:

•Níor fhreastail tú ar do scagthástáil ceirbheacs dheireanach

•Tá do chéad tástáil eile le déanamh ort

Ní gá duit a bheith ar an gclár freisin chun scagthástáil saor in aisce a fháil. Má tá do thástáil ag teacht aníos, is féidir leat tástáil a chur in áirithe le DG nó altra atá cláraithe le CervicalCheck

Is féidir leat léamh faoin méid a tharlaíonn ag coinne scagthástála ceirbheacs.

Torthaí tástála CervicalCheck

Is gnách go bhfaighidh tú do thorthaí trí litir laistigh de 4 seachtaine tar éis do scagthástála.

Má bhí tú ag feitheamh níos faide, glaoigh ar do DG nó do chlinic lena dheimhniú an bhfuil aon nuashonruithe acu. Is féidir leat a sheiceáil an méid is ciall le do thorthaí scagthástála ailse cheirbheacs HPV.

Scagthástáil phríobháideach ceirbheacs

Más mian leat scagthástáil ceirbheacs HPV a bheith agat ach mura bhfuil ceann le bheith agat, féadfaidh tú íoc as í a dhéanamh go príobháideach.

Ní bheidh rochtain ag CervicalCheck ar do thorthaí scagthástála príobháideacha, agus ní bheidh rochtain ag an tsaotharlann príobháideach a dhéanann seiceáil ar do shampla ar do stair scagthástála CervicalCheck.

Níl gínéiceolaithe príobháideacha cláraithe le CervicalCheck.

Tuilleadh eolais

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoi scagthástáil ceirbheacs HPV ag hse.ie/cervical-screening.

Is féidir leat glaoch a chur ar CervicalCheck saor in aisce freisin ar 1800 45 45 55.

Teagmháil

Clár Scagthástála um Ailse ar Mhuinéal na Broinne

SAORPHOST
Urlár Uachtarach
Sciathán Thiar ó Dheas
Ospidéal Naomh Sheosaimh
Limerick
Ireland

Teil: (021) 421 7612
Lóghlao: Freephone 1800 45 45 55
Láithreán Gréasáin: http://www.cervicalcheck.ie/

Tá eolas ag Cumann Ailse na hÉireann ar ailse cheirbheacs.

Cumann Ailse na hÉireann

43-45 Bóthar Northumberland
Baile Átha Cliath 4
Éire

Teil: (01) 2310 500
Lóghlao: Freephone Cancer Nurseline 1800 200 700
Facs: (01) 2310 555
Láithreán Gréasáin: http://www.cancer.ie/
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 Lúnasa 2022